Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Teileachumarsáid), 6 Meitheamh 2025

Na príomhthorthaí

Teileachumarsáid

Treoirphlean ón Aontas le haghaidh bainistiú cibirghéarchéime

<p>Krzysztof Gawkowski, Leas-Phríomh-Aire, an tAire Gnóthaí Digiteacha</p>

Inniu, tá céim mhór chun cinn á tabhairt againn chun athléimneacht chibearshlándála na hEorpa a neartú. Le treoirphlean an Aontais maidir le bainistiú cibirghéarchéime, soiléirítear conas is féidir leis na Ballstáit teagmhais chibearshlándála mhórscála agus cibirghéarchéimeanna a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don Aontas ar fad a bhrath, freagairt orthu, téarnamh uathu agus foghlaim uathu. Léiríonn treoirphlean an Aontais gur léir go bhfuilimid tiomanta d’Eoraip níos sábháilte, níos athléimní agus níos ullmhaithe — tosaíocht mhór ag uachtaránacht na Polainne.

<p>Krzysztof Gawkowski, Leas-Phríomh-Aire, an tAire Gnóthaí Digiteacha</p>

Krzysztof Gawkowski, Leas-Phríomh-Aire, an tAire Gnóthaí Digiteacha

Tá Treoirphlean an Aontais maidir le bainistiú cibirghéarchéimeanna glactha ag na hairí teileachumarsáide, arb éard atá ann plean lena dtugtar treoir maidir le freagairt an Aontais ar theagmhais mhórscála chibearshlándála nó ar chibirghéarchéimeanna.

Is tábhachtach an treoirlíne do na Ballstáit é an moladh maidir le Treoirphlean Cibearshlándála an Aontais agus iad ag cur feabhas ar a n-ullmhacht, ar a gcumais bhraite agus ar a bhfreagairt ar theagmhais chibearshlándála, agus ag an am céanna cuireann an Treoirphlean leis an mbunchloch a leagadh síos le treoirphlean cibearshlándála 2017 agus cuireann sé san áireamh an reachtaíocht thábhachtach a glacadh le déanaí, mar shampla Treoir NIS2 agus an gníomh um chibear-dhlúthpháirtíocht.

Is é is aidhm do threoirphlean cibearshlándála an Aontais dul i ngleic le timpeallacht cibearbhagairtí atá ag éirí níos casta trí líonraí an Aontais atá ann cheana féin a neartú, comhar a chothú idir na Ballstáit agus na gníomhaithe lena mbaineann, agus constaicí a d’fhéadfadh a bheith ann a shárú.

Nascacht iontaofa athléimneach

Conclúidí maidir le nascacht iontaofa athléimneach formheasta ag na hairí. Le blianta beaga anuas, tá dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo roimh an nascacht Eorpach. Cé gur freagracht de chuid na mBallstát i gcónaí í an tslándáil náisiúnta, is ríthábhachtach é cur chuige cuimsitheach straitéiseach maidir le bonneagar nascachta na hEorpa a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Déantar fardal sna conclúidí de bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun athléimneacht na líonraí a fheabhsú, mar shampla éagsúlú a dhéanamh ar an gcineáil líonra, idir-inoibritheacht nó ról an mhargaidh aonair chun infheistíochtaí a shlógadh. Leagtar béim láidir sa téacs ar bhearta a bhaineann le satailít, chomh maith le heilimintí bonneagair fomhuirí.

Nascacht satailíte agus uathriail straitéiseach an Aontais

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an nascacht satailíte mar bhunchloch don uathriail straitéiseach. Cé gur ar an mbonneagair talún go príomha a dhírigh an tAontas (e.g. 4G/5G, snáithín), is lú na costais a bhaineann le satailítí a thógáil agus a sheoladh mar gheall ar an dul chun cinn teicneolaíoch.

Le linn an tseisiúin tuairimíochta, chuir na hairí chun suntais gur cuid ríthábhachtach d’ailtireacht slándála an Aontais agus dá líonraí cumarsáide í an nascacht satailíte, go háirithe mar rogha mhalartach ar líonraí trastíre. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh a líonra satailíte athléimneach féin ag an Aontas, go háirithe in aimsir na héiginnteachta geopholaitiúla. Cinntíonn na córais éagsúla, cuir i gcás córais satailítí agus córais spáis, cáblaí fomhuirí, líonraí fosaithe, agus bonneagar móibíleach, cinntíonn siad an nascacht sin agus tá cur chuige cuimsitheach de dhíth orthu.

Ní féidir borradh a chur faoin nuálaíocht agus an éifeachtúlacht speictrim a bhainistiú in éagmais timpeallacht rialála intuartha. Is féidir borradh a chur faoin nuálaíocht ach rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain ar an margadh a bheith ann agus cothrom iomaíochta a chinntiú.

Aon ghnó eile

Fánaíocht idir an tAontas agus an Úcráin agus an Moldóiv – staid na himeartha (leis an Coimisiún Eorpach)

Chuir an Coimisiún staid reatha an phróisis i láthair maidir leis an Úcráin agus an Moldóiv a bheith páirteach sa limistéar ‘fánaíocht ar tháillí baile’, próiseas a chinntíonn cheana féin gur féidir le muintir na hEorpa ghlaoch a chur, téacsteachtaireachtaí a sheoladh agus sonraí móibíleacha a úsáid áit ar bith san Aontas gan aon chostas breise.

Chuir an Coimisiún in iúl, tar éis don Úcráin fógra a thabhairt faoi bhille a ghlac sí le déanaí, go molfadh sé measúnú agus togra go luath as a bhféadfadh an Úcráin dul isteach i limistéar FATB ó 2026 ar aghaidh. I gcás na Moldóive, d’fhéadfaí measúnú agus togra den chineál céanna a chur i láthair go luath freisin.

Torthaí na dtionscnamh maidir le simpliú rialála (le hUachtaránacht na Polainne)

Faoi ‘gnó eile’, chuir Uachtaránacht na Polainne tuarascáil i láthair maidir le torthaí an phlé darb ábhar na tionscnaimh a rinne sí a mhéid a bhaineann leis an simpliú rialála a d’fhéadfaí a dhéanamh sa réimse digiteach.

Is é is aidhm don tuarascáil ón Uachtaránacht na moltaí is minice a ardaíodh agus is mó tacaíochta i réimse an tsimplithe rialála a chur i láthair, agus is é is aidhm leis sin forléargas ionadaíoch a thabhairt ar dhearcthaí na ngeallsealbhóirí. Is é is aidhm dó roinnt forluí agus neamhréireachtaí rialála, dúshláin a bhaineann le reachtaíocht cur chun feidhme agus dúshláin eile a bhíonn roimh pháirtithe leasmhara a shainaithint.

Gach ábhar faoi aon ghnó eile:

Féach ar an taifeadadh de na seisiúin phoiblí:

Féach ar an taifeadadh den phreasagallamh:

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 18 Meitheamh 2025