Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar), 5 Meitheamh 2025

Na príomhthorthaí

Iompar

<p>Dariusz Klimczak, Aire Bonneagair na Polainne</p>

Is freagra é an seasamh, ar glacadh ar deireadh inniu é, ar ghlao práinneach ó aerphaisinéirí agus ó aerlínte go mbeadh rialacha atá cothrom le dáta, níos soiléire agus níos simplí i bhfeidhm. Leis na rialacha athbhreithnithe, tabharfar os cionn 30 ceart nua do na haerphaisinéirí, cearta a bheidh infheidhme ón uair a cheannaíonn siad ticéad, go dtí go mbaineann siad a gceann scríbe amach, agus, i gcásanna áirithe, níos faide i gcéin. Cloch mhíle stairiúil is ea é, toisc nárbh fhéidir teacht ar chomhaontú le 12 bhliain anuas.

<p>Dariusz Klimczak, Aire Bonneagair na Polainne</p>

Dariusz Klimczak, Aire Bonneagair na Polainne

Cearta aerphaisinéirí

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil i ndáil leis an athbhreithniú ar na rialacháin maidir le cearta aerphaisinéirí agus maidir le dliteanas aerlínte. Freagraíonn an t-athbhreithniú don ghá atá le rialacha níos simplí agus níos soiléire, agus é mar aidhm ag an am céanna cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir ardleibhéal cosanta do phaisinéirí, agus nascacht agus an cothroime iomaíochta a chaomhnú d’earnáil na heitlíochta i margadh inmheánach an Aontais.

Is é is aidhm do na rialacha nua roinnt cearta aerphaisinéirí atá ann cheana a neartú agus a shoiléiriú, mar aon le roinnt cearta nua a thabhairt isteach. Ar na príomhchearta sa téacs a neartaíodh tá na cearta chun athródaithe, an ceart chun cúnaimh agus an ceart chun faisnéise.

Sa téacs chomh maith tá tairseacha cothrom le dáta le haghaidh cúiteamh i ngeall ar mhoilleanna fada.

Pacáiste ródacmhainneachta

Bhí an chéad seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an nuashonrú a moladh le déanaí ar an bpacáiste ródacmhainneachta, lena gcuirtear chun cinn athchóiriú cuimsitheach ar an tástáil ródacmhainneachta a dhéantar san Aontas agus ar rialacha a bhaineann le clárú feithiclí.

Tugann an pacáiste trí threoir cothrom le dáta: an treoir maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí, an treoir maidir le doiciméid chlárúcháin le haghaidh feithiclí agus an treoir maidir le hiniúchtaí cois bóthar ar fheithiclí tráchtála.

Dírítear sna tograí ar fheithiclí nach bhfuil sábháilte, a chuireann le tuairteanna, básanna agus gortuithe ar bhóithre an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an bpacáiste ní hamháin sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, ach cosaint an chomhshaoil, sláinte, cosaint tomhaltóirí agus éifeachtúlacht riaracháin a fheabhsú tríd an digitiú chomh maith.

Leag na hairí béim ar thráthúlacht agus ar thábhacht na dtograí. Ba dhíol sásaimh dóibh go gcuirtear san áireamh sa phacáiste gnéithe éagsúla ar nós sábháilteacht ar bhóithre, cosaint an chomhshaoil, cosaint tomhaltóirí, digitiú agus comhar feabhsaithe idir na Ballstáit.

Lón neamhfhoirmiúil maidir leis na dúshláin a bhaineann le beartas aeráide an Aontais

Le linn lón neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí na dúshláin atá ann don earnáil iompair a bhaineann le beartas aeráide an Aontais.

Le linn an tseisiúin, dhírigh na hairí ar an obair nithiúil atá le déanamh chun a chinntiú nach mbainfidh an beartas aeráide an bonn d’iomaíochas domhanda chuideachtaí an Aontais agus nach gcuirfidh sé leis an mbochtaineacht iompair.

Gnó eile

Faoi ‘gnó eile’, ardaíodh na hábhair seo:

  • Nuashonrú ar na tograí reachtacha reatha (mír faisnéise ón Uachtaránacht):
    • an treoir maidir le ceadúnais tiomána agus an treoir maidir le dícháiliúcháin tiomána
    • an rialachán maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí
    • treoir maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann
    • an rialachán maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid
    • an treoir lena scoirtear d'athruithe séasúracha ama

Féach ar an taifeadadh de na seisiúin phoiblí:

Féach ar an taifeadadh den phreasagallamh.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 2 Iúil 2025