"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 17 Márta 2025
Na príomhthorthaí
An Plean Gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne
Tar éis don Choimisiún cur i láthair a dhéanamh agus ar bhonn nóta cúlra a d’ullmhaigh an Uachtaránacht, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí go poiblí maidir leis an bplean gníomhaíochta le haghaidh fuinneamh inacmhainne, a ghlac an Coimisiún an 26 Feabhra mar chuid den chomhaontú maidir le tionsclaíocht ghlan. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta bearta chun an costas fuinnimh a ísliúan tAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche, chun infheistíocht a mhealladh agus chun ullmhú do ghéarchéimeanna fuinnimh a d’fhéadfadh a bheith ann.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an plean gníomhaíochta um Fhuinneamh Inacmhainne, agus chuir roinnt acu i bhfios go láidir nár mhór gníomhú go gasta. Sa phlé a bhí acu, dhírigh na hairí ar na bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha a moladh, lena n-áirítear fíor-Aontas Fuinnimh a thabhairt chun críche. D’iarr siad freisin go mbeadh níos mó soiléireachta ann maidir le bearta gearrthéarmacha chun praghsanna fuinnimh a laghdú, mar atá, an cánachas agus muirir, rud a léiríonn gur inniúlachtaí ar an leibhéal náisiúnta iad sin.
Thrácht roinnt de na hairí ar idirnaisc níos fearr a d’fhéadfadh a bheith ann trí eangacha agus idirnascairí a nuachóiriú agus a leathnú. Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le ceadú níos tapúla; níor ghá go mbeadh reachtaíocht nua ag teastáil ach úsáid níos fearr a bhaint as na creataí atá ann cheana. Leag roinnt acu béim ar an ngá atá le praghsanna leictreachais a dhícheangail ó phraghsanna gáis agus léirigh siad freisin go raibh siad sásta breis plé a dhéanamh maidir le margaí acmhainneachta a éascú.
Ba dhíol sásaimh do roinnt de na hairí neodracht na teicneolaíochta (a luaitear sa phlean gníomhaíochta) le haghaidh fuinneamh inacmhainne, agus chuir airí eile in iúl gurbh fhearr leo díriú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt go tapa ina ionad sin. Ina theannta sin, pléadh clár píolótach an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maidir le comhaontuithe ceannaigh cumhachta agus conarthaí níos fadtéarmaí – mar a fógraíodh sa phlean gníomhaíochta – agus cuireadh fáilte roimh an gclár mar bhealach chun praghsanna fuinnimh a chobhsú.
Chinn an Chomhairle go leanfaidh siad dá n-iarrachtaí praghsanna níos inacmhainne a chur ar fáil agus an t-aontas fuinnimh a neartú.
Leagadh béim ag an gcruinniú freisin ar a ríthábhachtaí atá an tslándáil fuinnimh – ar colún bunúsach d’fhíor-Aontas Fuinnimh é. Mar thosaíocht d’Uachtaránacht na Polainne, tá an tslándáil fuinnimh ríthábhachtach chun fuinneamh cobhsaí inacmhainne a áirithiú do theaghlaigh agus do thionscail, rud atá ríthábhachtach chun iomaíochas an Aontais a neartú. Tá tús curtha againn leis an bplé maidir le creat réamhbhreathnaitheach don tslándáil fuinnimh. Leis an gcreat seo, cosnófar an geilleagar, na saoránaigh, an bonneagar fisiciúil agus an cibearbhonneagar.
Paulina Hennig-Kloska, Aire Aeráide agus Comhshaoil na Polainne
Phléigh na hairí an staid mar atá agus an bealach chun cinn i ndáil le rialacháin an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair gáis agus maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí leictreachais, ar príomhghnéithe iad de chreat slándála fuinnimh an Aontais.
Dhírigh siad a n-aird ar an gcaoi a bhféadfaí an creat sin a dhéanamh níos láidre agus níos dinimiciúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála fuinnimh atá ann cheana agus dúshláin nua a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar leas shaoránaigh an Aontais agus an bonn a bhaint de gheilleagar agus d’iomaíochas an Aontais.
Thagair go leor airí do na ceachtanna a bhí le baint as an ngéarchéim fuinnimh, go háirithe maidir leis an ngá atá le gníomhú ar bhealach aontaithe comhordaithe agus díriú ar an éagsúlú. Chuir na hairí i bhfios go láidir nár mhór an dá rialachán a chur in oiriúint do na dálaí nua slándála agus margaidh agus a raon feidhme a leathnú dá réir ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin geopholaitiúla anois agus feasta agus ar theagmhais adhaimsire aeráide. Cé nach raibh formhór na n-airí i bhfabhar creat aonair reachtach a bheith ann d’earnáil an gháis agus d’earnáil an leictreachais araon, leag siad béim, mar sin féin, ar an ngá atá le cur chuige comhchuibhithe.
Chuir roinnt de na hairí in iúl nár mhór treochlár REPowerEU a thíolacadh, a luaithe is féidir, arb é is aidhm dó deireadh iomlán a chur, de réir a chéile, le hallmhairiú breoslaí ón Rúis isteach san Aontas.
Luaigh roinnt de na hairí an gá atá le solúbthacht maidir leis an rialachán atá beartaithe maidir le stóráil gáis, atá á phlé faoi láthair, chomh maith le measúnú tionchair mionsonraithe a dhéanamh ar na rialacha. Is é is aidhm don togra seo an bhearna a dhúnadh idir deireadh an rialacháin reatha maidir le stóráil gáis agus teacht i bhfeidhm creata a d’fhéadfadh a bheith níos buaine maidir le slándáil an tsoláthair gáis.
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí fuinnimh freisin maidir le bearta chun an faireachas a neartú agus chun cosaint níos fearr a thabhairt don bhonneagar criticiúil fuinnimh san Eoraip, lena n-áirítear bonneagar a ndearnadh damáiste dó a dheisiú i gcás ina scriosfar é chomh maith le tubaistí nádúrtha, inar féidir leis an Aontas ról níos mó a imirt.
Réiteoidh an seisiún tuairimíochta sin an bealach chun na conclúidí ón gComhairle a fhormheas ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Fuinnimh i mí an Mheithimh.
Chuir Aire Fuinnimh na hÚcráine, German Galushchenko, na hairí fuinnimh ar an eolas faoi chúrsaí fuinnimh san Úcráin. Thug sé le fios, an athuair, go raibh níos mó uirlisí aerchosanta agus cogaíochta leictreonaí de dhíth, chomh maith le réitigh chosanta éighníomhacha atá saor ach éifeachtach. Tá cur in úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, giniúint dhíláraithe agus comhtháthú le margadh fuinnimh an Aontais faoi lán seoil.
Ó thús chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, dhírigh an Rúis gan staonadh ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine. Mar thoradh ar ionsaithe na Rúise ar chórais táirgthe agus tarchurtha fuinnimh, cailleadh 60% de na saoráidí giniúna agus rinneadh damáiste (63630 díobh) do shaoráidí fuinnimh ó 2022 i leith.
D’athdhearbhaigh na hairí a dtacaíocht leanúnach agus a ndlúthpháirtíocht iomlán don Úcráin agus a dtiomantas a chinntiú go mbeidh rochtain ag muintir na hÚcráine ar fhuinneamh agus ar théamh. Ba dhíol sásaimh dóibh céimeanna breise chun an Úcráin a chomhtháthú i margadh fuinnimh na hEorpa.
An bonneagar criticiúil
Le linn lóin neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí fuinnimh i gcomhar le huachtarán ENTSO-G agus cathaoirleach bhord ENTSO-E, (Líonraí Eorpacha d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis agus Leictreachais faoi seach), an bonneagar criticiúil agus cé mar is ceart é a chosaint.
Gnó eile
Chuir Christian Zinglersen, stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, na hairí ar an eolas faoi fhorbairtí i margadh leictreachais agus gáis an Aontais. Áiríodh sa chur i láthair dúshláin iomaíochais i margadh gáis an Aontais, treochtaí i bpraghsanna leictreachais agus gáis agus an gá atá le breis pleanála agus comhair trasteorann.
Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir le hullmhacht an Aontais don chéad gheimhreadh eile.
I seisiún poiblí, chuir an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin faisnéis i láthair maidir le sioncronú rathúil na gcóras leictreachais Baltach le Limistéar Sioncrónach Mhór-roinn na hEorpa, sioncrónú a bhí bainte amach an 9 Feabhra 2025. Ba iad na stáit Bhaltacha seo na trí Bhallstát dheireanacha den Aontas a raibh a líonraí leictreachais fós ag feidhmiú go hiomlán laistigh de chóras na Rúise agus na Bealarúise. Mhéadaigh an sioncronú slándáil an tsoláthair fuinnimh agus neartaigh sé neamhspleáchas an réigiúin Bhaltaigh. Leag na trí Bhallstát béim ar a thábhachtaí atá sé na gnéithe eile den tionscadal sioncronaithe a chur chun feidhme, rud atá ríthábhachtach chun ár nAontas Fuinnimh a thabhairt chun críche.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Leag an tSeicia béim ar na dúshláin a bhaineann le ceanglais an ghnímh tharmligthe maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus forbairt an gheilleagair hidrigine a chur chun feidhme, a ghlac an Coimisiún an 10 Feabhra 2023, agus lena sainítear na coinníollacha faoinar féidir hidrigin, breoslaí hidrigine, nó iompróirí eile fuinnimh a mheas mar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch (RFNBO).
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.