Céard é Gníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE)?
Is ionstraim de chuid an Aontais é SAFE lena gcuirtear iasachtaí suas le €150 billiún ar fáil chun cabhrú le Ballstáit an Aontais méaduithe tapa suntasacha a dhéanamh ar a n-infheistíochtaí cosanta tríd an soláthar comhoibríoch.
Ionstraim airgeadais chun borradh a chur faoi infheistíochtaí cosanta
Tríd an ionstraim um Ghníomhaíocht Slándála don Eoraip (SAFE), tá cúnamh airgeadais á chur ar fáil ag an Aontas i bhfoirm iasachtaí ar fiú suas le €150 billiún iad. Is é is aidhm don chúnamh cabhrú le Ballstáit an Aontais méaduithe tapa suntasacha a dhéanamh ar a n-infheistíochtaí cosanta trí sholáthar comhoibríoch.
Tháinig an rialachán lena mbunaítear ionstraim SAFE i bhfeidhm an 29 Bealtaine 2025.
Is é an tAontas Eorpach a mhaoiníonn SAFE trína chumas iasachtaíochta, go háirithe trí bhannaí an Aontais a eisiúint. Is é an chéad cholún é den Phlean ReArm Europe/Ullmhacht 2030 a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair i mí an Mhárta 2025.
Leis an ionstraim, maoinítear infheistíochtaí práinneacha agus mórscála i mbonn teicneolaíoch agus tionsclaíoch na cosanta Eorpaí.
Tá leithdháileadh an bhuiséid dírithe ar an éileamh. Iasachtaí fad-aibíochta ar phraghas iomaíoch atá sna heisíocaíochtaí, agus iad á n-aisíoc ag Ballstáit an Aontais is tairbhithe.
I bprionsabal, ní mór 2 thír rannpháirteacha ar a laghad a bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair chomhoibríoch chun cáiliú do na hiasachtaí. Mar sin féin, ceadaítear le SAFE soláthar nach bhfuil ach Ballstát amháin páirteach ann ar feadh tréimhse theoranta ama.
Limistéir arna maoiniú ag SAFE
Tacaíonn SAFE le soláthar táirgí cosanta atá grúpáilte in dhá chatagóir.
Catagóir 1:
- armlón agus diúracáin
- córais airtléire, cumais domhain-ionsaithe san áireamh
- cumais talamhchomhraic agus a gcórais tacaíochta, trealamh saighdiúra agus airm coisithe san áireamh
- dróin bheaga agus córais ghaolmhara frithdhróin
- cosaint an bhonneagair chriticiúil
- cibearchumais
- soghluaisteacht mhíleata, frith-shoghluaisteacht san áireamh
Catagóir 2:
- córais aerchosanta agus frithdiúracán
- cumais dromchla mhuirí agus faoi uisce
- dróin seachas dróin bheaga agus córais ghaolmhara frithdhróin
- cumasóirí straitéiseacha ar nós aertharlú straitéiseach, athbhreoslú san aer, córais C4ISTAR chomh maith le sócmhainní agus seirbhísí spáis, ach gan a bheith teoranta dóibh sin
- cosaint sócmhainní spáis
- an intleacht shaorga agus an chogaíocht leictreonach
Ar fud na gcatagóirí uile, ní mór a chinntiú le conarthaí soláthair nach dtagann níos mó ná 35% de na costais chomhpháirte ó lasmuigh den Aontas, den Úcráin nó ó thíortha atá mar chuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus de Limistéar Saorthrádála na hEorpa (CSTE): an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
Ní mór do thionscadail a bhaineann le catagóir 2 coinníollacha incháilitheachta níos déine a chomhlíonadh, chomh maith leis an acmhainneacht a bheith ag conraitheoirí an trealamh a mhodhnú i gcás inar gá sin gan srianta nach srianta de chuid an Aontais iad.
Comhar leis an Úcráin agus le tíortha comhpháirtíochta eile
Osclaíonn SAFE caibidil nua trí chomhoibriú le tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad maidir leis an gcosaint.
Cé nach féidir ach leis na Ballstáit iasachtaí SAFE a fháil, is féidir leis an Úcráin agus le tíortha LEE/CSTE a bheith rannpháirteach le Ballstáit an Aontais ar théarmaí comhionanna i soláthairtí comhoibríocha.
Is féidir soláthairtí a fháil ó thionscal Cheanada freisin, tar éis comhaontú déthaobhach a thabhairt i gcrích leis an Aontas i mí an Mheithimh 2026.
Féadfaidh na tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach i soláthar comhoibríoch freisin:
- tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha
- tíortha a shínigh Comhpháirtíochtaí Slándála agus Cosanta leis an Aontas, mar shampla an Albáin, Ceanada, an Chóiré Theas, an India, an Iorua, an Mhacadóin Thuaidh, an Mholdóiv, an Ríocht Aontaithe agus an tSeapáin
Féadfaidh tíortha eile nach tíortha de chuid an Aontais iad dul isteach i soláthairtí comhoibríocha ach an chomhpháirtíocht slándála agus cosanta a bheith tugtha i gcrích acu roimh ré leis an Aontas.
Leithdháiltí Bhallstáit an Aontais
Idir an 11 Feabhra agus an 10 Aibreán 2026, cheadaigh an Chomhairle cistiú cosanta faoi SAFE le haghaidh 18 mBallstát de chuid an Aontais.
Liosta de thíortha an Aontais a thairbhíonn d’iasachtaí SAFE agus na huasmhéideanna iasachtaí is féidir leo a fháil.
Tagann an cinneadh seo sna sála ar mheasúnú dearfach an Choimisiúin Eorpaigh ar phleananna infheistíochta cosanta náisiúnta na 18 Bhallstát.
Is féidir leis an gCoimisiún comhaontuithe iasachta a thabhairt i gcrích anois leis na Ballstáit lena mbaineann agus leanfaidh sé ar aghaidh leis na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe a eisíoc.
As na 19 bplean náisiúnta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh, tá tionscadail leis an Úcráin san áireamh in 15 cinn díobh.
Féach freisin
Soláthar comhoibríoch cosanta
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Comhpháirtíochtaí slándála agus cosanta
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Meitheamh 2026