Cosaint an Aontais i bhfigiúirí
Tháinig méadú mór ar chaiteachas cosanta Bhallstáit an Aontais idir 2021 agus 2026. Tá an tAontas tar éis tabhairt faoi roinnt tionscnamh chun iarrachtaí na mBallstát féin a chomhlánú agus a mhéadú, agus chun borradh a chur faoin iomaíochas.
Cé mhéad atá á chaitheamh ag Ballstáit an Aontais ar an gcosaint?
In 2025, mhéadaigh caiteachas cosanta na mBallstát don 11ú bliain as a chéile, go €418 mbilliún. In 2026, meastar go sroichfidh sé €454 bhilliún. Ciallaíonn sé sin go bhfuil méadú 8.6% tagtha ar chaiteachas cosanta in 2026 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin agus méadú 75.3% i gcomparáid le 2021.
In 2025, mhéadaigh caiteachas cosanta go 2.2% de OTI Bhallstáit an Aontais, méadú ó 1.9% in 2024. In 2026, meastar go sroichfidh sé 2.4%.
Caiteachas ar chosaint (2006-2026)
Cairt ina léirítear an méadú ar chaiteachas Bhallstáit an Aontais ar chosaint idir 2006 agus 2026. Feictear go soiléir méadú suntasach ar an gcaiteachas ar an gcosaint idir 2020 agus 2026.
Tá infheistíochtaí sa chosaint ag dul i méid
In 2025, tháinig méadú eisceachtúil ar infheistíochtaí sa chosaint, méadú 23% i gcomparáid le 2024 agus sroicheadh €134 bhilliún, an leibhéal is airde riamh. Léiríonn na sonraí go leanfaidh an treocht atá ag dul i méid in 2026, nuair a mheastar go sroichfidh infheistíocht sa chosaint beagnach €163 bhilliún. Fágann sin go raibh méadú 158.7% ann i gcomparáid le 2021.
Ba é 2025 an seachtú bliain as a chéile inar sháraigh na Ballstáit an comhthagarmharc cosanta 20%, lenar leithdháileadh 32% den chaiteachas cosanta iomlán ar infheistíocht sa chosaint, an sciar ab airde a taifeadadh riamh. Léirítear sna sonraí réamh-mheasta le haghaidh 2026 go dtiocfaidh méadú breise go 36% ar an sciar sin in 2026.
Infheistíochtaí sa chosaint (2006-2026)
Cairt ina léirítear an méadú a tháinig ar infheistíochtaí sa chosaint i mBallstáit an Aontais idir 2006 agus 2026. Feictear go soiléir gur tháinig méadú suntasach ar an gcaiteachas ar an gcosaint idir 2020 agus 2026.
Soláthar trealaimh cosanta
In 2025, tháinig méadú 26% ar an gcaiteachas ar sholáthar trealaimh cosanta i gcomparáid le 2024, agus shroich caiteachas soláthair €115 bhilliún in 2025. Cuimsíonn soláthar trealaimh cosanta agus breis agus 85% den infheistíocht cosanta.
In 2026, meastar go dtiocfaidh méadú breise ar an gcaiteachas ar sholáthar trealaimh cosanta go dtí thart ar 87%.
Taighde agus forbairt
Shroich an caiteachas iomlán ar thaighde agus forbairt cosanta, aon íocaíochtaí suas go dtí tús an chaiteachais ar tháirgeadh earraí san áireamh, €17 mbilliún in 2025. Comhfhreagraíonn sé sin do mhéadú beagnach 31% i gcomparáid le 2024.
Meastar go sroichfidh caiteachas taighde agus forbartha €20 billiún in 2026.
Foinse agus nóta modheolaíochta
Tá na sonraí uile maidir le caiteachas cosanta na mBallstát bunaithe ar fhigiúirí na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint. Rinneadh na figiúirí sin a shlánú suas nó síos agus is i bpraghsanna tairiseacha 2025 a tugadh iad chun boilsciú a chur san áireamh agus chun go bhféadfaí comparáid a dhéanamh thar roinnt blianta.
Tuilleadh eolais:
Céard atá an tAontas ag déanamh chun an caiteachas cosanta a mhéadú?
Cé gur inniúlachtaí náisiúnta fós iad an tslándáil agus an chosaint, comhlánaíonn agus forbraíonn an tAontas iarrachtaí aonair, trí thacú le caiteachas cosanta náisiúnta méadaithe agus úsáid a bhaint as acmhainní buiséadacha an Aontais.
Tá comhar feabhsaithe maidir le hinfheistíochtaí sa chosaint idir na Ballstáit ríthábhachtach. Cuireann sé deiseanna ar fáil costais a shábháil agus is féidir leis cabhrú leis na Ballstáit na cistí atá ar fáil dóibh a chaitheamh ar bhealach níos éifeachtúla.
Le tionscnaimh chosanta an Aontais, cuirtear ardán ar fáil le haghaidh comhar feabhsaithe lena ngabhann dreasachtaí cistiúcháin breise, lenar féidir feabhas suntasach a chur ar éifeachtúlacht na hinfheistíochta foriomláine sa chosaint agus cumais níos idir-inoibrithí nach bhfuil chomh hilroinnte céanna a chur ar fáil do na Ballstáit san fhadtéarma.
Tacaíocht do chaiteachas na mBallstát ar an gcosaint
Bhunaigh an tAontas roinnt tionscnamh chun tacú leis na Ballstáit a gcaiteachas cosanta a mhéadú a thuilleadh.
I measc tionscnaimh eile, tá cúnamh airgeadais éigeandála sealadach, dar luach suas le €150 billiún, á chur ar fáil ag an Aontas trí shásra iasachta (Gníomhaíocht Slándála don Eoraip nó SAFE) agus tá solúbthacht bhuiséadach bhreise á tabhairt aige do na Ballstáit maidir le gníomhachtú an chlásail éalaithe náisiúnta a iarraidh.
Bíonn na Ballstáit ag obair i gcomhar lena chéile freisin maidir leis an tslándáil agus leis an gcosaint tríd an tSaoráid Eorpach Síochána, arb é is aidhm di feabhas a chur ar chumas an Aontais coinbhleachtaí a chosc, an tsíocháin a thógáil agus a chaomhnú agus an tslándáil agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta a neartú. Is é €17 mbilliún an uasteorainn airgeadais faoi láthair.
- Soláthar comhoibríoch cosanta
- Clásal éalaithe náisiúnta maidir le caiteachas cosanta
- An tSaoráid Eorpach Síochána
Caiteachas an Aontais ar an gcosaint
Tá roinnt tionscnamh i bhfeidhm ag an Aontas cheana féin faoi bhuiséad an Aontais chun infheistíochtaí cosanta na mBallstát a chomhlánú. Áirítear an méid seo a leanas ar chaiteachas faoi bhuiséad an Aontais:
- €8.8 billiún faoin gCiste Eorpach Cosanta chun borradh a chur faoi thaighde agus forbairt i réimse na cosanta
- €1.7 billiún chun tacú le tionscadail soghluaisteachta míleata tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa
- €300 milliún chun tacú le soláthar trealaimh cosanta go comhpháirteach
- €500 milliún chun borradh a chur faoi tháirgeadh armlóin
- €1.5 billiún faoin gclár um thionscal cosanta na hEorpa
Ullmhacht cosanta na hEorpa
Borradh a chur faoin iomaíochas
Le hAontas Eorpach níos láidre agus níos cumasaí i réimse na slándála agus na cosanta, cuirfear borradh faoi iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch na hEorpa. Má chomhtháthaítear acmhainní tionsclaíocha ar fud na mBallstát, beifear in ann barainneachtaí scála a bhaint amach agus na costais a laghdú.
Láimhdeachas thionscal na cosanta
In 2024, ghin tionscal cosanta na hEorpa láimhdeachas €183.4 billiún, méadú 13.8% i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Cairt ina léirítear an láimhdeachas sa chosaint san Eoraip idir 2021 agus 2024:
- 2024: €183.4 billiún
- 2023: €161.1 billiún
- 2022: €136.7 billiún
- 2021: €123.8 billiún
Bhí an treocht fáis sin le feiceáil i ngach ceann de na trí phríomhearnáil:
- aerloingseoireacht mhíleata: láimhdeachas €74.9 billiún (+13.6%)
- earnáil an chabhlaigh: €43.2 billiún (+13.6%)
- an earnáil talún: €65.3 billiún (+14.3%)
€60 billiún luach onnmhairí míleata na hEorpa in 2024, méadú 2.1% le hais 2023.
Poist i réimse na cosanta
Tháinig méadú suntasach ar an bhfostaíocht i dtionscal cosanta na hEorpa in 2024, ba é 633 000 líon iomlán na bpost. Méadú 8.6% é sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.
Cairt ina léirítear an láimhdeachas sa chosaint san Eoraip idir 2021 agus 2024:
- 2024: 633 000
- 2023: 582 710
- 2022: 539 914
- 2021: 526 790
Bhí thart ar 240 000 de na poist sin in earnáil na haerloingseoireachta míleata, agus ba é 393 000 líon na bpost san earnáil talún agus in earnáil an chabhlaigh laistigh den tionscal cosanta.
Tá ról lárnach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) sna slabhraí soláthair chasta cosanta san Eoraip. Tá níos mó ná 2 500 FBM i dtionscal cosanta na hEorpa faoi láthair.
Foinse agus nóta modheolaíochta
Tá na sonraí uile maidir leis an láimhdeachas sa chosaint agus poist i réimse na cosanta bunaithe ar fhigiúirí Chomhlachas Thionscail Aeraspáis, Slándála agus Cosanta na hEorpa, ina bhfuil 20 tír de chuid an Aontais, chomh maith leis an Ríocht Aontaithe, an Iorua agus an Tuirc. Rinneadh na figiúirí a shlánú suas nó síos chun luaineachtaí sa ráta malairte agus bearta éagsúla cuntasaíochta staidrimh a chur san áireamh.
Tuilleadh eolais:
Féach freisin
Cistiú ón Aontas don chosaint
Soláthar comhoibríoch cosanta
Clásal éalaithe náisiúnta maidir le caiteachas cosanta
An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Iúil 2026