Guatamala
Is bunaithe ar an idirphlé polaitiúil, ar an gcomhar agus ar an trádáil atá an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus Guatamala. Tacaíonn an tAontas le hiarrachtaí Ghuatamala an daonlathas a neartú, cearta an duine a chosaint agus an fhorbairt inbhuanaithe agus rathúnas a chur chun cinn.
An caidreamh polaitiúil agus cearta an duine
Tá comhpháirtíocht sheanbhunaithe idir an tAontas agus Guatamala; is é an comhaontú comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir agus an meabhrán tuisceana déthaobhach a síníodh i mí Feabhra 2024 atá mar bhonn taca leis an gcomhpháirtíocht sin.
Leis an gcomhaontú comhlachais, neartaítear agus comhdhlúthaítear an caidreamh idir an tAontas agus sé cinn de thíortha Mheiriceá Láir (Cósta Ríce, an tSalvadóir, Guatamala, Hondúras, Nicearagua agus Panama). Baineann trí cholún leis an gcomhaontú: an t-idirphlé polaitiúil, an comhar agus an trádáil.
Cé go raibh feidhm shealadach ag an gcolún trádála ó 2013, tháinig an comhaontú i bhfeidhm ina iomláine i mí na Bealtaine 2024.
- An Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir, an 14 Iúil 2025
- AE-Meiriceá Láir: cead tugtha ag an gComhairle do chomhaontú comhlachais (preaseisiúint, an 12 Aibreán 2024)
- Gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag Guatamala an caidreamh eatarthu a neartú agus an meabhrán tuisceana a shíniú (an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí)
Tacaíocht don daonlathas
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacú leis an daonlathas agus le cearta an duine sa tír.
Mar fhreagairt ar chuireadh ó Bhinse Toghcháin Uachtarach Ghuatamala, sheol an tAontas misean breathnóireachta toghchán (EU EOM) chun faireachán a dhéanamh ar na holltoghcháin i mí an Mheithimh agus i mí Lúnasa 2023, rud a léiríonn a thiomanta atá an tAontas tacú leis an daonlathas agus leis an smacht reachta agus le toghcháin chuimsitheacha thrédhearcacha a chur chun cinn.
In 2024, ghlac an tAontas creat tiomnaithe le haghaidh smachtbhannaí i bhfianaise na staide i nGuatamala, chun tacú leis an aistriú daonlathach agus le toil mhuintir Ghuatamala mar a cuireadh in iúl nuair a roghnaigh siad rialtas a toghadh go daonlathach.
Leis na smachtbhannaí, dírítear ar dhaoine aonair agus ar eintitis atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta nó as bac a chur ar an aistriú daonlathach i ndiaidh olltoghchán 2023. Tá na daoine agus na heintitis sin atá faoi smachtbhannaí faoi réir toirmisc thaistil agus reo sócmhainní. Ina theannta sin, ní féidir le daoine ná le heintitis san Aontas aon chistí a chur ar fáil dóibh siúd atá faoi réir smachtbhannaí.
Tá athnuachan déanta ar na smachtbhannaí gach bliain ó 2024 i leith agus cuireadh síneadh leo go deireanach go dtí an 13 Eanáir 2027.
An tslándáil agus comhrac na coireachta eagraithe
Tá an tAontas agus Guatamala ag obair go dlúth le chéile cheana féin ar shaincheisteanna slándála agus ar chomhrac na coireachta eagraithe, i gcomhthéacs an chomhair réigiúnaigh le comhpháirtithe ó Mheiriceá Laidineach agus Muir Chairib (MLC).
Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas, mar shampla, chun cur le cumas thíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib úsáid agus gáinneáil drugaí aindleathacha a chomhrac trí shásra comhordúcháin agus comhair idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh maidir le drugaí.
Tá Guatamala rannpháirteach go gníomhach freisin i roinnt clár a fhaigheann tacaíocht ón Aontas:
- EL PACCTO: gníomhaíocht chomhpháirteach i gcoinne na bpríomhbhagairtí a bhaineann leis an gcoireacht eagraithe thrasnáisiúnta
- COPOLAD: iarrachtaí chun faireachlanna náisiúnta drugaí a neartú agus beartais fhianaisebhunaithe maidir le drugaí a chur chun cinn
- Cláir slándála réigiúnaí EUROFRONT: iarrachtaí chun an tslándáil teorann i nGuatamala a threisiú
Thairis sin, i mí na Samhna 2025, ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh, sheol an tAontas agus 18 dtír Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib, Guatamala san áireamh, an Chomhghuaillíocht idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib ar mhaithe le Slándáil na Saoránach, arb é is aidhm di dlús a chur leis na hiarrachtaí déréigiúnacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna maidir le slándáil na saoránach.
An fhorbairt
Tá Guatamala agus an tAontas ag obair le chéile chun an fás inbhuanaithe, an comhtháthú sóisialta agus an lánpháirtiú réigiúnach a chur chun cinn.
Tá €193 mhilliún de chistiú deontais déthaobhach leithdháilte ag an Aontas ar an gcomhar le Guatamala le haghaidh 2021-2027, arna chomhlánú le cláir agus maoiniú cumaiscthe faoi Global Gateway.
I measc na dtionscadal tosaíochta, tá:
- an t‑aistriú glas a chur chun cinn
- an nuálaíocht, an digiteáil agus cruthú post a chothú
- an tslándáil bia agus cothaithe
Global Gateway
An trádáil agus an infheistíocht
Is é Guatamala an geilleagar is mó i Meiriceá Láir agus cónaí ar thart ar 19 milliún duine ann. Príomh-chomhghuaillí eacnamaíoch agus forbartha dá chuid is ea an tAontas, agus é rangaithe i measc na bpríomh-chomhpháirtithe trádála agus infheistíochta atá ag Guatamala.
Ó cuireadh colún trádála an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir i bhfeidhm go sealadach in 2013, tá fás suntasach tagtha ar an trádáil dhéthaobhach – a dhá oiread le blianta beaga anuas – rud a léiríonn rochtain mhéadaithe ar an margadh agus éagsúlú.
An t-iltaobhachas agus an dlí idirnáisiúnta
Tá caidreamh an Aontais agus Ghuatamala bunaithe ar luachanna agus ar phrionsabail chomhroinnte a chosaint agus tá siad fíorthiomanta don iltaobhachas éifeachtach agus do phríomhacht na hiomláine críochaí agus an dlí idirnáisiúnta.
Sa chomhthéacs sin, tá tacaíocht chomhsheasmhach tugtha ag Guatamala do shíocháin chóir inbhuanaithe san Úcráin agus cáineann sí go láidir mór-ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Ina theannta sin, tacaíonn an tAontas agus Guatamala go láidir le hathchóiriú na Náisiún Aontaithe lena gcuirfí ar chumas na heagraíochta freagairt go héifeachtach ar dhúshláin an 21ú haois.
Féach freisin
An caidreamh AE-CELAC: fíricí agus figiúirí
Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn
An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Iúil 2026