Skip to content

Na cineálacha smachtbhannaí a ghlacann an tAontas

Is féidir le smachtbhannaí an Aontais a bheith dírithe ar rialtais i dtíortha nach cuid den Aontas iad, ar eintitis agus ar dhaoine aonair. Féadfaidh an tAontas bearta sriantacha a fhorchur chun rúin ó na Náisiúin Aontaithe a chur chun feidhme, smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a threisiú nó ar a thionscnamh féin.

Ar cé atá smachtbhannaí an Aontais dírithe

Is féidir le smachtbhannaí an Aontais a bheith dírithe ar:

  • rialtais i dtíortha nach den Aontas iad, de dheasca na mbeartas atá acu
  • eintitis (cuideachtaí) a sholáthraíonn bealach chun na beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm
  • grúpaí nó eagraíochtaí mar shampla grúpaí sceimhlitheoireachta
  • daoine aonair, mar shampla sceimhlitheoirí nó daoine atá freagrach as cearta an duine a shárú

Forbraítear smachtbhannaí ar bhealach ina laghdaítear na hiarmhairtí diúltacha dóibh siúd nach bhfuil freagrach as na beartais nó na gníomhaíochtaí a spreag glacadh smachtbhannaí.

Oibríonn an tAontas go háirithe chun na tionchair ar an bpobal sibhialta áitiúil agus ar ghníomhaíochtaí dlisteanacha sa tír ábhartha nó leis an tír ábhartha a íoslaghdú.

Cad iad na smachtbhannaí?

Is ar dhaoine aonair agus eintitis a dhírítear an chuid is mó de chórais smachtbhannaí an Aontais agus is reo sócmhainní agus toirmisc taistil a bhíonn i gceist leo. Is féidir leis an Aontas bearta earnála a ghlacadh freisin, cuir i gcás bearta eacnamaíocha agus airgeadais.

Sa chiall is simplí, ní mór do smachtbhannaí bunús sonrach dlí a bheith acu i gconarthaí an Aontais, agus cuirtear san áireamh leo:

Gunna agus comhartha stad.

Lánchosc arm

lánchosc arm ar earraí agus teicneolaíocht a leagtar amach ar liosta míleata an Aontais a onnmhairiú.

Eitleán agus comhartha toirmisc á chlúdach.

Toirmeasc taistil

Ní féidir le daoine a bhfuiltear ag díriú orthu dul isteach i gcríocha an Aontais ná idirthuras a dhéanamh tríothu.

Nótaí Rúiseacha (rúbail) agus siombail reo.

Reo sócmhainní

Reoitear sócmhainní uile na ndaoine aonair agus na n-eintiteas san Aontas atá faoi réir smachtbhannaí.

Boinn curtha i gceann a chéile agus lámh ag déanamh comhartha stop.

Bac ar chistiú

Ní féidir le daoine ná eintitis san Aontas aon chistí a chur ar fáil dóibh siúd atá faoi réir smachtbhannaí.

Soitheach a iompraíonn lastas agus é clúdaithe le cros dhearg.

Smachtbhannaí eacnamaíocha

Srianta ar na hearnálacha trádála, cosanta, teicneolaíochta, airgeadais, iompair agus fuinnimh.

Croitheadh láimhe atá clúdaithe le comhartha toirmisc.

Smachtbhannaí taidhleoireachta

Cur isteach ar chaidreamh taidhleoireachta nó ionadaithe taidhleoireachta an Aontais a aisghairm.

Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe agus an Aontais

Féadfaidh an tAontas trí chineál smachtbhannaí a chur chun feidhme: Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe, smachtbhannaí measctha agus smachtbhannaí uathrialacha an Aontais.

Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe

Cuireann an tAontas na smachtbhannaí uile a ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun feidhme trína dtrasuí i ndlí an Aontais. Bíonn an tAontas páirteach in idirphlé buan leis na Náisiúin Aontaithe chun comhordú níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na mBallstát i dtaca le smachtbhannaí.

Smachtbhannaí measctha

Is féidir leis an Aontas smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a atreisiú trí bhearta níos déine a chur chun feidhme sa bhreis orthu siúd atá á bhforchur ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

Smachtbhannaí uathrialacha

Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh smachtbhannaí a fhorchur as a stuaim féin. Féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó Ballstáit an Aontais smachtbhannaí den chineál sin a mholadh. Bíonn feidhm ag na rialacha ar feadh 12 mhí go hiondúil.

Leagtar bearta sriantacha síos i gcinntí ón gComhairle maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES).

Smachtbhannaí tírbhunaithe agus téamacha

Glactar formhór chórais smachtbhannaí an Aontais i bhfianaise staid shonrach i dtír ar leith. Mar shampla, tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas i bhfianaise na staide sa Rúis, sa Bhealarúis, san Iaráin, sa Chóiré Thuaidh, sa tSiria, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó agus i Veiniséala.

Leagan téacs

Tíortha ina bhfuil feidhm ag córas smachtbhannaí:

  • an Afganastáin
  • an Bhealarúis
  • an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
  • an Bhurúin
  • Poblacht na hAfraice Láir
  • Poblacht Dhaonlathach an Chongó
  • Guatamala
  • an Ghuine
  • Guine Bissau
  • Háítí
  • an Iaráin
  • an Iaráic
  • an Liobáin
  • an Libia
  • Mailí
  • an Mholdóiv
  • Maenmar/Burma
  • Nicearagua
  • an Nígir
  • an Rúis
  • an tSomáil
  • an tSúdáin Theas
  • an tSúdáin
  • an tSiria
  • an Túinéis
  • an Tuirc
  • an Úcráin
  • Veiniséala
  • Éimin
  • an tSiombáib

Ina theannta sin, ghlac an tAontas ceithre chóras théamacha lena ndírítear orthu siúd atá freagrach as an méid seo a leanas:

Foilsítear gach gníomh dlí a bhaineann le smachtbhannaí an Aontais in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Féach freisin

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí

An chaoi a nglacann an tAontas smachtbhannaí agus a ndéanann sé athbhreithniú orthu

An chaoi a nglacann an tAontas smachtbhannaí agus a ndéanann sé athbhreithniú orthu

Smachtbhannaí

Smachtbhannaí

An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Nollaig 2025