Amlíne — an tSiria
-
2026
16 IúilAn tSiria: an tAontas réidh le hoibriú le Comhthionól an Phobail
Céim eile in aistriú polaitiúil na tíre is ea seisiún tionscnaimh Thionól an Phobail sa tSiria.
Tá an tAontas agus a Bhallstáit réidh chun comhoibriú le Tionól an Phobail agus lena chomhaltaí, chun tacú le fothú acmhainneachta agus le dea-rialachas agus chun oibriú le chéile chun spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach, lena n-áirítear urraim don dlí idirnáisiúnta agus do Chairt na Náisiún Aontaithe a chinntiú.
-
2026
18 BealtaineCouncil renews sanctions against Syrian regime
The Council has renewed until 1 June 2027 the EU sanctions targeting individuals and entities linked to the former al-Assad regime in Syria.
Despite the fall of the former regime and the establishment of transitional authorities, the situation in Syria remains fragile and the risk of destabilisation persists. The EU considers that networks linked to the former al-Assad regime continue to retain influence and pose a risk of undermining the transition process and hampering efforts towards national reconciliation and accountability.
-
2026
11 BealtaineAn comhaontú comhair leis an tSiria á chur i bhfeidhm go hiomlán an athuair ag an Aontas
Ghlac an Chomhairle cinneadh lena gcuirtear deireadh le fionraí pháirteach an chomhaontaithe comhair idir an tAontas agus an tSiria. Is mór a chéim ar aghaidh i dtreo an caidreamh déthaobhach idir an tAontas agus an tSiria a neartú an comhaontú a bheith á chur i bhfeidhm go hiomlán an athuair.
In 2011 a tugadh an fhionraí pháirteach isteach mar fhreagairt ar sháruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a rinne réimeas Bashar al-Assad.
-
2025
18 NollaigConclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an tSiria
Agus bliain ann ó thit réimeas Assad, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go dtacaíonn sí le haistriú síochánta, cuimsitheach sa tSiria agus leagann sí béim ar a thábhachtaí atá sé cearta mhuintir na Siria ó gach cúlra eitneach agus reiligiúnach a chosaint gan idirdhealú.
Cuireann sí in iúl gur cúis imní di an cur isteach eachtrach ar phróiseas idirthréimhseach na Siria agus tathantaíonn sí ar na gníomhaithe uile, idir ghníomhaithe intíre agus ghníomhaithe seachtracha, aontacht, neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Siria a urramú go hiomlán, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
-
2025
23 Deireadh FómhairConclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an tSiria
D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go dtacaíonn sí le haistriú síochánta cuimsitheach sa tSiria, saor ó chur isteach eachtrach díobhálach, agus a thábhachtaí atá sé cearta mhuintir uile na Siria a chosaint agus a thábhachtaí atá an ceartas idirthréimhseach agus an t-athmhuintearas.
Leanfaidh an tAontas Eorpach de bheith ag tacú le conair na Siria i dtreo na cobhsaíochta agus na hatógála.
-
2025
24 IúilRáiteas ón Aontas maidir leis an staid sa tSiria
Cáineann an tAontas Eorpach go láidir an foréigean i ndeisceart na Siria inar maraíodh na céadta daoine, agus cáineann sé go háirithe na hionsaithe a rinne, de réir na dtuairiscí, roinnt grúpaí armtha i gcoinne sibhialtach.
Iarran an tAontas go ndéanfaí imscrúdú trédhearcach, inchreidte agus neamhchlaonta, agus go dtabharfaí iad siúd uile a dhéanann sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí um chearta an duine chun cuntais agus go dtabharfaí os comhair na cúirte iad.
-
2025
26 MeitheamhConclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an tSiria
Is díol sásaimh don Chomhairle Eorpach gur cuireadh deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na Siria le déanaí, mar chuid de chur chuige forásach, inchúlaithe an Aontais Eorpaigh. Meabhraítear di a thábhachtaí atá sé go mbeadh aistriú síochánta cuimsitheach sa tSiria, saor ó chur isteach eachtrach díobhálach, a thábhachtaí atá sé go gcosnófaí gan idirdhealú cearta mhuintir na Siria ó gach cúlra eitneach agus reiligiúnach agus a thábhachtaí atá an ceartas idirthréimhseach agus an t-athmhuintearas.
Cáineann an Chomhairle Eorpach an t-ionsaí sceimhlitheoireachta a rinneadh le déanaí ar Eaglais Mar Elias sa Damaisc agus iarrann sí go dtabharfaí chun cuntais iad siúd atá freagrach. Ba cheart neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Siria laistigh de theorainneacha slána a lánurramú, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
-
2025
23 MeitheamhConclúidí maidir leis an tSiria glactha ag an gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena n-athdhearbhaítear tiomantas an Aontais seasamh le muintir na Siria agus tacú le haistriú síochánta cuimsitheach, faoi stiúir na Siria agus faoi úinéireacht na Siria chun cabhrú le todhchaí níos fearr a thógáil do mhuintir uile na Siria.
Is díol sásaimh don Chomhairle an gealltanas a thug an rialtas idirthréimhseach Siria nua a thógáil a bheidh bunaithe ar athmhuintearas náisiúnta, ar chuntasacht, ar an smacht reachta agus ar scaradh na gcumhachtaí, agus ar chearta an duineagus ar shaoirsí bunúsacha do mhuintir uile na Siria gan idirdhealú.
-
2025
23 MeitheamhSmachtbhannaí nua mar gheall ar sháruithe ar chearta an duine sa tSiria
D’fhorchuir an Chomhairle smachtbhannaí ar chúigear atá freagrach as sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine sa tSiria, lena n-áirítear tacú le húsáid arm ceimiceach faoi réimeas al-Assad, agus as a rannpháirtíocht san fhoréigean a rinneadh le déanaí i réigiúin chósta.
-
2025
28 BealtaineEU lifts all economic sanctions on Syria
The Council has decided to lift all economic sanctions on Syria, with the exception of those based on security grounds. The decision is intended to help the Syrian people reunite and rebuild a new, inclusive, pluralistic and peaceful Syria.
Sanctions related to the Assad regime will be maintained. In addition, the EU has sanctioned two individuals and three entities over recent human rights abuses.
-
2025
20 BealtaineCouncil statement on the lifting of EU economic sanctions on Syria
The EU announced the political decision to lift its economic sanctions on Syria. Now is the time for the Syrian people to have the chance to reunite and rebuild a new, inclusive, pluralistic and peaceful Syria free from harmful foreign interference.
The EU will maintain sanctions related to the Assad regime in line with its call for accountability as well as sanctions based on security grounds, including arms and technology that might be used for internal repression. It will also introduce additional targeted restrictive measures against human rights violators and those fuelling instability in Syria.
-
2025
20 MártaConclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an tSiria
Cháin ceannairí an Aontais go géar an foréigean forleathan a rinneadh le déanaí ar shibhialtaigh cois cósta sa tSiria agus thathantaigh sí ar na húdaráis idirthréimhseacha a áirithiú go gcosnófar na sibhialtaigh go léir agus go dtabharfar lucht déanta foréigin chun cuntais i gcomhréir leis na noirm agus na caighdeáin idirnáisiúnta.
Leag an Chomhairle Eorpach béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh aistriú síochánta cuimsitheach sa tSiria, saor ó chur isteach eachtrach díobhálach, agus go gcosnófaí gan idirdhealú cearta mhuintir na Siria ó gach cúlra eitneach agus reiligiúnach. Ba cheart neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Siria laistigh de theorainneacha slána a urramú go huile agus go hiomlán, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
-
2025
17 MártaAn naoú comhdháil sa Bhruiséil ‘Ag seasamh leis an tSiria’
Ag comhdháil 2025 darb ábhar 'Ag Seasamh leis an tSiria: na riachtanais chuí a chomhlíonadh le go mbeidh aistriú rathúil ann', gheall an tAontas agus a chomhpháirtithe €5.8 billiún ar an iomlán (as a dtagann beagnach €2.5 billiún ón Aontas) le haghaidh 2025 agus 2026.
Úsáidfear na cistí chun tacú le haistriú na Siria agus le téarnamh agus atógáil shocheacnamaíoch na tíre, agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais dhaonnúla phráinneacha laistigh den tSiria agus i bpobail óstacha ar fud na hIordáine, na Liobáine, na hIaráice agus na Tuirce.
-
2025
11 MártaRáiteas ón Aontas maidir leis an bhforéigean is déanaí
Is cúis mhór imní don Aontas Eorpach an foréigean forleathan i réigiún cósta na Siria le cúpla lá anuas, inar maraíodh cuid mhór daoine, go leor sibhialtach san áireamh.
Cáineann an tAontas go láidir na hionsaithe a rinne mílístí atá ar son Assad i gcoinne na bhfórsaí slándála, chomh maith leis na coireanna uafásacha atá á ndéanamh i gcoinne sibhialtach, lena n-áirítear básuithe achoimre, go leor acu a líomhnaítear go ndearna grúpaí armtha a thacaíonn le fórsaí slándála na n-údarás idirthréimhseach iad.
-
2025
24 FeabhraBearta sriantacha ar phríomhearnálacha eacnamaíocha curtha ar fionraí ag an Aontas
Chinn an Chomhairle roinnt bearta sriantacha a chur ar fionraí i bhfianaise na staide sa tSiria. Tá an cinneadh sin mar chuid d’iarrachtaí an Aontais tacú le haistriú polaitiúil cuimsitheach sa tSiria, lena téarnamh eacnamaíoch, a hatógáil agus a cobhsú tapa.
Tá sé mar aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a éascú:
- rannpháirtíocht leis an tSiria, lena muintir agus lena gnólachtaí i bpríomhréimsí an fhuinnimh agus an iompair
- idirbhearta airgeadais agus baincéireachta a bhaineann le hearnálacha an fhuinnimh agus an iompair agus na hidirbhearta sin a bhfuil gá leo chun críoch daonnúil agus atógála
-
2024
19 NollaigConclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an tSiria
Tar éis thurnamh réimeas coiriúil Assad sa tSiria, leag ceannairí an Aontais béim ar an méid seo a leanas:
- an deis stairiúil an tír a athaontú agus a atógáil
- a thábhachtaí atá próiseas polaitiúil cuimsitheach faoi stiúir na Siria lena gcomhlíontar ardmhianta dlisteanacha mhuintir na Siria
- an gá atá le hurraim do chearta an duine a chinntiú agus le hoidhreacht chultúrtha na Siria a chosaint
- a thábhachtaí atácomhrac na sceimhlitheoireachta
D’iarr ceannairí an Aontais ar na páirtithe uilean aontacht náisiúnta a chaomhnú agus a chinntiú go gcosnófaí na sibhialtaigh uile, go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil agus go gcruthófaí dálaí le haghaidh aistriú polaitiúil a bheidh cuimsitheach agus síochánta agus le go mbeidh dídeanaithe ón tSiria in ann filleadh ar bhealach sábháilte deonach díniteach, ar dálaí iad sin atá sainithe ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.
-
2024
9 NollaigRáiteas ón Aontas maidir le turnamh réimeas Assad
Is stairiúil an ócáid é turnamh réimeas coiriúil Assad do mhuintir na Siria, dream a d’fhulaing go mór agus a thaispeáin go raibh an-teacht aniar iontu agus iad ag iarraidh an dínit, an tsaoirse agus an ceartas a bhaint amach.
Tathantaíonn an tAontas ar na gníomhaithe uile cúl a thabhairt don fhoréigean feasta, cosaint na sibhialtach a chinntiú, seasamh leis an dlí idirnáisiúnta agus dul i mbun aistriú síochánta cuimsitheach.
-
2024
25 SamhainSmachtbhannaí forchurtha ag an gComhairle ar thriúr airí as sáruithe ar chearta an duine sa tSiria
Chuir an tAontas smachtbhannaí ar thriúr airí, atá freagrach as an gcur faoi chois foréigneach leanúnach atá á dhéanamh ag réimeas na Siria ar an bpobal sibhialtach agus as sáruithe ar chearta an duine: an tAire Trádála Inmheánaí agus Cosanta Tomhaltóirí, Louai Emad El‑Din al‑Munajjid, an tAire Peitriliam agus Acmhainní Mianracha, Firas Hassan Qaddour, agus an tAire Stáit, Ahmed Mohammad Bustaji.
-
2024
28 BealtaineSmachtbhannaí in aghaidh réimeas na Siria athnuaite ag an gComhairle
Chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais i gcoinne réimeas na Siria agus lucht tacaíochta an réimis sin go dtí an 1 Meitheamh 2025, i bhfianaise a thromchúisí atá an staid sa tSiria atá ag dul in olcas.
Chinn an Chomhairle freisin síneadh a chur le cur i bhfeidhm na díolúine daonnúla a tugadh isteach i mí Feabhra 2023 i bhfianaise a thromchúisí atá an ghéarchéim dhaonnúil sa tSiria, atá níos measa fós mar gheall ar an gcrith talún a tharla sa Tuirc agus sa tSiria.
-
2024
27 BealtaineOchtú comhdháil na Bruiséile maidir le ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’
Gheall pobal na ndeontóirí €7.5 billiún ar an iomlán. Áirítear san fhigiúr foriomlán an €2.12 billiún a gheall an tAontas do 2024 agus 2025. Isteach agus amach le €6 bhilliún, ar an iomlán, atá geallta ag an Aontas agus na Ballstáit, rud a d’athdhearbhaigh gurb iad an deontóir is mó iad don fhreagairt ar an tSiria.
Tacóidh an cúnamh sin le muintir na Siria sa tSiria féin agus leo siúd i dtíortha comharsanachta araon, chomh maith lena bpobail óstacha sa Tuirc, sa Liobáin, san Iordáin agus san Iaráic.
-
2024
22 Eanáirseisear agus cúig eintiteas curtha ar liosta smachtbhannaí an Aontais ag an gComhairle
Ghlac na hairí bearta sriantacha breise i gcoinne seisir agus cúig eintiteas i bhfianaise a thromchúisí atá an staid leanúnach sa tSiria.
I measc na liostuithe nua tá:
- comhairleoir eacnamaíoch le ceannaire na Siria, Bashar al-Assad
- triúr mórphearsa ghnó a thugann tacaíocht do réimeas na Siria, agus a dtéann an réimeas sin chun sochair dóibh
- beirt atá bainteach le muintir Assad
- Grúpa Al-Dj, Cham Wings, Freebird Travel Agency, Iloma Investment Private JSC agus Al-Aqila
Tá siad siúd atá liostaithe faoin gcóras smachtbhannaí faoi réir reo sócmhainní. Tá toirmeasc freisin ar chistí nó acmhainní eacnamaíochaa sholáthar, go díreach nó go hindíreach dóibh sin nó chun a dtairbhe. Ina theannta sin, tá feidhm ag toirmeasctaistil chuig an Aontas ar dhaoine nádúrtha atá liostaithe.
Is ardtosaíocht don Aontas í an tSiria i gcónaí. Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria.
-
2023
14 IúilSíneadh 6 mhí eile curtha ag an Aontas leis an díolúine dhaonnúil
An 23 Feabhra 2023, thug an Chomhairle díolúine dhaonnúil bhreise isteach sa réimeas smachtbhannaí i bhfianaise a bhfuil ag titim amach sa tSiria chun seachadadh tapa an chúnaimh dhaonnúil a éascú,, tar éis an chreatha talún thubaistigh a tharla sa Tuirc agus sa tSiria.
Chun go leanfar de bheith ag freagairt go tráthúil ar an bpráinn a bhaineann leis an ngéarchéim dhaonnúil sa tSiria, agus de bheith ag éascú sheachadadh tapa na cabhrach, chinn an Chomhairle síneadh a chur le fad na díolúine daonnúla sin go ceann 6 mhí eile go dtí an 24 Feabhra 2024.
-
2023
14 MeitheamhSeachtú comhdháil na Bruiséile maidir le Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin
Is í an chomhdháil seo an príomhimeacht gealltanais don tSiria agus don réigiún in 2023. D’éirigh léi cabhair a shlógadh do mhuintir na Siria laistigh den tír agus sna tíortha comharsanachta trí ghealltanais idirnáisiúnta ar fiú €5.6 billiún iad don bhliain 2023 agus ina dhiaidh sin, lena n-áirítear €4.6 billiún don bhliain 2023 agus €1 bhilliún don bhliain 2024 agus ina dhiaidh sin.
Sa chuid ardleibhéil aireachta den chomhdháil an 15 Meitheamh, tháinig ionadaithe le chéile ó 57 dtír, Ballstáit an Aontais ina measc, agus 30 eagraíocht idirnáisiúnta, na Náisiúin Aontaithe san áireamh, chomh maith le hinstitiúidí an Aontais.
-
2023
23 FeabhraCóras smachtbhannaí na Siria leasaithe ag an Aontas chun seachadadh cabhrach daonnúla a éascú
I bhfianaise a thromchúisí atá an ghéarchéim dhaonnúil sa tSiria mar gheall ar an gcrith talún, chinn an Chomhairle inniu leasú daonnúil breise a ghlacadh chun seachadadh tapa na cabhrach daonnúla a éascú a thuilleadh.Beidh an leasú sin i bhfeidhm ar feadh tréimhse 6 mhí.
Leis an leasú sin, tharscaoil an tAontas an gá atá le heagraíochtaí daonnúla cead a lorg roimh ré ó údaráis inniúla náisiúnta Bhallstáit an Aontais chun aistrithe a dhéanamh chuig daoine agus eintitis atá liostaithe nó chun earraí agus seirbhísí atá beartaithe chun críoch daonnúil a sholáthar dóibh.
-
2022
31 BealtaineSíneadh bliana curtha ag an gComhairle leis na smachtbhannaí in aghaidh an réimis
Chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais i gcoinne réimeas na Siria go ceann bliain eile go dtí an 1 Meitheamh 2023, i bhfianaise an chos ar bolg leanúnaigh atá á dhéanamh ar an daonra sibhialtach sa tír sin.
Ina theannta sin, bhain an Chomhairle triúr den liosta. Áirítear anois ar an liosta sin 289 dhuine a bhfuil reo sócmhainní agus toirmeasc taistil dírithe orthu, agus 70 eintiteas atá faoi réir reo sócmhainní.
-
2022
9 BealtaineSéú comhdháil na Bruiséile maidir le ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’
D’éirigh leis an gcomhdháil, arb í an phríomhimeacht gealltanais don tSiria agus don réigiún in 2022, cabhair a shlógadh do mhuintir na Siria laistigh den tír agus sna tíortha comharsanachta trí ghealltanais ar fiú€6.4 billiún iad don bhliain 2022 agus ina dhiaidh sin.
Sa chuid ardleibhéil aireachta den chomhdháil an 10 Bealtaine, tháinig institiúidí an Aontais agus ionadaithe ó 55 thír le chéile, Ballstáit an Aontais san áireamh, mar aon le 22 institiúid idirnáisiúnta, na Náisiúin Aontaithe ina measc.
-
2022
21 FeabhraBearta sriantacha á bhforchur ag an Aontas ar chúigear eile
Chinn an Chomhairle cúigear de mhuintir Makhlouf a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha spriocdhírithe an Aontais i bhfianaise na staide sa tSiria.
Leis an gcinneadh sin, tá 292 nduine anois ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí i bhfianaise na staide sa tSiria, iad faoi réir reo sócmhainní agus toirmeasc taistil araon, agus tá 70 eintiteas faoi réir reo sócmhainní. Anuas air sin, tá cosc ar dhaoine agus ar eintitis de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil do na daoine agus do na heintitis atá ar an liosta.
-
2021
15 SamhainCeathrar airí nua curtha le liosta smachtbhannaí an Aontais
Chinn an Chomhairle ceathrar airí a ceapadh le déanaí a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha spriocdhírithe an Aontais i bhfianaise na staide sa tSiria.
Fágann an cinneadh sin go bhfuil 287 nduine faoi réir toirmeasc taistil agus reo sócmhainní. Tá 70 eintiteas ar an liosta freisin, atá faoi réir reo sócmhainní.
-
2021
27 BealtaineSíneadh bliana eile curtha ag an gComhairle leis na smachtbhannaí
Chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais i gcoinne réimeas na Siria go ceann bliain eile go dtí an 1 Meitheamh 2022, i bhfianaise an chos ar bolg leanúnaigh atá á dhéanamh ar an daonra sibhialtach sa tír sin.
Bhain an Chomhairle cúigear nach maireann den liosta freisin. Áirítear anois ar an liosta sin 283 dhuine a bhfuil reo sócmhainní agus toirmeasc taistil dírithe orthu, agus 70 eintiteas atá faoi réir reo sócmhainní.
-
2021
30 MártaTacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin
Bhí an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gcúigiú ceann de Chomhdhálacha na Bruiséile maidir le ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’, a tionóladh an 29 agus an 30 Márta 2021 i bhformáid fhíorúil.
Tháinig os cionn 80 tír, eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na Náisiún Aontaithe le chéile chun páirt a ghlacadh sa chomhdháil idirnáisiúnta agus ina roinn ardleibhéil aireachta Dé Máirt an 30 Márta.
-
2021
14 MártaDearbhú ón Aontas maidir le 10 mbliana coinbhleachta sa tSiria
An 15 Márta 2021 - tá deich mbliana anois ann ó cuireadh tús le hagóidí síochánta ar fud na Siria. Mar thoradh ar an gcos ar bolg bhrúidiúil atá á déanamh ag an réimeas ar mhuintir na Siria, agus ar mhainneachtain an réimis aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an éirí amach, tá coinbhleacht armtha idirnáisiúnaithe atá ag dul in olcas.
Tá an choimhlint sa tSiria i bhfad ó bheith thart. Tá an tAontas Eorpach diongbháilte i gcónaí, agus é ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an gcos ar bolg, go scaoilfí saor na daoine atá á gcoinneáil, agus go nglacfadh réimeas na Siria agus a chomhghuaillithe páirt fhiúntach i gcur chun feidhme iomlán Rún 2254 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe."
-
2021
15 EanáirSyrian foreign affairs minister added to EU sanctions list
The Council decided to add Faisal Mekdad to the list of persons subject to EU restrictive measures on Syria, in light of his recent appointment as Minister of Foreign Affairs.
This decision brings to 289 the total number of persons targeted by a travel ban and an asset freeze. 70 entities are also subject to an asset freeze.
-
2020
6 SamhainOchtar airí Siriacha curtha le liosta smachtbhannaí an Aontais
Chinn an Chomhairle ochtar comhaltaí de réimeas na Siria a chur le liosta na ndaoine atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais maidir leis an tSiria, i bhfianaise iad a bheith ceaptha le déanaí ina n-airí rialtais.
Fágann an cinneadh sin go bhfuil iomlán 288 nduine faoi réir toirmeasc ar thaisteal agus reo sócmhainní. Tá 70eintiteas faoi réir reo sócmhainní freisin.
-
2020
30 MeitheamhTacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin
Bhí an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gceathrú ceann de Chomhdhálacha na Bruiséile maidir le ‘Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin’, a tionóladh ón 22 go dtí an 30 Meitheamh 2020. I bhfianaise na mbeart scartha sóisialta is gá, tionóladh an Chomhdháil i bhformáid fhíorúil.
Tháinig 80 tír, eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na Náisiún Aontaithe le chéile chun páirt a ghlacadh sa chomhdháil idirnáisiúnta agus ina roinn ardleibhéil aireachta Dé Máirt an 30 Meitheamh.
D'éirigh leis an gcomhdháil cabhair a shlógadh do Shiriaigh sa tír féin agus sna tíortha comharsanacha, lena n-áirítear do na pobail óstacha, le gealltanais ar fiú $5.5 billiún USD (€4.9 billiún) iad do 2020 agus gealltanais ilbhliantúla ar fiú nach mór $2.2 billiún (€2 bhilliún) iad do 2021 agus ina dhiaidh sin.
A bhuí le Comhdháil IV na Bruiséile, tá an choinbhleacht sa tSiria fós ar bharr an chláir oibre -
2020
28 BealtaineSíneadh bliana curtha leis na smachtbhannaí in aghaidh an réimis
Chuir an Chomhairle síneadh bliana breise le bearta sriantacha an Aontais i gcoinne réimeas na Siria, go dtí 1 Meitheamh 2021. I gcomhréir le straitéis an Aontais don tSiria, chinn an tAontas go gcoimeádfaí a bhearta sriantacha i gcoinne réimeas na Siria, agus a lucht tacaíochta, ó tharla an pobal sibhialtach a bheith á chur faoi chois i gcónaí.
-
2020
17 FeabhraOchtar fear gnó agus dhá eintiteas curtha leis an liosta smachtbhannaí ag an Aontas
Tá an Chomhairle tar éis ochtarfear gnó iomráiteach agus dhá eintiteas a bhfuil baint acu leis na fir ghnó sin a chur le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na smachtbhannaí in aghaidh réimeas na Siria agus a lucht tacaíochta. Chuaigh a gcuid gníomhaíochtaí go díreach chun tairbhe réimeas Assad, lena n-áirítear trí thionscadail a bhí lonnaithe ar thailte a sciobadh ó dhaoine a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht.
-
2019
14 Deireadh FómhairConclúidí glactha ag an gComhairle maidir le hoirthuaisceart na Siria
Tá tathantaithe an athuair ag an gComhairle ar an Tuirc scor den ghníomhaíocht mhíleata aontaobhach atá ar siúl aici in oirthuaisceart na Siria agus a fórsaí a tharraingt siar aisti.
Tá tathantaithe ag an Aontas ar an Tuirc scor den ghníomhaíocht mhíleata aontaobhach atá ar siúl aici in oirthuaisceart na Siria -
2019
17 BealtaineAn tSiria: Smachtbhannaí athnuaite ag an Aontas in aghaidh an réimis go ceann bliana
Chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais in aghaidh réimeas na Siria go dtí an 1 Meitheamh 2020. I gcomhréir le straitéis an Aontais don tSiria, chinn an tAontas go gcoimeádfaí a bhearta sriantacha i gcoinne réimeas na Siria, agus a lucht tacaíochta, agus an pobal sibhialtach á chur faoi chois i gcónaí.
Bhain an Chomhairle iad seo a leanas den liosta smachtbhannaí:
- Cúigear atá marbh
- eintiteas amháin nach ann dó a thuilleadh
- eintiteas amháin nach bhfuil údar maith lena choinneáil faoi réir bearta sriantacha a thuilleadh
270 duine agus 70 eintiteas a áirítear ar an liosta smachtbhannaí anois a bhfuil toirmeasc ar thaisteal agus calcadh sócmhainní forchurtha ina leith.
-
2019
4 MártaSeachtar airí curtha ag an Aontas Eorpach leis an liosta smachtbhannaí
Chuir an Chomhairle seachtar airí de chuid rialtas na Siria leis an liosta smachtbhannaí tar éis athruithe le déanaí ar an rialtas sa tSiria.
-
2019
21 EanáirAon fhear gnó dhéag agus cúig eintiteas curtha leis an liosta smachtbhannaí ag an Aontas
Chuir an Chomhairle aon fhear gnó dhéag mór le rá agus cúig eintiteas leis an liosta smachtbhannaí. Tá na fir ghnó agus na cuideachtaí seo bainteach le forbairt eastát sóúil agus tionscadail eile a bhfuil an réimeas ag tacú leo, agus tacaíonn siad le réimeas na Siria agus/nó baineann siad tairbhe as dá réir.
Ar an liosta smachtbhannaí anois tá270 duine agus 72 eintiteas a bhfuil toirmeasc ar thaisteal agus calcadh sócmhainní forchurtha ina leith.
-
2018
28 Bealtainesíneadh bliana curtha ag an Aontas leis na smachtbhannaí in aghaidh an réimis
Chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais in aghaidh réimeas na Siria go dtí an 1 Meitheamh 2019. I bhfianaise go bhfuil an pobal sibhialta á chur faoi chois go fóill, shocraigh an tAontas ar a bhearta sriantacha in aghaidh réimeas na Siria agus a lucht tacaíochta a choimeád i bhfeidhm, i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir leis an tSiria.
-
2018
17 AibreánDearbhú ó G7 maidir leis an tSiria
Ghlac ceannairí G7 dearbhú ag cáineadh úsáid na n-arm ceimiceach san ionsaí in oirthear Ghouta ar an 7 Aibreán 2018.
"Tacaímid go hiomlán le hiarrachtaí uile na Stát Aontaithe, na Ríochta Aontaithe agus na Fraince díghrádú a dhéanamh ar chumas réimeas Assad airm cheimiceacha a úsáid agus aon úsáid amach anseo a dhíspreagadh, mar a léirigh siad lena ngníomh ar an 13 Aibreán. Bhí an fhreagairt seo teoranta, comhréireach agus riachtanach - agus rinneadh é nuair a chlis ar gach iarracht taidhleoireachta dá bhfuil ann cloí leis an ngnáthchleachtas idirnáisiúnta in aghaidh airm cheimiceacha a úsáid." -
2018
16 AibreánConclúidí maidir leis an tSiria glactha ag an gComhairle
Is ar réimeas na Siria a luíonn freagracht thar na bearta as staid thubaisteach dhaonnúil mhuintir na Siria agus as an méid a d'fhulaing siad freisin. Cáinimid go láidir go bhfuil airm cheimiceacha á n-úsáid go leanúnach agus arís agus arís eile ag an réimeas sa tSiria.
Cáineann an tAontas go géar gach ionsaí, a dhéantar d'aon ghnó nó go neamh-idirdhealaitheach, ar na pobail shibhialtacha agus ar bhonneagar sibhialtach, ar ospidéil agus ar scoileanna. Is sárú glan é ar phrionsabail dhaonnúla idirnáisiúnta an diúltú atá á dhéanamh agus an bac leanúnach atá á chur, d'aon ghnó, ar an rochtain dhaonnúil orthu siúd atá i ngátar agus ní mór stop a chur leis.
-
2018
14 AibreánDearbhú glactha ag an Aontas maidir leis an aerthuairgneáil sprioctha sa tSiria
Ghlac an tAontas dearbhú ag cáineadh go láidir an athuair go bhfuil airm cheimiceacha á n-úsáid arís agus arís eile ag réimeas na Siria, lena n-áirítear an t-ionsaí ceimiceach millteach ar Douma. Tacaíonn an tAontas le gach iarracht darb aidhm cosc a chur ar úsáid arm ceimiceach. Is mór an bhaint siar don Chomhairle go bhfuil an comhphobal idirnáisiúnta fós ag dul i ngleic le húsáid arm ceimiceach.
-
2018
19 MártaCeathrar curtha leis an liosta smachtbhannaí
Chuir an Chomhairle ceathrar (ardoifigeach míleata agus triúr eolaithe) leis an liosta smachtbhannaí. Daoine iad sin a bhí rannpháirteach in airm cheimiceacha a iomadú agus a sheachadadh.
-
2018
15 MártaDearbhú glactha ag an Aontas maidir leis an tSiria
Ghlac an tAontas dearbhú maidir leis an tSiria lena n-iarrtar Rún 2401 ó CSNA, ina n-éilítear sos cogaidh ar an toirt, a chur chun feidhme ina iomláine láithreach bonn. Cuirtear i dtreis leis an dearbhú nach mór teacht ar réiteach polaitiúil inbhuanaithe chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht sa tSiria. Anuas air sin, tá cáineadh láidir déanta ag an Aontas ar airm cheimiceacha a bheith á n-úsáid ag réimeas na Siria agus ag Da’esh. Leanfaidh an tAontas de bheith ag tacú le teacht aniar mhuintir na Siria.
-
2018
26 FeabhraBeirt airí curtha leis an liosta smachtbhannaí
Chuir an Chomhairle aire tionscail agus aire faisnéise rialtas na Siria leis an liosta smachtbhannaí. Rinneadh na leasuithe sin chun athruithe aireachta a rinneadh le déanaí a chur san áireamh, ós rud é gur ceapadh an bheirt airí sin i mí Eanáir 2018.
-
2017
17 Iúil16 dhuine curtha leis an liosta smachtbhannaí
Chuir an Chomhairle 16 dhuine leis an liosta smachtbhannaí ar daoine iad a bhí rannpháirteach in airm cheimiceacha a iomadú agus a sheachadadh. Orthu sin, tá ochtar ardoifigeach míleata agus ochtar eolaithe.
-
2017
29 BealtaineSíneadh bliana curtha leis na smachtbhannaí in aghaidh an réimis
Chuir an Chomhairle síneadh le bearta sriantacha an Aontais in aghaidh réimeas na Siria go dtí an 1 Meitheamh 2018. Ag an am céanna, chuir an Chomhairle triúr airí de chuid rialtas na Siria le liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha agus nuashonraíodh an fhaisnéis a bhaineann le daoine agus eintitis áirithe atá ar an liosta.
-
2017
5 Aibreán€5.6 billiún de chabhair airgid geallta ag comhdháil idirnáisiúnta
Gheall an tAontas agus deontóirí idirnáisiúnta €5.6 billiún de chabhair airgid don bhliain 2017 chun freastal ar riachtanais ollmhóra mhuintir na Siria.
Gheall na deontóirí €3.47 billiún de chabhair airgid don tréimhse 2018-2020 chomh maith. Ag comhdháil idirnáisiúnta a reáchtáladh sa Bhruiséil a tugadh na gealltanais.
-
2017
3 AibreánStraitéis an Aontais don tSiria glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle straitéis an Aontais don tSiria. Tá an straitéis sin ina cuid de straitéis réigiúnach an Aontais don tSiria agus don Iaráic agus don bhagairt ó Da'esh freisin.
Tá cuspóirí straitéiseacha an Aontais i leith na Siria dírithe ar na sé phríomhréimse seo a leanas:
- deireadh a chur leis an gcogadh trí aistriú ceart polaitiúil
- aistriú fóinteach cuimsitheach a chur chun cinn sa tSiria
- beatha daoine a tharrtháil trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla na Siriach is leochailí
- daonlathas, cearta an duine agus saoirse cainte a chur chun cinn
- cuntasacht as coireanna cogaidh a chur chun cinn
- tacú le teacht aniar mhuintir na Siria agus shochaí na Siria
-
2017
20 MártaSmachtbhannaí forchurtha ar cheathrar ardoifigeach míleata
Chuir an Chomhairle ceathrar ardoifigeach míleata leis an liosta daoine a bhfuil bearta sriantacha dírithe orthu. Cuireadh leis an liosta iad i ngeall ar an ról a bhí acu agus airm cheimiceacha á n-úsáid in aghaidh an phobail shibhialta.
-
2016
21 Deireadh FómhairIonsaithe réimeas na Siria agus a chomhghuaillithe ar Aleppo cáinte ag ceannairí an Aontais
Rinne ceannairí an Aontais géarcháineadh ar ionsaithe réimeas na Siria agus a chomhghuaillithe, an Rúis go háirithe, ar shibhialtaigh Aleppo.
D'iarr siad go ndéanfaí an méid seo a leanas:
- rochtain dhaonnúil phráinneach gan bhac a thabhairt ar Aleppo agus ar chodanna eile den tír
- deireadh a chur leis an gcogaíocht láithreach bonn agus tús a chur le próiseas polaitiúil arís faoi choimirce na Náisiún Aontaithe
-
2016
17 Deireadh FómhairConclúidí maidir leis an tSiria glactha ag an gComhairle
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an tSiria mar fhreagairt ar an meath tromchúiseach ar chúrsaí ansiúd, go háirithe i gcathair Aleppo.
Cháin sí go tréan go raibh an réimeas gona chomhghuaillithe, go háirithe an Rúis, ag díriú go díréireach agus de bhun tola ar shibhialtaigh agus ar phearsanra daonnúil agus cúraim sláinte. D'athdhearbhaigh sí an tuairim láidir atá aici nach le fórsa míleata a réiteofar an choinbhleacht agus nach mór teacht ar réiteach polaitiúil.
D'iarr an tAontas go ndéanfaí an méid a leanas gan mhoill:
- go gcuirfí deireadh le gach eitilt mhíleata de chuid an réimis gona chomhghuaillithe os cionn chathair Aleppo
- go mbeadh sos comhraic láithreach ann ar a ndéanfaí faireachán faoi shásra láidir, trédhearcach
- go dtógfaí gach léigear
- go dtabharfadh gach páirtí rochtain dhaonnúil iomlán, inbhuanaithe, gan bhac ar fud na tíre ar fad
-
2016
4 Feabhra€3 bhilliún geallta ag an Aontas le linn comhdháil idirnáisiúnta
Gheall an tAontas gona Bhallstáit breis agus €3 bhilliún a thabhairt chun cuidiú le muintir na Siria. Ag an gcomhdháil dar teideal Supporting Syria and the region [Tacú leis an tSiria agus leis an réigiún], a reáchtáladh i Londain, a tugadh na gealltanais. Bailíodh corradh le $12 bhilliún i ngealltanais san iomlán ag an gcomhdháil.
-
2015
12 Deireadh FómhairConclúidí maidir leis an tSiria glactha ag an gComhairle
Meabhraíodh sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSiria nach bhféadfaí an chobhsaíocht a athbhunú sa tSiria ach le próiseas polaitiúil faoi stiúir na Siria í féin, próiseas lena gcinnfí aistriú cuimsitheach chun síochána.
Chuige sin, d'athdhearbhaigh an Chomhairle go seasann sí go huile is go hiomlán leis na hiarrachtaí atá ar bun faoi stiúir na Náisiún Aontaithe (NA) agus leis an obair atá ar siúl ag toscaire speisialta NA chun an raon polaitiúil sin a fhothú.
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Iúil 2026