Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 9 Nollaig 2016 20:42

Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí in Aleppo

Tá an doiciméad seo ar fáil i dteangacha nach teangacha AE iad :

Ó chuir réimeas na Siria agus a chomhghuaillithe, go háirithe an Rúis, tús leis an ionsaí, tá taismigh shibhialtacha fhorleathana ann mar thoradh ar dhéine agus scála aerthuairgneáil Aleppo thoir agus tá léirscrios déanta ar limistéir mhóra den chathair, agus tá cúrsaí ag dul in olcas ar fad ansin dá bharr. Athdhearbhaíonn an tAontas go gcáineann sé go géar na hionsaithe iomarcacha, díréireacha, neamh-idirdhealaitheacha i gcoinne sibhialtach, agus pearsanra cabhrach agus cúraim sláinte, agus i gcoinne bonneagair sibhialtach amhail scoileanna agus ospidéil. Tá an phríomhfhreagracht ar réimeas na Siria maidir le daonra na Siria a chosaint. Cáineann an tAontas na sáruithe agus mí-úsáidí córasacha, forleathana agus tromchúiseacha ar chearta an duine agus na sáruithe uile ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta. Caithfidh an réimeas agus a chomhghuaillithe deireadh a chur leis na sáruithe sin agus le tuairgneáil neamh-idirdhealaitheach freisin. Meabhraíonn an tAontas an oibleagáid faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta go ndéantar gach beart is féidir chun a áirithiú go ndéanfar cosaint ar shibhialtaigh agus ar earraí sibhialta a dtugtar cosaint speisialta dóibh faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Is sáruithe glan ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta freisin iad na hionsaithe sin agus an t-ocras a úsáid, mar oirbheart chogaidh, i gcoinne saoránach trí cheantair a bhfuil daonra mór iontu a chur faoi léigear, agus daonra a aistriú go héigeantach, agus caithfear deireadh a chur leis an méid sin láithreach. Iad siúd atá freagrach as na sáruithe sin, coireanna i gcoinne an chine dhaonna agus coireanna idirnáisiúnta tromchúiseacha eile, a d’fhéadfadh a bheith ina gcoireanna cogaidh, caithfear iad a thabhairt chun cuntais. Ní féidir glacadh leis an tsaoirse ó phionós. Sa chomhthéacs sin, gníomhóidh an tAontas go mear, i gcomhréir le nósanna imeachta bunaithe, agus é mar aidhm aige tuilleadh bearta sriantacha a chur i bhfeidhm in aghaidh na Siria lena ndírítear ar dhaoine aonair agus ar eintitis a thacaíonn leis an réimeas fad is a mhairfidh an chos ar bolg.

I bhfianaise go bhfuil daonra sibhialtach Aleppo ag fulaingt, éilíonn an tAontas go dtabharfaidh gach páirtí sa choinbhleacht, go háirithe réimeas na Siria, rochtain gan bhac agus gan choinníoll ionas gur féidir iad siúd atá tinn agus gortaithe a aslonnú as Aleppo thoir i gcomhréir le plean na Náisiún Aontaithe, agus ionas gur féidir leis an daonra sibhialtach tearmann a fháil in áit shábháilte. Iarrann an tAontas ar réimeas na Siria é sin a dhéanamh go práinneach chun an staid uafásach in Aleppo a fheabhsú. Iarrann sí ar an Rúis gach iarracht a dhéanamh, trí bheartais agus trí ghníomhaíochtaí, an tionchar atá aici a úsáid chun é sin a chur i gcrích. Go háirithe ós rud é go bhfuil an chabhair ar fáil díreach cúpla ciliméadar síos an bóthar. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh sos cogaidh láithreach ann chun deis a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe cúnamh daonnúil a chur ar fáil dóibh siúd atá fós scartha amach in Aleppo thoir agus chun fóirithint dhaonnúil a chur ar fáil do na daoine sin atá tar éis teitheadh ó Aleppo thoir. Tugann an tAontas dá aire na hiarrachtaí idirnáisiúnta uile i ndáil leis an méid sin. Is sárú tromchúiseach ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta é diúltú treallach rochtain dhaonnúil a thabhairt agus gan ligean do shibhialtaigh tacaíocht a fháil agus í fíor-riachtanach chun iad a choimeád beo, amhail cabhair bhia agus soláthairtí míochaine tarrthála. Ag an am céanna, na sibhialtaigh atá toilteanach agus atá in ann Aleppo a fhágáil ar bhonn deonach, ní mór ligean dóibh dul trí chonairí daonnúla sábháilte gan bhac i gcomhréir go hiomlán leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus faireachán á dhéanamh ag na Náisiúin Aontaithe. Tugann an tAontas dá aire gur aontaigh an fhreasúra cosaint chuí na sibhialtach agus aslonnú iad siúd atá gortaithe a éascú. Tacaíonn an tAontas go mór leis na hiarrachtaí diongbháilte atá á ndéanamh ag na Náisiúin Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil in Aleppo agus ar fud na Siria.

Cáineann an tAontas go láidir gníomhaíochtaí uafásacha atá déanta ag Da’esh agus ag grúpaí eile sceimhlitheoireachta atá ainmnithe ag na Náisiún Aontaithe agus athdhearbhaíonn sé a thiomantas láidir iad a chomhrac. Is bagairt iad Da’esh agus eagraíochtaí eile sceimhlitheoireachta atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe do thodhchaí na Siria agus do leas agus luachanna an Aontais.

Athdhearbhaíonn an tAontas go dtacaíonn sé le ceannasacht, neamhspleáchas, aontacht agus iomláine chríochach na Siria agus go gcreideann sé go láidir nach féidir teacht ar réiteach míleata ar an gcoinbhleacht. Ní féidir síocháin bhuan a bheith sa tSiria faoin gceannaireacht atá ann faoi láthair ná níbheidh go dtí go dtabharfar aghaidh ar na casaoidí dlisteanacha agus ar na hardmhianta dlisteanacha atá ag gach taobh i sochaí na Siria. Iarrann an tAontas go socrófar sos cogaidh láithreach iomlán ar fud na Siria. Is é an tAontas is mó a thugann cúnamh daonnúil atá dírithe ar bheatha sibhialtach a shábháil atá ag fulaingt de dheasca na coinbhleachta, agus prionsabail dhaonnúla á n-urramú go docht. Leanann sé freisin, agus fuadar fúithi anois, de réiteach polaitiúil a mholadh lena soláthrófaí fíoraistriú polaitiúil chuig rialtas cuimsitheach cuntasach do mhuintir uile na Siria, mar a fhoráiltear i communiqué na Ginéive ó 2012 agus i Rún 2254 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), agus tacaíonn sé go hiomlán leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe, Staffan de Mistura, chun na dálaí a chruthú le go leanfaí ar aghaidh leis na cainteanna idir-Shiriach, agus na mná agus an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach go fírinne. Dá bhrí sin, cuirfidh an tAontas dlús leis an teagmháil atá á déanamh aige le gníomhaithe réigiúnacha maidir lena bhfuil i ndán don tSiria, i ndlúthchomhar le Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe agus ag tacú go dlúth leis, d’fhonn an bealach a réiteach chun go gcuirfear tús arís le próiseas cuimsitheach polaitiúil faoi stiúir na Siria agus faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Leanfaidh an tAontas den tacaíocht a thugann sé d’iarrachtaí fhreasúra na Siria agus go háirithe Coiste na hArdchaibidlíochta (HNC) mar thoscaireacht an fhreasúra sna cainteanna atá faoi stiúir na Náisiúin Aontaithe.

Cuireann an tAontas i bhfios go láidir nach mbeidh sé in ann, go dtí go mbeidh an t-aistriú polaitiúil cuimsitheach sin i bhfeidhm go daingean, cabhrú leis an tír a atógáil go díreach agus trí chomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2024