Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 12 Nollaig 2016 11:10

An Chóiré Thuaidh: Glacann an Chomhairle conclúidí maidir le Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC)

1. Déanann an Chomhairle géarcháineadh ar na trialacha núicléacha agus iliomad seoladh diúracán balaistíoch a rinne Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) in 2016. Is bagairt thromchúiseach iad ar shíocháin agus ar shlándáil idirnáisiúnta agus baineann siad an bonn den chóras domhanda maidir le neamhleathadh agus dí-armáil a bhfuil an tAontas mar thacadóir diongbháilte leis ar feadh na mblianta. Na gníomhaíochtaí leanúnacha sin de chuid DPDC a bhaineann le diúracáin núicléacha agus bhalaistíocha, is léir gur sárú glan ar a cuid oibleagáidí idirnáisiúnta iad faoin iliomad Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Rún 2270 (2016), lena bhforchuirtear smachtbhannaí breise ar DPDC i ndiaidh dó a 4ú triail núicléach a dhéanamh ar an 6 Eanáir 2016.

2. Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir go méadaíonn na gníomhaíochtaí mífhreagracha neamhdhleathacha sin an teannas ar Leithinis na Cóiré agus gur chun aimhleasa an domhain uile iad. Is ábhar imní don Chomhairle go bhfuil airm núicléacha á bhforbairt ag DPDC toisc go gcuirfidh sé cor chun donais sa staid slándála san Áise agus níos faide i gcéin. Cuireann na gníomhaíochtaí sin i dtreis go láidir gur gá uilíochas an Chonartha um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT) a chur chun cinn.

3. Iarrann an Chomhairle arís ar DPDC dul i mbun idirphlé leis an gcomhphobal idirnáisiúnta an athuair ar bhealach fónta inchreidte, go háirithe faoi chuimsiú na gcainteanna 6 pháirtí agus deireadh a chur leis an saighdeadh agus an griogadh.

4. Cuireann an Chomhairle in iúl gur cúis mhór imní di DPDC a bheith ag atreorú acmhainní i dtreo a cuid arm núicléach agus a cuid clár diúracán balaistíoch a fhorbairt gan aird a thabhairt ar staid dhaonnúil mhuintir DPDC agus an cruatan a bhíonn á fhulaingt acu.

5. Áitíonn an Chomhairle ar DPDC a hoibleagáidí idirnáisiúnta uile a urramú agus deireadh a chur lena cláir i ndáil le hairm núicléacha, airm ollscriosta eile agus diúracáin núicléacha agus bhalaistíocha atá ann cheana ar bhealach a bheidh iomlán, infhíoraithe agus nach mbeidh aon dul siar air agus scor de na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann láithreach.

6. I bhfianaise an méid sin thuas, is díol sásaimh don Chomhairle gur ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2321 (2016) d’aon ghuth,lena gcáintear an 5ú triail núicléach de chuid DPDC ar an 9 Meán Fómhair 2016 agus lena bhforchuirtear bearta nua sriantacha. Tá an Chomhairle réidh chun feabhas a chur ar an gcomhordú le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir le rúin ábhartha uile CSNA a chur chun feidhme go hiomlán.

7. Meabhraíonn an Chomhairle an rún daingean atá ag an Aontas an leathadh a chomhrac agus tá sí lántiomanta i gcónaí maidir le dí-armáil núicléach a dhéanamh ar Leithinis na Cóiré, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha nua a chur san áireamh.

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024