Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 21 Feabhra 2017 11:00

Seachaint cánach corparáide: Comhaontaíonn an Chomhairle a seasamh maidir le neamhréireanna hibrideacha

Ar an 21 Feabhra 2017, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh i ndáil le rialacha arb é is aidhm leo deireadh a chur le ‘neamhréireanna hibrideacha’ le córais chánach tríú tíortha.

Is í an dréacht-treoir an beart is déanaí as measc roinnt beart a dearadh chun an tseachaint cánach ag cuideachtaí móra a chosc.

Féachtar, leis an dréacht-treoir, le cosc a chur orthu teacht i dtír ar neamhréireanna idir dhá cheann nó níos mó de dhlínsí cánach ar mhaithe lena ndliteanas foriomlán cánach a laghdú. D’fhéadfadh sé tarlú, mar thoradh ar shocruithe den sórt sin, go ndéanfaí creimeadh substaintiúil ar bhoinn inchánacha na gcáiníocóirí corparáideacha san Aontas Eorpach.

Leis an treoir, rannchuideofar le moltaí ECFE 2015, lena dtugtar aghaidh ar chreimeadh an bhoinn don cháin chorparáideach agus ar aistriú brabúis.

“Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne na seachanta cánach. Is mian linn a áirithiú go ndéanfar plean gníomhaíochta ECFE maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a chur chun feidhme go comhleanúnach i ndlí an Aontais.”

A ndúirt Edward Scicluna, Aire Airgeadais Mhálta, agus Uachtarán na Comhairle.

Tugtar aghaidh leis an togra ar neamhréireanna hibrideacha maidir le tíortha lasmuigh den Aontas, ós rud é go gcumhdaítear neamhréireanna laistigh den Aontas cheana féin leis an ‘treoir i gcoinne seachaint cánach’ a glacadh i mí Iúil 2016. Is comhlánú é ar an treoir sin agus déantar leasú uirthi dá réir.

Tháinig an Chomhairle ar chomhréiteac maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

  • maidir le, caipiteal hibrideach rialála, bunaítear maolú ó na rialacha i gcás earnáil na baincéireachta. Beidh teorainn ama leis an maolú agus iarrfar ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh ina ndéanfar measúnú ar na hiarmhairtí;
  • maidir le trádálaithe airgeadais, leanfar cur chuige teoranta i gcomhréir leis an gcur chuige sin a lean ECFE;
  • maidir le cur chun feidhme, foráiltear d’amlíne a bheidh níos faide ná an ceann a socraíodh don treoir ó mhí Iúil 2016. Socraítear an dáta cur chun feidhme don 1 Eanáir 2020 (bliain amháin níos déanaí) agus don 1 Eanáir 2022 a mhéid a bhaineann le foráil shonrach amháin.

Na chéad chéimeanna eile

Tá an treoir mar chuid de phacáiste tograí maidir le cáin chorparáideach a thíolaic an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2016.

Thángthas ar chomhaontú ag cruinniú a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais. Glacfaidh an Chomhairle an treoir a luaithe a thabharfar an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa.

Beidh suas go dtí an 31 Nollaig 2019 ag na Ballstáit chun an Treoir a thrasuí sna dlíthe agus sna rialacháin náisiúnta.

Beidh aontoilíocht na Comhairle ag teastáil, tar éis di dul i gcomhairle leis an bParlaimint. (Bunús dlí: Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.)

Féach ar leathanach na gcruinnithe

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2024