- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 21 Meitheamh 2017 21:20
Cosaint tomhaltóirí sa ré dhigiteach: Comhaontaíonn Uachtaránacht AE leis an bParlaimint comhar ar fud an Aontais a neartú
Tháinig Uachtaránacht Mhálta ar réamhchomhaontú le hionadaithe de chuid Pharlaimint na hEorpa chun comhar a neartú idir údaráis náisiúnta an Aontais atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú.
“Is den riachtanas é muinín a bheith ag saoránaigh agus ag cuideachtaí as ríomhthráchtáil chun an margadh aonair digiteach a dhéanamh níos tarraingtí agus níos dinimiciúla. A bhuí leis an gcreat comhchuibhithe nua seo, is fearr a bheidh an chosaint ar chearta agus ar leasanna tomhaltóirí, siopadóireacht ar líne san áireamh,” a dúirt Chris Cardona, Aire Geilleagair, Infheistíochta agus Gnólachtaí Beaga Mhálta.
Is é is aidhm don chomhaontú, atá le formhuiniú ag an gComhairle agus ag an bParlaimint go fóill, sásraí comhair a nuachóiriú chun go laghdófar tuilleadh an díobháil a dhéanann sáruithe trasteorann ar dhlí tomhaltais an Aontais do thomhaltóirí.
Ní mór cosaint éifeachtach tomhaltóirí aghaidh a thabhairt, go príomha, ar dhúshláin an gheilleagair dhigitigh agus ar fhorbairt na trádála miondíola trasteorann san Aontas.
An comhrac in aghaidh sáruithe trasteorann
Tabharfar tuilleadh cumhachtaí do na húdaráis náisiúnta, go háirithe i gcomhthéacs an mhargaidh aonair dhigitigh, leis an athbhreithniú sin ar an gcreat atá ann cheana maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí.
I gcás sáruithe ar chearta tomhaltóirí ar fud an Aontais, déanfaidh na húdaráis náisiúnta forfheidhmiúcháin agus an Coimisiún comhordú ar a gcuid gníomhaíochtaí chun stad a chur leis na cleachtais sin, go háirithe i gcás sáruithe forleathana a bhfuil gné Aontais ag baint leo agus ar dócha go ndéanfaí díobháil do thomhaltóirí i gcuid mhór den Aontas mar gheall orthu.
Iontaoibh tomhaltóirí as ríomhthrachtáil
Mar thoradh ar reachtaíocht maidir le sáruithe trasteorann a chur i bhfeidhm go mí-éifeachtach, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach, bíonn trádálaithe in ann dul timpeall ar fhorfheidhmiú trí athlonnú go háit eile laistigh den Aontas, rud is cúis le saobhadh iomaíochta do na trádálaithe atá i gcomhréir leis an dlí, bídís ag feidhmiú go náisiúnta nó thar theorainneacha agus, dá bhrí sin, déantar díobháil dhíreach do thomhaltóirí agus lagaítear an mhuinín atá ag tomhaltóirí as an margadh aonair.
Dá bhrí sin, tá gá le níos mó comhchuibhiú le comhar forfheidhmiúcháin éifeachtach éifeachtúil a bhaint amach i measc údaráis phoiblí forfheidhmiúcháin chun sáruithe laistigh den Aontas agus sáruithe forleathana a bhrath agus a imscrúdú agus stad a chur leo.
Leis an Rialachán nua, d’fhonn cleachtais a chomhchuibhiú tuilleadh ar fud an Aontais, leagfar amach méid áirithe cumhachtaí imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a chaithfidh gach údarás inniúil náisiúnta a bheith in ann a fheidhmiú le go mbeidh comhordú mar is ceart ann sa chomhrac in aghaidh sáruithe.
Déanfaidh na cumhachtaí sin an chothromaíocht a aimsiú idir na leasanna arna gcosaint ag na cearta bunúsacha amhail leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí, an tsaoirse gnó a dhéanamh agus saoráil faisnéise.
Neartófar an sásra um chúnamh frithpháirteach idir riaracháin lena fháil amach an ndearnadh sárú laistigh den Aontas agus chun go gcuirfear stad leis an sárú sin.
Agus sásra foláirimh níos fearr ann beidh deis ag údarás inniúil fógra a thabhairt gan mhoill don Choimisiún agus d'údaráis inniúla eile maidir le haon amhras réasúnach go bhfuil sárú laistigh den Aontas nó sárú forleathan ar bun ina chríoch a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna tomhaltóirí i mBallstáit eile.
Beidh údaráis inniúla in ann imscrúduithe a oscailt ar a dtionscnamh féin freisin má chuirtear sáruithe laistigh den Aontas nó sáruithe forleathana ar a súile dóibh ar aon dóigh seachas gearáin ó thomhaltóirí aonair.
Bord ar bhord leis an ngeilleagar digiteach
Ar an 25 Bealtaine 2016, thíolaic an Coimisiún an togra chun nuachóiriú a dhéanamh ar chomhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí mar chuid de phacáiste níos leithne a bhfuil tograí maidir le beartseachadtaí trasteorann agus le dul i ngleic le geobhlocáil gan údar san áireamh ann.
Faoi láthair, déantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le rialacha agus nósanna imeachta comhchuibhithe arb é is aidhm dóibh comhar a éascú idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe chun tomhaltóirí a chosaint thar theorainneacha a fhorfheidhmiú.
Cumhdaítear 18 bpíosa reachtaíochta tomhaltóirí faoi raon feidhme Rialachán 2004, lena n-airítear: forálacha chun tomhaltóirí a chosaint ar chumarsáid tráchtala mhíthreorach mhíchothrom; a áirithiú go bhfuil a dhóthain faisnéise ag tomhaltóirí sula ndéanfaidh siad cinntí ceannaigh; cosaint iomchuí a sholáthar agus conarthaí le gnólachtaí á dtabhairt i gcrích acu; chomh maith le sásra gearáin agus sásra sásaimh agus le rochtain ar cheartas.
Mar sin féin, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004, ba é tátal an Choimisiúin nach bhfuil sé in ann a thuilleadh dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin a bhaineann leis an margadh aonair digiteach.
Teagmhálaithe preasa
-
Ferran Tarradellas Espuny Press officer
- +32 473 95 45 74
- +32 2 281 6291
- @TarradellasEU
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024