Skip to content
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh
  • Preaseisiúint
  • 25 Eanáir 2019 12:05

Cosaint níos fearr do sceithirí: a seasamh glactha ag an gComhairle

Tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun leibhéal ard cosanta a áirithiú do sceithirí thar réimse leathan earnálacha.

Ghlac an Chomhairle a seasamh (ar leibhéal na n-ambasadóirí) inniu faoin treoir chun sceithirí a chosaint. Tá sí réidh anois tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa le go dtiocfar ar chomhaontú roimh dheireadh an téarma pharlaimintigh.

Leis na rialacha nua, forchuirfear bealaí nua a chruthú chun tuairisciú a dhéanamh laistigh d'eagraíocht - bídís ina eagraíocht phríobháideach nó ina eagraíocht phoiblí más rud é go bhfuil níos mó ná 50 fostaí ann - agus chun tuairisciú d'údaráis poiblí. Lena chois sin, tabharfar leibhéal ard cosanta do sceithirí ar fhrithbheart, agus déanfar ceangal a chur ar na húdaráis náisiúnta chun a dhóthain eolais a thabhairt do shaoránaigh agus oiliúint a chur ar oifigigh phoiblí faoi cé mar is ceart déileáil leis an sceithireacht.

Agus scannail amhail Cambridge analytica agus Lux Leaks ann le déanaí feictear a thábhachtaí atá na sceithirí. Is é sin an chúis go gcaithfimid leibhéal ard cosanta a thabhairt dóibh ar fud an Aontais. Níor cheart dúinn a bheith ag súil go mbeadh ar aon duine dul sa bhearna bhaoil agus a phost a chailliúint nó droch-cháil a tharraingt air féin as iompraíocht neamhdhleathach a nochtadh. An tAmbasadóir Luminița Odobescu, Buanionadaí na Rómáine chuig an Aontas Eorpach

Príomhghnéithe den seasamh ón gComhairle

Ar an mórgóir, rinne an Chomhairle tuilleadh soiléireachta a thabhairt maidir le roinnt forálacha de chuid an téacs ionas gur mó deimhneacht dhlíthiúil a bheadh ann agus gur fearr a léireofaí na naisc idir na rialacha nua agus an reachtaíocht dá bhfuil ann in earnálacha áirithe.

Ar roinnt de na gnéithe a bhaineann leis an seasamh a ghlac an Chomhairle le hais an chéad togra tá an méid seo a leanas:

  • Córas tuairiscithe: beidh ar na sceithirí úsáid a bhaint as na bealaí inmheánacha ina n-eagraíocht féin sula mbainfidh siad leas as na cinn sheachtracha (a chuir na húdaráis phoiblí ar bun), agus sula dtabharfaidh siad faoi nochtadh poiblí ar deireadh thiar. Mar sin féin, prionsabal de chuid córas trí chéim is ea eisceachtaí lena ligtear do dhuine tabhairt faoi nochtadh seachtrach nó nochtadh poiblí, fiú, caol díreach, i gcásanna faoi leith, (e.g. i gcásanna a bhfuil garchontúirt nó contúirt fhollasach ann do leas an phobail);
  • Na daoine a chosnaítear faoi scáth na rialacha nua: coimeádadh na gnéithe sin a bhain leis an togra ón gCoimisiún, áirítear orthu sin líon mór próifílí a fhéadfaidh eolas a fháil faoi na sáruithe i gcomhthéacs oibre e.g. oibrithe, lena n-áirítear státseirbhísigh ar an leibhéal náisiúnta/ar an leibhéal áitiúil, oibrithe deonacha agus oiliúnaithe, comhaltaí neamhfheidhmiúcháin, geallsealbhóirí, etc.
  • Oibleagáidí atá ar údaráis agus ar chuideachtaí ó thaobh aiseolais de: beidh orthu freagra a thabhairt maidir leis na tuairiscí sceithirí taobh istigh de 3 mhí (agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo féadfaidh siad cur leis sin go ceann tréimhse 6 mhí ó thaobh bealaí seachtracha de);
  • Nochtadh poiblí: thug an Chomhairle airteagal isteach lena leagfar amach coinníollacha atá le comhlíonadh ag an duine chun go mbeadh sé/sí á c(h)osaint faoi na rialacha nua i gcás ina nochtfaidh sé/sí eolas;
  • An raon feidhme: Sa seasamh ón gComhairle coimeádtar an raon feidhme leathan a bhí á mholadh ag an gCoimisiún agus cumhdaítear ann réimsí amhail soláthar poiblí, seirbhísí airgid, sciúradh airgid a chosc, sláinte phoiblí, etc.

Na chéad chéimeanna eile

Cuirfear tús leis an gcaibidlíocht thríthaobhach leis an bParlaimint a luaithe is féidir. Ghlac an Pharlaimint a seasamh faoin reachtaíocht i mí na Nollag 2018.

Cúlra

Ní aon leanúnachas ann ó thaobh an chosaint atá á tabhairt do sceithirí faoi láthair. Níl ach 10 dtír de chuid an Aontais ann, i láthair na huaire, ina bhfuil dlí cuimsitheach lena dtugtar cosaint do sceithirí. Ar leibhéal an Aontais, níl ann ach reachtaíocht earnála lena bhfuil luí áirithe, (i réimsí na seirbhísí airgeadais den chuid is mó), lena n-áirítear bearta chun sceithirí a chosaint.

I staidéar a rinneadh don Choimisiún in 2017 measadh caillteanas na mbuntáistí féideartha mar gheall ar easpa cosanta do sceithirí, sa soláthar poiblí amháin, a bheith idir €5.8 go €9.6 billiún gach bliain don Aontas ina iomláine.

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025