- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Ráiteas agus barúlacha
- 18 Iúil 2025 13:52
Bagairtí hibrideacha / an Rúis: Ráiteas ón Ardionadaí thar ceann an Aontais lena gcáintear gníomhaíocht hibrideach leanúnach na Rúise i gcoinne an Aontais, a Bhallstát agus a chuid comhpháirtithe
Is go diongbháilte aonchiallach a bhíonn an tAontas Eorpach i gcónaí agus cáineadh láidir á dhéanamh aige ar ghníomhaíochtaí mailíseacha leanúnacha na Rúise. Is cuid d’fheachtais hibrideacha níos leithne, comhordaithe agus seanbhunaithe iad na gníomhaíochtaí sin atá dírithe ar shlándáil, athléimneacht agus fondúireachtaí daonlathacha an Aontais, a Bhallstát agus a chomhpháirtithe a chur i mbaol agus an bonn a bhaint díobh.
Le blianta beaga anuas, thugamar faoi deara patrún córasach réamhbheartaithe i gcás an iompair mhailísigh is féidir a chur i leith na Rúise agus a seirbhíse faisnéise míleata, is é sin Príomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GRU). Tá feachtais hibrideacha á bhfearadh ag an Rúis ar an Aontas agus ar na Ballstáit le blianta anuas; tá méadú breise tagtha ar na gníomhaíochtaí mailíseacha a bhíonn á ndéanamh aici ó thosaigh sí ag cur cogadh foghach ar an Úcráin agus is rídhócha go leanfaidh siad ar aghaidh go ceann i bhfad. Anuraidh, mhaígh an tAontas gurb é an gníomhaí APT28, atá faoi rialú na Rúise, a rinne na cibirionsaithe a bhí dírithe ar institiúidí daonlathacha sa Ghearmáin agus sa tSeicia. In 2025, mhaígh an Fhrainc gurb é GRU a rinne na cibirionsaithe a bhí dírithe ar an bpróiseas toghcháin, ar na meáin agus ar eintitis chriticiúla phoiblí agus phríobháideacha eile. Léiríonn sé sin go soiléir leanúnachas na hintinne mailísí agus an neamhaird fhollasach a thugtar ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chreat na Náisiún Aontaithe maidir le hiompar freagrach stáit sa chibearspás.
Ní don chibir-réimse, áfach, atá feachtais hibrideacha díchobhsaitheacha na Rúise teoranta mar go n-áirítear orthu freisin gníomhartha sabaitéireachta, an cur isteach ar bhonneagar criticiúil, ionsaithe fisiciúla, an ionramháil agus an cur isteach ar fhaisnéis, agus gníomhaíochtaí ceilte nó comhéigneacha eile. Le déanaí, mhaígh an Rómáin gurb í an Rúis a rinne an t-ionsaí hibrideach sofaisticiúil a raibh tionchar suntasach aige ar a próiseas toghchánach. Ina theannta sin mhaígh an Ghearmáin gurb í an Rúis a rinne gníomhaíochtaí cúblála faisnéise ardán na meán ‘RED’. Is eintiteas é sin ar ar dhírigh an tAontas smachtbhannaí cheana féin. Is léiriú iad na gníomhaíochtaí sin ar an iompar réamhbheartaithe do‑ghlactha a bhíonn ar siúl ag an Rúis.
Seasann an tAontas i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an Ríocht Aontaithe agus bearta sriantacha nua á bhfógairt aici mar fhreagairt ar oibríochtaí a rinneadh faoi stiúir GRU agus leanann sé de cháineadh a dhéanamh ar an mbaol nithiúil ón Rúis i gcás shlándáil na Ríochta Aontaithe agus a comhpháirtithe, lena n‑áirítear an tAontas. Tá bearta sriantacha glactha cheana féin ag an Aontas i gcoinne trí aonad de GRU (29155, 26165 agus 74455) agus i gcoinne roinnt daoine aonair a bhfuil baint acu le GRU. Athdhearbhaíonn an tAontas nach mbainfidh an iompar mailíseach sin an bonn dár dtacaíocht dhaingean leanúnach don Úcráin. Tá rún daingean i gcónaí ag an Aontas na gníomhaíochtaí hibrideacha a dhéanann an Rúis i gcoinne an Aontais agus na mBallstát a thabhairt chun solais agus a chomhrac, agus, in éineacht lena chomhpháirtithe idirnáisiúnta, tacóidh sé lena gharchomharsanacht, go háirithe an Úcráin agus Poblacht na Moldóive.
I gcomhréir leis an seasamh daingean comhsheasmhach sin, leanfaidh an tAontas de bheith ag gníomhú go diongbháilte trí chur chuige straitéiseach i leith bhagairtí hibrideacha na Rúise. Áirithítear leis sin freagairt réamhghníomhach chomhleanúnach mharthanach a dhéanfar trí bhearta neamhshiméadracha comhréireacha i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Leanfaimid linn chun ár n‑athléimneacht a neartú, an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta a dhoimhniú, go háirithe le ECAT (agus lánurraim á tabhairt do na prionsabail a comhaontaíodh), agus leas iomlán a bhaint as na modhanna uile atá ar fáil chun gníomhaíochtaí hibrideacha na Rúise a chosc, a dhíspreagadh agus chun freagairt go héifeachtach orthu.
Seasann an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeoirsia, an Íoslainn, an Iorua, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, Poblacht na Moldóive, an tSeirbia agus an Úcráin leis an ráiteas seo.
Teagmhálaithe preasa
-
Anouar El Anouni Spokesperson
- +32 2 291 35 80
- +32 229-13580
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 27 Deireadh Fómhair 2025