Blaisíní breise
Scag de réir torthaí
- 15 Torthaí
An bhearna phá idir na hinscní san Aontas: fíricí agus figiúirí
Tá go leor ban san Aontas a thuilleann níos lú pá ná fir fós as an bpost céanna a dhéanamh. Cabhraíonn trédhearcacht pá níos fearr agus forfheidhmiú níos láidre deireadh a chur leis an mbearna phá idir na hinscní.

Beartas sláinte an Aontais
Cuidíonn an tAontas leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú trí chistiú agus reachtaíocht a chur ar fáil chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann, cógais leighis, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann, galair a chosc agus dea-shláinte a chur chun cinn.

Trédhearcacht pá san Aontas Eorpach
Is mian leis an Aontas prionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann idir fir agus mná a neartú trí rialacha nua de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht pá.

Cothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha
Chun cabhrú leis an tsíleáil ghloine a bhriseadh, tá rialacha nua glactha ag an Aontas chun cothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe.

An comhionannas inscne
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas maidir le comhionannas inscne tríd an reachtaíocht, trí thionscnaimh i ndáil le cumasú, agus rannpháirtíocht mhéadaithe sa lucht saothair.

Cárta míchumais Eorpach
Is fusa a bheidh sé do dhaoine faoi mhíchumas gluaiseacht gan aon bhac san Aontas. Éascófar leis an gcárta míchumais Eorpach agus cárta páirceála rochtain ar a gcearta agus ar choinníollacha fabhracha i ngach tír san Aontas.

Míchumas san Aontas: fíricí agus figiúirí
Tá 107 mhilliún Eorpach faoi mhíchumas éigin. Faigh tuilleadh fíricí agus figiúirí faoi mhaireachtáil faoi mhíchumas san Aontas.

Neamh-idirdhealú
Oibríonn an tAontas chun comhionannas a chur chun cinn agus idirdhealú sa tsochaí a chosc trína bheartais agus trína thionscnaimh.

Inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta
Le comhchaighdeáin inrochtaineachta, cinntítear gur fusa táirgí agus seirbhísí a úsáid san Aontas, go háirithe do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas.

Cearta sóisialta san Aontas
Comhordaíonn an tAontas beartais i réimsí na fostaíochta agus an chuimsithe shóisialta chun tacú le cearta sóisialta i mBallstáit uile an Aontais.
