Skip to content

An comhionannas inscne

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas maidir le comhionannas inscne tríd an reachtaíocht, trí thionscnaimh i ndáil le cumasú, agus rannpháirtíocht mhéadaithe sa lucht saothair.

Cearta na mban a chur chun cinn

Cé go bhfuil neamhionannais fós ann, le blianta beaga anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta i dtreo comhionannas inscne a bhaint amach.

San Aontas, is é is cúis leis an dul chun cinn sin reachtaíocht, comhtháthú ghnéithe na hinscne ar fud na mbeartas uile, agus bearta spriocdhírithe chun mná a chumhachtú.

Ar na treochtaí dearfacha, tá rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa lucht saothair agus a ndul chun cinn san oideachas agus san oiliúint.

Mar sin féin, tá bearnaí inscne fós ann: is iad mná is mó a bhíonn ag obair in earnálacha a bhfuil pá íseal ag baint leo agus tá siad faoi ghannionadaíocht i róil chinnteoireachta.

tá fir agus mná comhionann

Pá comhionann

Tá rialacha nua tugtha isteach ag an Aontas maidir le trédhearcacht pá chun pá comhionann as obair chomhionann a chinntiú.

Faoi na rialacha nua, beidh ar chuideachtaí an Aontais eolas ar thuarastail a roinnt agus gníomhú más mó ná 5% an bhearna phá idir na hinscní.

Sa treoir nua freisin, tá forálacha maidir le cúiteamh d’íospartaigh an idirdhealaithe pá, agus pionóis, fíneálacha san áireamh, d’fhostóirí a sháraíonn na rialacha.

Trédhearcacht níos fearr

Sainaithníodh go bhfuil easpa trédhearcacht pá ar cheann de na príomhchonstaicí atá ann maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, bearna a bhí thart ar 11% san Aontas in 2024.

Ciallaíonn sé sin go dtuilleann mná ar an meán 11% níos lú ná fir in aghaidh na huaire as obair chomhionann.

Tá tionchar fadtéarmach ag an mbearna phá ar chaighdeán saoil na mban, ar a riosca maidir lena leochaileacht i leith na bochtaineachta agus ar an mbearna leanúnach phinsin, ar bearna de thart ar 25% san Aontas í (sonraí Eurostat 2024).

Illustration: a woman struggling to reach the top of a wall and line chart with decreasing pay gap at 13%.
Why pay transparency can help reduce the EU’s gender pay gap (Grafaic faisnéise)

Why pay transparency can help reduce the EU’s gender pay gap (Grafaic faisnéise)

Ionadaíocht níos fearr

Tá an tionscnamh maidir le cothromaíocht inscne do bhoird chorparáideacha tugtha isteach ag an Aontas.

Faoi láthair, tá neamhionannas inscne suntasach le feiceáil ar bhoird cuideachtaí Eorpacha.

Is é sprioc an Aontais gur mná ar bhoird chorparáideacha a bheidh in 40%, ar a laghad, de stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, nó a bheidh in 33% de stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin faoi 2026.

Cothromaíocht oibre is saoil

Is minic a bhíonn deacrachtaí gairme agus caillteanais airgeadais ag mná mar gheall ar a róil agus a bhfreagrachtaí a bhaineann le cúram leanaí.

Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá rialacha nua maidir le cothromaíocht oibre is saoil cruthaithe ag an Aontas chun dea-chothromaíocht idir dualgais teaghlaigh agus oibre a chur chun cinn agus chun comhdheiseanna a chur ar fáil do mhná agus fir san ionad oibre agus sa bhaile.

Deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban

Tá bearta nua tugtha isteach ag an Aontas chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac.

Is é is aidhm don togra íosleibhéal cosanta a chinntiú ar fud an Aontais agus raon cionta a choiriúlú, ciorrú ball giniúna ban agus cibearfhoréigean san áireamh.

Íospartaigh foréigin

Maraítear beirt bhan, ar a laghad, san Aontas gach lá de dheasca drochíde ó pháirtí dlúthchaidrimh nó ball teaghlaigh, rud is díol imní.

Fulaingíonn bean amháin as gach triúr san Eoraip foréigean fisiciúil nó gnéasach, agus déantar gnéaschiapadh ar bhean amháin as gach beirt tráth éigin ina saol.

Leis na bearta nua, tugtar aghaidh ar an gcaoi a bhfuil tionchar díréireach fós i gceist le cineálacha éagsúla foréigin ar mhná.

Fíricí agus figiúirí faoin bhforéigean inscnebhunaithe san Aontas – líon na mban a ndearnadh foréigean orthu agus dearcadh shaoránaigh an Aontais ar an ábhar san áireamh.
Deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban (Grafaic faisnéise)

Deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban (Grafaic faisnéise)

Féach freisin

Neamh-idirdhealú

Neamh-idirdhealú

Fear agus bean a bhfuil éadaí gnó orthu, an bheirt acu suite ar chairn bonn a bhfuil airdí éagsúla acu agus sinn ag féachaint orthu trí ghloine mhéadaithe, siombail d’éagothromaíocht agus trédhearcacht pá.
Trédhearcacht pá san Aontas Eorpach

Trédhearcacht pá san Aontas Eorpach

Íomhá ina bhfuil meá an cheartais, oibrí sláinte agus oibrí tógála, agus fáisc-chláir acu beirt.
Cearta saothair

Cearta saothair

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Márta 2026