Skip to content

Trédhearcacht pá san Aontas Eorpach

Is mian leis an Aontas prionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann idir fir agus mná a neartú trí rialacha nua de chuid an Aontais maidir le trédhearcacht pá.

Conas is féidir le rialacha an Aontais maidir le trédhearcacht pá a bheith chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais?

Rialacha nua glactha ag an gComhairle maidir le trédhearcacht pá an 24 Aibreán 2023.

Is é is aidhm do threoir an Aontais idirdhealú pá a chomhrac agus cúnamh a thabhairt an bhearna phá idir na hinscní san Aontas a dhúnadh.

Faoi na rialacha nua, beidh ar chuideachtaí an Aontais eolas ar thuarastail a roinnt agus gníomhú más mó ná 5% an bhearna phá idir na hinscní.

Áirítear sa treoir nua freisin forálacha maidir le cúiteamh d’íospartaigh idirdhealaithe pá agus pionóis, lena n-áirítear fíneálacha, d’fhostóirí a sháraíonn na rialacha.

Ba cheart do na rialacha nua maidir le trédhearcacht pá cuidiú le dul i ngleic leis an idirdhealú pá ag an obair agus leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh.

Trí thacar beart ceangailteach is féidir le trédhearcacht pá cumhacht a thabhairt d'oibrithe a gceart chun pá comhionann ar obair chomhionann nó ar obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a fhorfheidhmiú.

Sainaithníodh go bhfuil easpa trédhearcachta pá ar cheann de na príomhchonstaicí atá ann maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, ar bearna atá fós cothrom le thart ar 11% san Aontas í. Ciallaíonn sé sin go dtuilleann mná, ar an meán, 11% níos lú ná fir in aghaidh na huaire, as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach (sonraí Eurostat ó 2024).

Tá tionchar fadtéarmach ag an mbearna phá ar chaighdeán saoil na mban, ar a riosca maidir lena leochaileacht i leith na bochtaineachta agus ar an mbearna leanúnach phinsin, ar bearna de thart ar 25% san Aontas í (sonraí Eurostat ó 2024).

Tá go leor ban san Aontas a thuilleann níos lú pá ná fir fós as an bpost céanna a dhéanamh. Cabhraíonn trédhearcacht pá níos fearr agus forfheidhmiú níos láidre deireadh a chur leis an mbearna phá idir na hinscní.
An bhearna phá idir na hinscní san Aontas: fíricí agus figiúirí

An bhearna phá idir na hinscní san Aontas: fíricí agus figiúirí

Mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus ar na drochiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a d’eascair aisti, tá sé níos práinní fós dul i ngleic leis an tsaincheist seo: chuir an phaindéim chun suntais a thuilleadh na dúshláin atá ann le fada a bhaineann le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair toisc gur ghlac mná sciar níos mó de na freagrachtaí cúraim chucu féin le linn na tréimhse sin.

Cén chaoi a bhfuil sé beartaithe ag rialacha nua an Aontais trédhearcacht pá agus forfheidhmiú a mhéadú?

Rochtain ar fhaisnéis

Leis na rialacha nua, beidh sé éigeantach d’fhostóirí cuardaitheoirí poist a chur ar an eolas faoin tuarastal tosaigh nó faoi raon pá na bpost fógartha, cibé acu san fhógra folúntais nó roimh an agallamh.

Chomh maith leis sin, cuirfear cosc ar fhostóirí ceist a chur ar iarrthóirí faoin bpá a bhí acu go dtí seo.

A luaithe a thosaíonn siad sa ról, beidh oibrithe i dteideal faisnéis a iarraidh ar a bhfostóirí maidir leis an méid seo a leanas:

  • meánleibhéil phá, arna miondealú de réir inscne, do chatagóirí fostaithe a dhéanann an obair chéanna nó obair ar comhionann a luach
  • na critéir a úsáidtear chun dul chun cinn pá agus gairme a chinneadh, critéir nach mór a bheith oibiachtúil agus inscne-neodrach

Oibleagáid tuairiscithe

Beidh ar chuideachtaí a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu tuairisc bhliantúil a thabhairt don údarás náisiúnta ábhartha maidir leis an mbearna phá idir na hinscní ina n-eagraíocht.

I gcás eagraíochtaí níos lú is gach 3 bliana a bheidh an oibleagáid tuairiscithe ann. Ní bheidh aon oibleagáid tuairiscithe ag eagraíochtaí a bhfuil níos lú ná 100 fostaí acu.

Má léirítear sa tuarascáil go bhfuil bearna phá níos mó ná 5 % ann nach féidir údar a thabhairt léi de réir critéir oibiachtúla inscne-neodracha, ceanglófar ar chuideachtaí gníomhú i bhfoirm measúnú comhpháirteach a dhéanamh ar phá, rud a dhéanfar i gcomhar le hionadaithe na n-oibrithe.

Rochtain ar an gceartas

Faoin treoir nua, is féidir le hoibrithe a d’fhulaing idirdhealú pá ar bhonn inscne cúiteamh a fháil, lena n-áirítear aisghabháil iomlán ar aisphá agus bónais ghaolmhara nó íocaíochtaí comhchineáil.

Cé gur ar an bhfostaí a thit an dualgas cruthúnais i gcásanna idirdhealaithe go traidisiúnta, is faoin bhfostóir a bheidh sé a chruthú nár sháraigh siad rialacha an Aontais maidir le pá comhionann agus trédhearcacht pá. Ní mór pionóis i leith sáruithe a bheith éifeachtach comhréireach athchomhairleach agus ní mór fíneálacha a bheith san áireamh leo.

An raon feidhme a leathnú

Den chéad uair riamh, áiríodh idirdhealú trasnach (an meascán d’ilchineálacha neamhionannais nó míbhuntáiste, mar shampla: inscne agus eitneacht nó gnéasacht) i raon feidhme na rialacha nua. Tá forálacha sa treoir freisin lena n-áirithítear go gcuirfear riachtanaisoibrithe le míchumas san áireamh.

Conas a théann na rialacha nua i ngleic le saincheist an idirdhealaithe?

Ba cheart go gcuirfeadh trédhearcacht pá ar chumas oibrithe idirdhealú a d’fhéadfadh a bheith ann idir mná agus fir a aithint agus a cheistiú.

Is rud coitianta í an laofacht inscne i gcórais phá agus i ngrádú post nach gcuireann luach comhionann ar obair na mban agus na bhfear ná ar bhealach atá neodrach ó thaobh inscne de.

Ós rud é go mbíonn laofacht den sórt sin neamh-chomhfhiosach go minic, is féidir le trédhearcacht pá cabhrú le feasacht a mhúscailt maidir leis an saincheist i measc fostóirí agus cabhrú leo difríochtaí pá idirdhealaitheacha ar bhonn inscne a aithint, difríochtaí nach féidir a mhíniú trí fhachtóirí lánroghnacha bailí agus a bhíonn neamhbheartaithe go minic.

Cúlra agus amlíne

Cumhdaítear an ceart chun pá comhionann idir mná agus fir as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach in Airteagal 157 CFAE agus i dTreoir 2006/54/CE maidir le pá comhionann.

Mar sin féin, tá dúshlán fada ag baint le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an phrionsabail sin. Is amhlaidh atá go pointe áirithe ós rud é gur minic nach mbraitear idirdhealú pá mar gheall ar easpa trédhearcacht pá, rud a chiallaíonn go gcuirtear cosc ar íospartaigh éilimh a dhéanamh.

Áiríodh trédhearcacht pá inscne mar phríomhthosaíocht i straitéis an Aontais maidir le comhionannas inscne 2020-2025. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair le haghaidh treoir maidir le trédhearcacht pá.

Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an togra:

  • cumhacht a thabhairt d’oibrithe a gceart chun pá comhionann a fhorfheidhmiú trí thacar beart ceangailteach maidir le trédhearcacht pá (roimh an bhfostaíocht agus ina diaidh)
  • trédhearcacht na gcóras pá a neartú
  • feabhas a chur ar thuiscint an phobail ar na coincheapa ábhartha dlíthiúla
  • feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le pá comhionann idir fir agus mná

Freagra a bhí sa togra ar an iarraidh ón gComhairle i mí an Mheithimh 2019 i dtaca le bearta nithiúla a fhorbairt chun trédhearcacht pá a mhéadú, agus tháinig sé sna sála ar iarrataí a rinneadh arís agus arís eile go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochta sa réimse sin.

An seasamh ón gComhairle

Ghlac an Chomhairle seasamh (cur chuige ginearálta) maidir leis an treoir i mí na Nollag 2021.

Tarraingíodh roinnt saincheisteanna anuas le linn an phlé sa Chomhairle:

  • comhréireacht le córais náisiúnta agus cur isteach orthu
  • méadú ar an ualach airgeadais agus riaracháin ar fhostóirí (go háirithe fostóirí micrimhéide agus beagmhéide)
  • iarrthóirí le haghaidh fostaíochta
  • leigheasanna agus fhorfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn

Comhréireacht le córais náisiúnta agus cur isteach orthu

Le linn an phlé sa Chomhairle, rinneadh an-iarracht aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a bhaineann le comhréireacht na réiteach atá beartaithe. Leasaíodh roinnt forálacha chun a shoiléiriú nár cheart don togra cur isteach ar shamhlacha náisiúnta de mhargadh an tsaothair.

Cuirtear an ról atá ag comhpháirtithe sóisialta agus neamhspleáchas an idirphlé shóisialta san áireamh sa seasamh deiridh ón gComhairle. Chomh maith leis sin, rinneadh roinnt príomhchoincheap sa togra a shainmhíniú arís nó a shoiléiriú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar aon amhras i ndáil leis an tuiscint ar an téarmaíocht agus chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na treorach a chinntiú.

Méadú ar an ualach airgeadais agus riaracháin i gcás fostóirí (go háirithe fostóirí micrimhéide agus beagmhéide)

Cuireadh imní in iúl faoin ualach riaracháin agus airgeadais a mheastar a bheidh ar fhostóirí agus na hoibleagáidí trédhearcachta pá á gcur chun feidhme acu.

Ba é príomhábhar an phlé an bhféadfadh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a bheith díolmhaithe ó chuid de na hoibleagáidí i bhfianaise na himní i dtaobh na n-oibleagáidí maidir le tuairisciú sonraí. Choinnigh an Uachtaránacht tairseach 250 oibrí ina togra comhréitigh chomh maith leis an ngné tuairiscithe sonraí. Mar sin féin, tugadh isteach roinnt díolúintí d’fhostóirí micrimhéide agus beagmhéide agus soiléiríodh na critéir a bheidh le húsáid agus coincheap na hoibre ar comhionann a luach á chur i bhfeidhm.

Iarrthóirí le haghaidh fostaíochta

Ní léir an gcumhdaítear iarratasóirí ar fhostaíocht (seachas daoine i bhfostaíocht) leis an togra. Soiléirítear sa téacs comhréitigh deiridh, chun críoch thrédhearcacht an phá sula gcuirtear tús leis an bhfostaíocht, go mbeidh feidhm ag an treoir freisin maidir le hiarratasóirí ar fhostaíocht.

Leigheasanna agus fhorfheidhmiú na gceart agus na n-oibleagáidí a bhaineann le prionsabal an phá chomhionainn

Chuir roinnt Ballstát in iúl go raibh imní orthu go bhféadfadh na forálacha a bheith ró-mhionsonraithe agus go gcuirfí isteach ar na córais náisiúnta bhreithiúnacha leo. Fágann an seasamh deiridh ón gComhairle go dtabharfar níos mó solúbthachta do na Ballstáit agus na príomheilimintí atá riachtanach d'fheidhmiú éifeachtach phrionsabal an phá chomhionainn á gcoimeád ag an am céanna.

Cuirtear san áireamh ann freisin samhlacha éagsúla de mhargadh an tsaothair chomh maith le ról na gcomhpháirtithe sóisialta. Áirítear ann na díolúintí agus na maoluithe do fhostóirí micrimhéide agus beagmhéide chun tionchar airgeadais agus riaracháin na bhforálacha sonracha a íoslaghdú. Anuas air sin, tugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit a mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an togra.

Caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa

An 15 Nollaig 2022, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, faoi stiúir Uachtaránacht na Seicia, ar chomhaontú polaitiúil. Ghlac Parlaimint na hEorpa an treoir ag an gcruinniú iomlánach a bhí aici an 30 Márta 2023.

Glacadh sa Chomhairle

Ghlac an Chomhairle an treoir nua maidir le trédhearcacht pá an 24 Aibreán 2023.

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an treoir maidir le trédhearcacht pá i bhfeidhm nuair a fhoilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh suas le 3 bliana ag tíortha an Aontais chun an treoir a thrasuí, trína reachtaíocht náisiúnta a oiriúnú chun na rialacha nua a chur san áireamh.

Tiomantas an Aontais do shaincheisteanna sóisialta

Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as beartais fostaíochta agus cuimsithe shóisialta. Ciallaíonn sé sin go gcinneann na rialtais náisiúnta ar shaincheisteanna, mar shampla rialáil pá, córais phinsin agus aois scoir, agus sochair dhífhostaíochta.

Is cuid í an treoir maidir le trédhearcacht pá d’obair an Aontais chun tacú le Ballstáit maidir le dlíthe, cistí agus uirlisí chun beartais náisiúnta a chomhordú ar bhealach níos fearr, fostaíocht a chur chun cinn, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, cosaint shóisialta leordhóthanach a chur ar fáil agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.

Léaráid: Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn.
Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)

Eoraip Shóisialta níos láidre a chur chun cinn (Grafaic faisnéise)

Féach freisin

An comhionannas inscne

An comhionannas inscne

Neamh-idirdhealú

Neamh-idirdhealú

Íomhá ina bhfuil meá an cheartais, oibrí sláinte agus oibrí tógála, agus fáisc-chláir acu beirt.
Cearta saothair

Cearta saothair

An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Aibreán 2026