Infreastruchtúr gáis nádúrtha leachtaithe san Aontas Eorpach
Le hallmhairiú gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), is bealach é chun na soláthraithe agus na bealaí atá in úsáid ag an Aontas le gás nádúrtha a fháil a éagsúlú. Tá tábhacht ar leith leis seo ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin agus chinn an tAontas a spleáchas ar allmhairí gáis ón Rúis a laghdú.
Is é an tAontas an t-allmhaireoir GNL is mó ar domhan. In 2024, d’allmhairigh an tAontas níos mó ná 100 billiún méadar ciúbach (bmc). Is iad an Fhrainc, an Spáinn, an Ísiltír, an Bheilg agus an Iodáil na hallmhaireoirí GNL is mó san Aontas. Déantar cuid de na hallmhairí GNL sin a athonnmhairiú chuig tíortha eile.
I bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin agus soláthairtí gáis a bheith á n-úsáid mar uirlis troda, bhí ar Bhallstáit an Aontais a n-infreastruchtúr GNL a fhorbairt a thuilleadh. Caithfear le roinnt infheistíochtaí atá beartaithe mar thograí comhleasa de chuid an Aontais, tograí a bhainfidh leas as nósanna imeachta cuíchóirithe agus, i gcásanna áirithe, cómhaoiniú tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.
A bhuí leis na hinfheistíochtaí sin, tháinig méadú 70 bmc ar acmhainneacht allmhairiúcháin GNL an Aontais in 2023-2024, agus meastar go mbeidh 60 bmc breise ar fáil idir 2025-2030.
Infreastruchtúr GNL san Aontas Eorpach
Taispeántar ar an gcairt críochfoirt GNL i mBallstáit an Aontais atá ag feidhmiú faoi láthair, a ndéanfar forbairt bhreise orthu, atá á dtógáil, nó atá ag céim na pleanála.
Tá críochfoirt GNL ag feidhmiú sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, sa Phortaingéil, sa Bheilg, san Ísiltír, sa Chróit, sa Pholainn, sa Ghréig, san Fhionlainn, agus sa Liotuáin.
Tá os cionn dosaen críochfort GNL pleanáilte ar fud an Aontais agus roinnt atá á dtógáil.
Tagann na sonraí sin ó shuíomh gréasáin Bhonneagar Gáis na hEorpa agus ó shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí.
Féach freisin
Cá as a dtagann gás an Aontais?
Cogadh na Rúise ar an Úcráin
Cén fhreagairt a thug an tAontas ar an ngéarchéim fuinnimh in 2022?
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Aibreán 2026