Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 19 Iúil 2021

Na príomhthorthaí

Talmhaíocht

Tosaíochtaí Uachtaránacht na Slóivéine

Chuir Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine, Jože Podgoršek, tosaíochtaí na huachtaránachta i réimse na talmhaíochta agus an iascaigh i láthair. Ar na tosaíochtaí sin tá straitéis foraoiseachta an Aontais, talmhaíocht inbhuanaithe agus forbairt tuaithe (an digiteáil, dúshláin dhéimeagrafacha agus ról na mban), feabhas a chur ar sheasamh na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra, an bhithéagsúlacht, agus lipéadú bia (cumaisc mheala san áireamh). Beidh sé d’aidhm ag an uachtaránacht freisin príomhchomhaid reachtacha leanúnacha a thabhairt chun críche, an Rialachán maidir le Rialú ar Iascach agus an t-athchóiriú ar an gcomhbheartas talmhaíochta san áireamh.

Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine
Tá roinnt mhaith le déanamh againn sna míonna amach romhainn ach táimid ag tnúth leis na dúshláin agus na deiseanna a thiocfaidh as uachtaránacht na Comhairle. Táimid tiomanta bogadh ar aghaidh leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’, córais bhia inbhuanaithe a chinntiú agus fís fhadtéarmach a bhunú do cheantair thuaithe. Thairis sin, táimid meáite ar chinnteacht a thabhairt d’fheirmeoirí an Aontais trí athchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta a thabhairt chun críche roimh dheireadh ár dtréimhse oifige.
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine

Plean gníomhaíochta don bhia orgánach

Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad le plean gníomhaíochta an Choimisiúin chun an táirgeadh orgánach a fhorbairt agus leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an bplean sin. Labhair roinnt mhaith toscaireachtaí chun aird a tharraingt ar roinnt gnéithe den phlean, mar shampla an gá atá ann borradh a chur faoin éileamh ar tháirgí orgánacha trí fheasacht a mhúscailt i measc tomhaltóirí agus institiúidí poiblí amhail scoileanna a spreagadh chun bia orgánach a sholáthar ina gceaintíní. Leag roinnt Ballstát béim freisin ar thúsphointí éagsúla na mBallstát agus ar an ngá atá leis na difríochtaí sin a chur san áireamh.

Faoin straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip, tá sprioc leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach ‘ar a laghad 25% de thalamh talmhaíochta an Aontais a bheith faoi fheirmeoireacht orgánach agus méadú suntasach a bheith tagtha ar dhobharshaothrú orgánach faoi 2030’. Chun an sprioc sin a bhaint amach agus chun cuidiú leis an earnáil orgánach barr a cumais a bhaint amach, tá plean gníomhaíochta curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún maidir le táirgeadh orgánach san Aontas.

Saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil

Fuair na hairí faisnéis ón gCoimisiún maidir le saincheisteanna talmhaíochta a bhaineann le trádáil, mar shampla éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 agus Brexit, an méid a thit amach le déanaí i gcaidreamh trádála an Aontais leis na Stáit Aontaithe, agus an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir le comhaontuithe nua saorthrádála leis an Astráil, leis an tSile agus leis an Nua-Shéalainn. Bhí plé ann freisin faoin méid a tharla le déanaí i gcaibidlíocht talmhaíochta na hEagraíochta Domhanda Trádála, mar ullmhúchán do chomhdháil aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála atá ar na bacáin. Labhair roinnt toscaireachtaí ar shaincheisteanna amhail an gá atá ann a chinntiú go mbeidh na caighdeáin chéanna á mbaint amach le hallmhairithe talmhaíochta ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus le táirgí an Aontais ó thaobh leas ainmhithe agus bearta comhshaoil de, an tábhacht a bhaineann le trédhearcacht sa trádáil talmhaíochta a mhéadú, agus an gá atá ann don Aontas an caighdeán a leagan síos ar an leibhéal domhanda i dtaca le feirmeoireacht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair de.

Aon ghnó eile

Deireadh a chur le ré na gcásanna (‘Cage Age’)

Phléigh na hairí freagairt an Aontais ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh dar teideal End the Cage Age [Deireadh a chur le ré na gCásanna]. Is é is aidhm don fheachtas seo, a fuair 1.4 milliún síniú ó gach cearn den Aontas, cosc a chur le hainmhithe feirme a chur isteach i gcásanna amhail cearca, coiníní, géanna, lachain, muca baineanna agus gamhna. Cé gur labhair a lán toscaireachtaí le cur in iúl go dtacaíonn siad leis an tionscnamh seo, léirigh siad freisin go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag an gcleachtas sin ar fheirmeoirí, ó thaobh na gcostas a bhaineann leis an aistriú agus cailliúint iomaíochais maidir le tíortha nach bhfuil san Aontas. Dá bhrí sin, d’iarr siad ar an gCoimisiún measúnú tionchair iomlán a dhéanamh ar an tionscnamh, chomh maith le cistiú a chur ar fáil d’fheirmeoirí atá ag aistriú ó chórais cásanna. Ar deireadh, chuir siad in iúl gur gá na caighdeáin chéanna maidir le leas ainmhithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí talmhaíochta a allmhairítear ó thíortha nach bhfuil san Aontas.

Le linn an tseisiúin chéanna, phléigh na hairí dhá phointe breise faoi ‘aon ghnó eile’ a bhaineann le leas ainmhithe: marú sicíní fireanna i dtionscal na n-uibheacha agus gluaiseacht chun rialacha a chaighdeánú maidir le leas turcaithe ar fud na mBallstát uile. Chuir a lán toscaireachtaí in iúl go dtacaíonn siad leis na tionscnaimh sin, ach chuir siad béim freisin ar an ngá atá ann na bearta uile a bhunú ar na sonraí eolaíocha is déanaí agus a chinntiú go gcloíonn allmhairithe ó thíortha nach bhfuil san Aontas leis na caighdeáin chéanna.

Thug na hairí freagra ar mhianta na saoránach den Aontas trí thacaíocht a thabhairt do chosc a chur le líon leathan speiceas ainmhithe feirme a chur isteach i gcásanna. ‘Tacóimid leis an gcinneadh ón gCoimisiún measúnú tionchair ar an tionscnamh seo a ullmhú, bunaithe ar staidéar ar na hiarmhairtí comhshaoil agus socheacnamaíocha a bhaineann le deireadh a chur le húsáid cásanna de réir a chéile, ina gcuirfear san áireamh sochair leasa ainmhithe, riachtanais shóisialta agus eacnamaíocha earnáil feirmeoireachta an Aontais (iad siúd a bhaineann le feirmeacha beaga san áireamh), an ghné trádála idirnáisiúnta, agus gnéithe comhshaoil. Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta, Foraoiseachta agus Bia na Slóivéine

Tuilleadh míreanna faoi ‘Aon ghnó eile’

Fuair na hairí faisnéis ó roinnt toscaireachtaí faoi shaincheisteanna a bhaineann le dálaí adhaimsire agus saincheisteanna eile lena ndéantar difear do thalmhaíocht na hEorpa. Ina measc siúd bhí na héifeachtaí a bhí ag sioc mór ar chrainn olóige sa Ghréig, an fhalscaí a tharla le déanaí sa Chipir, tionchar na dtuilte le déanaí i roinnt Ballstát, an praghas ard beatha agus na hiarmhairtí a bhaineann leis sin do thionscal an bheostoic, an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh sa bheachaireacht, agus fiabhras Afracach na muc a tharla le déanaí i muca clóis sa Ghearmáin.

Bhí Tom Vilsack, Rúnaí Talmhaíochta na Stát Aontaithe, in éineacht leis na toscaireachtaí freisin le linn an lóin trí fhíschomhdháil. I measc na n-ábhar a pléadh bhí gníomhú ar son na haeráide, córais bhia inbhuanaithe agus Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Córais Bhia atá ar na bacáin agus a thionólfar i Nua Eabhrac.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Torthaí na vótála sa chruinniú

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025