Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 11-12 Deireadh Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

Iascach

Na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt in 2022

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí na mBallstát do na deich stoc éisc is tábhachtaí ó thaobh na tráchtála de i Muir Bhailt in 2022. Cinntear, leis an gcomhaontú sin, cainníochtaí gach speicis a cheadófar do na Ballstáit a ghabháil in 2022 agus leagtar amach ann freisin coinníollacha áirithe do shoithí iascaireachta a bhíonn ag oibriú sa réigiún.

Áirítear sa chomhaontú roinnt athruithe ar TACanna na bliana roimhe sin. Go háirithe:

  • I ngeall ar leibhéal na bithmhaise a bheith íseal, bhí an TAC don scadán sa chuid thiar de Mhuir Bhailt teoranta d’fhoghabhálacha agus laghdaíodh é 50 %; Laghdaíodh 45 % é sa Mhuir Bhailt Láir.
  • Ós rud é nach bhfuil aon fheabhas tagtha ar an stoc trosc, lean an Chomhairle den chleachtas gan ach TAC sonrach a shocrú d’fhoghabhálacha. B’amhlaidh an scéala i gcás an bhradáin sa phríomh-imchuach, cé go bhfacthas méadú measartha ar an TAC do stoic an bhradáin i Murascaill na Fionlainne.

Tháinig méadú 25 % ar na TACanna don leathóg agus méadú 13 % don salán.

Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Cothromaíocht atá i gceist le comhaontú an lae inniu. Ar lámh amháin, tacaíocht a thabhairt d’iascairí an Aontais ach ar an lámh eile, inbhuanaitheacht fhadtéarmach na stoc éisc i réigiún Mhuir Bhailt a chinntiú. Is bunaithe ar chomhairle eolaíoch iontaofa atá an méid seo agus léiríonn sé tiomantas na Comhairle cloí le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann leis an gcomhshaol ag an am céanna.
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine

Stoic éisc na Ríochta Aontaithe

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na deiseanna iascaireachta in 2022 don stoc sin a roinntear leis an Ríocht Aontaithe. Ag eascairt as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, socrófar comhairliúcháin leis an Ríocht Aontaithe maidir le stoic roinnte gach bliain i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Chuir na toscaireachtaí treoir ar fáil don Choimisiún maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an tAontas sna comhairliúcháin sin. Go sonrach, leag siad béim ar an ngá atá le TACanna a bhunú ar an gcomhairle eolaíoch agus cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a chomhlíonadh, agus gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na hinbhuanaitheachta á gcur san áireamh. Anuas air sin, d’athdhearbhaigh roinnt mhaith de na Ballstáit a thábhachtaí atá sé a bheith aontaithe sa chaibidlíocht sin. Ar imeall an chruinnithe, shínigh roinnt de na Ballstáit dearbhú polaitiúil maidir le cinneadh na Ríochta Aontaithe ceadúnais iascaireachta in uiscí Gheirsí agus Gheansaí a dhiúltú do roinnt soithí iascaireachta de chuid na Fraince. Thacaigh an dearbhú sin le seasamh na Fraince agus iarradh ar an Ríocht Aontaithe forálacha TCA a urramú.

Míníonn an ghrafaic faisnéise conas a shocraítear cuótaí iascaireachta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ó tharla Brexit.
Cuótaí iascaireachta tar éis Brexit (Grafaic faisnéise)

Cuótaí iascaireachta tar éis Brexit (Grafaic faisnéise)

Comhairliúcháin iascaireachta idir an tAontas Eorpach agus an Iorua agus na Stáit Chósta do 2022

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na comhairliúcháin leis an Iorua agus leis na Stáit Chósta maidir le deiseanna iascaireachta in 2022. Beidh caibidlíocht ar siúl leis an Iorua idir lár mhí Dheireadh Fómhair agus deireadh mhí na Samhna. Cuirfear tús leis an gcomhairliúcháin leis na Stáit Chósta ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Phléigh na toscaireachtaí tosaíochtaí an Aontais agus rinneadh ullmhúchán do na comhairliúcháin sin.

Rannpháirtíocht an Aontais i gcruinniú faoi thuinníní an Atlantaigh

Iarradh ar na hairí treoir a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an tAontas ag an gcruinniú bliantúil a bheidh ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT). Beidh an cruinniú ar siúl ón 15-22 Samhain. Áiríodh leis an bplé sin, inter alia, bearta a bheartaítear chun tuinníní trópaiceacha a bhainistiú (go háirithe an tuinnín mórshúileach) agus chun an mácó biorshrónach a chosaint, stoic na dtuinníní gorma a athshlánú, agus a thábhachtaí atá sé drochthionchar na hiascaireachta ar mion agus ar mórscála a sheachaint. Tá ICCAT freagrach as caomhnú fadtéarmach agus úsáid inbhuanaithe acmhainní iascaigh a chinntiú agus as na héiceachórais mhuirí a chosaint. Bíonn impleachtaí díreacha ag moltaí ICCAT ar dheiseanna iascaireachta bliantúla an Aontais.

Talmhaíocht

Pleananna Straitéiseacha faoi CBT

Faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) athchóirithe, lena gcumhdófar an tréimhse 2023-2027, iarrtar ar na Ballstáit pleananna straitéiseacha a ullmhú ina sonrófar cé mar a chuirfidh siad forálacha an bheartais chun feidhme. Phléigh na hairí staid ullmhúchán na bpleananna sin, shainaithin siad na dúshláin a bhí rompu agus rinne siad a marana ar na próisis chomhairliúcháin phoiblí a rinneadh leis na geallsealbhóirí ábhartha. Ina theannta sin, d’iarr siad ar an gCoimisiún cur chuige trédhearcach a ghlacadh chun meastóireacht a dhéanamh ar na pleananna, mar shampla trí chritéir mheasúnaithe shoiléire a chur ar fáil agus a chinntiú go gcuirfear a oiread doiciméad treorach agus is féidir ar fáil don phobal.

Caighdeáin mhargaíochta an Aontais

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin mhargaíochta an Aontais do tháirgí talmhaíochta. Leag siad béim ar a thábhachtaí atá caighdeáin mhargaíochta agus d’aithin siad gur gá féachaint ar bhealaí chun iad a fheabhsú a thuilleadh, go háirithe d’fhonn rannchuidiú le hinbhuaine níos fearr, agus ag an am céanna eolas soiléir a chur ar fáil do thomhaltóirí agus iomaíochas tháirgí an Aontais ar an margadh idirnáisiúnta a choinneáil. Thairis sin, thacaigh go leor acu leis an togra ó Uachtaránacht na Slóivéine athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le cumaisc mheala a lipéadú chun tíortha tionscnaimh na meala a úsáidtear sna cumaisc a léiriú.

Leagtar síos i gcaighdeáin mhargaíochta an Aontais íoscheanglais maidir le táirgí a thrádáiltear idir gnólachtaí nó a chuirtear ar an margadh do thomhaltóirí. Beartaítear le straitéis an Aontais ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ go ndéanfar athbhreithniú ar chaighdeáin mhargaíochta lena ndírítear ar inbhuaine shlabhra an tsoláthair bia a mhéadú. I measc na nithe eile a bhfuiltear ag féachaint orthu tá an gá le caighdeáin áirithe a nuachóiriú agus iad a chur i gcomhréir le hionchais na dtomhaltóirí.

Tá sé mar príomhthosaíocht ag Uachtaránacht na Slóivéine na rialacha maidir le cumaisc mheala a lipéadú a thabhairt cothrom le dáta agus leis an tacaíocht a chuir na Ballstáit in iúl, tá céim eile tugtha againn chun an aidhm thábhachtach sin a bhaint amach. Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine

Straitéis nua Foraoise an Aontais do 2030

Phléigh na hairí an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Straitéis nua Foraoise do 2030, a foilsíodh an 16 Iúil 2021. Tá sé mar aidhm leis an straitéis seo, atá fréamhaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip, foraoisí na hEorpa a chur in oiriúint chun freagairt ar bhagairtí amhail an t-athrú aeráide, ról na bhforaoisí a choinneáil mar linnte carbóin agus éiceachórais a chaomhnú agus a athchóiriú, agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní foraoise á áirithiú ag an am céanna.

Ba dhíol sásaimh do na hairí an straitéis ach leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé na spriocanna comhshaoil a chothromú leis na róil ríthábhachtacha eacnamaíocha agus shóisialta atá ag foraoisí na hEorpa. Chuir na hairí i bhfios go láidir gur gá go gcuirfí san áireamh sa straitéis na sainiúlachtaí náisiúnta agus na straitéisí agus na bearta náisiúnta atá ann cheana, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta, agus gur cheart cistiú leordhóthanach a chur ar fáil. Meastar go nglacfaidh an Chomhairle conclúidí maidir leis an straitéis ag an gComhairle Talmhaíochta agus Iascaigh i mí na Samhna.

Oiriúnú don sprioc 55%

Bhí malartú tuairimí ann maidir leis an méid a d’fhéadfadh earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta rannchuidiú leis an bpacáiste nua oiriúnaithe don sprioc 55%. Phléigh na hairí na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an tionscnamh. Áiríodh leis na pointí a ardaíodh an forluí a d’fhéadfadh a bheith ann leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) nua agus an gá atá le túsphointí éagsúla na mBallstát a chur san áireamh agus cuspóirí aeráide á leagan síos. Ba é príomhtheachtaireacht ó na hairí gur cheart príomhchuspóir CBT maidir le slándáil bia a ráthú i gcónaí. D’iarr roinnt toscaireachtaí freisin go ndéanfaí measúnú tionchair ar an bpacáiste. Maidir le foraoisí, d’aithin na hairí an ról ríthábhachtach atá acu mar linnte carbóin agus maidir le caomhnú na bithéagsúlachta, ach chuir siad i dtreis gurb é an príomhdhúshlán a bheidh ann na spriocanna comhshaoil níos uaillmhianaí don fhoraoiseacht a chothromú leis na gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le hinbhuaine foraoisí.

Is é atá in oiriúnú don sprioc 55% sraith de thograí idirnasctha a ghlac an Coimisiún an 14 Iúil agus é mar aidhm leo laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 1990). Tá baint shoiléir ag trí cinn de na tograí leis an talmhaíocht agus leis an bhforaoiseacht mar go mbaineann siad le hathbhreithniú ar thrí phríomhrialachán:

  • an Rialachán maidir le hÚsáid Talún, Athrú ar Úsáid Talún agus Foraoiseacht (LULUCF);
  • an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill;
  • an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite.
Mínítear sa ghrafaic eolais an pacáiste ‘Oiriúnach do 55’, príomhréimsí gníomhaíochta an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus an próiseas cinnteoireachta chun dlí an Aontais a dhéanamh de na tograí.
Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Oiriúnach do 55: an chaoi a ndéanfaidh an tAontas dlí de spriocanna aeráide (Grafaic faisnéise)

Na hábhair eile ar an gclár oibre

Ar an gcéad lá den chruinniú a bhí ag an gComhairle, fuair na hairí eolas ó na toscaireachtaí maidir le roinnt ábhar. Ina measc siúd bhí iascaireacht NNN na Tuirce in uiscí críochacha na Gréige, praghas ard leasacháin, an staid in earnáil na muiceola, an cruinniú a bhí ag airí talmhaíochta G20 le déanaí, an t-athbhreithniú atá le déanamh ar bheartas cáilíochta na hEorpa, agus togra chun an creat sealadach do státchabhair a leathnú. Ar an dara lá, thug an uachtaránacht nuashonrú ar Chruinniú Mullaigh Chórais Bia na Náisiún Aontaithe a tionóladh le déanaí, rinne toscaireacht na Spáinne an t-iarrthóir atá á mholadh aici mar chathaoirleach ar Choiste na Náisiún Aontaithe maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain a chur i láthair, agus d’iarr toscaireacht na Danmhairge go ndéanfaí athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le leas ainmhithe.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025