Skip to content
  • An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh, 15 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

Straitéis nua foraoise an Aontais do 2030

Ghlac airí talmhaíochta an Aontais conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis nua foraoise an Aontais do 2030. Tá an straitéis seo ar cheann de ghnéithe suaitheanta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, cuireann sí le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais agus beidh sí ina cuid lárnach de na hiarrachtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55%, ar a laghad, faoi 2030.

Sna conclúidí uaithi, d'aithin an Chomhairle an ról ríthábhachtach atá ag foraoisí maidir le haistriú an Aontais chuig bithgheilleagar ciorclach a bheidh glas, aeráidneodrach agus iomaíoch. Chuir na hairí in iúl gur díol sásaimh dóibh an bhéim a leagtar ar chur chun cinn táirgí adhmadbhunaithe inbhuanaithe, agus an togra chun comhpháirtíocht nua a bhunú le haghaidh taighde agus nuálaíocht san fhoraoiseacht.

Mar sin féin, chuir an Chomhairle i bhfios go láidir chomh maith an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir na gnéithe comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus a thábhachtaí atá sé inniúlachtaí náisiúnta a urramú i réimse na foraoiseachta agus i réimse na bainistíochta foraoisí. Leagadh béim chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le gné idirnáisiúnta a chur san áireamh lena ndíreofar ar shrian a chur le dífhoraoisiú domhanda.

Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Mar cheann de na tíortha is mó foraoise san Eoraip, is mór ag an tSlóivéin i gcónaí an tábhacht a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí. Léirítear sna conclúidí an gá atá ann go n-oibreodh na geallsealbhóirí go léir i gcomhar le chéile agus go nglacfaidís cur chuige cothrom chun teacht chun réitigh ar na dúshláin gan fasach atá roimh na foraoisí, agus ag an am céanna cosaint a thabhairt do phobail a bhfuil a slite beatha ag brath ar acmhainní foraoise.
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine
Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine

Staid an mhargaidh

Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir le staid an mhargaidh i gcás táirgí talmhaíochta, bunaithe ar fhaisnéis a chuir an Coimisiún agus na Ballstáit ar fáil. Cé go raibh ag éirí go maith le hearnáil agraibhia an Aontais tríd is tríd, leag na Ballstáit béim ar roinnt údar imní, go háirithe an tionchar atá ag an ardú ar chostais fuinnimh, ionchuir agus bheatha ar an talmhaíocht. Labhair toscaireacht na Liotuáine chomh maith le dearbhú comhchoiteann a chur i láthair thar ceann ceithre thoscaireacht déag inar iarradh bearta tacaíochta práinneacha eisceachtúla ar an Aontas le haghaidh earnáil na muiceola faoin Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí. Ar na hábhair eile a pléadh bhí an tionchar a imríonn dálaí aimsire, galair thréidliachta amhail fiabhras Afracach na muc agus fliú na n-éan, agus nithe a d'fhéadfadh cur isteach ar an gcaidreamh trádála le tríú tíortha amach anseo.

Na hábhair eile ar an gclár oibre

Stoic éisc a roinntear leis an Ríocht Aontaithe

Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoin dul chun cinn a rinneadh sna comhairliúcháin maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a roinntear leis an Ríocht Aontaithe do 2022, bunaithe ar eolas a chuir an Coimisiún ar fáil. Chuir na hairí treoir pholaitiúil ar fáil don Choimisiún maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an tAontas le linn na caibidlíochta leanúnaí.

Ag eascairt as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, socrófar comhairliúcháin idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le stoic roinnte gach bliain i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Is é an ról atá ag an gComhairle treoir a chur ar fáil don Choimisiún maidir le seasamh an Aontais sna comhairliúcháin, agus nuashonruithe rialta á bhfáil aici maidir le dul chun cinn na caibidlíochta.

Seachtain Eorpach na bPailneoirí

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi Sheachtain Eorpach na bPailneoirí 2021 a bhí ar siúl an 27-30 Meán Fómhair. Le linn an imeachta ceithre lá sin, tugadh cainteoirí ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ó riaracháin na mBallstát le chéile, mar aon le hacadóirí agus ionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha. Rinneadh iniúchadh le linn an imeachta ar bhealaí chun dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun meath na bpailneoirí a aisiompú faoi 2030. Ar na moltaí a cuireadh chun cinn bhí an gá le cumarsáid agus idirphlé trasearnála a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, trí, i measc rudaí eile, páirt a thabhairt do na príomhgheallsealbhóirí agus don tsochaí shibhialta.

Mar chuid den imeacht sin, d'eagraigh an Coimisiún ceardlann dar teideal ‘Gníomhaíochtaí an Aontais do phailneoirí i dtírdhreacha talmhaíochta’, lena raibh baint ag príomhgheallsealbhóirí ón bhfeirmeoireacht, ó chomhlachtaí comhshaoil, ó údaráis phoiblí agus ón tsochaí shibhialta. Le linn na ceardlanna cruthaíodh roinnt tograí nithiúla a d'fhéadfadh a bheith ina mbonn eolais do phleananna straitéiseacha CBT na mBallstát.

Tosaíocht thábhachtach d'Uachtaránacht na Slóivéine is ea cosaint na mbeach agus na bpailneoirí fiáine agus táimid sásta leis an toradh dearfach a bhí ar an gceardlann seo. Táimid muiníneach go rachaidh na tograí a cuireadh chun cinn chun tairbhe na mBallstát agus a bpleananna straitéiseacha CBT á ndréachtú acu. Jože Podgoršek, Aire Talmhaíochta na Slóivéine

Pointí eile gnó

Le linn an chruinnithe, fuair na hairí eolas ón gCoimisiún maidir leis an gcomhdháil ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ a bhí ar siúl le déanaí, maidir leis an bplean teagmhais chun soláthar bia agus slándáil bia a chinntiú, agus maidir leis an 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála. Chuir na toscaireachtaí eolas ar fáil chomh maith faoi ghníomhaíocht bholcánach ar La Palma, faoi shaincheisteanna a bhaineann le líon na mbéar donn agus na mac tíre i réigiúin áirithe, agus faoi phleananna straitéiseacha CBT.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025