- An Chomhairle Eorpach
Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach, 17-18 Aibreán 2024
Na príomhthorthaí
Le linn cruinniú mullaigh dhá lá, ghlac ceannairí an Aontais conclúidí maidir leis an Úcráin, an Tuirc, an Meánoirthear agus comhaontú nua maidir le hiomaíochas na hEorpa.
Tacaíocht don Úcráin
Ag meabhrú di na conclúidí uaithi an 21 go dtí an 22 Márta 2024, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach a tacaíocht iomlán bhuanseasmhach don Úcráin, dá muintir agus dá neamhspleáchas, agus dá ceannasacht agus dá hiomláine chríochach laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta.
I ndáil leis an méid sin, rinne na ceannairí an méid seo a leanas:
- cháin siad go láidir na hionsaithe leanúnacha aeir agus diúracán atá á ndéanamh ag an Rúis ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar criticiúil na hÚcráine, lena n-áirítear an spriocdhíriú atá déanta ar an earnáil fuinnimh
- leag siad béim ar a riachtanaí atá sé aerchosaint a sholáthar go práinneach don Úcráin agus dlús a chur le seachadadh an chúnaimh mhíleata uile is gá, lena n-áirítear armlón airtléire agus diúracáin, agus an seachadadh sin a threisiú
Déanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit an soláthar cúnaimh dhaonnúil agus cosanta sibhialta a threisiú, lena n-áirítear trealamh ar nós gineadóirí cumhachta agus claochladáin chumhachta.
Agus an tacaíocht mhíleata á soláthar, tabharfar lánurraim do bheartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe agus cuirfear leasanna slándála agus cosanta na mBallstát uile san áireamh.
Is díol sásaimh do cheannairí na hEorpa freisin an dul chun atá déanta maidir leis na tograí chun ioncaim urghnácha ó shócmhainní reoite na Rúise a threorú chun leas na hÚcráine agus d’iarr siad go nglacfaí go pras iad.
Dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin (Grafaic faisnéise)
An Meánoirthear
An Iaráin/Iosrael
Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir agus go neamhbhalbh an t-ionsaí a rinne an Iaráin ar Iosrael agus d’athbhearbhaigh sí a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir Iosrael agus a tiomantas do shlándáil Iosrael agus do chobhsaíocht an réigiúin.
I ndáil leis an méid sin, rinne ceannairí an Aontais an méid seo a leanas:
- d’iarr siad ar an Iaráin agus ar a seachfhórsaí deireadh iomlán a chur le gach ionsaí
- d’áitigh siad ar na páirtithe uile an-ghuaim a chur orthu féin agus staonadh ó aon ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh cur leis an teannas sa réigiún
Déanfaidh an tAontas bearta sriantacha breise i gcoinne na hIaráine, go háirithe i ndáil le haerfheithiclí gan foireann (ladrainn) agus diúracáin.
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí rannchuidiú leis an díghéarú agus leis an tslándáil sa réigiún.
- Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na hIaráine (eolas cúlra)
- An Iaráin: Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh (preaseisiúint, an 14 Aibreán 2024)
Gaza
D’athdhearbhaigh ceannairí an Aontais a thiomanta atá an tAontas oibriú le comhpháirtithe chun deireadh a chur leis an ngéarchéim in Gaza gan mhoill agus rún 2728 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear:
- sos cogaidh láithreach a bhaint amach
- gach giall a scaoileadh saor gan choinníoll
- cabhair dhaonnúil chuimsitheach, thapa, shábháilte agus gan bhac a chur ar fáil do Phalaistínigh atá i ngátar
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do shíocháin bhuan mharthanach a bheidh bunaithe ar réiteach an dá stát.
An Liobáin
Tá an tAontas faoi réir chun oibriú leis na comhpháirtithe uile chun nach mbeidh tuilleadh teannais sa réigiún, go háirithe sa Liobáin.
Sa chomhthéacs sin, rinne na ceannairí an méid seo a leanas:
- mheabhraigh siad tacaíocht láidir an Aontais don Liobáin agus do mhuintir na Liobáine
- d’admhaigh siad na cúinsí deacra atá sa Liobáin
- dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean ag an Aontas tacú leis na daoine is leochailí sa Liobáin agus tacaíocht a chur ar fáil chun gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine a chomhrac
D’iarr siad freisin ar na páirtithe uile gealltanas a thabhairt maidir le cur chun feidhme rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ina n-iarrtar go gcuirfí deireadh iomlán leis an gcogaíocht, go n-imscarfaí fórsaí na Liobáine chuig deisceart na Liobáine, agus go dtarraingeofaí siar fórsaí Iosraelacha agus go ndéanfaí grúpaí armtha a dhí-armáil.
Tá an tAontas tiomanta i gcónaí do chobhsaíocht na Liobáine, trí thacú le hathchóirithe a bhfuil géarghá leo, i measc cuir chuige eile, agus tá sé tiomanta i gcónaí an tacaíocht a thugann sé d’Fhórsaí Armtha na Liobáine a neartú.
An tSiria
Ag féachaint don ochtú ceann de Chomhdhálacha na Bruiséile maidir leis an tSiria atá ar na bacáin, d’iarr ceannairí an Aontais ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an chúnaimh a thugann an tAontas do dhídeanaithe ón tSiria agus do dhaoine easáitithe sa tSiria agus sa réigiún máguaird agus feabhas a chur ar éifeachtacht an chúnaimh sin.
D’iarr siad freisin ar na deontóirí uile an méid cúnaimh a thugann siad dóibh a choinneáil ar an leibhéal céanna nó a mhéadú.
An caidreamh idir an tAontas agus an Tuirc
Bhí díospóireacht straitéiseach ag ceannairí an Aontais maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc, i bhfianaise na tuarascála ón Ardionadaí agus ón gCoimisiún maidir le staid na himeartha i ndáil leis an gcaidreamh polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála.
Tá leas straitéiseach ag an Aontas i dtimpeallacht chobhsaí shlán sa Mheánmhuir Thoir agus i bhforbairt caidrimh chomhoibrithigh chomhthairbhigh leis an Tuirc. Sa chomhthéacs sin, chuir ceannairí an Aontais de chúram ar ambasadóirí na mBallstát, agus inniúlachtaí na n-institiúidí ábhartha á n-urramú acu,dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an tuarascáil ar staid na himeartha agus leag siad béim ar a thábhachtaí a bheidh rannpháirtíocht chuiditheach na Tuirce féin chun réimsí comhair a chur chun cinn.
Chun an comhar idir an tAontas agus an Tuirc a fheabhsú a thuilleadh, leag ceannairí an Aontais béim ar a thábhachtaí atá sé tús a chur arís leis na cainteanna chun réiteach a bhaint amach sa Chipir agus dul chun cinn a dhéanamh iontu. Agus conclúidí a ghlac sí roimhe seo á meabhrú aici, rinne an Chomhairle Eorpach an méid seo a leanas:
- chuir sí in iúl go bhfuil sí lántiomanta do réiteach cuimsitheach a fháil ar fhadhb na Cipire, faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus i gcomhréir le luachanna an Aontais
- dhearbhaigh sí gur díol sásaimh di gur ceapadh María Angela Holguín Cuéllar mar Thoscaire Pearsanta Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCipir
Comhaontú nua Eorpach maidir le hiomaíochas
I bhfianaise dhreach nua na geopholaitíochta agus dúshláin atá ag dul i gcastacht i aghaidh an lae, tá an tAontas Eorpach meáite ar na rudaí seo a leanas a dhéanamh:gníomhú go cinntitheach chun a iomaíochas, a rathúnas agus a cheannaireacht fhadtéarmach a chinntiú ar an leibhéal domhanda agus chun a cheannasacht straitéiseach a neartú.
Chuir ceannairí an Aontais in iúl go n-áiritheoidís cur chuige comhtháite ar fud na réimsí beartais uile chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- táirgiúlacht agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a mhéadú
- geilleagar láidir nuálach athléimneach a thógáil
- samhail uathúil shóisialta agus eacnamaíoch na hEorpa a chur chun cinn chun borradh a chur faoi aistriú glas agus aistriú digiteach an Aontais agus faoin aeráidneodracht
Chun an méid sin a bhaint amach, leag na ceannairí béim ar an ngá atá le comhaontú nua maidir le hiomaíochas, comhaontú a bheidh fréamhaithe i margadh aonair lán-chomhtháite. Sa chomhthéacs sin, is den ríthábhacht infheistíochtaí agus rochtain ar chaipiteal a bheith ann, agus is gá don Aontas a spleáchais straitéiseacha a laghdú in earnálacha éagsúla, mar atá fuinneamh, amhábhair chriticiúla, leathsheoltóirí, an tsláinte, cúrsaí digiteacha, bia, teicneolaíochtaí criticiúla, an ceimic, bhiteicneolaíocht agus an spás.
Chun an comhaontú a chur chun feidhme, d’iarr ceannairí an Aontais go ndéanfaí dul chun cinn gasta maidir le tacar de phríomhréimsí lena spreagtar an t-iomaíochas.
An Margadh Aonair
Chun margadh aonair an Aontais a dhoimhniú, d’iarr ceannairí an Aontais an méid seo a leanas:
- deireadh a chur leis na bacainní atá fós ann agus na rialacha saorghluaiseachta a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina n-iomláine
- soláthar trasteorann feabhsaithe seirbhísí, go háirithe seirbhísí cothrománacha agus seirbhísí atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, agus earraí riachtanacha, mar shampla cógais, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar thrédhearcacht i slabhraí soláthair
- naisc iompair agus soghluaisteacht fheabhsaithe
- deireadh a chur le cleachtais éagóracha, mar shampla earraí bia décháilíochta
- forbairt ar na rudaí seo a leanas:straitéis nua le haghaidh margadh aonair nuachóirithe mhí an Mheithimh 2025, lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin iomaíochais do ghnólachtaí de gach méid, agus béim ar leith á leagan ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí freisin gur chuir Enrico Letta, Uachtarán Institiúid Jacques Delors, an tuarascáil ardleibhéil dar teideal Much more than a market [Margadh thar an gCoitantacht] i láthair agus d’iarr siad ar Uachtaránacht reatha na Comhairle agus ar an gcéad Uachtaránacht eile dul chun cinn a dhéanamh ar mholtaí na tuarascála faoi dheireadh na bliana.
- <em>Much more than a market</em> [Margadh thar an gcoitiantacht], tuarascáil ó Enrico Letta
- Margadh aonair an Aontais (eolas cúlra)
- Tacaíocht do FBManna (eolas cúlra)
Aontas na Margaí Caipitil
Leag ceannairí an Aontais béim ar a phráinní atá sé go ndéanfadh an Chomhairle agus an Coimisiún dul chun cinn gasta maidir leis na bearta uile a sainaithníodh mar bhearta riachtanacha chun margaí caipitil Eorpacha a bheidh fíor-chomhtháite a chruthú.
Mhol siad an méid seo a leanas:
- gnéithe ábhartha de na creataí náisiúnta dócmhainneachta corparáide a chomhchuibhiú
- infheistíochtaí a chothú trí chóineasú spriocdhírithe na gcóras corparáideach
- margadh urrúsúcháin na hEorpa a athsheoladh
- feabhas a chur ar chóineasú agus éifeachtúlacht na maoirseachta a dhéantar ar mhargaí caipitil ar fud an Aontais
- feabhas a chur ar na coinníollacha le haghaidh infheistíochtaí cothromais
- feabhas a chur ar roghanna maoiniúcháin agus scoir do ghnólachtaí Eorpacha atá i mbun fáis
- táirge infheistíochta agus coigiltis trasteorann atá simplí agus éifeachtach a thabhairt isteach d’infheisteoirí miondíola, agus oibriú chun táirgí pinsin agus coigiltis fhadtéarmaigh a fhorbairt
- litearthacht airgeadais na saoránach a neartú
- an creat rialála a athbhreithniú agus a shimpliú chun an rómhaorlathas a laghdú
D’iarr na ceannairí ar an gCoimisiún measúnú agus obair a dhéanamh ar na coinníollacha lena gcuirfear ar chumas na nÚdarás Maoirseachta Eorpach maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na gníomhaithe ábhartha trasteorann is sistéamaí i dtaobh margaí caipitil agus airgeadais.
Ag an gcruinniú a bheidh aici i mí an Mheithimh 2024, athbhreithneoidh an Chomhairle Eorpach an dul chun cinn agus pléifidh sí na céimeanna breise a theastaíonn chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú.
- Margaí caipitil na hEorpa (eolas cúlra)
- A bhfuil á dhéanamh ag an Aontas chun a mhargaí caipitil a dhoimhniú (eolas cúlra)
Tionsclaíocht
D’iarr ceannairí an Aontais go mbeadh beartas tionsclaíoch éifeachtach ag an Aontaslena ndéanfaí an méid seo a leanas:
- tionscail a dhícharbónú ar bhealach iomaíoch
- buntáiste iomaíoch a fhorbairt i dtaobh teicneolaíochtaí digiteacha agus glana
- slabhraí soláthair straitéiseacha a éagsúlú agus a dhaingniú
- bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú
Taighde agus nuálaíocht
Chuir na ceannairí in iúl gur gá timpeallacht atá níos fabhraí don nuálaíocht a chothú, bunaithe ar eolaíocht den scoth, chun táirgí nuálacha a chur ar an margadh níos tapúla agus ar scála, agus infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a mhéadú ag an am céanna chun an sprioc caiteachais 3 % de OTI a bhaint amach.
Fuinneamh
Leag ceannairí an Aontais béim ar a ríthábhachtaí atá sé, chun fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach, a chinntiú go mbeidh fuinneamh flúirseach, inacmhainne agus glan ann a fhónann don déchuspóir maidir le ceannasacht fuinnimh na hEorpa agus an aeráidneodracht a shaothrú.
Chuige sin, beidh gá le haistriú uaillmhianach chuig cumhacht leictreach, aistriú a mbeidh an méid seo a leanas i gceist leis:
- gach réiteach glan-nialasach agus ísealcharbóin
- solúbthacht
- cur in úsáid agus infheistíocht shuntasach in eangacha, i stóráil agus in idirnaisc
An gníomh um amhábhair chriticiúla (Grafaic faisnéise)
An geilleagar ciorclach
D’iarr na ceannairí go méadófaí an chiorclaíocht agus an éifeachtúlacht acmhainní agus go ndéanfaí bearta chun leas a bhaint as acmhainneacht an bhithgheilleagair. D’fhéadfadh sé sin cabhrú le spleáchais ar acmhainní príomhúla a laghdú, go háirithe maidir le hamhábhair chriticiúla.
An claochlú digiteach
Chun tacú leis an gclaochlú digiteach, d’iarr na ceannairí an méid seo a leanas:
- infheistíochtaí i mbonneagar digiteach, mar shampla 5G agus 6G
- bacainní ar ghníomhaíochtaí trasteorann in earnáil an líonra mhóibíligh a bhaint
- forbairt bhreise a dhéanamh ar theicneolaíochtaí digiteacha ceannródaíocha, mar shampla an intleacht shaorga, blocshlabhra agus ríomhaireacht chandamach
D’iarr siad freisin ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí teachtaireacht chomhpháirteach a ullmhú maidir le conas ceannaireacht an Aontais i ngnóthaí digiteacha domhanda a neartú.
Beartais Shóisialta
Chun poist ardcháilíochta a chothú ar fud na hEorpa, leag na ceannairí béim ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur leis an obair maidir leis an méid seo a leanas:
- spriocanna fostaíochta 2030 a bhaint amach
- athsciliú, uas-sciliú agus foghlaim ar feadh an tsaoil
- dul i ngleic le bearnaí scileanna agus ganntanas lucht saothair
- comhdheiseanna a chinntiú
An trádáil
D’iarr na ceannairí go mbeadh beartas trádála uaillmhianach inbhuanaithe ann lena ndéanfaí an méid seo a leanas:
- tacú le ról lárnach EDT sa chóras iltaobhach riailbhunaithe
- margaí tríú tíortha a oscailt do chuideachtaían Aontais
- leasanna an Aontais a chosaint
- forbairt slabhraí soláthair athléimneacha iontaofa a éascú
- cothroime iomaíochta a chinntiú
- deiseanna cómhalartacha rochtana margaidh a chruthú
Creat rialála
Leag na ceannairí béim ar an ngá atá le creat rialta lena gcinnteofar go mbeidhdeimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht ann,atácomhleanúnach ar fud na réimsí beartais agus atá oscailte do chuir chuige nuálacha, agus a laghdóidh an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí ag an am céanna.
Leag siad béim ar a thábhachtaí atá an méid seo a leanas:
- oibleagáidí tuairiscithe agus sonraí a chuíchóiriú
- leanúint de thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh an tuairisciú a laghdú 25 %
- simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun ceadanna agus ceadúnais a dheonú
Chuige sin, d’iarr na ceannairí ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair cuimsitheacha agus seiceálacha iomaíochais a chur ar fáil.
Earnáil na Talmhaíochta
Is den ríthábhacht earnáil talmhaíochta láidir inbhuanaithe a bheith ann le haghaidh shlándáil an tsoláthair bia agus uathriail straitéiseach an Aontais. Tá creat cobhsaí intuartha de dhíth ar fheirmeoirí chun cabhrú leo dul i ngleic leis na dúshláin chomhshaoil agus aeráide.
I gcomhréir leis na conclúidí a ghlac sí roimhe seo an 21 agus an 22 Márta 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach go nglacfaí an leasú ar rialachán CBT gan mhoill agus mhol sí don Chomhairle agus don Choimisiún obair a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
- bearta gearrthéarmacha agus meántéarmacha a chur chun feidhme chun an t-ualach riaracháin a laghdú
- seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a neartú
- iomaíocht riailbhunaithe chóir a chinntiú ar fud an domhain agus sa mhargadh inmheánach
- an síneadh atá beartaithe ar an gcreat sealadach maidir le Státchabhair agus an fhéidearthacht an uasteorainn maidir le cabhair de minimis don talmhaíocht a mhéadú
- taraifí breise a fhorchur ar tháirgí talmhaíochta a allmhairítearón Rúis agus ón mBealarúis isteach san Aontas, agus an tionchar ar an Margadh Aonair á chur san áireamh, agus ag féachaint chuige san am céanna, nach gcuirtear isteach ar idirthuras na n-earraí sin chuig tíortha i mbéal forbartha
Bréagaisnéis agus ionramháil eachtrach ar fhaisnéis
Agus sinn ag druidim leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa an 6-9 Meitheamh 2024, leag an Chomhairle Eorpach béim ar a thiomanta atá an tAontas agus a Bhallstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar aon riosca a eascraíonn as an méid seo a leanas agus srian a chur leis an riosca sin:
- bréagaisnéis, lena n-áirítear tríd an intleacht shaorga
- ionramháil eachtrach ar fhaisnéis
- cur isteach ar phróisis toghcháin
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
A ndúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach, an 17 agus an 18 Aibreán 2024 - 18/04/2024
Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 17 agus an 18 Aibreán 2024 - 18/04/2024
Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an Úcráin, an Meánoirthear agus an Tuirc, an 17 Aibreán 2024 - 18/04/2024
Cuireadh ón Uachtarán Charles Michel chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí - 16/04/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Ecaterina Casinge Spokesperson for the European Council President
- +32 488 58 59 08
- +32 2 281 5150
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Eorpach
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 16 Eanáir 2025