Sásra aistrithe táillí CBL: calaois CBL a chosc
Tá an Chomhairle ag obair ar thogra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena ndírítear ar shásra aistrithe táillí CBL ginearálaithe a fheidhmiú i gcás idirbhearta intíre idir gnólachtaí a bhaineann le seirbhísí nó le hearraí lena ngabhann sonrasc os cionn EUR 10 000. Cheadófaí feidhmiú an tsásra faoi choinníollacha áirithe.
Leis an sásra aistrithe táillí, aistrítear an fhreagracht maidir le hidirbheart CBL a thuairisciú ón díoltóir chuig an gceannaitheoir earra nó seirbhíse.
Is maolú ó phríomhphrionsabail ghinearálta chóras reatha CBL an Aontais a bheadh i bhfeidhmiú sásra den chineál sin agus, mar sin, chaithfí Treoir 2006/112/CE maidir le comhchóras cánach breisluacha a leasú. De réir an togra, thabharfaí an maolú ar feadh tréimhse teoranta ama agus is ar bhonn saorálach a bheadh sé i gcás Ballstát a bhfuil na coinníollacha a leagtar amach sa treoir a bheartaítear á gcomhlíonadh acu.
Dírítear ar chabhair a thabhairt do Bhallstáit áirithe atá thíos go mór leis mar gheall ar chalaois CBL agus nach bhfuil na bearta leordhóthanacha acu le dul i ngleic leis an gcalaois sin, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i gcásanna a bhaineann le scéimeanna calaoise CBL amhail scéimeanna “rothlacha” nó scéimeanna ina bhfuil “an trádálaí ar iarraidh”.
Chuirfí réiteach a bheadh teoranta ó thaobh ama de ar fáil leis an treoir a bheartaítear, agus ghearrfaí cáin ar sholáthairtí sa tír chinn scríbe i gcomhréir leis sin.
- Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le sásra aistrithe táille ginearálaithe a chur i bhfeidhm go sealadach
- Treoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha
Cén fáth a ndearnadh an togra?
Rinneadh an togra tar éis iarraidh ó Bhallstáit an Aontais a bhí thíos go mór leis siocair gur chaill siad ioncam mar gheall ar chalaois CBL, go háirithe calaois rothlach.
De réir an Choimisiúin Eorpaigh, is beag nach bhfuil an bhearna CBL (an difríocht idir an t-ioncam CBL measta agus an méid CBL iarbhír a chruinnigh na húdaráis chánach) san Aontas ag EUR 160 billiún, agus is calaois trasteorann is cúis le tuairim is EUR 50 billiún den mhéid sin (nó ba ea in 2013).
Is féidir an sásra aistrithe táillí a fheidhmiú sa chóras reatha freisin; níl an feidhmiú sin ginearálaithe, áfach, agus tá sé teoranta do liosta áirithe earnálacha. Tá an feidhmiú sin teoranta ó thaobh ama de freisin. Tugadh isteach é le Treoir CE 2013/43/AE.
Cad é calaois “rothlach” nó calaois “trádálaí ar iarraidh”?
Is iondúil san Aontas gur le hidirbhearta trasteorann idir gnólachtaí a bhaineann calaois rothlach.
Faoi scéim reatha CBL an Aontais, tá soláthairtí trasteorann gnólacht le gnólacht (B2B) laistigh den Aontas díolmhaithe ó CBL, ach is ar dhíoltóir na n-earraí agus na seirbhísí ar an margadh cinn scríbe atá an oibleagáid CBL a íoc le buiséad an rialtais (is é an díoltóir an té a bhailíonn an CBL).
Go bunúsach, déantar dhá chuid de ghluaiseacht trasteorann earraí san Aontas:
- díolmhaítear soláthar earraí laistigh den Aontas ó CBL
- tá earraí a fhaightear laistigh den Aontas faoi réir CBL sa tír chinn scríbe, áit inarb é an díoltóir a bhailíonn an CBL
Cén dóigh a n-oibríonn scéim calaoise “trádálaí ar iarraidh” nó “rothlaí"?
Sa scéim, bíonn roinnt cuideachtaí ag díol earraí nó seirbhísí, le chéile ar mhargadh intíre, a allmhairítear saor ó CBL ó sholáthróir (an chainéalchuideachta mar a thugtar uirthi) i dtír eile de chuid an Aontais.
Ní íocann ceann de na cuideachtaí atá sa slabhra – an chuideachta, de ghnáth, a allmhairíonn na hearraí – CBL le buiséad an stáit, cé go ngearrann sí CBL ar an gcéad cheannaitheoir eile, agus is ar an gcaoi sin a dhéantar an chalaois. De ghnáth, imíonn an chuideachta sin gan tásc gan tuairisc go gasta tar éis an idirbhirt (sin é an fáth a dtugtar “trádálaí ar iarraidh” uirthi). Ní féidir, mar sin, cáin a bhailiú sa stát ina n-úsáidtear na hearraí nó na seirbhísí. Faigheann na ceannaitheoirí eile sa slabhra an t-aisíoc CBL ó bhuiséad an stáit, áfach, tar éis dóibh na hearraí a dhíol ar aghaidh. B'fhéidir nach n-aistreofaí na hearraí nó na seirbhísí ar chor ar bith, nó b’fhéidir nach ann dóibh ach ar páipéar.
Tosaíonn an “roth” ag dul timpeall arís nuair a dhíolann an ceannaitheoir deiridh sa slabhra ar an margadh intíre na hearraí leis an gcéad soláthróir arís, i.e. an chuideachta a thug na hearraí isteach sa tír sa chéad áit, agus cuirtear tús leis an bpróiseas iomlán arís leis sin. Siocair gur idirbheart trasteorann é an t-idirbheart deiridh sin, bheadh sé díolmhaithe ó CBL arís.
Féadtar an scéim a fheidhmiú ar an margadh intíre amháin freisin.
Is beart é an sásra aistrithe táillí a aistríonn dliteanas don íocaíocht deiridh CBL chuig buiséad an rialtais ón díoltóir chuig an gcustaiméir. Dírítear, ar an gcaoi sin, ar an mbaol a bhaineann le calaois CBL a laghdú.
Príomheilimintí an togra
An nós imeachta reachtach
Éilítear nós imeachta speisialta reachtach le glacadh dréacht-treorach: vóta d’aon toil sa Chomhairle, tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Níl sé d'oibleagáid ar an gComhairle ó thaobh dlí de an tuairim ón bParlaimint a chur san áireamh, ach de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní fhéadfaidh sí cinneadh a ghlacadh gan an tuairim sin a bheith faighte aici.
Coinníollacha maidir leis an sásra a fheidhmiú
I gcomhréir leis an togra, is iad seo a leanas na coinníollacha a chaithfidh Ballstát a chomhlíonadh ionas go bhféadfaidh sé an sásra aistrithe táillí ginearálaithe a fheidhmiú:
- ba cheart do bhearna CBL Ballstáit a bheith cúig phointe os cionn na meánbhearna CBL Eorpaí
- ba cheart don leibhéal calaoise rothlaí sa Bhallstát a bheith níos airde ná 25% dá bhearna CBL
- ba cheart don Bhallstát a chruthú nach leor gnáthbhearta chun dul i ngleic leis an gcineál seo calaoise
Thairis sin, sainítear sa togra go mbeadh trí mhí ag an gCoimisiún Eorpach leis an iarraidh ón mBallstát an sásra a fheidhmiú a údarú nó a dhiúltú, ag brath ar cibé ar comhlíonadh na ceanglais.
Ballstáit chomharsanachta
I gcomhréir leis an togra, Ballstát a bhfuil comhtheorainn aige leis an stát a bhfuil an sásra aistrithe táillí ginearálaithe á fheidhmiú aige, ba cheart údarú a thabhairt dó an sásra seo a fheidhmiú freisin, faoi choinníollacha áirithe.
An sásra a aisghairm
Moltar sa dréacht-treoir, i gcás ina mbeadh mórthionchar diúltach ar thrádáil laistigh de mhargadh inmheánach an Aontais tar éis an sásra a bheith tugtha isteach, go gcaithfí é a aisghairm, gan éifeacht chúlghabhálach, tar éis tréimhse sé mhí.
Teorainn ama
Moltar sa togra gur cheart go mbeadh an sásra i bhfeidhm go dtí an 30 Meán Fómhair 2022. Déanfaidh an Coimisiún é a mheasúnú ansin.
Féach freisin
-
1 Eanáir Sa Chomhairle
-
2018
-
2 Deireadh Fómhair Sásra aistrithe táillí comhaontaithe ag an gComhairle
Ar an 2 Deireadh Fómhair, chomhaontaigh an Chomhairle togra lena gceadófar maoluithe ó na gnáthrialacha CBL ar bhonn sealadach, d'fhonn gur fearrde cosc na calaoise CBL. Sa treoir atá beartaithe, tabharfar cead do na Ballstáit is mó atá buailte leis an gcalaois CBL aistriú ginearálaithe dliteanais CBL a chur chun feidhme ar bhonn sealadach.
Ní bheidh na Ballstáit in ann an sásra aistrithe táillí ginearálaithe a úsáid ach amháin:
- do sholáthairtí earraí agus seirbhísí os cionn tairseach €17 500 in aghaidh an idirbhirt
- go dtí an 30 Meitheamh 2022
- agus faoi choinníollacha teicniúla dochta
Go háirithe, i mBallstát ar mian leis beart den chineál sin a chur i bhfeidhm, ní foláir 25% den bhearna CBL a bheith i ngeall ar an gcalaois rothlach. Ar cheann de na ceanglais eile, beidh ar an mBallstát sin oibleagáidí iomchuí agus éifeachtacha maidir le tuairisciú a bhunú i ndáil le gach duine inchánach, go háirithe leo siúd a mbeadh feidhm ag an sásra ina leith.
"Beidh an treoir seo ina réiteach do na Ballstáit sin a bhfuil an chalaois rothlach ina gnás gréasach iontu. "Beart eisceachtúil atá teoranta ó thaobh ama de atá ann, agus d'fhéadfadh sé a bheith ina bhealach éifeachtúil le calaois CBL a chomhrac." Hartwig Löger, Aire Airgeadais na hOstaire, an tír ag a bhfuil Uachtaránacht na Comhairle sa dara leath de 2018Ní féidir le Ballstát úsáid a bhaint as an sásra aistrithe táille ginearálaithe ach i gcás ina mbeidh na critéir incháilitheachta bainte amach aige agus údarú na Comhairle faighte ag an iarraidh. Tá cur i bhfeidhm an bhirt seo faoi réir dianchoimircí de chuid an Aontais chomh maith.
Is féidir an sásra aistrithe táille a chur i bhfeidhm cheana féin ar bhonn sealadach, ach ní ar bhealach ginearálaithe. Faoi na rialacha atá ann faoi láthair, tá an sásra teoranta do liosta earnálacha réamhshocraithe. Ní féidir le Ballstát é a úsáid ach amháin má tá iarraidh shonrach déanta aige agus údarú faighte aige ón gComhairle déanamh amhlaidh.
Leis an treoir seo, tabharfar réiteachgearrthéarmach do na Ballstáit is mó atá buailte chun srian a choinneáil ar an gcalaois, go dtí go ndéanfar caibidlíocht maidir le córas nua, críochnaitheach CBL faoina ndéanfar cáin a ghearradh ar sholáthairtí sa tír is ceann scríbe dóibh. Thíolaic an Coimisiún le déanaí na tograí darb aidhm córas críochnaitheach a chur in ionad na socruithe reatha ‘idirthréimhseacha’ CBL.
Táthar ag súil go nglacfar an treoir gan tuilleadh plé a luaithe a thabharfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim uaithi.
-
13 Iúil An togra le haghaidh sásra aistrithe táillí CBL á phlé ag an gComhairle
Ag an gcruinniú a bhí aici ar an 13 Iúil 2018, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an togra maidir le sásra aistrithe táillí CBL. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis na hairí teacht ar chomhaontú agus chinn siad é a phlé arís ag an gcruinniú a bheidh acu i mí Dheireadh Fómhair.
-
25 Bealtaine Phléigh an Chomhairle an togra le haghaidh sásra aistrithe táillí CBL
Ar an 25 Bealtaine 2018, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an togra le haghaidh sásra aistrithe táillí CBL. Níorbh fhéidir leis na hairí teacht ar chomhaontú, áfach.
-
2017
-
16 Meitheamh Togra comhréitigh maidir leis an sásra aistrithe táille CBL pléite ag an gComhairle
Ag an gcruinniú a bhí aici ar an 16 Meitheamh, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an togra comhréitigh a d’ullmhaigh uachtaránacht na Comhairle d’fhonn teacht ar chomhaontú ar an dréacht-treoir. In ainneoin go ndearnadh dul chun cinn nach beag sna cainteanna, níor thángthas ar chomhaontú, mar nach mór glacadh d'aon ghuth le comhaontú laistigh den Chomhairle.
Beifear ag súil leis sin sa dara leath de 2017.
-
21 Márta Díospóireacht sa Chomhairle faoin sásra aistrithe táillí CBL
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, phléigh airí airgeadais an Aontais an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir leis an sásra aistrithe táillí CBL ginearálaithe.
Bhí de chuspóir leis an bplé treoir a fháil faoi raon feidhme na treorach a bheartaítear, faoi na critéir maidir le feidhmiú an tsásra aistrithe táillí, faoi aisghairm an tsásra agus faoin tréimhse a mbeadh sé i bhfeidhm.
Glacfar na tuairimí a cuireadh in iúl mar bhonn do thuilleadh oibre sa Chomhairle. -
27 Eanáir An togra curtha i láthair na Comhairle
Chuir an Coimisiún Eorpach togra maidir le feidhmiú sásra aistrithe táillí CBL ginearálaithe faoi bhráid na Comhairle. Bhí malartú tuairimí ag na hairí.
Thosaigh an Mheitheal um Cheisteanna Cánach - Cánachas Indíreach de chuid na Comhairle ag obair ar an togra. -
2016
-
21 Nollaig An togra maidir le feidhmiú ginearálta an tsásra aistrithe táillí CBL eisithe ag an gCoimisiún
D'eisigh an Coimisiún Eorpach an togra le haghaidh fheidhmiú sealadach an tsásra aistrithe táillí CBL ginearálaithe, arna iarraidh sin do na Ballstáit.
-
17 Meitheamh Phléigh airí airgeadais an bhféadfaí sásra aistrithe táillí CBL ginearálaithe a thabhairt isteach
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an bhféadfaí cead a thabhairt do Bhallstáit áirithe sásra aistrithe táillí CBL ginearálaithe a thabhairt isteach mar bhealach le cosc a chur ar chalaois CBL.
Thug an Coimisiún anailís ar fheidhmiú féideartha sásra den chineál sin san Ostair agus i bPoblacht na Seice.