Rátaí CBL laghdaithe do ríomhleabhair, ríomhnuachtáin agus ríomhthréimhseacháin
D'oibrigh an Chomhairle ar thogra chun treoir reatha an Aontais maidir le CBL a leasú ionas go mbeadh na Ballstáit in ann, dá mba mhian leo, rátaí CBL níos ísle a chur i bhfeidhm ar ríomhfhoilseacháin amhail ríomhleabhair, ríomhnuachtáin agus ríomhthréimhseacháin.
Is cuid d'iarracht fhorleathan an Aontais an dréacht-togra sin chun cáin bhreisluacha a nuachóiriú don gheilleagar digiteach i gcomhthéacs straitéis an Aontais maidir leis an margadh aonair digiteach.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoin togra i mí Dheireadh Fómhair 2018. Glacfaidh an Chomhairle í gan a thuilleadh plé ach a mbeidh an téacs críochnaitheach réidh i ngach teanga oifigiúil.
Cén fáth a ndearnadh an togra?
Sa chuid is mó de na tíortha san Aontas, déantar ríomhfhoilseacháin a mhuirearú ag ráta caighdeánach CBL (15% ar a laghad). I gcodarsnacht leis sin, féadfaidh foilseacháin ar mheáin fhisiciúla tairbhiú de rátaí atá i bhfad níos ísle ná sin, uaireanta chomh híseal le 0%.
Bheadh rialacha leasaithe an Aontais maidir le CBL ina gcabhair don Aontas chun a straitéis maidir le margadh aonair digiteach a bhaint amach, agus bheidís ina gcabhair le cos a choinneáil leis an dul chun cinn teicneolaíoch sa gheilleagar digiteach trí chéile.
Príomhghnéithe na dréacht-treorach leasaithe
Sa togra sin, ceanglaítear leasuithe a dhéanamh ar dhá airteagal agus ar Iarscríbhinn III a ghabhann le treoir reatha an Aontais maidir le CBL (2006/112/CE). Tríd is tríd, tagraítear sna leasuithe d'fhormáid na bhfoilseachán a bhféadfaí an ráta laghdaithe CBL a chur i bhfeidhm orthu.
Ina theannta sin, sonraítear sa dréachtleasú go "leanfaí de bheith ag gearradh cánach ar sholáthar inneachar nach n-áirítear ann ach ceol agus físeáin amháin de réir ráta caighdeánach CBL".
De réir an togra, chuirfí i bhfeidhm ag an ráta caighdeánach fós ar fhoilseacháin a n-áireofaí san inneachar iontu ceol agus físeáin "den chuid is mó". Bheadh an rogha ag na Ballstáit an téarma "den chuid is mó" a shonrú ina ndlí náisiúnta CBL féin. A bhuí leis an réiteach sin, bheadh na Ballstáit in ann leanúint de ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm ar chlosleabhair, ar chlosnuachtáin agus ar chlostréimhseacháin do dhaoine ar dhíth radhairc.
An nós imeachta reachtach
Ó tharla go mbaineann an treoir sin le réimse an chánachais, tá feidhm ag an nós imeachta reachtach speisialta. Faoin nós imeachta sin, glacann an Chomhairle gníomhartha dlí, tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
-
1 Eanáir
Sa Chomhairle
-
2018
2 Deireadh FómhairTá an Chomhairle tagtha ar chomhaontú lena gceadófar rátaí laghdaithe CBL le haghaidh ríomhfhoilseachán
Ar an 2 Deireadh Fómhair, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi thogra lena gceadófar do na Ballstáit rátaí laghdaithe, rátaí sárlaghdaithe nó rátaí nialasacha CBL a chur i bhfeidhm ar ríomhfhoilseacháin, agus lenar féidir, ar an dóigh sin, rialacha CBL do ríomhfhoilseacháin agus d'fhoilseacháin fhisiciúla a ailíniú.
Ní cheadófar rátaí sárlaghdaithe agus rátaí nialasacha, áfach, ach do Bhallstáit a chuireann na rátaí sin i bhfeidhm faoi láthair ar fhoilseacháin ‘fhisiciúla’.
Is go sealadach a bheidh na rialacha nua infheidhme, go dtí go dtabharfar isteach córas nua 'cinntitheach' CBL. Tá tograí le haghaidh an chórais nua eisithe ag an gCoimisiún, tograí a thabharfadh níos mó solúbthachta ná mar a thugtar faoi láthair do na Ballstáit agus rátaí CBL á socrú acu.
Glacfaidh an Chomhairle í gan a thuilleadh plé ach a mbeidh an téacs críochnaitheach réidh i ngach teanga oifigiúil.
-
2018
13 IúilPhléigh an Chomhairle togra maidir le rátaí laghdaithe CBL do ríomhfhoilseacháin
Ar an 13 Iúil, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an togra maidir le rátaí laghdaithe CBL do ríomhfhoilseacháin. Theip ar na hairí teacht ar chomhaontú agus chomhaontaigh siad go bpléifí an togra ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle i mí Dheireadh Fómhair.
-
2018
25 BealtainePhléigh an Chomhairle togra maidir le rátaí laghdaithe CBL do ríomhfhoilseacháin
Ar an 25 Bealtaine, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an togra maidir le rátaí laghdaithe CBL do ríomhfhoilseacháin. Theip ar na hairí teacht ar chomhaontú ag an tráth sin.
-
2017
16 MeitheamhTogra comhréitigh maidir le CBL do ríomhfhoilseacháin á phlé ag an gComhairle
Ar an 16 Meitheamh, phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an togra comhréitigh ó uachtaránacht na Comhairle maidir le rialacha nua CBL, d'fhonn teacht ar chomhaontú (cur chuige ginearálta na Comhairle). Ní rabhthas in ann teacht ar chomhaontú, áfach.
Bhíothas ag súil leis sin sa dara leath de 2017.
-
2017
21 MártaDíospóireacht sa Chomhairle faoin togra maidir le rátaí CBL do ríomhfhoilseacháin
Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí i ndáil leis an togra maidir le cur i bhfeidhm rátaí laghdaithe CBL ar ríomhfhoilseacháin a thabhairt isteach.
Díríodh sa phlé ar an bhféidearthacht nach rátaí 'laghdaithe' CBL amháin a chuirfí i bhfeidhm ar ríomhfhoilseacháin, ach rátaí 'sárlaghdaithe' agus rátaí 'nialasacha' CBL freisin.
Leanfaidh an Mheitheal um Cheisteanna Cánach leis an obair ar an togra i bhfianaise na ráiteas ó na hairí.
-
2016
14 NollaigTús curtha ag Meitheal na Comhairle um Cheisteanna Cánach leis an obair ar an togra
Thosaigh comhlacht ullmhúcháin na Comhairle - an Mheitheal um Cheisteanna Cánach - ag obair ar an togra.
-
2016
1 NollaigAn togra eisithe ag an gCoimisiún chun Treoir an Aontais maidir le CBL a leasú
D'eisigh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha a chuirtear i bhfeidhm ar leabhair, nuachtáin agus tréimhseacháin.
Is cuid de phacáiste CBL maidir leis an margadh aonair digiteach an togra, agus, i dteannta an togra maidir le ríomhfhoilseacháin, cuimsítear ann tionscnaimh reachtacha atá dírithe ar an méid seo a leanas:
- trádáil trasteorann a éascú
- calaois CBL a chomhrac
- iomaíocht chóir a áirithiú do ghnólachtaí de chuid an Aontais
-
2016
25 BealtaineIarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún togra i ndáil le CBL do ríomhfhoilseacháin a eisiúint
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an bplean gníomhaíochta i ndáil le CBL ina n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a thíolacadh, faoi dheireadh 2016, ina ndéanfaí forálacha a bhaineann le rátaí CBL do ríomhfhoilseacháin a chomhtháthú i gcomhthéacs tionscnamh de chuid an mhargaidh aonair dhigitigh.