"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 16 Bealtaine 2023
Na príomhthorthaí
Cánachas
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i dtaca lena seasamh (cur chuige ginearálta) i ndáil leis an treoir ‘DAC8’ maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais. Baineann na leasuithe go príomha le tuairisciú agus malartú uathoibríoch faisnéise maidir le cripteashócmhainní agus réamhrialuithe cánach do na daoine is saibhre. Is é an aidhm atá ann an creat reachtach atá ann cheana a neartú tríd an raon feidhme maidir le hoibleagáidí clárúcháin agus tuairiscithe agus comhar riaracháin foriomlán na riarachán cánach a mhéadú.
Sa lá atá inniu ann táimid ag neartú na rialacha maidir le comhar riaracháin agus ag dúnadh bealaí éalaithe a úsáideadh roimhe seo chun cánachas ioncaim a sheachaint. Laghdaíonn sé sin an baol go n-úsáidfear cripteashócmhainní mar thearmann sábháilte le haghaidh seachaint cánach agus calaois chánach. Is sampla eile é an comhaontú de cheannródaíocht an Aontais maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán domhanda.
Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
An creat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí
Thíolaic an Coimisiún na tograí uaidh a bhaineann leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistíochta géarchéime banc agus árachais taiscí. Thug na hairí a dtuairimí tosaigh. Leanfar den mhionanailís ar na tograí anois ar leibhéal shaineolaithe na mBallstát.
Chuir an Uachtaránacht staid na himeartha i láthair maidir leis na tograí reachtacha i réimse na seirbhísí airgeadais.
Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle an rialachán maidir le margaí cripteashócmhainní (MiCA) chomh maith le ceann de na rialacháin atá sa phacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid. Cuirfidh an dara rialachán sin feabhas ar infhaighteacht faisnéise maidir le haistrithe cripteashócmhainní agus beidh sé níos deacra cripteashócmhainní a mhí-úsáid chun críche sciúrtha airgid.
Tá an-áthas orm go bhfuilimid ag comhlíonadh ár ngealltanas tús a chur le rialáil na hearnála cripteashócmhainní. Is léir ó na himeachtaí a tharla le déanaí go bhfuil géarghá le rialacha a thabharfaidh cosaint níos fearr do na hEorpaigh sin a rinne infheistíocht sna sócmhainní sin, chun mí-úsáid cripteashócmhainní chun críche sciúrtha airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc.
Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Tá an tAontas á dhéanamh níos casta cripteashóchmhainní a mhí-úsáid le haghaidh sciúradh airgid
Tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin
Rinne an Chomhairle breithniú ar thionchar eacnamaíoch agus airgeadais chogadh na Rúise ar an Úcráin, agus tugadh aird ar leith ar na saincheisteanna a bhain le cúrsaí custaim. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi chur i bhfeidhm na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, agus tugadh suntas ar leith don fhéidearthacht teacht timpeall ar bhearta sriantacha maidir le hearraí a onnmhairiú agus a allmhairiú ó thaobh custaim de.
Maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le cur chun feidhme na saoráide, agus bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú faoi cheisteanna éagsúla, ina measc an t-éileamh ar iasachtaí RRF mar aon leis an taithí a fuarthas ar struchtúr feidhmíochtbhunaithe na Saoráide.
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi phríomhthorthaí chruinniú airí airgeadais agus ghobharnóirí bainc ceannais G20 agus torthaí chruinnithe earraigh CAI, a tionóladh an 10-16 Aibreán 2023.
Seimeastar Eorpach: Beartas eacnamaíoch an limistéir euro
Gan phlé, ghlac an Chomhairle moladh sonrach uaithi maidir le beartais eacnamaíocha an limistéir euro. An 17 Eanáir 2023, d’fhormheas an Chomhairle an téacs, faoi réir an athbhreithnithe dhlítheangeolaíoch, agus d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach é ag an gcruinniú a bhí aici an 23–24 Márta 2023.
Mar mhíreanna gan phlé, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 1/2023 a bhaineann le coigeartuithe teicniúla, lena n-áirítear maidir le REPowerEU, CBAM agus clár MSU, agus d’fhormheas sí aistriú buiséadach Uimh. DEC 07/2023. Lean an Chomhairle dá cuid oibre ar bhuiséad bliantúil an Aontais, 2024, d’fhormheas sí ráiteas comhpháirteach maidir leis na dátaí don nós imeachta buiséadach agus módúlachtaí d’fheidhmiú an Choiste Idir-réitigh in 2023.
Ghlac an Chomhairle rialachán freisin lena ndírítear ar riosca an dífhoraoisithe agus an díghrádaithe foraoise a íoslaghdú a bhaineann le táirgí a chuirtear ar fáil, a allmhairítear isteach i margadh an Aontais nó a onnmhairítear ó mhargadh an Aontais. Tá an tAontas Eorpach ina thomhaltóir agus ina thrádálaí mór tráchtearraí mar shampla ola pailme, eallach, adhmad, caife, cócó, rubar agus soighe agus táirgí a dhíorthaítear uathu siúd, seacláid, táirgí cúraim phearsanta agus troscán adhmaid, cuir i gcás. Is é is aidhm do na rialacha nua a chinntiú, le tomhaltas agus trádáil na dtráchtearraí agus na dtáirgí sin ar mhargadh an Aontais, nach gcuirfear le dífhoraoisiú agus le héiceachórais foraoise a dhíghrádú a thuilleadh.
Idirphlé eacnamaíoch agus airgeadais idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc
Ar imeall Ecofin, tháinig ionadaithe de chuid Bhallstáit an Aontais, ionadaithe ó na Balcáin Thiar agus ón Tuirc, ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach, chomh maith le hionadaithe ó bhainc cheannais na mBalcáin Thiar agus na Tuirce le chéile dá n-idirphlé bliantúil maidir leis an mbeartas eacnamaíoch. Is é is aidhm don idirphlé ullmhúchán a dhéanamh do rannpháirtíocht na mBalcán Thiar agus na Tuirce amach anseo sa Seimeastar Eorpach, (Montainéagró, Poblacht na Seirbia, an Mhacadóin Thuaidh, Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin,, agus Poblacht na Tuirce, ar tíortha is iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas iad, agus an Chosaiv* atá ina hiarrthóir ionchasach).
D’fhormhuinigh na rannpháirtithe na conclúidí comhpháirteacha inar leag siad béim ar an leas coiteann atá acu freagairtí beartais iomchuí a shainiú ar na suaití díobhálacha a tharla le déanaí, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíoch atá ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Leag na rannpháirtithe béim ar an gcomhsheasamh atá ag an Aontas agus ag na Balcáin Thiar agus ag an Tuirc i ndáil le cáineadh fíorghéar a dhéanamh ar an bhfogha míleata leanúnach atá á tabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin.
*Ní dochar an t-ainmniú sin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.