"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais
An Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, 16 Meitheamh 2023
Na príomhthorthaí
Ba é sin cruinniú deireanach na Comhairle i bhfoirmíocht Ecofin faoi Uachtaránacht na Sualainne. Thug Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne, an fhreagracht as cúrsaí Ecofin dá comhghleacaí Spáinneach, Nadia Calviño
Cánachas: CBL sa ré dhigiteach
Reáchtáil na hairí díospóireacht bheartais maidir leis an bpacáiste reachtach seo agus thug siad treoir pholaitiúil i ndáil le roinnt príomh-shaincheisteanna a bhí ina n-ábhar plé go dtí seo ar leibhéal shaineolaithe na mBallstát.
Ní mór dár gcórais bailithe CBL coinneáil suas leis an aistriú digiteach ionas gur féidir linn calaois chánach a chomhrac go héifeachtach. Ba é an cur chuige a bhí againn i leith an chomhaid seo ná frithchuimiltí laistigh den mhargadh inmheánach agus an t-ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a laghdú i gcomhair gnólachtaí agus riaracháin chánach araon. Is díol sásaimh dom tacaíocht na n-airí.
Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an athchóiriú atá beartaithe ar an gcreat rialachais eacnamaíoch. An 14 Márta, chomhaontaigh an Chomhairle treoirlínte maidir leis an athchóiriú sin.
Tá sé tábhachtach gurb iad tosaíochtaí na Comhairle ó mhí an Mhárta ar aghaidh an t-ábhar treorach i gcónaí le linn na caibidlíochta. Leag na hairí béim air sin sa phlé a bhí acu.
Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
Is éard atá i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais sraith comhrialacha do bheartais fhioscacha agus eacnamaíocha náisiúnta a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit uile. Bhí ról lárnach aige i gcoimirciú an fháis agus na cobhsaíochta maicreacnamaíocha san Aontas agus chuidigh sé leis na Ballstáit a gcuid spriocanna maidir leis an mbeartas eacnamaíoch agus fioscach a bhaint amach. Is é is aidhm do na rialacha comhchoiteanna sin inbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí a chinntiú agus cóineasú a chur chun cinn agus, ag an am céanna, aghaidh á tabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.
Treoirlínte na Comhairle le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (Grafaic faisnéise)
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme lena bhformheasfar plean leasaithe téarnaimh agus athléimneachta na hEastóine. Is é plean na hEastóine anois an chéad phlean náisiúnta ina gcuimsítear caibidil REPowerEU.
Le linn 2023, táthar ag súil go ndéanfaidh gach ceann de na 27 mBallstát pleananna athbhreithnithe téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh de réir a chéile chun rochtain a fháil ar dheontais nua REPowerEU, chun iasachtaí atá ar fáil a iarraidh, chun leithdháileadh nuashonraithe na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh, nó chun aistriú cistí ó chláir eile a iarraidh.
D’fhormheas an Chomhairle a moltaítírshonrachamaidir le cláir náisiúnta athchóirithe 2023 agus thug sí a tuairimí maidir leis na cláir nuashonraithe chobhsaíochta nó chóineasaithe. D’fhormheas na hairí na moltaí ón gComhairle d’fhonn iad a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena bhformhuiniú.
Tá an-áthas orm gur thángamar ar chomhaontú maidir le moltaí tírshonracha. Cuirfidh sé sin leis an gcuspóir foriomlán atá againn an fás a mhéadú agus ár n-athléimneacht a neartú. I bhfianaise chogadh na Rúise ar an Úcráin agus na staide deacra eacnamaíche, tá sé ríthábhachtach athléimneacht ár ngeilleagar a chinntiú agus beartais fhioscacha fhreagracha a shaothrú.
Elisabeth Svantesson, Aire Airgeadais na Sualainne
Leis an Seimeastar Eorpach, a tugadh isteach in 2011, is féidir le Ballstáit an Aontais a mbeartais eacnamaíocha, fhioscacha agus fostaíochta a chomhordú i gcaitheamh na bliana agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha atá os comhair an Aontais.
Tionchar eacnamaíoch agus airgeadais fhogha na Rúise faoin Úcráin
Phléigh na hairí na hiarmhairtí eacnamaíocha agus airgeadais atá ag fogha na Rúise faoin Úcráin. Dhírigh siad go háirithe ar staid eacnamaíoch agus airgeadais na hÚcráine. Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais don Úcráin.
Le linn 2023, chun leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin, tá an tAontas ag cur pacáiste tacaíochta ar fáil nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ar a dtugtar an ionstraim um chúnamh macra-airgeadais plus (MFA +), ar luach suas le €18 mbilliún, i bhfoirm iasachtaí ard-lamháltais, ar eisíocadh €7.5 billiún de cheana féin leis an Úcráin i dtráinsí míosúla de €1.5 billiún. Tá sé beartaithe an chéad tráinse eile (€1.5 billiún) a eisíoc níos déanaí i mí an Mheithimh.
Thug na hairí treoir maidir le tuilleadh oibre i ndáil leis an ullmhúchán do chruinniú G20 na n-airí airgeadais agus ghobharnóirí na mbanc ceannais ón 14 go dtí an 18 Iúil 2023.
Is éard atá i gcruinnithe G20 na n-airí airgeadais agus gobharnóirí na mbanc ceannais ná fóram inar féidir leis na príomhthíortha sa chóras airgeadais idirnáisiúnta mór-shaincheisteanna eacnamaíocha idirnáisiúnta a phlé agus fás cobhsaí inbhuanaithe an gheilleagair dhomhanda a chomhordú.
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an dul chun cinn a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair le linn Uachtaránacht na Sualainne (mí Eanáir go mí an Mheithimh 2023).
Tuarascáil chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach
D’fhormheas an Chomhairle an tuarascáil leathbhliantúil ó Ecofin chuig an gComhairle Eorpach maidir le saincheisteanna cánach. Tugtar forléargas sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh sa Chomhairle le linn thréimhse Uachtaránacht na Sualainne, chomh maith le forléargas ar staid na himeartha i ndáil leis na sainchomhaid is tábhachtaí atá faoi chaibidil i réimse an chánachais.
Tuarascáil ar dhul chun cinn idir an tAontas agus ECAT
Mar mhír gan phlé, thug an Chomhairle dá haire an t-ochtú tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na 74 thogra chomhchoiteanna a d’fhormhuinigh comhairlí an Aontais agus ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017. Déantar cur síos sa tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh idir mí an Mheithimh 2022 agus mí na Bealtaine 2023, agus leagtar béim inti ar dhul chun cinn nithiúil i ngach réimse comhair.
Mar mhír gan phlé, ghlac an Chomhairle a seasamh maidir le dréacht-dlí lena gcuirtear síneadh leis an spriocdháta lena gcuirfear ar chumas an Choimisiúin maoiniú a chur ar fáil i gcomhair eitleáin agus héileacaptair chomhraic dóiteáin. Ós rud é nach féidir cúlchistí rescEU – lena n-áireofar flít eitleán agus héileacaptar comhraic dóiteáin – a thabhairt chun críche roimh dheireadh 2024, ní mór síneadh a chur leis an idirthréimhse lena gceadaítear don Choimisiún maoiniú a thabhairt do na Ballstáit chun acmhainneachtaí náisiúnta aerchomhraic dóiteáin a leithdháileadh.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.