- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Preaseisiúint
- 13 Deireadh Fómhair 2017 20:10
Bainistiú níos fearr ar thalamh agus ar fhoraoisí san Aontas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun gealltanais Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh
Ar an 13 Deireadh Fómhair, chomhaontaigh an Chomhairle Comhshaoil a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) le haghaidh rialachán lena mbunófar rialacha nua cuntasaíochta agus gealltanais cheangailteacha do na Ballstáit chun a áirithiú go mbainfear úsáid as tailte agus foraoisí ar fud an Aontais ar bhealaí níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid thar an tréimhse 2021-2030. Cinnteofar leis sin go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus go dtabharfar cosaint níos fearr don aeráid.
Cumhdaítear leis an earnáil a bhaineann le talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF) úsáid ithreacha, crann, plandaí, bithmhaise agus adhmaid agus tá tréith ar leith ag an earnáil sin, ní hamháin go n-astaíonn sí CO₂ ach go n-ionsúnn sí an gás céanna, atá ar cheann de na gáis cheaptha teasa.
Cinnteofar leis an rialachán seo go gcuirfear san áireamh i sprioc fhoriomlán an Aontais Eorpaigh gach astú agus ionsú ó earnáil LULUCF, sprioc darb aidhm astaíochtaí a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030, mar a comhaontaíodh i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030 agus mar a gealladh i gComhaontú Pháras.
Beidh ar LULUCF, mar aon le hearnálacha eile nach gcumhdaítear faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais, a gcion féin a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach agus astaíochtaí a laghdú 30% faoi 2030le hais leibhéil 2005.
Leis an gcur chuig ginearálta seo, tá an Chomhairle ar tinneall tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpad'fhonn téacs deiridh a chomhaontú.
Is ollmhór an acmhainneacht atá ag ár bhforaoisí agus ár dtailte tionchair an athraithe aeráide a mhaolú. Ní mór dúinn iad a úsáid ar bhealach cliste nach ndéanann díobháil don aeráid. Cuirfidh an rialachán seo ar ár gcumas ár bhforaoisí a chosaint agus ár n-acmhainní glasa a bhainistiú níos fearr. Is den ríthábhacht sin dár bpláinéad agus cuideoidh sé linn na gealltanais a thugamar i gComhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chomhlíonadh. Táimid réidh le tús a chur leis an bplé leis an bParlaimint.
Siim Kiisler, Aire Comhshaoil Phoblacht na hEastóine
Tacaíonn seasamh na Comhairle leis an dá phríomhghné atá le togra an Choimisiúin: na rialacha cuntasaíochta nuashonraithe chun a áirithiú go gcuirfear gach astú agus ionsú thar an tréimhse seo sa chuntas, agus an gealltanas, a leagadh síos le haghaidh na mBallstát, nach mó na hastaíochtaí ná na haistrithe (an "riail do thoradh neodrach nó dearfach").
Measann an Chomhairle, mar aon leis an gCoimisiúin, gur den tábhacht a áirithiú go ndéanfadh gach tír de chuid an Aontais cothromaíocht a chothabháil idir iomlán a cuid astaíochtaí san earnáil sin agus méid an CO₂ a dhéantar a ionsú, mar shampla trí phlandú nua nó trí mhaoirseacht fheabhsaithe a dhéanamh ar na foraoisí, ar an talamh curaíochta agus ar na féarthailte ina dtír féin. Sa chur chuige ginearálta uaithi, chuir an Chomhairle isteach freisin an tsolúbthacht lena bhfuil sí ag iarraidh cuidiú leis na Ballstáit an riail seo a chomhlíonadh.
Ba mhian leis an gComhairle, áfach, go gcinnfí na leibhéil tagartha foraoise náisiúnta ar bhonn na tréimhse stairiúla 2000-2009 in áit na tréimhse 1990-2009 mar a mhol an Coimisiún i dtús báire.
Ina theannta sin, chomhaontaigh an Chomhairle solúbthacht talaimh foraoise bainistithe nua a thabhairt isteach, mar shásra cúitimh dar comh-mhéid (i dtréimhse deich mbliana) 360 milliún tona CO2 – is ionann sin agus méid na linne bliantúla, ar an meán, sa tréimhse 2000-2009. Is é is príomhaidhm leis sin cuidiú leis na Ballstáit sin ar dócha go mbeidh deacrachtaí acu an "riail do thoradh neodrach nó dearfach" a chomhlíonadh in ainneoin a gcuid luathiarrachtaí linn a gcuid foraoisí a choimeád nó a mhéadú.
Is féidir leis na Ballstáit uile tairbhe a bhaint as an sásra seo sa tréimhse 2021-2030. Tá feidhm ag coinníollacha daingne áirithe, áfach. Mar shampla, is gá an "riail do thoradh neodrach nó dearfach" a chomhlíonadh le haghaidh an Aontais Eorpaigh ina iomláine sular féidir an sásra a úsáid. Is ar an dóigh sin a dhéanfar uaillmhian bheartas aeráide an Aontais a chothabháil go hiomlán.
Ar an gcoinníoll go mbíonn linn fós á cruthú ag a gcuid foraoisí náisiúnta, beidh tíortha an Aontais i dteideal cúiteamh a fháil; ní rachaidh luach an chúitimh sin os cionn méid réamhbhunaithe, a ríomhfar i gcás gach Ballstáit de réir mhéid na linne bliantúla a bhí acu, ar an meán, i gcaitheamh na tréimhse 2000-2009. Is leis an gcoinníoll seo a áirithítear sláine chomhshaoil an tsásra.
Dhírigh an Chomhairle ar imthosca speisialta na Fionlainne trí chúiteamh breise dar luach 10 milliún tona de choibhéis CO₂ a leithdháileadh di don tréimhse 2021-2030.
Amlíne agus na chéad chéimeanna eile
Sna conclúidí uaithi i mí Dheireadh Fómhair 2014, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach creat aeráide agus fuinnimh 2030 ina leagtar amach treoirlínte soiléire maidir le hastaíochtaí a laghdú san Aontas. Ar a bhonn sin, thíolaic an Coimisiún Eorpach tograí le haghaidh dhá rialachán maidir leis na hearnálacha nach dtagann faoin gcóras trádála astaíochtaí: LULUCF agus comhroinnt díchill.
D'fhorbair an plé ar na hearnálacha nach dtagann faoin gcóras trádála astaíochtaí in éineacht le chéile mar gheall ar na naisc iomadúla idir an dá thogra. Tionóladh díospóireacht bheartais ag an gComhairle Comhshaoil ar an 17 Deireadh Fómhair 2016 agus tugadh airí comhshaoil an Aontais cothrom le dáta maidir le staid na hoibre ar an 19 Nollaig 2016. I mí an Mheithimh 2017, phléigh an Chomhairle Comhshaoil an dul chun cinn a rinneadh go dtí sin maidir leis na comhaid sin.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar LULUCF i seisiún iomlánach ar an 13 Meán Fómhair 2017.
Le glacadh an chur chuige ginearálta seo inniu, is féidir tús a chur anois leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
- @eri_dimopoulou
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Eanáir 2024