"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí fostaíochta agus beartais shóisialta, 15 Márta 2021
Na príomhthorthaí
Phléigh na hairí fostaíochta agus beartais shóisialta réimse leathan comhad, go háirithe na beartais fostaíochta agus shóisialta sa Seimeastar Eorpach, Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, chomh maith le beartais agus tionscnaimh comhionannais agus neamh-idirdhealaithe.
Beartais fostaíochta agus shóisialta sa Seimeastar Eorpach i gcomhthéacs na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta
Bhí malartú tuairimí acu freisin faoi bheartais fostaíochta agus shóisialta i Seimeastar Eorpach 2021 i gcomhthéacs na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (RRPanna). D’aontaigh tromlach mór na n-airí nach mór don fhostaíocht agus don chosaint shóisialta chomh maith le comhrac na bochtaineachta a bheith ina bpríomhthéamaí i RRPanna na mBallstát. Thacaigh go leor airí le bearta chun margadh an tsaothair a lánpháirtiú do dhaoine a chaill a bpost le linn na paindéime.
Dhírigh na hairí go háirithe ar an ngá atá le dlús a chur le hathsciliú agus le huas-sciliú oibrithe na hEorpa ionas go mbeidh siad in ann a bheith iomaíoch i gcónaí, agus chun a n-athléimneacht a mhéadú i leith na ndúshlán atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Leag roinnt mhaith airí béim freisin ar an tosaíocht shoiléir atá acu aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus cabhrú le hEorpaigh óga dul isteach i margadh an tsaothair.
Cloch mhíle a bheidh sa Chruinniú Mullaigh Sóisialta a bheidh ar siúl in Porto ó thaobh samhail shóisialta na hEorpa a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad leibhéal eile, ní hamháin dár n-uachtaránacht féin ach don Aontas ina iomláine.
Ana Mendes Godinho, Aire Saothair, Dlúthpháirtíochta agus Slándála Sóisialta na Portaingéile
Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta
Phléigh na hairí Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a foilsíodh le déanaí, agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le cuspóirí an phlean chun Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí a thógáil. Mheas na toscaireachtaí go raibh na spriocanna cáilíochtúla agus cainníochtúla ar leibhéal an Aontais a leagadh síos sa phlean an-uaillmhianach, ach réadúil, agus gheall siad go n-oibreoidís i dtreo na n-aidhmeanna sin. Ba dhíol sásaimh do na hairí freisin an t-athbhreithniú atá beartaithe ar an scórchlár sóisialta mar bhunús chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phrionsabail an Cholúin faoi chuimsiú phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.
Bhí an tacaíocht do thionscnaimh amhail an ráthaíocht leanaí agus an t-ardán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac láidir, mar leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht agus easpa dídine i measc leanaí san Aontas.
Rinne na hairí cur síos freisin ar a mbeartais ghníomhacha do mhargadh an tsaothair, atá curtha chun feidhme cheana féin nó atá beartaithe laistigh dá bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun tacú le téarnamh láidir atá dírithe ar an todhchaí, chun ullmhú don aistriú digiteach agus glas, agus athruithe déimeagrafacha ár sochaithe á gcur san áireamh freisin. Chuir a lán toscaireachtaí in iúl gur tosaíocht thábhachtach iad athsciliú agus uas-sciliú na n-oibrithe.
Comhionannas, neamh-idirdhealú agus éagsúlacht san Aontas
Díríodh sa díospóireacht bheartais ar bhealaí chun an comhionannas, an neamh-idirdhealú agus an éagsúlacht a neartú mar thosaíocht bheartais san Aontas. D’aithin roinnt mhaith airí go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh ar go leor saoránach san Aontas, agus leag siad béim ar an ngá atá ann leanúint de bheith ag obair chun gach saoránach a chosaint ar gach cineál idirdhealaithe. Chuaigh paindéim COVID-19 i bhfeidhm go díréireach ar mhná agus ar ghrúpaí leochaileacha eile agus chuir sí leis an idirdhealú.
Thacaigh na hairí a bheag nó a mhór le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun an comhionannas a chur chun cinn, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé an beartas comhionannais a chomhtháthú i dtionscnaimh chothrománacha ábhartha. Thagair siad freisin do straitéisí náisiúnta agus do thionscnaimh bheartais lena ndírítear ar ghrúpaí éagsúla a chosaint a d’fhéadfadh a bheith thíos le hidirdhealú, lena n-áirítear ar bhonn inscne, aoise, gnéaschlaonta, reiligiúin nó creidimh, bunadh eitneach nó ciníoch agus míchumais. Leag roinnt airí béim go háirithe ar an tábhacht a bhaineann le hiarrachtaí leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn, chun an ciníochas a chomhrac, lena n-áirítear idirdhealú i gcoinne na Romach agus chun cearta an phobail LADTIA a chosaint.
Is díol suaimhnis dom a fheiceáil go bhfuilimid go léir tiomanta d’aontas luachanna agus do shochaí shábháilte inar féidir le gach duine barr a gcumais a bhaint amach. Tá raon leathan straitéisí náisiúnta dírithe ar dhul i ngleic leis an idirdhealú agus, in ainneoin na bpointí tosaigh éagsúla sna Ballstáit, tá mé suite de go mbeimid in ann deireadh a chur leis na bacainní le chéile.
Mariana Vieira da Silva, Aire Stáit d’Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle na nAirí
Aon ghnó eile
An t-ardán Eorpach chun an easpa dídine a chomhrac
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin ardán Eorpach atá beartaithe chun an easpa dídine a chomhrac agus chomhroinn an uachtaránacht a pleananna maidir le comhdháil ardleibhéil faoin easpa dídine a óstáil i Liospóin an 21 Meitheamh.
Páipéar uaine maidir le haosú
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin bpáipéar uaine uaidh maidir le haosú a eisíodh le déanaí, ina ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha san Eoraip.
An t-aosú a phríomhshruthú
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi ghlacadh na gconclúidí ón gComhairle, trí nós imeachta i scríbhinn, maidir le príomhshruthú an aosaithe. Iarrtar ar na Ballstáit sna conclúidí Creat Straitéiseach Náisiúnta a ullmhú maidir leis an Aosú a Phríomhshruthú, chomh maith le tionscnaimh eile lena gcuirfí ar chumas daoine scothaosta ar fud an Aontais leas a bhaint as a gcearta bunúsacha agus barr a gcumais a bhaint amach.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a bheidh ar siúl an 24 Márta 2021, díreach roimh Chomhairle Eorpach mhí an Mhárta.
Cláir oibre an Choiste Fostaíochta agus an Choiste Coimirce Sóisialta do 2021
Chuir Cathaoirligh an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta, ar coistí comhairleacha beartais do na hairí i gComhairle EPSCO iad, chuir siad na hairí ar an eolas faoina gcláir oibre do 2021 a dhíreoidh den chuid is mó ar Phlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Moladh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi ghlacadh an mholta ón gComhairle, trí nós imeachta i scríbhinn, maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach. Leis an moladh, cuirtear dlús le tiomantas na mBallstát an t-idirdhealú i gcoinne na Romach a chomhrac go héifeachtach agus a gcuimsiú a chur chun cinn sna príomhréimsí oideachais, fostaíochta, sláinte agus tithíochta.
Plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas, 2020-2025
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi Phlean Gníomhaíochta Frithchiníochais an Aontais, a tíolacadh den chéad uair i mí Mheán Fómhair 2020.
Bearta ceangailteacha trédhearcachta pá
Chuir an Coimisiún an togra le haghaidh treorach, a tháinig uaidh le déanaí, faoi bhráid na n-airí chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach, idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus trí shásraí forfheidhmiúcháin.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.