"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 30 Samhain 2023
Na príomhthorthaí
Uathriail straitéiseach oscailte (sláinte)
Bhí seisiún tuairimíochta poiblí ag na hairí maidir le huathriail straitéiseach oscailte an Aontais i réimse na sláinte.
Chuir go leor airí in iúl go dtacaíonn siad le plé ar uathriail straitéiseach oscailte an Aontais i réimse na sláinte agus le comhar méadaithe ón Aontas chun slándáil an tsoláthair a chinntiú.
Ba dhíol sásaimh dóibh an teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí maidir le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais cógas san Aontas, go háirithe an chuid a bhain le liosta a bhunú de na cógais leighis chriticiúla san Aontas agus bunú Chomhghuaillíocht um Chógais Leighis Chriticiúla.
Rinne siad machnamh ar an tionchar a bhíonn ag bearta láithreacha agus fadtéarmacha ar ghanntanais cógas, a fógraíodh i dtionscnaimh le déanaí. Labhair na hairí sláinte faoina gcuid taithí sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta agus bhí seisiún tuairimíochta acu maidir le bearta a d’fhéadfadh a bheith ann lena gcuirfí uathriail straitéiseach sláinte chun cinn ar leibhéal an Aontais.
Chuir stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, Emer Cooke, peirspictíocht na Gníomhaireachta agus faisnéis maidir lena gníomhaíochtaí ábhartha ar fáil do na hairí sláinte freisin.
Ghlac na hairí conclúidí maidir leis an meabhairshláinte: rinne siad a meas ar bhearta nithiúla atá le déanamh chun fadhbanna meabhairshláinte a chosc agus a chóireáil ar leibhéil, in earnálacha agus d’aoiseanna éagsúla. Ní mór an mheabhairshláinte a fheabhsú ar mhaithe leis an duine aonair, ar mhaithe leis an tsochaí agus ar mhaithe leis an ngeilleagar; díríonn na conclúidí ar thús áite a thabhairt don mheabhairshláinte ar an leibhéal náisiúnta, trí phleananna gníomhaíochta nó straitéisí agus comhar i measc na mBallstát féin agus leis an gCoimisiún.
Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an meabhairshláinte agus ar an dea-bhail i gcomhthéacsanna éagsúla ar feadh an tsaoil, rud a théann chun tairbhe do dhaoine aonair agus don tsochaí araon. Aithnítear iontu an ról tairbhiúil atá ag an bpobal, an scoil, an spórt agus an cultúr chun an mheabhairshláinte agus an dea-bhail mheabhrach a neartú ar feadh an tsaoil.
Mar is eol do chách, táimid i ré ghéarchéime atá tar éis dochar mór a dhéanamh do mheabhairshláinte mhuintir na hEorpa. Tá an mheabhairshláinte san Eoraip, a bhí go dona cheana féin, dulta in olcas de dheasca phaindéim COVID-19, fhogha na Rúise faoin Úcráin agus an ghéarchéim aeráide féin — agus níl iontu siúd ach cuid de na suaite. Ní mór an mheabhairshláinte a fheabhsú ar mhaithe leis an tsochaí agus an geilleagar. Is cúis ollmhór áthais dom é go bhfuilimid tagtha ar chomhthoil sna conclúidí seo atá formheasta againn maidir le saincheisteanna criticiúla, mar shampla, gur gá dúinn cur chuige leathan a bheith againn ó thaobh na meabhairshláinte de lena gcumhdaítear na beartais uile agus a aithníonn an bhaint a bhíonn ag cúrsaí sóisialta, comhshaoil, agus eacnamaíocha leis an meabhairshláinte.
Mónica García Gómez, Aire Sláinte na Spáinne
Iarrtar sna conclúidí ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta nó straitéiseacha a ullmhú a bhfuil cur chuige trasearnála maidir leis an meabhairshláinte acu, cur chuige a thugann aghaidh ní hamháin ar na tosca a bhaineann leis an tsláinte, ach freisin orthu siúd a bhaineann leis an bhfostaíocht, leis an oideachas, an digiteáil agus an intleacht shaorga, an cultúr, an comhshaol, an aeráid, agus rudaí nach iad.
Comhaid reachtacha a bhaineann leis an tsláinte atá idir lámha faoi láthair
Chuir Uachtaránacht na Spáinne na hairí ar an eolas faoi na comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair agus faoi staid na himeartha a bhaineann leo, cuir i gcás an rialachán maidir le táillí na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (atá le glacadh go foirmiúil go luath), an rialachán maidir le substaintí de bhunús daonna, an rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, agus an pacáiste cógaisíochta.
Chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún eolas ar fáil maidir leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair i ndáil leis an gcomhaontú idirnáisiúnta ar phaindéimí.
Le linn Uachtaránacht na Spáinne, tháinig na Ballstáit le cheile roinnt uaireanta ar leibhéal na saineolaithe agus bhí plé straitéiseach acu maidir le spriocanna agus tosaíochtaí an Aontais agus maidir le ról an Aontais sa chaibidlíocht.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin téacs caibidlíochta is déanaí a scaip an comhlacht a bhunaigh an Comhthionól Domhanda Sláinte an 16 Deireadh Fómhair 2023 chun an comhaontú idirnáisiúnta ar phaindéimí a dhréachtú agus a chaibidliú. Cé gur céim chun feabhais é an téacs i gcomparáid leo siúd a bhí ann roimhe seo, tá imní fós ar an Aontas maidir le roinnt forálacha, iad siúd a bhaineann le cosc agus ullmhacht i ndiaidh phaindéim COVID-19 agus bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh an uair úd, cuir i gcás.
Tá an tAontas Eorpach tiomanta i gcónaí don chaibidlíocht sin agus tá sé réidh le leanúint den phlé ar bhealach cuiditheach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Thug Uachtaránacht na Spáinne forléargas ar na comhdhálacha agus ar na himeachtaí a eagraíodh le linn a téarma. I seisiún neamhphoiblí, chuir Uachtaránacht inteachta na Beilge na hairí ar an eolas faoina clár oibre sa réimse sláinte.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Ar deireadh, le linn an lóin, bhí díospóireacht ag na hairí sláinte maidir le cur chuige cuimsitheach chun dul i ngleic le murtall leanaí ar fud na hEorpa.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.