Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 9 Deireadh Fómhair 2023

Na príomhthorthaí

Tháinig airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an Aontais le chéile i Lucsamburg chun Seimeastar Eorpach 2023 agus tionchar na dteicneolaíochtaí nua ar an saothar a phlé. Tháinig siad ar chomhaontú polaitiúil maidir le moladh i ndáil le creat tacaíochta don gheilleagar sóisialta a fhorbairt. Ina theannta sin, d'fhormheas siad na conclúidí ón gComhairle maidir leis an meabhairshláinte agus an obair fhorbhásach, rochtain chomhionann ar thithíocht leormhaith dhídheighilte don phobal Romach agus an chosaint shóisialta do dhaoine féinfhostaithe. Thairis sin, bhí díospóireacht ag na hairí freisin maidir le córais cosanta sóisialta na hEorpa a chomhdhlúthú agus a neartú.

An Seimeastar Eorpach agus díospóireacht bheartais maidir le haistriú cóir digiteach

Faoin chuid a bhain leis an Seimeastar Eorpach, bhí díospóireacht ag na hairí faoi thionchar na dteicneolaíochta nua ar an saothar agus an conair Eorpach i dtreo aistriú cóir digiteach. Go háirithe, leag na hairí béim ar an ngá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir deiseanna agus rioscaí, mar shampla méadú na bearna digití agus an gá atá le scileanna agus foghlaim ar feadh an tsaoil agus a thábhachtaí atá cearta saothair agus sóisialta. Thagair siad do dheiseanna agus rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus le digitiú, bainistiú algartamach san áireamh. Ina theannta sin, d’fhéach siad ar conas is féidir leis an Seimeastar Eorpach cabhrú leis na Ballstáit gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i dtreo aistriú cóir digiteach, agus béim á leagan ar ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus ar an idirphlé sóisialta.

Thairis sin, d’fhormhuinigh siad na príomhtheachtaireachtaí maidir le dúshláin fostaíochta agus shóisialta, mar a d’aithin an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta iad. Chonacthas, in ainneoin chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, na géarchéime fuinnimh agus brúnna boilscitheacha, gur éirigh go réasúnta maith le geilleagar an Aontais le linn 2022 agus go raibh teacht aniar fós i margadh an tsaothair. I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, leagtar amach an creat trínar féidir beartais cosanta sóisialta agus cuimsithe a chur le dinimic dhearfach na fostaíochta, agus é sin tacaithe le hinfheistíocht shóisialta.

Ghlac airí an Aontais treoirlínte fostaíochta 2023: coimeádtar na treoirlínte ó 2022 agus déantar na haithrisí a choigeartú chun príomhspriocanna agus spriocanna náisiúnta 2030 maidir le fostaíocht, scileanna agus laghdú na bochtaineachta a chur san áireamh.

Is uirlis éifeachtach chomhordúcháin i gcónaí é an Seimeastar Eorpach chun fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach, iomaíochas, fostaíocht agus cosaint shóisialta leordhóthanach agus cuimsiú sóisialta a chothú.

Creataí cumasúcháin a fhorbairt don gheilleagar sóisialta

Tháinig na hairí ar chomhaontú polaitiúil maidir le moladh i ndáil le creatdálaí a fhorbairt don gheilleagar sóisialta. Tá breis agus 13 mhilliún post bainteach leis an ngeilleagar sóisialta san Eoraip, i gcuid mhór earnálacha eacnamaíocha, ach níl an fhorbairt sa gheilleagar sin cothrom ar fud an Aontais.

Clúdaítear sraith leathan beart, a bhfuil san áireamh orthu rochtain ar mhaoiniú, soláthar poiblí, infheictheacht agus aitheantas an gheilleagair shóisialta, sa chéad mholadh a rinneadh riamh i dtaca leis an ábhar seo. Iarrtar ar na Ballstáit níos mó tacaíochta a thabhairt d’eintitis an gheilleagair shóisialta agus aitheantas a thabhairt don bhreisluach a ghabhann leis an ngeilleagar sóisialta ó thaobh saothar agus cuimsiú sóisialta, forbairt scileanna agus nuálaíocht shóisialta de.

Yolanda Díaz Perez, Aire gníomhach na Spáinne um Saothar agus an Geilleagar Sóisialta
Téann eintitis an gheilleagair shóisialta, cuir i gcás eagraíochtaí neamhbhrabúis, comharchumainn agus fiontair shóisialta, i ngleic le cuid de na dúshláin is mó atá os comhair ár sochaí, go háirithe maidir le saothar agus lánpháirtiú sóisialta, agus le comhtháthú sóisialta. Agus fós féin, tá i bhfad níos mó is féidir linn a dhéanamh chun tacú le forbairt bhreise an gheilleagair shóisialta, inár mBallstáit agus ar fud an Aontais. Caithfimid leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór an gheilleagair shóisialta chun go dtabharfaimid aghaidh ar na dúshláin shóisialta agus chomhshaoil atá os ár gcomhair ar bhealach níos fearr agus chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár.
Yolanda Díaz Perez, Aire gníomhach na Spáinne um Saothar agus an Geilleagar Sóisialta
Yolanda Díaz Perez, Aire gníomhach na Spáinne um Saothar agus an Geilleagar Sóisialta

Meabhairshláinte agus obair fhorbhásach

D'fhormheas an Chomhairle na conclúidí maidir leis an meabhairshláinte agus an obair fhorbhásach agus é mar aidhm Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme a thuilleadh. Is é seo an chéad sraith de chonclúidí ón gComhairle a bhaineann leis an nasc idir an mheabhairshláinte agus coinníollacha fostaíochta, agus cuirtear béim ar obair fhorbhásach, i.e. poist ar phá íseal nach bhfuil aon chosaint ag gabháil leo.

Sna conclúidí sin, iarrtar ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún Eorpach, agus ar na comhpháirtithe sóisialta gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh chun feabhas a chur ar dhálaí oibre, an mheabhairshláinte a chosaint, agus cosc a chur ar rioscaí síceasóisialta san áit oibre. Tá bearta a bhaineann le forbairt beartas, forfheidhmiú reachtaíochta, múscailt feasachta, agus bailiú agus anailísiú sonraí i gceist leis sin.

Dul le i ngleic le hobair fhorbhásach an dóigh is fearr le cosc a chur ar rioscaí síceasóisialta ag an obair. Is céim shuntasach iad na conclúidí sin chun aitheantas a thabhairt dá thábhachtaí atá an mheabhairshláinte agus dea-bhail shíceolaíoch na n-oibrithe a chur chun cinn go gníomhach. Yolanda Díaz Perez, Aire gníomhach na Spáinne um Saothar agus an Geilleagar Sóisialta

Díospóireacht ag am lóin maidir le ham oibre

Le linn an lóin, phléigh na hairí tionscnaimh a bhaineann le ham oibre seachtainiúil a laghdú agus d’fhéach siad ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an Aontas Eorpach amach anseo i dtaca le socruithe solúbtha maidir le ham oibre.

Rochtain chomhionann do Romaigh ar thithíocht leormhaith dhídheighilte

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir le rochtain chomhionann do Romaigh ar thithíocht leormhaith dhídheighilte. Is é is aidhm do na conclúidí staid tithíochta na Romach a fheabhsú agus deireadh a chur leis an deighilt, agus béim á leagan ag an am céanna ar a thábhachtaí atá sé an frithghiofógachas a ghleic, an maoiniú atá ar fáil ón Aontas a úsáid, agus páirt a bheith ag na Romaigh féin i múnlú na mbeartas a bhaineann leo.

Ignacio Álvarez Peralta, Státrúnaí na Spáinne um Chearta Sóisialta
Leis na conclúidí seo ón gComhairle, iarrtar ar na Ballstáit feabhas a chur ar staid tithíochta na Romach, deireadh a chur leis an deighilt tithíochta i gcás ina bhfuil lonnaíochtaí den chineál sin ann, an t-idirdhealú i gcoinne na bpobal sin a chomhrac agus infheistíocht a dhéanamh i mbeartais lena bhfeabhsaítear an méid sin.
Ignacio Álvarez Peralta, Státrúnaí na Spáinne um Chearta Sóisialta
Ignacio Álvarez Peralta, Státrúnaí na Spáinne um Chearta Sóisialta

Na córais Eorpacha um chosaint shóisialta a chomhdhlúthú agus a neartú

Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le córais cosanta sóisialta na hEorpa a chomhdhlúthú agus a neartú. Rinne na hairí machnamh ar thionchar phaindéim COVID-19 agus ar na hiarmhairtí boilscitheacha a bhí ag cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin ar na córais cosanta sóisialta , agus na hathruithe a d’eascair as an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach á gcur san áireamh.

Bhí seisiún tuairimíochta acu freisin faoi na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le hioncam íosta leordhóthanach agus faoin mbealach le cosaint shóisialta a leathnú do na grúpaí is leochailí. Ar deireadh, roinn na hairí a dtaithí maidir leis an gcaoi a bhféadfadh forbairtí teicneolaíochta, go háirithe i réimse na hintleachta saorga, aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana maidir le comhordú na slándála sóisialta.

José Luis Escrivá, Aire gníomhach na Spáinne um Chuimsiú Sóisialta, Shlándáil Shóisialta agus Imirce
Táimid tiomanta oibriú le chéile chun go mbeidh comhtháthú sóisialta san Eoraip agus chun gur féidir le gach saoránach á gcearta a theachtadh i dtaca le hionchuimsitheacht, dínit agus comhdheiseanna. Thugamar aghaidh freisin ar thábhacht na hinfheistíochta sóisialta, tar éis dúinn treochlár a leagan amach ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle EPSCO a bhí againn i mí Iúil i Maidrid. Táimid lántiomanta do bheartais atá fianaisebhunaithe chun a chinntiú go mbainfear an tairbhe is mó is féidir as gach infheistíocht sa chosaint shóisialta. Céim shuntasach eile sa treo sin is ea seisiún an lae inniu. Tá an Eoraip den tuairim nach mór dul chun cinn sóisialta agus forbairt eacnamaíoch a dhéanamh le chéile chun neamhionannais a laghdú, chun deiseanna fostaíochta agus sóisialta a chur ar fáil, agus chun na grúpaí is leochailí sa tsochaí a chosaint.
José Luis Escrivá, Aire gníomhach na Spáinne um Chuimsiú Sóisialta, Shlándáil Shóisialta agus Imirce
José Luis Escrivá, Aire gníomhach na Spáinne um Chuimsiú Sóisialta, Shlándáil Shóisialta agus Imirce

Cosaint shóisialta do dhaoine féinfhostaithe

D’fhormheas na hairí na chéad chonclúidí riamh maidir leis an gcosaint shóisialta atá dírithe go heisiach ar dhaoine féinfhostaithe. Cuireann na conclúidí sin leis an moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a glacadh in 2019 agus leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó cuireadh an mholta sin chun feidhme.

Sna conclúidí, iarrtar ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a dhéanamh, i gcás inar gá, chun aon bhearnaí atá fós ann a ghleic, agus imthosca agus fabhair náisiúnta maidir le cineál an chórais náisiúnta cosanta sóisialta á n-urramú ag an am céanna.

Bíonn príomhról ag oibrithe féinfhostaithe i ngeilleagar agus nuálaíocht na hEorpa. Dá bhrí sin, ní mór dúinn a gclúdach cosanta sóisialta a chinntiú agus a fheabhsú ar fud na hEorpa chun go mbeidh dálaí oibre agus maireachtála cuibhiúla ann dóibh. Anois, níos mó ná riamh, tá gá againn le hEoraip atá láidir go sóisialta agus dírithe ar an tsochaí. José Luis Escrivá, Aire gníomhach na Spáinne um Chuimsiú Sóisialta, Shlándáil Shóisialta agus Imirce

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, chuir an uachtaránacht agus an Coimisiún na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ar an treoir atá beartaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

Chomh maith leis sin, roinn an uachtaránacht agus an Coimisiún faisnéis maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce dhleathach.

Ar deireadh, chuir siad na hairí ar an eolas maidir leis an gCruinniú Mullaigh Sóisialta Trípháirteach, a bheidh ar siúl an 25 Deireadh Fómhair faoin teideal ‘Bunchlocha chun go mbeidh geilleagar Eorpach rathúil ann d’oibrithe agus do ghnólachtaí’.

Chuir Uachtaránacht na Spáinne na hairí ar an eolas maidir leis na cruinnithe aireachta neamhfhoirmiúla, na comhdhálacha agus na himeachtaí ardleibhéil a bheadh ar siúl le linn na huachtaránachta.

Chuir an Coimisiún airí an Aontais ar an eolas faoi chur chun feidhme na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí agus na bpleananna gníomhaíochta náisiúnta, faoin treoir atá beartaithe lena mbunaítear Cárta Míchumais Eorpach agus Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas, agus faoin tuarascáil maidir le conairí uas-scilithe.

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025