- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 3 Nollaig 2024
Na príomhthorthaí
Timpeallachtaí atá saor ó thobac agus ó aerasóil
Ghlac an Chomhairle moladh a chuideoidh le nochtadh do dheatach athláimhe agus d’aerasóil a laghdú agus chun go mbeidh glúin atá saor ó thobac san Eoraip faoi 2040, mar a leagtar amach i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa.
Leis an moladh sin, moltar do thíortha an Aontais raon feidhme na cosanta atá acu cheana i gcoinne nochtadh do dheatach athláimhe a leathnú chun príomhlimistéir lasmuigh, mar shampla, clóis súgartha agus léibhinn bhialainne a chur san áireamh. Beidh feidhm ag na bearta nua freisin maidir le táirgí tobac atá ag teacht chun cinn agus táirgí gaolmhara ar nós toitíní leictreonacha agus táirgí tobac téite.
Is tosaíocht d’Uachtaránacht na hUngáire é galair neamhtheagmhálacha, mar shampla ailse agus galar cardashoithíoch, a chomhrac. Cuideoidh an moladh galair den chineál sin a chosc tríd an gcosaint ar dheatach athláimhe agus ar aerasóil a fheabhsú, go háirithe i measc leanaí agus daoine óga.
Péter Takács, Aire Stáit na hUngáire don tSláinte
An tAontas Sláinte Eorpach i bhfianaise thuarascáil Draghi
Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an Aontas Sláinte Eorpach i bhfianaise na tuarascála faoina bhfuil i ndán d’iomaíochas na hEorpa, a d’fhoilsigh Mario Draghi i mí Mheán Fómhair 2024.
Phléigh na hairí sláinte na conclúidí agus na moltaí i dtuarascáil Draghi toisc go mbaineann siad le dúshláin sláinte, ag díriú ar na sineirgí agus na bearnaí idir an tuarascáil agus tosaíochtaí na Comhairle, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach ina conclúidí maidir le Todhchaí an Aontais Sláinte Eorpaigh. Rinne siad measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na moltaí ar chórais náisiúnta cúraim sláinte agus ar an Aontas Sláinte Eorpach. D’fhéach siad freisin ar bhealaí ina bhféadfadh na Ballstáit agus an Coimisiún cur chun feidhme na moltaí a chomhordú.
Sláinte chardashoithíoch san Aontas Eorpach
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar shláinte chardashoithíoch san Aontas Eorpach. Is é is aidhm do na conclúidí feabhas a chur ar chosc, luathbhrath, cóireáil agus athshlánú, chomh maith leis an ualach sóisialta agus eacnamaíoch a bhaineann le galair chardashoithíocha a laghdú.
Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh, mar shampla, cur chun cinn na sláinte agus beartais maidir le galarchosc príomhúil a neartú, litearthacht sláinte a fheabhsú, agus dea-chleachtas a roinnt.
Bíonn tionchar tubaisteach ag galair chardashoithíocha ar dhaoine aonair agus ar a dteaghlaigh, ach i bhformhór na gcásanna is féidir iad a chosc trí aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí riosca ceilte trí stíl mhaireachtála níos sláintiúla a roghnú. Is gnéithe riachtanacha iad scagthástáil agus rochtain níos fearr ar chóireáil chun tionchar na ngalar cardashoithíoch a laghdú. Is léiriú iad na conclúidí ar ár dtiomantas sláinte chardashoithíoch a fheabhsú ar fud an Aontais.
Péter Takács, Státrúnaí Sláinte na hUngáire
- An tSláinte chardashoithíoch: iarrachtaí níos láidre iarrtha ag an gComhairle chun galair chardashoithíocha a chosc (preaseisiúint, an 3 Nollaig 2024)
- An tsláinte chardashoithíoch a fheabhsú san Aontas Eorpach (conclúidí ón gComhairle)
- Ceartúchán 2
- Beartas sláinte an Aontais (eolas cúlra)
- Seisiún poiblí
Deonú agus trasphlandú orgán
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le feabhas a chur ar dheonú agus trasphlandú orgán. Is é is aidhm do na conclúidí an móiminteam polaitiúil a athnuachan chun tuilleadh feabhais a chur ar chleachtais deonaithe agus trasphlandaithe orgán ar fud na hEorpa. Iarrtar ar an gCoimisiún, go háirithe, plean gníomhaíochta an Aontais maidir le Deonú agus Trasphlandú Orgán a thabhairt cothrom le dáta.
Pacáiste cógaisíochta
Thug na hairí dá n-aire tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an bpacáiste cógaisíochta. Foilsíodh an pacáiste sin, ina bhfuil rialachán agus treoir, i mí Aibreáin 2023 agus é mar aidhm leis an tírdhreach rialála atá ann faoi láthair a oiriúnú agus a shimpliú.
Gnó eile
Ardaíodh na hábhair seo a leanas faoi ‘Gnó eile’:
- Comhdhálacha na huachtaránachta (eolas ón uachtaránacht)
- Caibidlíocht le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí agus le haghaidh leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (eolas ón uachtaránacht agus ón gCoimisiún)
- Clár oibre na hUachtaránachta inteachta (eolas ón bPolainn)
- An earnáil sláinte mar chuid lárnach de straitéis ullmhachta an Aontais amach anseo (eolas ón bhFionlainn thar ceann na Cróite, na Cipire, na hEastóine, na Fionlainne, na Gearmáine, na Laitvia, Lucsamburg, Mhálta agus na Spáinne)
- Díol cógas neamhúdaraithe le saoránaigh an Aontais a ghleic (eolas ón mBeilg, ón gCipir, ó Éirinn agus ón Spáinn)
- Athchóirithe is gá sa Rialachán maidir le Feistí Leighis agus sa Rialachán maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (eolas ón gCróit, ón bhFionlainn, ón bhFrainc, ón nGearmáin, ó Éirinn, ó Lucsamburg, ó Mhálta, ón Rómáin agus ón tSlóivéin)
- Comhar deonach le haghaidh soláthar comhpháirteach táirgí íocshláinte (eolas ón gCipir, ón gCróit, ón Danmhairg, ón nGréig, ón Laitvia, ó Mhálta agus ón tSlóivéin)
Díospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin
Le linn an lóin, bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ann maidir le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha i ndáil le slándáil an tsoláthair cógas.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Liosta na míreanna A, plé reachtach
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Cúlra faisnéise
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta)
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na nAirí Fostaíochta, Beartais Shóisialta agus Sláinte
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Beartas Sóisialta, Fostaíocht)
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025