Rioscaí sláinte a bhaineann le deatach athláimhe agus le haerasóil
Tá an tAontas ag spreagadh na mBallstát chun an reachtaíocht atá ann cheana maidir le timpeallachtaí atá saor ó thobac agus ó aerasóil a nuashonrú agus a leathnú.
Úsáid tobac agus deatach athláimhe
Tá tobac fós ar cheann de na príomhchúiseanna inchoiscthe le bás anabaí agus is é an príomhthoisc riosca ailse é. Tá baint ag an gcaitheamh tobac le bás amháin as gach ceathrar mar gheall ar ailse san Aontas, san Íoslainn agus san Iorua.
Cruthaíonn deatach athláimhe, ar a dtugtar caitheamh fulangach tobac freisin, rioscaí tromchúiseacha sláinte do dhaoine nach gcaitheann tobac. De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), is féidir ailse a bheith mar thoradh ar 69 ar a laghad den 7000 comhdhúil i ndeatach tobac, agus tá go leor acu tocsaineach.
Cé nach léir go fóill méid iomlán an tionchair ar an tsláinte atá ag aerasóil athláimhe a astaítear ó tháirgí tobac téite, tugtar le fios sa taighde go bhféadfaí dochar a dhéanamh, go háirithe do shláinte an chroí agus do shláinte na scamhóg, agus dochar a bhaineann le fadhbanna riospráide agus asma freisin.
Meastar go mbíonn thart ar 31% de mhuintir na hEorpanochta ar dheatach tobac athláimhe sa bhaile, ag an obair, le linn gníomhaíochtaí fóillíochta, in institiúidí oideachais nó i suíomhanna poiblí, agus is daoine a chaitheann tobac iad beagnach an ceathrú cuid (24%) de dhaonra an Aontais atá 15 bliana d’aois nó níos sine, de réir staidéar a rinne an Coimisiún Eorpach le déanaí.
Fuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair i mí an Mhárta 2009 go raibh 84% de shaoránaigh an Aontais i bhfabhar oifigí saor ó thobac agus áiteanna oibre laistigh eile, bhí 79% díobh i bhfabhar bialanna saor ó thobac, agus bhí 61% díobh ag tacú le beáir agus tithe tábhairne saor ó thobac.
Buntáistí sláinte a bhaineann le reachtaíocht in éadan an tobac
Léirítear i staidéir ó Bhallstáit an Aontais na tairbhí sláinte a bhaineann le reachtaíocht in éadan an tobac, tar éis an mholta ón gComhairle maidir le timpeallachtaí saor ó thobac ó 2009.
Ar na tairbhí sin, tá laghduithe suntasacha ar mhinicíocht taomanna croí sa phobal i gcoitinne, mar a fheictear san Iodáil, agus laghduithe ar iontrálacha ospidéil le haghaidh ionfharchtadh miócairdiach agus géarchásanna corónacha eile i dtíortha, mar shampla, an Ghearmáin agus an Iodáil.
Thuairiscigh an Danmhairg, an Iodáil agus Málta laghduithe ar ghalracht i measc an phobail i gcoitinne freisin.
In Éirinn, tugadh faoi deara go raibh feabhas tapa tagtha ar shláinte riospráide, agus sa tSualainn, bhí baint ag reachtaíocht in éadan an tobac le laghduithe suntasacha ar shiomptóim riospráide agus chéadfacha, go háirithe i measc oibrithe in ionaid cluichíochta.
Thuairiscigh Málta laghdú ar an ráta básmhaireachta bliantúla sa phobal i gcoitinne mar gheall ar nochtadh laghdaithe do dheatach athláimhe.
Muintir na hEorpa a chosaint
Tá sé mar aidhm ag an Aontas cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh, go háirithe leanaí agus daoine óga, ar dheatach athláimhe agus ar aerasóil.
An 3 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle moladh nuashonraithe maidir le timpeallachtaí atá saor ó dheatach agus ó aerasóil, arb é is aidhm dó nochtadh d’astaíochtaí díobhálacha i spásanna poiblí, sa chóras iompair agus in áiteanna oibre a laghdú.
Molann sé do na Ballstáit freisin táirgí atá ag teacht chun cinn ar nós toitíní leictreonacha agus tobac téite a áireamh sna rialacha reatha atá acu.
Leis an moladh, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
- beartais maidir le timpeallachtaí atá saor ó thobac agus ó aerasóil a leathnú chuig príomhlimistéir lasmuigh, lena n-áirítear clóis súgartha, páirceanna siamsaíochta agus stáisiúin iompair
- na forálacha sin a leathnú chun táirgí tobac atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, ar nós toitíní leictreonacha agus tobac téite, ar táirgí iad a bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaineann daoine óga astu
Tá an nuashonrú i gcomhréir le tionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh, Glúin Saor ó Thobac faoi 2040 - cuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa - arb é is aidhm dó úsáid tobac san Aontas a laghdú ó 25% in 2021 go dtí faoi bhun 5% faoi 2040.
Tá deatach athláimhe nasctha le fadhbanna riospráide agus cardashoithíocha
Déanann daoine fásta agus leanaí atá neamhchosanta ar dheatach athláimhe go leor de na carcanaiginí céanna a ionanálú agus a dhéanann daoine a chaitheann tobac.
Is féidir le deatach athláimhe a bheith ina chúis le hailse scamhóg i ndaoine nár chaith tobac riamh, agus d’fhéadfadh sé a bheith nasctha freisin le hailsí eile i ndaoine fásta (e.g. ailse cíche) agus i leanaí.
Bíonn riosca galar croí 25-30% níos airde ag daoine a análaíonn deatach athláimhe agus tagann méadú suas le 16% ar riosca ailse na ndaoine sin.
De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, meastar go bhfaigheann níos mó ná 1.2 milliún duine bás gach bliain ar fud an domhain mar thoradh ar an gcaitheamh tobac athláimhe Léirítear na príomhchúiseanna báis sa chairt thíos.
Cuirtear i láthair sa chairt seo an líon daoine a fhaigheann bás gach bliain ar fud an domhain de dheasca nochtadh do dheatach athláimhe, arna gcatagóiriú de réir galair shonracha. Liostaítear na cineálacha galar in éineacht le líon comhfhreagrach na mbásanna de dheasca na ngalar sin.
- galar iscéimeach croí: 414 640 bás
- stróc: 280 052 bhás
- galar scamhóige toirmeascach ainsealach: 266 124 bhás
- ionfhabhtuithe sa chóras riospráide íochtarach: 151 938 mbás
- ailse thraicéach, ailse bhroncais, agus ailse scamhóg: 97 910 bás
- ailse cíche: 7 518 mbás
Ar na daoine a fhaigheann bás mar thoradh ar an gcaitheamh tobac athláimhe, is leanaí iad níos mó ná 25% díobh
Léirítear sa chairt thíos an céatadán roinnte idir mná, fir agus leanaí (faoi 15 bliana d’aois) den líon daoine a fhaigheann bás gach bliain ar fud an domhain mar thoradh ar an gcaitheamh tobac athláimhe.
Léiríonn an phíchairt an chaoi a roinntear céatadán na mbásanna de bharr deatach athláimhe:
- Mná: 47%
- Leanaí: 28%
- Fir: 25%
Caitheann duine as gach ceathrar san Aontas Eorpach tobac
Fuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair maidir le húsáid tobac san Aontas, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2024, go gcaitheann 24% de na freagróirí toitíní, todóga, todóigíní, nó píopa, agus nach gcaitheann 20% de na freagróirí tobac a thuilleadh agus nár chaith 56% díobh tobac riamh.
Is mó an seans go gcaithfeadh fir tobac (28%) ná mná (21%), agus tá na rátaí caite tobac is airde i measc daoine idir 25-39 mbliana d’aois (32%), agus ina dhiaidh sin 44-54 bliana d’aois (28%) agus 15-24 bliana d’aois (22%).
Is ag an mBulgáir, ag an nGréig agus ag an gCróit atá na rátaí caite tobac is airde
Léiríonn an léarscáil seo rátaí caite tobac san Aontas, ina bhfuil daoine a chaith tobac roimhe seo san áireamh.
Léirítear sa chairt miondealú ar nósanna caite tobac ar fud thíortha AE27:
- an Bheilg: caitheann 21% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 21% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 58% díobh tobac riamh.
- an Bhulgáir: caitheann 37% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 18% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 45% díobh tobac riamh.
- Poblacht na Seice: caitheann 23% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 21% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 56% díobh tobac riamh.
- an Danmhairg: caitheann 14% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 27% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 59% díobh tobac riamh.
- an Ghearmáin: caitheann 24% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 18% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 58% díobh tobac riamh.
- an Eastóin: caitheann 25% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 25% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 50% díobh tobac riamh.
- Éire: caitheann 16% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 18% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 66% díobh tobac riamh.
- an Ghréig: caitheann 36% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 21% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 43% díobh tobac riamh.
- an Spáinn: caitheann 24% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 24% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 52% díobh tobac riamh.
- an Fhrainc: caitheann 27% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 24% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 49% díobh tobac riamh.
- an Chróit: caitheann 35% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 17% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 48% díobh tobac riamh.
- an Iodáil: caitheann 24% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 15% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 61% díobh tobac riamh.
- an Chipir: caitheann 29% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 14% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 57% díobh tobac riamh.
- an Laitvia: caitheann 33% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 18% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 49% díobh tobac riamh.
- an Liotuáin: caitheann 29% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 22% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 49% díobh tobac riamh.
- Lucsamburg: caitheann 19% de mhuintir na hUngáire tobac faoi láthair, chaitheadh 24% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 56% díobh tobac riamh, agus níl a fhios ag 1% díobh.
- an Ungáir: caitheann 26% de mhuintir na Laitvia tobac faoi láthair, chaitheadh 14% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 60% díobh tobac riamh.
- Málta: caitheann 22% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 17% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 61% díobh tobac riamh.
- an Ísiltír: caitheann 11% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 34% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 55% díobh tobac riamh.
- an Ostair: caitheann 32% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 22% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 46% díobh tobac riamh.
- an Pholainn: caitheann 27% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 14% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 59% díobh tobac riamh.
- an Phortaingéil: caitheann 21% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 11% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 68% díobh tobac riamh.
- an Rómáin: caitheann 34% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 8% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 58% díobh tobac riamh.
- an tSlóivéin: caitheann 24% de mhuintir na Beilge tobac faoi láthair, chaitheadh 21% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 55% díobh tobac riamh.
- an tSlóvaic: caitheann 27% de mhuintir na Laitvia tobac faoi láthair, chaitheadh 19% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 54% díobh tobac riamh.
- an Fhionlainn: caitheann 15% de mhuintir na Laitvia tobac faoi láthair, chaitheadh 31% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 54% díobh tobac riamh.
- an tSualainn: caitheann 8% de mhuintir na Laitvia tobac faoi láthair, chaitheadh 36% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 56% díobh tobac riamh.
- Meán an Aontais Eorpaigh: caitheann 24% de mhuintir an Aontais Eorpaigh tobac faoi láthair, chaitheadh 21% díobh tobac tráth ach d’éirigh siad as, níor chaith 56% díobh tobac riamh, agus níl 0.02% díobh cinnte.
Tobac agus táirgí eile atá ag teacht chun cinn
Cuireann na táirgí tobac atá ag teacht chun cinn agus táirgí gaolmhara, cosúil le toitíní leictreonacha agus táirgí tobac téite, le baol na handúile i nicitín agus d’fhéadfadh siad úsáid táirgí traidisiúnta tobac a spreagadh.
De réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, déanann táirgí tobac téite agus toitíní leictreonacha aithris ar an ngníomh a bhaineann le toitíní traidisiúnta a chaitheamh.
Cé go ndéantar iad a mhargú go minic mar roghanna malartacha níos sábháilte ar thoitíní, tá comhdhúile agus ceimiceáin dhíobhálacha andúile, ar nós nicitín, a bhíonn á n-ionanálú ag úsáideoirí, sna hastaíochtaí ó tháirgí tobac atá ag teacht chun cinn agus ó tháirgí gaolmhara.
Seachas a éifeachtaí andúile, is féidir le nicitín éifeachtaí díobhálacha sláinte a bheith aige, mar shampla, ar fhorbairt inchinne leanaí agus déagóirí.
Úsáideann 3% de dhaoine san Aontas toitíní leictreonacha
Leagtar amach sa chairt an úsáid thuairiscithe a baineadh as toitíní leictreonacha i measc na bhfreagróirí sna 27 mBallstát.
Leagtar amach sa chairt an úsáid thuairiscithe a baineadh as toitíní leictreonacha i measc na bhfreagróirí sna 27 mBallstát.
Roinntear na sonraí sna catagóirí seo a leanas: bíonn toitíní leictreonacha in úsáid ag na freagróirí, bhíodh toitíní leictreonacha in úsáid ag na freagróirí tráth ach d’éirigh siad as, bhain na freagróirí triail as toitíní leictreonacha uair nó dhó, níor úsáid na freagróirí toitíní leictreonacha riamh, agus níl a fhios ag na freagróirí.
1. Bíonn toitíní leictreonacha in úsáid ag freagróirí:
- ar fud an Aontais, bíonn toitíní leictreonacha in úsáid faoi láthair ag 3%, ar an meán, de na freagróirí
- tá an céatadán is airde d’úsáideoirí toitíní leictreonacha in Éirinn (9%), agus tuairiscíonn Málta agus an tSualainn an céatadán is ísle (1%)
2. Bhíodh toitíní leictreonacha in úsáid ag freagróirí tráth ach d’éirigh siad as:
- ar an meán, d’úsáideadh 3% de na freagróirí toitíní leictreonacha tráth ach d’éirigh siad as ó shin
- is ag an bPolainn atá an céatadán is airde d’iarúsáideoirí (9%), agus is ag an Rómáin agus ag an tSlóivéin atá an céatadán is ísle (1%)
3. Triail bainte ag freagróirí as toitíní leictreonacha uair nó dhó:
- thuairiscigh 8%, ar an meán, de na freagróirí gur bhain siad triail as toitíní leictreonacha uair nó dhó.
- is ag an tSualainn atá an céatadán is airde daoine a bhain triail as toitíní leictreonacha (14%), agus tuairiscíonn an tSlóivéin an céatadán is ísle (2%)
4. Níor úsáid freagróirí toitíní leictreonacha riamh:
- níor bhain formhór mór na bhfreagróirí, 85% ar an meán, úsáid as toitíní leictreonacha riamh
- is ag an Liotuáin atá an céatadán is ísle (68%) de fhreagróirí nár bhain úsáid as toitíní leictreonacha riamh agus is ag an Rómáin atá an céatadán is airde (96%) de fhreagróirí nár bhain úsáid as toitíní leictreonacha riamh
5. Éiginnteacht:
- ar an meán, bhí 1% de na freagróirí nach raibh cinnte faoina n-úsáid toitíní leictreonacha.
- tá na rátaí éiginnteachta is airde ag an Laitvia agus ag an Liotuáin (5%), agus ní thuairiscíonn roinnt tíortha, mar shampla Éire, aon éiginnteacht.
Úsáideann 2% de dhaoine san Aontas Eorpach táirgí tobac téite
Tagraíonn an chairt seo d’úsáid táirgí tobac téite san Aontas.
Baineann an chairt seo le húsáid táirgí tobac téite san Aontas.
1. Bíonn táirgí tobac téite in úsáid ag freagróirí
Ar an meán, baineann 2% de na freagróirí úsáid as táirgí tobac téite. Athraíonn rátaí úsáide de réir na tíre:
- feictear úsáid níos airde sa Chipir agus sa Liotuáin (5%), agus sa Spáinn (3%)
- i roinnt tíortha, mar shampla, an Ghearmáin agus an tSlóivéin, tá an úsáid a bhaintear as táirgí tobac téite an-íseal nó ní thuairiscítear í
2. Bhíodh táirgí tobac téite in úsáid ag freagróirí tráth ach d’éirigh siad as
Bhíodh táirgí tobac téite in úsáid ag thart ar 1% de na freagróirí tráth ach d’éirigh siad as:
- tuairiscítear an ráta is airde sa Pholainn (7%)
- tuairiscíonn formhór na dtíortha eile 1-2% sa chatagóir seo
3. Triail bainte ag freagróirí as táirgí tobac téite uair nó dhó
Thuairiscigh 4%, ar an meán, de na freagróirí gur bhain siad triail as táirgí tobac téite uair nó dhó:
- tá na rátaí is airde de fhreagróirí a bhain triail as táirgí tobac téite le fáil sa Bhulgáir (10%), sa Spáinn (10%), agus sa Liotuáin (9%)
- tuairiscítear rátaí níos ísle de fhreagróirí a bhain triail as táirgí tobac téite sa Ghearmáin agus sa tSlóivéin (1-2%)
4. Níor úsáid freagróirí táirgí tobac téite riamh
Níor bhain formhór mór na bhfreagróirí, 92% ar an meán, úsáid as táirgí tobac téite riamh:
- tá na rátaí is airde sa Ghearmáin agus san Ísiltír (96%) agus tá na rátaí go seasta os cionn 90% in go leor tíortha, a bhfuil an Eastóin, Éire, agus an Fhrainc ina measc
- tá na rátaí is ísle de fhreagróirí nár bhain úsáid as táirgí tobac téite riamh le fáil sa Laitvia (79%) agus sa Pholainn (80%)
Éiginnteacht
Tá céatadán beag (1%) de na freagróirí ar fud an Aontais nach bhfuil cinnte cén úsáid a bhaineann siad as táirgí tobac téite:
- tuairiscítear na leibhéil éiginnteachta is airde sa Ghearmáin (4%) agus sa Laitvia (6%)
- <em>Attitudes of Europeans towards tobacco and related products</em> [Dearcthaí na nEorpach maidir le táirgí tobac agus táirgí gaolmhara] (Eorabharaiméadar, Meitheamh 2024)
- Tuarascáil EDS maidir leis an eipidéim dhomhanda tobac (an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, 2023)
- Plean Sáraithe Ailse na hEorpa (an Coimisiún Eorpach)
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Nollaig 2024