"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Is é an rud is tábhachtaí a thógamar linn gur athdhearbhaíomar ár n-aontacht láidir agus ár gcur chuige aontaithe i leith na ndúshlán atá roimh shlándáil na hEorpa. Ní neart go cur le chéile, agus níl aon amhras ar an gComhairle faoi sin.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Cuireadh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ar an eolas faoin scéala is déanaí maidir le tóstal míleata na Rúise timpeall na hÚcráine agus phléigh sí staid slándála na hEorpa, plé inar cuimsíodh an staid sa Bhealarúis agus sa Chasacstáin chomh maith.
I gcomhthéacs an phlé sin, bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú go neamhfhoirmiúil trí fhíschomhdháil le Státrúnaí na Stát Aontaithe, Anthony Blinken.
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an ábhar sin chomh maith. Cuirtear i dtreis sna conclúidí go bhfuil iarrachtaí na Rúise línte deighilte a athchruthú ar mhór-roinn na hEorpa ag baint an bhoinn ó na fothaí agus na prionsabail lárnacha ar a bhfuil slándáil na hEorpa bunaithe, agus go músclaíonn siad cuimhní dorcha ar réimsí tionchair nach bhfuil aon ghlacadh leo san 21ú aois. Tá sé athdhearbhaithe ag an gComhairle go dtacaíonn sí go hiomlán agus go doshéanta leis an Úcráin agus tá sé soiléirithe aici go mbainfidh iarmhairtí ollmhóra agus costais thromchúiseacha le haon ionsaí míleata eile i gcoinne na hÚcráine.
D'aontaigh na hairí gur cheart don Aontas leanúint de na hiarrachtaí taidhleoireachta chun a chur ina luí ar an Rúis an t-idirphlé a roghnú, agus chuir siad de chúram ar an Ardionadaí seasamh an Aontais a chomhordú go leanúnach le comhpháirtithe lárnacha amhail na Stáit Aontaithe, ECAT agus ESCE. Ag an am céanna, leanfaidh an tAontas de bheith ag cur i gcoinne na bréagaisnéise.
Cé gurb é an chéad rogha an t-idirphlé, chuir an tArdionadaí in iúl go soiléir go ndearnadh dul chun cinn san obair maidir le freagairtí ar ionsaí féideartha na Rúise a ullmhú, agus go bhfuiltear ag leanúint den obair sin i gcomhar leis na comhpháirtithe lárnacha.
Ar deireadh, cuirfidh an tAontas dlús lena chuid iarrachtaí athléimneacht na hÚcráine agus comhpháirtithe eile a fheabhsú trí phacáiste cúnaimh airgeadais ina mbeidh iasachtaí agus deontais éigeandála, tacaíocht a thabhairt i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha, agus tacaíocht a thabhairt don tslándáil agus don chosaint, amhail trí earnáil oideachais mhíleata na hÚcráine a athchóiriú.
An tSiria
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an tSiria bunaithe ar eolas a chuir Toscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe, Geir Pedersen, ar fáil.
Tar éis níos mó ná deich mbliana, is fada ó bheith thart an choinbhleacht sa tSiria agus tá sí fós ina húdar fulaingthe agus éagobhsaíochta.
D’iarr an Chomhairle an athuair go dtiocfaí ar réiteach polaitiúil agus chuir sí i bhfios go láidir nach bhféadfaí aon normalú a dhéanamh nó deireadh a chur le smachtbhannaí nó le hatógáil nó go rachaidh réimeas na Siria i mbun aistriú polaitiúil. D'éiligh na hairí an athuair go nglacfadh an réimeas agus a chomhghuaillithe páirt i gcur chun feidhme iomlán Rún 2254 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
Oibreoidh an tAontas le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, lena n-áirítear Léig na Stát Arabach, chun cabhrú le muintir na Siria agus chun an próiseas polaitiúil a chur ar aghaidh. Tá sé beartaithe aige an séú Comhdháil na Bruiséile a eagrú i mí na Bealtaine 2022, chun airgead a thiomsú do mhuintir na Siria agus do phobail óstála dídeanaithe, guth a thabhairt do shochaí shibhialta na Siria, agus dlús a chur le réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht.
An Libia
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis na forbairtí is déanaí sa Libia, go háirithe maidir leis na toghcháin náisiúnta a chur siar, a bhí le bheith ar siúl an 24 Nollaig 2021.
Tá uair na cinniúna buailte leis an tír agus tá an tAontas tiomanta i gcónaí tacú le muintir na Libia saorthoghcháin chóra, chuimsitheacha agus inchreidte a reáchtáil a luaithe is féidir.
Dheimhnigh na hairí tosaíochtaí an Aontais - tá sé de cheart ag muintir na Libia a n-ionadaithe a roghnú trí thoghcháin agus ní mór an tír a scaoileadh saor ó fhórsaí armtha seachtracha - agus mhol siad do na geallsealbhóirí uile teacht ar chomhaontú maidir leis an mbealach chun tosaigh chun go mbeidh deis ag Libiaigh vóta a chaitheamh.
Ina theannta sin, d’fhógair an tArdionadaí go ndéanfaí measúnú ar an bhféidearthacht go gcuirfí misean breathnóireachta toghchán ar bun, a luaithe a bheadh an sceideal nua toghcháin socraithe ag na Libiaigh.
Cúrsaí Reatha
Maidir le Mailí, cháin na hairí go raibh grúpa Wagner ar an láthair agus gur chinn údaráis Mhailí idirthréimhse níos faide ceithre bliana a bheith acu.
D’fhógair an tArdionadaí go raibh comhaontú polaitiúil ann chun smachtbhannaí a ghlacadh i gcoinne siúd atá ag cur bac ar an aistriú, i ndlúthpháirtíocht leis an gcinneadh a ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) le déanaí.
Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go raibh súil ghéar á coimeád ag an Aontas ar fhorbairtí i mBuircíne Fasó, chuir sé a imní in iúl faoi choinneáil an Uachtaráin Kaboré agus faoi shaighdiúirí armtha a bheith i láthair i gceanncheathrú an stáisiúin náisiúnta raidió agus teilifíse, agus d’iarr sé go n-urramófaí an Bunreacht agus go scaoilfí saor an tUachtarán Kaboré.
Conclúidí ón gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena bhformhuinítear na tosaíochtaí nua don tréimhse 2022-2024 faoin gcomhpháirtíocht straitéiseach idir na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.