"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha faoi fhogha na Rúise faoin Úcráin.
Roimh phlé na Comhairle, labhair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, le hairí an Aontais trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoin méid a thit amach le déanaí ar an láthair agus faoi thosaíochtaí reatha na hÚcráine.
D’athdhearbhaigh an Chomhairle go bhfuil an tAontas ar aon fhocal agus é ag tacú leis an Úcráin, agus phléigh sí an tacaíocht mhíleata leanúnach don Úcráin. I ndáil leis an méid sin, ba dhíol sásaimh do na hairí an cinneadh Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh don Úcráin a sheoladh agus oiliúint a chur ar 15 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine ar a laghad.
Phléigh na hAirí an cur chuige foriomlán i leith na Rúise freisin.
Leanfaimid den Rúis a leithlisiú go hidirnáisiúnta, agus forchuirfimid bearta sriantacha i gcoinne na Rúise. Táimid faoi réir le leanúint de bhearta sriantacha i gcoinne na Rúise a threisiú, agus le díriú ar rannpháirtíocht tríú tíortha, go háirithe na tíortha sin atá ag cur tacaíocht arm agus mhíleata ar fáil, an Iaráin agus an Bhealarúis.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Dhírigh an Chomhairle ar chuntasacht a áirithiú as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar choireanna cogaidh a rinneadh san Úcráin, ag obair go dlúth le ECAT agus le comhpháirtithe ar fud an domhain chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint, agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú — go háirithe maidir le slándáil fuinnimh agus bonneagar criticiúil — cur i gcoinne bhagairtí hibrideacha na Rúise, agus ionramháil faisnéise.
color: inherit;
Tá an tAontas ag tacú leis an tsochaí shibhialta, le cosantóirí chearta an duine agus leis na meáin neamhspleácha laistigh agus lasmuigh den Rúis, cé go ndíríonn tacaíocht láithreach AE ar chabhrú leis an Úcráin cur i gcoinne spriocdhíriú córasach méadaithe na Rúise ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach.
Ar deireadh, phléigh an Chomhairle saincheist na slándála bia freisin. Chuidigh Tionscnamh Ghráin na Mara Duibhe le lastais gráin a athsheoladh ó chalafoirt na hÚcráine sa Mhuir Dhubh agus le praghsanna bia a laghdú a thuilleadh ar fud an domhain. Ní mór don phobal idirnáisiúnta anois a chinntiú go ndéanfar an tionscnamh seo a athnuachan tar éis spriocdháta an 19 Samhain.
Smachtbhannaí an Aontais
mar fhreagairt ar fhogha míleata na Rúise
faoin Úcráin (Grafaic faisnéise)
Réigiún na Mór-Lochanna
Bhí plé ag an gComhairle maidir leis na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith i gcur chuige athnuaite an Aontais i leith réigiún Mór-Lochanna na hAfraice.
Teophointe geostraitéiseach atá i Réigiún na Mór-Lochanna a d’fhéadfadh a bheith ina ollchumhacht forbartha ar mhór-roinn iomlán na hAfraice: is iomaí dúshlán agus is iomaí go leor deiseanna atá ag baint leis an réigiún.
D’aontaigh na hAirí gur gá straitéis an Aontais maidir leis an réigiún a athnuachan agus sin a dhéanamh fiú ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha mhí na Nollag, d’fhonn tacú leis an réigiún bogadh ón teannas go dtí an iontaoibh, ón ngáinneáil go dtí an trádáil, agus ón iomaíocht go dtí an lánpháirtiú réigiúnach.
Na Balcáin Thiar
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis na Balcáin Thiar, agus chuir sí in iúl gur cúis imní di an iliomad géarchéimeanna atá ag bagairt ar an réigiún, agus an tionchar díobhálach láithreach atá ag ionsaí na Rúise ar an Úcráin.
Tá tonnta turrainge an chogaidh seo ag bualadh ina aghaidh na mBalcán Thiar. Chun cur i gcoinne an mhéid sin, tá dlús á chur againn lenár rannpháirtíocht, ós rud é gurb iad na Balcáin Thiar an tosaíocht gheostraitéiseach atá againn i gcónaí. Ba mhaith liom a rá go soiléir gur san Aontas Eorpach atá todhchaí na mBalcán Thiar. Seo an teachtaireacht atá againn in oircheall an chéad Chruinnithe Mullaigh eile a bheidh ann idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 6 Nollaig.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas faoina rannpháirtíocht féin mar éascaitheoir ar an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine leis an bPríomh-Aire Kurti agus leis an Uachtarán Vučić chun maolú ar an teannas idir an Chosaiv agus an tSeirbia, teannas nach bhfuil gá ar bith leis agus nach dtagann aon mhaith as. Chuir sé i bhfios gurb í seo an ghéarchéim is measa a chonacthas ó 2013 i leith, agus nach mór don dá pháirtí a léiriú láithreach bonn baithise go bhfuil siad faoi réir le teacht ar bhealach leis an teannas a laghdú. Níl sé inghlactha ag ceachtar páirtí a n-oibleagáidí maidir leis an Idirphlé a shárú ná neamhaird a dhéanamh díobh.
D’aontaigh na hAirí gur gá don dá pháirtí san Idirphlé níos mó solúbthachta a léiriú, agus gur gá dul chun cinn tráthúil soiléir a dhéanamh. Ní mór do Sheirbiaigh na Cosaive filleadh ar na hinstitiúidí. Ní mór d’údaráis na Cosaive níos mó solúbthachta a léiriú maidir le plátaí ceadúnais agus obair a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe maidir leis an gComhlachas//Comhphobal de mhóramh Seirbiach gan mhoill.
Phléigh an Chomhairle freisin na bagairtí hibrideacha atá dírithe ar an réigiún agus cháin sí an t-ionsaí ar an Albáin agus an t-ionsaí ar bhonneagar TF Mhontainéagró a rinneadh i mí Lúnasa. Chomhaontaigh na hAirí dlús a chur le hobair an Aontais le comhpháirtithe cibearchosanta agus le tacaíocht an Aontais dóibh.
Cúrsaí reatha
Bhí malartú tuairimí ag airí an Aontais maidir leis an Iaráin agus maidir le freagairt diansmachta na n-údarás poiblí ar an míshástacht phoiblí. I dtaca leis an méid seo, rinne an Chomhairle bearta sriantacha a fhorchur ar 29 nduine agus ar 3 eintiteas mar gheall ar an ról a bhí acu i mbás Mahsa Amini agus i bhfianaise na freagartha foréigní ar na hagóidí a bhí ar siúl le déanaí sa tír. D’áitigh na hAirí freisin ar an Iaráin stop a chur le hairm a sholáthar atá á n-úsáid ag an Rúis chun ainghníomhartha a dhéanamh i gcoinne mhuintir na hÚcráine.
Phléigh an Chomhairle an Liobáin freisin, agus an folús polaitiúil sa tír atá á dhoimhniú. Tá sé ríthábhachtach don tír toghcháin Uachtaránachta a bheith ann go beo chun na ndéanfar na hathchóirithe eacnamaíocha ba cheart a dhéanamh fadó riamh agus chun tacaíocht idirnáisiúnta a fháil. Níor chuir an Chomhairle as an áireamh aon rogha a thabharfadh as an tsáinn pholaitiúil reatha sinn, lena n-áirítear smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ann.
Cinntí eile ón gComhairle
D’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha breise i bhfianaise na bagartha leanúnaí ó leathadh agus úsáid arm ceimiceach.
Roimh thús an chruinnithe den Chomhairle, bhí plé neamhfhoirmiúil ag Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais le Ceannaire fhórsaí daonlathacha na Bealarúise Sviatlana Tsikhanouskaya, agus d’athdhearbhaigh siad dlúthpháirtíocht an Aontais le muintir na Bealarúise.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna A neamhreachtacha.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.