Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais, 24-25 Deireadh Fómhair 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig Coiste Míleata an Aontais le chéile ar leibhéal na gCeann Cosanta an 24 agus an 25 Deireadh Fómhair sa Bhruiséil.

Agus béim á leagan acu ar a phráinní atá sé na spriocanna bunúsacha uaillmhianacha a leagtar amach sa Chompás Straitéiseach a bhaint amach gan mhoill, gheall na ceannairí cosanta go gcruthóidís Aontas a bheadh láidir agus cumasach ó thaobh na míleata de.

Cumhdaíodh na saincheisteanna is práinní i réimse na cosanta agus na slándála sa chlár oibre dar tús cur chun feidhme acmhainneacht mhear-imscartha an Aontais, an príomh-rannchuidiú míleata chun an Compás Straitéiseach a chur chun feidhme go rathúil. Meabhraíodh do na Cinn Chosanta freisin a thábhachtaí atá sé an acmhainneacht sin a fheidhmiú go luath, ag tosú in 2023, chun ceachtanna a shainaithint agus freagairt dá réir. Is é an cuspóir atá ann i gcónaí an acmhainneacht iomlán a bhaint amach chun an tslándáil a chur chun cinn go neamhspleách, pé uair nó pé áit is gá, faoi 2025 agus i gcomhréir leis na cásanna a comhaontaíodh.

Ina theannta sin, maidir leis an acmhainneacht mhear-imscartha, phléigh na cinn chosanta bealaí chun feabhas a chur ar struchtúr Ceannais agus Rialaithe an Aontais chun tacú leis na huaillmhianta a leagtar amach sa Chompás Straitéiseach le réitigh theicneolaíocha láidre shlána iomlána i réimse na cumarsáide.

Feabhas a chur ar an gcumarsáid, ní hé sin an t-aon réimse cumais dá bhfuil siad tiomanta. Is gá freisin aghaidh a thabhairt ar bhearnaí cumais eile tríd an úsáid is fearr a bhaint as ionstraimí an Aontais agus tionscadail chomhpháirteacha chomhoibritheacha atá ann cheana, amhail buanchomhar struchtúrtha (PESCO) mar chreat pribhléideach comhair, agus athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint (CARD), ina ról mar ‘threo-aimsitheoir’.

Ar an iomlán, thug na Cinn Cosanta dá n-aire gur gá tacú le réitigh chomónta i dtreo Uathriail Straitéiseach an Aontais, i gcomhar lenár gcomhpháirtithe uile, agus cumais mhíleata láidre cheannródaíocha a fhorbairt, chomh maith le cumasóirí straitéiseacha.

Agus plé á dhéanamh acu le comhghleacaithe ECAT i seisiún ar leith, dhearbhaigh na Cinn Chosanta go bhfuil an tionscadal Soghluaisteachta Míleata ina shraith oibre riachtanach i gcónaí don Aontas agus do ECAT araon. Chun freastal ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar shlándáil agus ar chosaint, mar a léiríodh le fogha reatha na Rúise faoin Úcráin, chuir na Cinn Chosanta béim an athuair ar an ngá atá le cumais agus acmhainní, bonneagar, rialacha agus nósanna imeachta chun solúbthacht agus lúfaireacht a thabhairt do thrúpaí gluaiseacht ar fud an Aontais. Moladh go láidir comhar breise agus comhar níos substaintiúla a bheith ann idir an dá eagraíocht.

Ábhar plé an-ábhartha eile ab ea todhchaí Oibríochtaí agus Mhisin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a dteastaíonn acmhainní leordhóthanacha agus tacaíocht airgeadais ó na Ballstáit ina leith. Chomhaontaigh na Cinn Chosanta go leanfaidís de mhisin agus oibríochtaí CBSC an Aontais a neartú agus cur lena n-éifeachtacht, misin agus oibríochtaí a chur in oiriúint agus a athbhreithniú go leanúnach, nó fiú deireadh a chur leo más gá. I ndáil leis sin, is den ríthábhacht measúnú míleata ó na ceannasaithe ar an láthair agus ba cheart go gcuirfeadh an measúnú sin leis an bpróiseas cinnteoireachta go cuí agus go tráthúil.

Chuir na Cinn Chosanta i bhfios go láidir gur cheart do gach misean agus oibríocht a bheidh ann amach anseo freastal ar leasanna straitéiseacha an Aontais, tairbhe cheart a chur ar fáil do na comhpháirtithe áitiúla bunaithe ar a n-iarrataí nithiúla, agus leas iomlán a bhaint as uirlisí CBSC uile an Aontais atá ar fáil.

Maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, leag na Cinn Chosanta béim ar an ngá atá le láithreacht mhíleata leanúnach, faoi stiúir an Aontais, sa réigiún.

Dhearbhaigh siad freisin a thábhachtaí atá Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh don Úcráin (EUMAM Ukraine) a formheasadh le déanaí mar chéim thábhachtach i dtreo cur chuige níos inbhuanaithe chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine.

Ar deireadh, i bhfianaise a riachtanaí atá rannpháirtíocht éifeachtach i dtaca le CBSC san Afraic, chuir na ceannairí cosanta i dtreis a thábhachtaí atá gealltanas marthanach, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó Mhisean agus Oibríochtaí uile an Aontais (EUTM Mali agus EUTM RCA go háirithe) á gcur san áireamh do na gníomhaíochtaí uile a bheidh ann amach anseo.

Is iad Cinn Chosanta an 27 mBallstát atá mar chomhaltaí de Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh, agus is iad a mBuanionadaithe Míleata a dhéanann ionadaíocht orthu go rialta. Cuireann Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh comhairle agus moltaí ar fáil don Choiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) faoi gach ábhar míleata ábhartha.

Tá Cathaoirleach buan ag Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh, arna roghnú ag Cinn Chosanta na mBallstát agus arna gceapadh ag an gComhairle ar feadh trí bliana.

Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais
Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025