Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 14 Samhain 2023

Na príomhthorthaí

Tacaíocht ón Aontas don Úcráin

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ina foirmíocht chosanta tacaíocht an Aontais don Úcráin, tar éis teachtaireacht físeáin ghearr ó Aire Cosanta na hÚcráine, Rustem Umierov.

Chuir an tArdionadaí i dtreis gur gá teacht ar chomhaontú go pras maidir le tuilleadh tacaíochta míleata don Úcráin, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais láithreacha atá aici maidir le haerchosaint, oiliúint, armlón agus trealamh don gheimhreadh, agus, ar an gcaoi sin, cosaint a thabhairt di ar fhogha na Rúise.

Ansin díríodh i phlé na haireachta ar ghealltanais slándála níos fadtéarmaí i bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair, inar iarradh ar an Ardionadaí, bunaithe ar chreat a bheidh le formhuiniú ag an gComhairle, dul i gcomhairle leis an Úcráin, agus tuarascáil a thabhairt don Chomhairle Eorpach i mí na Nollag.

Bhí plé ag na hairí faoi Mhisean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), a bhfuil a chuspóir bainte amach aige cheana oiliúint a chur ar 30 000 saighdiúir ón Úcráin, agus arb é is aidhm dó oiliúint a chur ar 10 000 eile, agus rinne siad a marana ar iarrachtaí an Aontais armlón a sheachadadh chun na hÚcráine, faoi chuimsiú thionscnamh mhí an Mhárta 2023.

Sa chomhthéacs sin, dhearbhaigh an tArdionadaí go raibh an cur chun feidhme ag dul ar aghaidh agus go raibh na Ballstáit tiomanta agus aontaithe maidir le tacaíocht a thabhairt don Úcráin a fhad is gá.

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Is é an cuspóir polaitiúil atá againn i gcónaí, comhaontaithe leis na Ballstáit, milliún urchar armlóin a sheachadadh. Is cuspóir uaillmhianach éagus leanaimid orainn á shaothrú, gach rud a dhéanamh againn gach lá chun níos mó armlóin a sheachadadh níos tapúla.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag Tionscal Cosanta na hEorpa armlón a sheachadadh chuig an Úcráin, ach go bhfuil intuarthacht ag teastáil uaidh. Ar an gcúis sin, tháinig an tAontas ar chomhaontú maidir leis an nGníomh mar thaca le Táirgeadh Lóin Airm (ASAP) agus sheol sé an Gníomh, agus cuirfidh an Coimisiún Eorpach straitéis thionsclaíoch Eorpach i réimse na cosanta i láthair go luath in 2024.

Cúrsaí reatha

Faoi chúrsaí reatha, phléigh Airí Cosanta an Aontais an dul chun cinn atá déanta maidir le hAcmhainneacht Mear-Imscartha an Aontais, ar gné thábhachtach den Chompás Straitéiseach í ar féidir a bhaint amach, a chuirfidh ar chumas an Aontais suas le 5 000 trúpa a imscaradh chun freagairt ar gharbhagairtí agus do ghéarchéimeanna. Ba cheart go mbeadh Acmhainneacht Mear-Imscartha an Aontais ag feidhmiú go hiomlán in 2025 agus, i bhfianaise an spriocdháta sin, mhol an tArdionadaí do na Ballstáit cuidiú a thabhairt i dtaca le níos mó fórsaí agus cumas agus coinneáil suas leis an amlíne a comhaontaíodh.

Thug tArdionadaí an t-eolas is déanaí don Chomhairle ansin faoi mhisin agus oibríochtaí Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais (CBSC), agus faoin tionchar a imríonn timpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú orthu. Díríodh sa díospóireacht, i measc rudaí eile, ar an tSaiheil, áit a dtacóidh an tAontas le stáit chósta Mhurascaill na Guine agus iad ag iarraidh chun dul i ngleic le héifeachtaí iarmharta na bagartha sceimhlitheoireachta, agus le hoibríocht mhíleata an Aontais sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, áit ar cuireadh síneadh bliana eile le sainordú EUFOR ALTHEA.

Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile

An 13 Samhain, d’fhormheas an Chomhairle Conclúidí i ndáil le straitéis spáis an Aontais um shlándáil agus cosaint.

An lá céanna, ghlac an Chomhairle freisin moladh ina ndéantar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais cheangailteacha a tugadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a chomhlíonadh.


Bricfeasta neamhfhoirmiúil le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg

Bhí bricfeasta oibre neamhfhoirmiúil ag Airí Cosanta an Aontais le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg, agus phléigh siad athléimneacht an bhonneagair chriticiúil agus cumas an Aontais agus ECAT freagairt ar na bagairtí nua sin, i bhfianaise roinnt eachtraí slándála a tharla le déanaí i Muir Bhailt.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig airí cosanta an Aontais le chéile ag Bhord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) faoi chathaoirleacht an Ardionadaí Josep Borrell ina cháil mar Cheann na Gníomhaireachta roimh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha um Chosaint.

D’fhormheas an Bord Stiúrtha Tosaíochtaí Forbartha Cumais an Aontais do 2023. Tá an doiciméad mar bhonnlíne le haghaidh pleanáil cosanta uile-Aontais, agus do thionscnaimh uile an Aontais a bhaineann le cosaint. Is léiriú iad na 22 thosaíocht ar na dálaí míleata a tugadh faoi deara san Úcráin, tacaíonn siad le cuspóirí cosanta an Aontais, agus tá siad ceaptha chun tionscadail nithiúla a bhaint amach.

Chomh maith leis sin, d’fhormhuinigh Airí cosanta an Aontais ráiteas comhpháirteach maidir le rochtain EDTIB ar mhaoiniú a neartú agus a chumas cur leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an inbhuanaitheacht san Eoraip. Leagtar béim sa ráiteas ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar rochtain EDTIB ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach araon, a mheastar a bheith ríthábhachtach chun oibríochtaí tionsclaíocha a chothú, nuálaíocht a chothú agus iomaíochas a fheabhsú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025