An tSúdáin
Tá an tAontas – ó thús na cogaíochta in 2023 – ag tacú go gníomhach le hiarrachtaí idirnáisiúnta an tsíocháin agus an chobhsaíocht a bhaint amach sa tSúdáin. Is iad an tAontas agus a Bhallstáit le chéile an deontóir is mó a thugann cabhair dhaonnúil don tSúdáin.
An ghéarchéim sa tSúdáin
Is fada muintir na Súdáine ag cur suas leis an gcoinbhleacht, an dara cogadh cathartha sa tSúdáin idir 1983 agus 2005 agus an cogadh in Darfur idir 2003 agus 2020, mar shampla, dhá choinbhleacht a chothaigh éagobhsaíocht pholaitiúil, slándála agus eacnamaíoch sa tSúdáin.
Ó mhí Aibreáin 2023 i leith, tá cogadh cathartha nua ar siúl sa tSúdáin idir dhá fhaicsean: Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta, agus a mílístí cleamhnaithe faoi seach.
Chuir an cogadh idir Fórsaí Armtha na Súdáine agus na Fórsaí Mear-Thacaíochta leis an ngéarchéim dhaonnúil a bhí an-dona fiú roimhe sin, chuir sé an soláthar bia go mór i mbaol, gorta mar chuid de. Ina theannta sin, tuairiscítear gur minic sárú ar chearta an duine agus mí-úsáid á déanamh i réimse chearta an duine, mar shampla:
- ionsaithe ar shibhialtaigh bunaithe ar cheangal nó ar eitneacht líomhnaithe
- foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe
- ionsaithe ar shaoráidí cúraim sláinte agus ar an mbonneagar fuinnimh
- leanaí a bheith á n-earcú agus a n-úsáid ag na grúpaí cogaíochta
Tá teagmhais adhaimsire atá bainteach leis an athrú aeráide – tuilte agus triomach, mar shampla – ag cur isteach go mór ar an tSúdáin freisin.
De réir na Náisiún Aontaithe, tá cabhair dhaonnúil ag teastáil go géar ó breis agus 33.7 milliún duine. Is ionann sin agus 65 % de dhaonra na Súdáine. Meastar go bhfuil 19 milliún duine (beirt as gach cúigear sa tSúdáin) ar leibhéal ard neamhshlándála bia.
Tá an ghéarchéim easáitithe is mó ar domhan ag tarlú sa tSúdáin faoi láthair; tá 9 milliún duine easáitithe ina dtír féin agus os cionn 4.4 milliún duine eile díobh ar a dteitheadh taobh amuigh den tSúdáin, chuig tíortha comharsanachta den chuid is mó.
Le 15 bliana anuas, tá an tSúdáin seasta síoraí ar cheann de na 10 dtír is mó ar domhan ina bhfuil an líon is mó daoine easáitithe ina dtír féin de bharr coinbhleachta agus foréigin.
Measann UNICEF go bhfuil thart ar 8.4 milliún leanbh (as na 16.5 milliún leanbh atá in aois scoile) sa tSúdáin nach bhfuil ag freastal ar scoil. Meastar nach bhfuil rochtain ag 65 % de dhaonra na Súdáine ar chúram sláinte riachtanach.
Tuairiscítear ganntanas bia, uisce ghlain, cógas, airgid thirim agus breosla, mar aon le cumarsáid agus leictreachas teoranta, ar fud na tíre.
Foinse sonraí:
Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tSúdáin
An 20 Deireadh Fómhair 2025, d’fhormheas an Chomhairle conclúidí lena gcáintear go láidir an choinbhleacht leanúnach sa tSúdáin; is coinbhleacht í atá – le breis agus dhá bhliain anuas – ina cúis le bás na mílte agus le hanó mór do mhuintir na Súdáine trí chéile. Is tromchúiseach an bhagairt freisin í an choinbhleacht ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil sa réigiún máguaird.
Is mór an t-údar imní don Aontas aontacht, iomláine chríochach agus cobhsaíocht na Súdáine, atá i mbaol tromchúiseach, agus an ilroinnt atá ag dul i méid ar bhonn polaitiúil agus eitneach agus an scéal a bheith níos measa fós de bharr struchtúir chomhthreomhara rialachais a bheith ag teacht chun cinn. Diúltaíonn an tAontas d’aon iarracht chun an tSúdáin a dheighilt.
Cuireann an tAontas i bhfios go láidir gur ar cheannaireacht Fhórsaí Armtha na Súdáine agus na bhFórsaí Mear-Thacaíochta, agus orthu siúd a thacaíonn leis na heintitis sin, atá an phríomhfhreagracht as deireadh a chur leis an gcoinbhleacht. Iarrann an Aontas ar na páirtithe uile sa choinbhleacht an méid a leanas a dhéanamh:
- páirt chuiditheach a ghlacadh i gcaibidlíocht i dtreo sos cogaidh láithreach agus i bpróiseas inchreidte uilechuimsitheach idirghabhála síochána, as a dtiocfaidh sos comhraic leanúnach
- rochtain dhaonnúil thapa, inmharthana gan bhac a chinntiú agus sibhialtaigh a chosaint sa tSúdáin
- gealltanais inchreidte a dhéanamh chun rialachas sibhialta fíorchuimsitheach, ionadaíoch agus neamhspleách a éascú
- an smacht reachta, an chuntasacht, urraim don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine, agus ceartas sa tSúdáin a athbhunú agus a neartú
Tá an tAontas faoi réir chun cur lena rannpháirtíocht leis na páirtithe sa choinbhleacht, ar choinníoll go ndéanfar dul chun cinn inchreidte chun príomhiarrataí an Aontais a bhaint amach.
Mar chomhchathaoirleach ar chomhdhálacha Pháras agus Londan don tSúdáin agus do thíortha comharsanachta na Súdáine, léirigh an tAontas a thiomantas tacú le muintir na Súdáine agus ról gníomhach a imirt chun aghaidh a thabhairt ar an gcoinbhleacht ar bhealach cuimsitheach.
Leanfaidh an tAontas de bheith rannpháirteach go gníomhach, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde, agus gníomhóidh sé d’aon ghuth. Cuirfidh sé formáidí cuimsitheacha chun cinn agus cinnteoidh sé comhordú iomlán le gníomhaithe ábhartha atá ar aon intinn leis. Leanfaidh sé d’úsáid a bhaint as raon iomlán na n-ionstraimí beartais eachtraigh atá ar fáil dó – agus, i gcás inar féidir, treiseoidh sé an úsáid sin – lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta sriantacha spriocdhírithe chun teacht ar réiteach síochánta ar an ngéarchéim.
Aithníonn an tAontas cearta bunúsacha mhuintir na Súdáine chun saoirse, síochána agus ceartais, agus athdhearbhaíonn sé a thiomantas daingean tacú leis an tSúdáin ina hiarrachtaí chun a haontacht agus a hiomláine chríochach a chaomhnú, agus chun cobhsaíocht mharthanach, daonlathas agus rathúnas inbhuanaithe a bhaint amach.
Tacaíocht dhaonnúil do mhuintir na Súdáine
Is iad an tAontas agus na 27 mBallstát, i dteannta a chéile an deontóir is mó a thugann cabhair dhaonnúil don tSúdáin. In 2023-2026, dháil an tAontas €598.3 milliún i gcúnamh orthu siúd is leochailí sa tSúdáin.
Agus aird á tabhairt freisin ar an tacaíocht a tugadh do thíortha comharsanachta atá thíos le géarchéim na Súdáine — amhail Sead, an tSúdáin Theas, an Aetóip, Poblacht na hAfraice Láir, Uganda, an Éigipt agus an Libia — is ionann ranníocaíocht fhoriomlán an Aontais don tréimhse ó 2023 go 2026 agus €974.8 milliún. Ní áirítear sna figiúirí sin an chabhair dhaonnúil a chuir Ballstáit aonair an Aontais ar fáil.
Ina theannta sin, an 15 Aibreán 2026, ag an tríú comhdháil idirnáisiúnta sa tSúdáin, gheall an tAontas, in éineacht lena Bhallstáit, breis agus €812 mhilliún i gcabhair chun freagairt go práinneach d’éigeandáil leanúnach na tíre, laistigh agus lasmuigh dá teorainneacha araon.
As an ngealltanas iomlán sin, is ionann ranníocaíocht an Aontais Eorpaigh agus €360.8 milliún, as a dtacóidh €215.5 milliún le daoine atá i ngátar sa tSúdáin, agus cuideoidh €145.3 milliún le freagairt do ghéarchéim réigiúnach na ndídeanaithe a d’eascair as an gcogadh.
Cuireann cabhair dhaonnúil an Aontais an méid a leanas ar fáil do mhuintir na Súdáine:
cúnamh bia agus cothaithe
uisce agus sláintíocht
cúram sláinte
dídean
oideachas
cúnamh airgid
Cuidíonn an tAontas freisin le caoi agus cóireáil chothaitheach a dhéanamh do leanaí faoi 5 bliana d’aois mar aon le mná sa tSúdáin atá torrach nó ag cothú cíche.
Cuirtear cabhair dhaonnúil ar fáil trí ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta agus trí ghluaiseacht na Croise Deirge.
Ina theannta sin, tá comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta á chur chun cinn ag an Aontas maidir le rochtain shábháilte gan bhac ar chabhair dhaonnúil, sibhialtaigh a chosaint agus oibrithe cabhrach a choinneáil slán sábháilte.
Smachtbhannaí a bhaineann leis an tSúdáin
Cobhsaíocht agus aistriú polaitiúil na Súdáine
Bhunaigh an tAontas creat nua smachtbhannaí a bhaineann leis an tSúdáin i mí Dheireadh Fómhair 2023, mar fhreagairt ar an gcoinbhleacht idir na Fórsaí Mear-Thacaíochta agus Fórsaí Armtha na Súdáine.
Tugtar aghaidh leis an gcreat sin ar dhaoine agus ar eintitis atá freagrach as an méid a leanas nó a bhfuil baint acu leis an méid a leanas:
- gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann síocháin, cobhsaíocht nó slándáil na Súdáine i mbaol
- bac a chur ar na hiarrachtaí chun an t-aistriú polaitiúil daonlathach sa tSúdáin a atosú nó an bonn a bhaint de na hiarrachtaí sin
- bac a chur ar sheachadadh, rochtain nó dáileadh na cabhrach daonnúla sa tSúdáin
- sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine nó sáruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta sa tSúdáin a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh
Tá feidhm ag na smachtbhannaí maidir le daoine aonair agus eintitis a bhaineann le Fórsaí Armtha na Súdáine nó leis na Fórsaí Mear-Thacaíochta nó atá ceangailte leo, mar aon le daoine agus eintitis a bhfuil baint acu leo. Áirítear orthu sin toirmisc taistil do dhaoine aonair, reo sócmhainní do dhaoine aonair agus d’eintitis, agus toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do na daoine aonair agus do na heintitis sin atá faoi smachtbhannaí.
Tá smachtbhannaí curtha ar 18 nduine agus ar ocht n-eintiteas faoin gcóras smachtbhannaí seo agus síneadh curtha leis go dtí an 10 Deireadh Fómhair 2026.
Is léiriú é forchur na smachtbhannaí sin ar thacaíocht bhuanseasmhach an Aontais don tsíocháin agus don chuntasacht sa tSúdáin. Bainfidh an tAontas, i gcomhar leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, úsáid as a chuid uirlisí agus ionstraimí taidhleoireachta, smachtbhannaí san áireamh, chun teacht ar réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht, chun aghaidh a thabhairt ar an staid dhaonnúil thromchúiseach sa tír agus níos faide i gcéin, agus chun próiseas polaitiúil cuimsitheach marthanach a chothú sa tSúdáin lena léireofar mianta mhuintir na Súdáine.
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Rialachán a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Trádbhac arm
Tá trádbhac curtha ag an Aontas ar sholáthairtí arm chuig an tSúdáin ó 1994 i leith. In 2005, chuir an tAontas smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an tSúdáin a bhaineann leis an gcoinbhleacht in Darfur chun feidhme trína gcumasc leis an trádbhac arm atá ag á chur i bhfeidhm cheana féin ag an Aontas maidir leis an tSúdáin.
In 2011, tar éis don tSúdáin Theas neamhspleáchas a bhaint amach, leasaigh an tAontas an trádbhac arm ionas go gcumhdódh sé an tSúdáin Theas chomh maith leis an tSúdáin. Mar sin féin, chinn an tAontas, in 2014, an dá chreat smachtbhannaí a bhaineann leis na tíortha sin a dheighilt ó chéile.
Faoi réimeas na Súdáine, tá toirmeasc ar náisiúnaigh an Aontais dul i mbun aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas le haon duine nó comhlacht sa tSúdáin nó lena n-úsáid sa tSúdáin:
- airm nó trealamh míleata gaolmhar de gach cineál a sholáthar, a dhíol, a aistriú nó a onnmhairiú
- cúnamh teicniúil a chur ar fáil mar aon le seirbhísí bróicéireachta agus seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata agus le soláthar, monarú, cothabháil agus úsáid arm agus trealaimh mhíleata ghaolmhair
- cúnaimh airgeadais a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata a mhaoiniú nó a sholáthar
Anuas air sin, cuirtear toirmeasc taistil agus reo sócmhainní ar chúigear a meastar:
- gur bac ar an bpróiseas síochána iad
- gur bagairt ar an gcobhsaíocht in Darfur agus sa réigiún máguaird iad
- go bhfuil sáruithe á ndéanamh acu ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, nó go bhfuil ainghníomhartha eile déanta nó á ndéanamh acu
- go bhfuil sáruithe á ndéanamh acu ar an trádbhac arm agus/nó gurb iad atá freagrach as traseitiltí míleata ionsaitheacha i réigiún Darfur agus os a chionn
- Cinneadh a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
- Rialachán a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)
Féach freisin
Freagairt ar ghéarchéimeanna
Cabhair dhaonnúil
An fáth a nglacann an tAontas smachtbhannaí
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Iúil 2026