Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 23 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

An Chomhairle Eorpach, an 16-17 Nollaig 2021

Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí maidir leis an gComhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 16-17 Nollaig, tráth a bpléifidh na ceannairí an athuair comhordú na freagartha ar phaindéim COVID-19 agus tráth a mbreathnóidh siad ar an obair atá déanta sa Chomhairle maidir le feabhas a chur ar ár n-ullmhacht chomhchoiteann, ar ár gcumas freagartha agus ar an teacht aniar atá ionainn maidir le géarchéimeanna amach anseo.

Breathnóidh an Chomhairle Eorpach arís freisin ar a bhfuil ag titim amach i dtaobh praghsanna fuinnimh mar a comhaontaíodh i mí Dheireadh Fómhair.

Tar éis an dinnéir neamhfhoirmiúil in Brdo agus tar éis na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, cuirfidh na ceannairí treoir ar fáil maidir leis an dréacht-Chompás Straitéiseach agus maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT.

Ullmhóidh siad an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i gcomhréir le clár Oibre na gCeannairí.

Coinneofar súil ghéar ar chás na himirce agus ar a bhfuil ag tarlú ag an teorainn leis an mBealarúis agus fillfidh na ceannairí air sin ar leibhéal na Comhairle Eorpaí de réir mar is gá.

Conclúidí maidir le hathléimneacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna

D'fhormheas na hairí conclúidí maidir le feabhas a chur ar an ullmhacht, an cumas freagartha agus an athléimneacht i leith géarchéimeanna a bheadh ann amach anseo.

Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Táimid ag obair ar threisiú le hullmhacht an Aontais i leith géarchéimeanna ón gcéad lá den uachtaránacht s'againn. Is céim mhór chun cinn iad conclúidí an lae inniu, ar tháinig na Ballstáit ar chomhaontú ina leith, le go bhféadfaimid bonn tréan athléimneachta a chur faoin Eoraip le chéile.
Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine
Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

I mí an Mheithimh d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an uachtaránacht brú chun cinn lena cuid oibre sa Chomhairle chun feabhas a chur ar ullmhacht, cumas freagartha agus athléimneacht chomhchoiteann an Aontais i leith géarchéimeanna a bheadh ann amach anseo agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chosaint.

Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu in Brdo pri Kranju an 23 Iúil, bhí plé ag na hairí Gnóthaí Eorpacha maidir le hathléimneacht an Aontais a neartú agus thacaigh siad le hiarrachtaí uachtaránacht na Slóivéine freagairt níos cuimsithí ar ghéarchéimeanna a fhorbairt.

Chinn an uachtaránacht go n-ullmhódh sí conclúidí don Chomhairle Gnóthaí Ginearálta i bhfianaise dhíospóireacht na n-airí.

Cuireadh Meitheal ad hoc ar bun go sonrach chun dréacht-Chonclúidí ón gComhairle a ullmhú.

Próiseas an mhéadaithe agus na cobhsaíochta agus comhlachais

Thug na hairí dá n-aire an staid mar atá agus bhí malartú tuairimí acu maidir le próiseas an mhéadaithe agus na cobhsaíochta agus comhlachais. Leag an uachtaránacht béim ar a thábhachtaí atá sé próiseas an mhéadaithe agus na cobhsaíochta agus comhlachais a chur chun cinn.

Tá sé mar thosaíocht againn agus sinn i mbun na huachtaránachta féachaint le próiseas an mhéadaithe agus na cobhsaíochta agus comhlachais a thabhairt chun cinn. Is é beartas méadaithe an Aontais an príomhbheartas a bhfuil cumhacht claochlaitheach aige i réigiún na mBalcán Thiar. Ní mór, mar gheall air sin, dul chun cinn a dhéanamh go beo ar chonair an Aontais. Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

Tháinig an malartú idir na hairí tar éis Chruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar, foilsiú an phacáiste um méadú ag an gCoimisiún agus tar éis an phlé a rinneadh sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis na Balcáin Thiar.

Rinne na hairí a marana ar an mbealach is fearr leis an méadú a thabhairt ar aghaidh.

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú le linn an tseimeastair dheireanaigh maidir le modheolaíocht fheabhsaithe an mhéadaithe a chur i bhfeidhm maidir le Montainéagró agus maidir leis an tSeirbia, rud a d'fhág go rabhthas in ann na chéad chomhdhálacha ʻpholaitiúla’ idir-rialtasacha a thionól leis an dá thír i mí an Mheithimh.

Chomh maith leis sin, thug an Chomhairle cead deiridh, i mí Mheán Fómhair, do chúnamh airgeadais réamhaontachais ar fiú beagnach 14.2 billiún euro é don tréimhse 2021–2027 i bhfabhar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar agus na Tuirce.

Idirphlé faoin smacht reachta

Bhí plé tír-shonrach ag na hairí faoi chuimsiú an idirphlé bhliantúil faoin smacht reachta; dhírigh siad sa phlé sin ar an staid sa Chróit, san Iodáil, sa Chipir, sa Laitvia agus sa Liotuáin. Ba é an tríú babhta den phlé tír-shonrach é tar éis na bpléití a bhí ann i mí na Samhna 2020 agus i mí Aibreán 2021.

Is é an smacht reachta cloch choirnéil ár gcearta agus ár saoirsí, agus is é a ráthaíonn na cearta agus na saoirsí sin. Sa phlé seo bhíomar in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sula mbeidh siad ina n-ábhar achrainn. Chloíomar lenár dtiomantas an t-idirphlé faoin smacht reachta a dhéanamh níos láidre agus níos struchtúrtha, agus prionsabal na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus chóir comhionann na mBallstát ar fad á n-urramú againn ag an am céanna. Is deis dúinne é, leis an idirphlé tír-shonrach seo, dea-chleachtas a mhalartú. Gašper Dovžan, Státrúnaí ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Slóivéine

Chaith na hairí thart ar leathuair an chloig ar gach ceann de na cúig Bhallstát; tosaíodh le réamhrá gearr ón gCoimisiún bunaithe ar na hachomairí agus na príomhthorthaí ón gcaibidil tír-shonrach faoi seach dá thuarascáil 2021 maidir leis an smacht reachta. Ansin, chuir gach ceann de na cúig thoscaireacht i láthair na príomhfhorbairtí agus na gnéithe faoi leith dá creat náisiúnta maidir leis an smacht reachta. Tháinig babhta barúlacha ina dhiaidh sin inar roinn toscaireachtaí eile a dtaithí agus dea-chleachtas maidir leis na forbairtí a luadh.

An caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe

Bhí plé ag na hairí gnóthaí Eorpacha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Dhírigh siad go háirithe ar na cainteanna leanúnacha leis an Ríocht Aontaithe maidir le réitigh phraiticiúla faoi chuimsiú an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá os comhair daoine i dTuaisceart Éireann.

Thug Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič na hairí cothrom le dáta i dtaobh na bhforbairtí is déanaí, lena n-áirítear an cruinniú a bhí aige le David Frost an 19 Samhain, agus d’athdhearbhaigh na hairí a dtacaíocht do chur chuige an Choimisiúin Eorpaigh.

Chuir an tAontas chun suntais gur gá athrú chuig modh atá dírithe ar thorthaí agus beart a dhéanamh de bhriathar maidir leis na saincheisteanna a d’ardaigh geallsealbhóirí Thuaisceart Éireann. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh réitigh nithiúla chomhpháirteacha ann faoi chuimsiú an Phrótacail mar thoradh ar an athrú san éirim le déanaí. Chuir an uachtaránacht in iúl freisin gur bunchloch den chaidreamh agus den chaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe í an aontacht i measc na mBallstát.

Clár oibre an Choimisiúin do 2022

Chuir an Coimisiún a chlár oibre do 2022 i láthair. Cuirfidh an t-ionchur sin leis an dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha do 2022 a fhorbairt a chomhaontóidh na trí institiúid níos déanaí i mbliana.

In 2016, chomhaontaigh an Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil an Aontais a atreisiú tríd an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

De réir an chomhaontaithe sin, ba cheart don Choimisiún dul i mbun idirphlé leis an gComhairle agus an Pharlaimint sula nglacfar a chlár oibre bliantúil agus ina dhiaidh sin araon.

Buiséad an Aontais Eorpaigh do 2022

Chomhaontaigh an Chomhairle buiséad an Aontais do 2022 tar éis teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa an 16 Samhain 2021. Le buiséid na bliana seo chugainn €169.5 billiún a bheidh ar na gealltanais iomlána agus €170.6 billiún ar na híocaíochtaí iomlána. Léirítear go soiléir i mbuiséad na bliana seo chugainn príomhthosaíochtaí an Aontais: téarnamh eacnamaíoch, an t-athrú aeráide a chomhrac, agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Fágtar freisin dóthain acmhainní faoi uasteorainneacha caiteachais an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 chun go mbeidh an tAontas in ann freagairt ar riachtanais gan choinne.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025