Skip to content
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Cruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, Brdo pri Kranju, an tSlóivéin, 6 Deireadh Fómhair 2021

Na príomhthorthaí

Tháinig ceannairí ó na stáit seo a leanas le chéile ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, a d’óstáil Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle in Brdo pri Kranju:

  • Ballstáit an Aontais
  • sé chomhpháirtí na mBalcán Thiar: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an tSeirbia, Montainéagró, Poblacht na Macadóine Thuaidh agus an Chosaiv*

Is é Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú mullaigh. Rinne an tUachtarán Michel agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ionadaíocht thar ceann an Aontais .

Le linn an chruinnithe mullaigh, ghlac ceannairí an Aontais dearbhú, ar dearbhú é lena seasann ceannairí na mBalcán Thiar.

Athdhearbhaítear sa dearbhú sin tacaíocht dheimhin dhearfa an Aontais do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar. Leagtar tionscnaimh amach ann chun tacú leis an nascacht agus leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach sa réigiún, maille le gealltanais i réimse an chomhair pholaitiúil agus slándála.

Tagraítear sa dearbhú freisin do réimse spriocanna insoláthartha a rachaidh chun tairbhe na mBalcán Thiar, an méid seo a leanas san áireamh:

  • an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) dar luach €30 billiún
  • an gealltanas cur go mór le rátaí vacsaínithe COVID-19
  • an bealach chun costais fánaíochta a ísliú
  • Clár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar
  • Lánaí Glasa agus Pleananna Gníomhaíochta an Chomhphobail Iompair
A ndúirt an tUachtarán Michel ag an bpreasagallamh tar éis an chruinnithe mullaigh maidir le tacaíocht ón Aontas agus na hathchóirithe is gá

An pheirspictíocht Eorpach

D'athdhearbhaigh ceannairí an Aontais a dtacaíocht dheimhin dhearfa do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar, atá chun ár leas straitéiseach frithpháirteach, agus ar rogha straitéiseach chomhroinnte fós é.

Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta do phróiseas an mhéadaithe agus do na cinntí ábhartha a rinneadh ina leith, bunaithe ar athchóirithe inchreidte arna ndéanamh ag comhpháirtithe, ar an gcoinníollacht chothrom dhocht, agus ar phrionsabal na dtuillteanas dílis.

Ina theannta sin, meabhraíodh do cheannairí an Aontais a thábhachtaí atá sé go mbeadh an tAontas in ann a fhorbairt féin a chaomhnú agus a dhoimhniú, ionas acmhainneacht an Aontais Ballstáit nua a lánpháirtiú a áirithiú.

D’athdhearbhaigh comhpháirtithe na mBalcán Thiar a dtiomantas do luachanna agus prionsabail Eorpacha agus do na hathchóirithe riachtanacha a dhéanamh ar mhaithe le leas a muintire.

Freagairt ar COVID-19

Meabhraíodh do na ceannairí go raibh dlúthbhaint ag na Balcáin Thiar le roinnt tionscnamh de chuid an Aontais chun an phaindéim a chomhrac trína gcomhpháirtíocht dhlúth éifeachtach leis an Aontas.

Gheall ceannairí an Aontais tuilleadh feabhais a chur an rochtain atá ag comhpháirtithe ar vacsaíní, ar dhiagnóisic agus ar theiripí. Gheall siad go gcabhróidís le comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar rátaí vacsaínithe comhchosúil le meánrátaí an Aontais a bhaint amach faoi dheireadh 2021.

2.9 milliún dáileog vacsaíne a bhí curtha ar fáil roimh an gcruinniú mullaigh ag an Aontas agus a Bhallstáit don réigiún, chomh maith le tacaíocht sláinte agus shocheacnamaíoch arbh fhiú €3.3 billiún í, an tsuim is mó a cuireadh ar fáil go dtí seo.

Freagairt an Aontais ar phaindéim an choróinvíris sna Balcáin Thiar: breis is €3.3 billiún curtha ar fáil ag an Aontas chun tacú leis na Balcáin Thiar déileáil le paindéim COVID-19.
COVID-19: os cionn €3.3 billiún de thacaíocht do na Balcáin Thiar (Grafaic faisnéise)

COVID-19: os cionn €3.3 billiún de thacaíocht do na Balcáin Thiar (Grafaic faisnéise)

Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) dar luach €30 billiún

Is é an tAontas príomh-chomhpháirtí polaitiúil, eacnamaíoch agus trádála na mBalcán Thiar. Trí bhíthin EIP, tá tacaíocht airgeadais, an tsuim is mó a cuireadh ar fáil go dtí seo, á tabhairt ag an Aontas agus €30 billiún á chur ar fáil aige don réigiún sna 7 mbliana amach romhainn.

Cuirfidh an tAontas maoiniú deontais dar luach €9 mbilliún ar fáil trí 10 gclár shuaitheanta infheistíochta. Sa tslí sin, tá sé d’aidhm ag EIP:

  • téarnamh eacnamaíoch fadtéarmach a spreagadh
  • dlús a chur le haistriú glas agus le haistriú digiteach
  • tacú leis an gcomhar réigiúnach
  • cóineasú leis an Aontas a chothú

Cuideoidh EIP chomh maith le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a mhealladh, le tacaíocht ó Shaoráid Ráthaíochta na mBalcán Thiar, a d'fhéadfadh suas le €20 billiún a shlógadh.

Freagracht chomhroinnte

Tá infheistíochtaí EIP ceaptha a bheith ina spreagadh d'athrú dearfach do na Balcáin Thiar. Mar sin féin, ní bheidh sé sin inbhuanaithe mura ndéantar iarracht chomhpháirteach ar gach taobh.

Dá bhrí sin, tá tacaíocht an Aontais ceangailte le dul chun cinn nithiúil maidir leis an smacht reachta, le hathchóirithe socheacnamaíocha, agus cloí le luachanna, rialacha agus caighdeáin Eorpacha.

Nascacht, comhtháthú, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach

Comhlánófar an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta le réimse tionscnamh nua chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, leis an gcomhtháthú réigiúnach agus leis an nascacht, chomh maith leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch.

Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an comhaontú maidir leis an bplean gníomhaíochta don Chlár Oibre Glas, a bheidh ina mhórspreagadh don aistriú chuig geilleagair nua-aimseartha, carbón-neodracha, aeráid-díonacha, agus tíosach ar acmhainní.

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don chomhar réigiúnach uilechuimsitheach.

Chomhaontaigh na ceannairí go gcuirfidís dlús leis na hiarrachtaí atá ar bun chun feabhas a chur ar chomhtháthú margaidh na mBalcán Thiar le Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, SEPA (Limistéir Aonair Íocaíochtaí Euro) san áireamh.

Ba dhíol sásaimh dóibh an treochlár fánaíochta, lena leagfar amach an bealach chun costais fánaíochta a ísliú idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, ag tógáil ar an gcóras fánaíochta in aisce is infheidhme sa réigiún ón 21 Iúil i leith.

Ba dhíol sásaimh freisin do na hairí coincheap na Lánaí Glasa idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, chun amanna feithimh ag teorainneacha a laghdú, chomh maith le Pleananna Gníomhaíochta an Chomhphobail Iompair le haghaidh iompar cliste agus nascacht inbhuanaithe, ar formhuiníodh le déanaí iad.

Sheol siad an Clár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar freisin chun barr feabhais agus deiseanna a chur chun cinn i réimsí na nuálaíochta, an taighde, an oideachais, an chultúir, na hóige agus an spóirt.

Comhar polaitiúil agus slándála

Thug na ceannairí dá n-aire go raibh comhartha soiléir á thabhairt ag comhpháirtithe na mBalcán Thiar maidir lena dtreoshuíomh straitéiseach trí sheasamh leis an Aontas. Ba cheart an méid sin a léiriú trí ailíniú iomlán a dhéanamh le seasaimh bheartas eachtrach an Aontais.

Athdhearbhaímid go bhfuilimid ag súil go ndéanfaidh na comhpháirtithe an comhar a dhoimhniú a thuilleadh i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES) agus go ndéanfaidh siad dul chun cinn inláimhsithe inbhuanaithe i dtreo ailíniú iomlán le seasaimh bheartas eachtrach an Aontais agus go ngníomhóidh siad dá réir, lena n-áirítear seasaimh i bhfóraim idirnáisiúnta mar chuid thábhachtach dá gconair Eorpach. Dearbhú Brdo

Agus an iliomad dúshlán comhchoiteann slándála os comhair an Aontais agus na mBalcán Thiar, chomhaontaigh na ceannairí an comhar a neartú i ndáil leis an méid seo a leanas:

  • rannchuidiú le misin agus le hoibríochtaí slándála an Aontais
  • aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí hibrideacha eile
  • feabhas a chur ar an gcibearshlándáil agus ar an gcibearthaidhleoireacht
  • an sceimhlitheoireacht, an radacú agus an choireacht eagraithe a throid
  • sciúradh airgid agus an gháinneáil ar dhaoine agus ar dhrugaí a chomhrac
  • freagairt a thabhairt ar fhorbairtí san Afganastáin

Chuir an tAontas in iúl freisin go raibh sé réidh a thacaíocht do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar a neartú a mhéid a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce. Ba cheart an bhéim a leagan ar fheabhsú na gcóras tearmainn, ar ghleic na smuigleála imirceach agus na himirce neamhdhleathaí, ar na próisis fillte, ar bhainistiú teorainneacha, ar mhalartú faisnéise agus ar acmhainneacht ghlactha.

Cruinnithe mullaigh rialta

Mar léiriú ar a thábhachtaí atá an dlúthchaidreamh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar, chinn na ceannairí cruinnithe mullaigh a thionól go rialta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar. Beidh an chéad cheann eile ar siúl in 2022.

Cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach

An 5 Deireadh Fómhair, an oíche roimh an gcruinniú mullaigh, d’iarr an tUachtarán Michel ar cheannairí an Aontais ról an Aontais sa domhan a phlé. Meabhraíodh dóibh go dtacaíonn an tAontas go láidir leis an iltaobhachas agus gur cosantóir ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe é. Rinne siad díospóireacht ar na hábhair seo a leanas:

  • ag obair le comhghuaillithe agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, go háirithe leis na Stáit Aontaithe agus le ECAT
  • athléimneacht an Aontais a neartú trína spleáchais chriticiúla a laghdú
  • acmhainneacht an Aontais chun gníomhú go neamhspleách mar chumhacht eacnamaíoch a mhéadú, agus a acmhainneacht i réimse na slándála agus na cosanta a mhéadú
  • leanúint de leasanna an Aontais féin a shaothrú, go háirithe i leith na Síne, tír a meastar gur iomaitheoir, comhpháirtí agus iomaitheoir sistéamach í
Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta an Aontais: tacaíocht thar na bearta do na Balcáin Thiar
Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta an Aontais: tacaíocht thar na bearta do na Balcáin Thiar (Grafaic faisnéise)

Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta an Aontais: tacaíocht thar na bearta do na Balcáin Thiar (Grafaic faisnéise)

Eolas cúlra

Ba chuid é an cruinniú mullaigh de chur chun feidhme Chlár Oibre Straitéiseach 2019-2024 na Comhairle Eorpaí.

Caidreamh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar

Caidreamh idir an tAontas agus comhpháirtithe aonair na mBalcán Thiar

(na fíricí uile arna soláthar ag an gCoimisiún Eorpach)

Cruinnithe mullaigh roimhe seo

Tionóladh an cruinniú mullaigh deireanach idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar in 2020 i bhformáid fhíorúil mar gheall ar phaindéim COVID-19. Ba í Uachtaránacht na Cróite ar an gComhairle a bhí i mbun óstála.

Rinne Uachtaránacht na Bulgáire ar an gComhairle an cruinniú mullaigh idir ceannairí an Aontais agus ceannairí na mBalcán Thiar a óstáil i Sóifia in 2018.

* Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025