Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 17 Samhain 2025

Na príomhthorthaí

Chuir na hairí atá freagrach as gnóthaí Eorpacha tús leis an obair ullmhúcháin do Chomhairle Eorpach mhí na Nollag 2025 trí phlé a dhéanamh ar an dréachtchlár oibre anótáilte. Phléigh an Chomhairle an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua 2028-2034 agus thug sí dá haire staid na himeartha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Chuir an Coimisiún a chlár oibre do 2026 i láthair agus bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí. I gcomhthéacs an idirphlé bhliantúil maidir leis an smacht reachta, bhí plé tírshonrach ag an gComhairle maidir le staid an smachta reachta sa Bhulgáir, sa tSeicia, in Éirinn agus sa Ghearmáin.

<p>Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge</p>

Ní mór don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a bheith níos simplí, níos solúbtha agus níos éifeachtaí más mian linn a dhéanamh cinnte de go mbeidh an Eoraip níos láidre agus níos iomaíche. Ba chéim thábhachtach é an plé sa Chomhairle Gnóthaí Ginearálta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha náisiúnta agus réigiúnacha a bhaineann leis an gcéad CAI eile. Is ábhar misnigh dom an t-idirphlé cuiditheach eadrainn agus táim ag tnúth le leanúint leis an gcaibidlíocht a bheidh againn ag an gcéad Chomhairle Gnóthaí Ginearálta eile i mí na Nollag.

<p>Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge</p>

Marie Bjerre, Aire Gnóthaí Eorpacha na Danmhairge

Ullmhúchán do Chomhairle Eorpach mhí an Nollag

Chuir an Chomhairle tús freisin leis na hullmhúcháin do chruinniú mhí na Nollag 2025 den Chomhairle Eorpach trí phlé a dhéanamh ar dhréachtchlár oibre anótáilte. Meastar go bpléifidh na ceannairí an méid a leanas:

  • an Úcráin
  • an Meánoirthear
  • an Chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil Eile
  • méadú
  • an imirce
  • an gheo-eacnamaíocht agus an t-iomaíochas

Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034

Bhí an tríú díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le CAI an Aontais do 2028-2034.

Bunaithe ar nóta ón Uachtaránacht, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le saincheisteanna a bhaineann le ‘Ceannteideal 1’ atá beartaithe don chreat arb é is aidhm leis, trí chiste tiomnaithe, tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, leis an talmhaíocht, le ceantair thuaithe agus mhuirí, leis an rathúnas agus leis an tslándáil san Aontas. Mar bhonn taca leis an maoiniú, bheadh pleananna comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnaí (pleananna CNR) arna n-ullmhú ag na Ballstáit féin, agus na dúshláin shonracha náisiúnta agus réigiúnacha a bhaineann leo á gcur san áireamh.

I measc nithe eile, phléigh na hairí an tslí gur féidir le riaracháin réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach go hiomchuí in ullmhú agus i gcur chun feidhme na bpleananna CNR a bheidh ann amach anseo agus an tslí gur féidir an tacaíocht a thugtar do bheartais a eascraíonn as oibleagáidí an Chonartha a bheith níos infheicthe faoi na Pleananna agus uaillmhian fhoriomlán an tsimplithe agus na lúfaireachta sa mhaoiniú á caomhnú ag an am céanna.

Beidh an díospóireacht ina bonn eolais don chéad bhosca caibidlíochta, an doiciméad arb é is aidhm dó gnéithe a shainaithint lena mbreithniú go polaitiúil agus an plé a dhéanfaidh ceannairí an Aontais ar na gnéithe sin a éascú. Tá sé ar intinn ag Uachtaránacht na Danmhairge an chéad bhosca caibidlíochta sin a chur i láthair, gan uimhreacha, roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 2025.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Thug an Chomhairle dá haird an staid ina bhfuil an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ag an gcruinniú mullaigh an 19 Bealtaine, gheall ceannairí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe tabhairt faoi chlár oibre athnuaite maidir leis an gcomhar eatarthu a neartú i roinnt réimsí.

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas maidir le cur chun feidhme na gcomhaontuithe atá ann cheana agus maidir leis an forbairtí a rinneadh ó bhí an cruinniú mullaigh deireanach ann. Ba dhíol sásaimh do na hairí gur féidir tús a chur anois leis an gcaibidlíocht maidir le limistéar coiteann sláintíochta agus fíteashláintíochta (comhaontú SPS), agus maidir le comhaontú chun córais trádála astaíochtaí (CTA) gás ceaptha teasa an Aontais agus na Ríochta Aontaithe (comhaontú maidir le CTA a nascadh) a nascadh. Ag an seisiún tuairimíochta ina dhiaidh sin, chuir go leor airí i bhfios go láidir nach féidir, ar bhonn prionsabail don Aontas, an caidreamh a neartú ach amháin má chuirtear na comhaontuithe atá ann cheana chun feidhme go hiomlán, go dílis agus go tráthúil: an Comhaontú Trádála agus Comhair agus an comhaontú um tharraingt siar.

Clársceidealú reachtach

Cuirfidh an Coimisiún a chlár oibre do 2026 i láthair agus beidh seisiún tuairimíochta ag na hairí. Deis a bhí ansin don Chomhairle príomhréimsí beartais agus tograí reachtacha atá le cur san áireamh sa dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2026 a shainaithint agus aird a tharraingt ar na tograí sin ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh. Chuir na hairí a dtuairimí in iúl freisin maidir le tarraingt siar tograí reachtacha atá beartaithe. Tar éis an phlé sin, tiocfaidh na trí institiúid ar chomhaontú faoin dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais faoi dheireadh na bliana seo.

Idirphlé bliantúil ar an smacht reachta

I gcomhthéacs an idirphlé bhliantúil ar an smacht reachta, bhí plé tírshonrach ag na hairí ina ndíríodh ar staid an smachta reachta sa Bhulgáir, sa tSeicia, in Éirinn agus sa Ghearmáin.

Ba é sin an tríú babhta den phlé tírshonrach i mbliana. I gcás gach tír, chuir an Coimisiún príomhthorthaí na caibidle tírshonraí faoi seach i láthair ar dtús ina thuarascáil 2025 maidir leis an smacht reachta. Ina dhiaidh sin ansin, chuir an toscaireachtaí lena mbaineann i láthair na príomhfhorbairtí náisiúnta mar aon le gnéithe ar leith dá gcreat náisiúnta maidir leis an smacht reachta. Bhí babhta barúlacha agus ceisteanna ann ina dhiaidh sin inar roinn toscaireachtaí eile a dtaithí agus dea-chleachtais maidir leis na forbairtí a luadh. Ina dhiaidh sin, bhí deis ag an toscaireacht a raibh an staid ina raibh sí á plé barúlacha breise a chur i láthair.

Aon ghnó eile

Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina thogra le haghaidh ‘pacáiste daonlathais’, lena gcuirtear san áireamh an Sciath Eorpach don Daonlathas agus straitéis an Aontais um an tSochaí Shibhialta, a cuireadh i láthair an 12 Samhain 2025.

Chuir toscaireachtaí na Fraince, na Gearmáine agus na Polainne an Chomhairle ar an eolas faoin tionscnamh dar teideal ‘Sciath Faisnéise’ a sheol a gcraoltóirí idirnáisiúnta poiblí go comhpháirteach agus é mar aidhm acu an bhréagaisnéis thar lear a chomhrac.

Chuir toscaireacht na Liotuáine an Chomhairle ar an eolas faoi na hionsaithe hibrideacha a rinne an Bhealarúis le déanaí.

Tharraing toscaireacht na hUngáire aird na Comhairle ar straitéis an Choimisiúin maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac.

Míreanna eile

Ghlac an Chomhairle, gan phlé, na gníomhartha reachtacha seo a leanas:

  • rialachán maidir le reacht agus cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha
  • an rialachán ‘stad an clog’ maidir le táirgí ceimiceacha, mar chuid de phacáiste reachtach ‘Omnibus VI’ ón gCoimisiún
  • rialachán maidir leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta víosaí
  • rialachán maidir le nósanna imeachta forfheidhmithe an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, an seasamh uaithi ar an gcéad léamh i ndáil leis an treoir maidir le réiteach malartach díospóidí ar dhíospóidí tomhaltóirí (RMD).

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 19 Samhain 2025