- Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, Cív, an Úcráin, 08/07/2019, 8 Iúil 2019
Na príomhthorthaí
Ag an 21ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i gCív, d'athdhearbhaigh na ceannairí neart na nasc polaitiúil agus eacnamaíoch idir an tAontas agus an Úcráin.
Phléigh siad cur chun feidhme an chomhaontaithe comhlachais agus an bealach chun cinn don chaidreamh idir an tAontas agus an Úcráin.
"Tá ár gcomhpháirtíocht bunaithe ar an gComhaontú Comhlachais, arb é an comhaontú is cuimsithí dá bhfuil ag an Aontas le tír ar bith é. Tá sé mar chreat don chomhlachas polaitiúil agus don chomhtháthú eacnamaíoch leanúnach eadrainn. Phléamar inniu an bealach a bhféadfaí leas iomlán a bhaint as poitéinseal an chomhaontaithe ar mhaithe lenár saoránaigh agus lenár ngnólachtaí." A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh
Rinne an tUachtarán Donald Tusk agus an tUachtarán Jean-Claude Juncker ionadaíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcruinniú mullaigh. Rinne an tUachtarán Volodymyr Zelenskyy ionadaíocht thar ceann na hÚcráine.
Ghlac siad ráiteas comhpháirteach ag deireadh an chruinnithe mullaigh:
Coinbhleacht in oirthear na hÚcráine agus ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus Sevastopol
Ag an gcruinniú mullaigh, d'athdhearbhaigh an tAontas a thacaíocht dhiongbháilte do cheannasacht agus d'iomláine chríochach na hÚcráine agus do chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc.
"Ní aithnímid agus ní aithneoimid an ionghabháil neamhdhleathach a rinne an Rúis ar an gCrimé agus Sevastopol. Go díreach cúpla lá ó shin, chuir an tAontas síneadh d’aon toil le smachtbhannaí eacnamaíocha an Aontais i gcoinne na Rúise go ceann sé mhí eile. Fanfaidh na smachtbhannaí sin i bhfeidhm go dtí go gcuirfear comhaontuithe Mhionsc chun feidhme ina n-iomláine." A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh
D’iarr na ceannairí ar an Rúis na mairnéalaigh Úcránacha a gabhadh a scaoileadh saor agus cead bealaigh gan bhac a chinntiú sall is anall ó Mhuir Mheoid, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.
Gheall an tAontas níos mó tacaíochta a thabhairt do réigiún Mhuir Mheoid trí bhíthin bearta nua ar fiú €10 milliún iad. Díreofar an tacaíocht sin ar éagsúlú eacnamaíoch áitiúil agus ar ghnólachtaí beaga, ar an tsochaí shibhialta áitiúil agus ar rannpháirtíocht na saoránach sa chinnteoireacht, ar fheabhas a chur ar shlándáil sa chomhphobal agus ar shábháilteacht phoiblí.
Chomh maith leis sin, cháin an tAontas agus an Úcráin bearta na Rúise lena dtugtar cead do shaoránaigh na hÚcráine sna limistéir nach bhfuil á rialú ag an rialtas iarratas a dhéanamh, ar bhealach simplí, ar shaoránacht na Rúise.
D'iarr an tUachtarán Tusk an athuair go scaoilfí saor Oleh Sentsov, Úcránach ar déantóir scannán é agus ar scríbhneoir é, a cuireadh i bpríosún go neamhdhleathach, mar aon leo siúd uile atá faoi choinneáil go neamhdhleathach sa Chrimé agus sa Rúis.
Roimh an gcruinniú mullaigh, ar an 7 Iúil, chuaigh Donald Tusk agus an tUachtarán Zelenskyy go Stanytsia Luhanska, pointe trasnaithe chuig na limistéir nach bhfuil faoi smacht an rialtais in oirthear na hÚcráine.
"Chonaic mé an drochbhail atá orthu siúd atá buailte ag an gcoinbhleacht. Leanann an tAontas de thacú leis na hiarrachtaí chun faoiseamh a thabhairt dóibh, in éineacht le ESCE, gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí neamhrialtasacha idirnáisiúnta eile. Ina theannta sin, tá an tAontas réidh chun tacú leis an atógáil, nuair a bheidh comhaontuithe Mhionsc curtha chun feidhme." A raibh le rá ag an Uachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe mullaigh
An comhaontú comhlachais a chur chun feidhme
Phléigh ceannairí an Aontais agus ceannairí na hÚcráine na chéad chéimeanna eile i gcur chun feidhme an chomhaontaithe comhlachais mar aon le limistéar saorthrádála an chomhaontaithe sin.
Leag na ceannairí béim ar chomh maith is a d’éirigh leis an gcomhaontú, a mhéadaigh trádáil dhéthaobhach faoi thuairim is 50% ó mhí Eanáir 2016 i leith.
Ba dheis é an cruinniú mullaigh chun béim a leagan ar chomh maith is a d’éirigh leis an gcóras taistil gan víosa freisin. Thug saoránaigh de chuid na hÚcráine beagnach 3 mhilliún cuairt gan víosa ar an Aontas go dtí seo.
Agus deich mbliana de Chomhpháirtíocht an Oirthir á chomóradh againn, leagann na ceannairí béim ar a thiomanta atá siad cur leis an gcomhar agus feabhas a chur ar an nascacht idir an Úcráin, an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta eile.
Rachaidh an tUachtarán Tusk go réigiún Cugais chun freastal ar an 16ú comhdháil idirnáisiúnta tráth a mbeidh deich mbliana de Chomhpháirtíocht an Oirthir á chomóradh in Batumi, an tSeoirsia.
Próiseas athchóirithe na hÚcráine
D'aithin na ceannairí go ndearna an Úcráin dul chun cinn suntasach maidir lena próiseas athchóirithe. "Chomhaontaíomar go bhfuil sé tábhachtach dlús a chur leis na hiarrachtaí sin, go háirithe sa chomhrac in aghaidh an éillithe," a dúirt siad.
Bhí an dá thaobh ar aon fhocal gur gá athchóirithe a chur i gcrích sna margaí gáis agus leictreachais, d’fhonn comhtháthú le margadh fuinnimh an Aontais de réir a chéile.
Ar imeall an chruinnithe mullaigh, ghlac an Coimisiún pacáiste nua beart ar fiú €109 milliún é, chun níos mó tacaíochta a thabhairt do phróiseas athchóirithe na hÚcráine.
An tAontas agus an Úcráin níos gaire dá chéile
Tháinig an comhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Úcráin, lena dtugtar an dá pháirtí níos gaire dá chéile, i bhfeidhm in 2017. Leis an gcomhaontú comhlachais sin, cuirtear chun cinn na nithe seo a leanas:
- ceangal polaitiúil níos téagartha
- naisc eacnamaíocha níos láidre
- urraim do luachanna coiteanna
Is é atá sa limistéar saorthrádála gné eacnamaíoch an chomhaontaithe comhlachais. Leis an limistéar sin, tugtar creat chun nuachóiriú a dhéanamh ar gheilleagar agus ar chaidreamh trádála na hÚcráine.
A bhuí leis an gcomhaontú, tá ag éirí go maith leis an trádáil idir an tAontas agus an Úcráin agus le geilleagar na tíre: tá méadú 49% tagtha ar an trádáil dhéthaobhach ó mhí Eanáir 2016 i leith.
An Rúis
Tá tacaíocht leanúnach tugtha ag an Aontas do cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine agus tá a thiomantas ina leith curtha in iúl aige arís is arís eile.
Chuir an tAontas cineálacha éagsúla smachtbhannaí i bhfeidhm ar an Rúis mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí a rinneadh in aghaidh iomláine chríochach na hÚcráine:
- bearta taidhleoireachta
- bearta sriantacha aonair (reo sócmhainní agus srianta ar thaisteal)
- srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch leis an gCrimé agus le Sevastopol
- smachtbhannaí eacnamaíocha
- srianta ar an gcomhar eacnamaíoch
Smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise maidir leis an Úcráin (ó 2014 i leith) (Grafaic faisnéise)
Féach freisin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Symeon Piperidis Press officer
- +32 478 83 12 21
- +32 2 281 84 72
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
Cruinnithe eile: Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025