Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 07-08/03/2019, 7-8 Márta 2019

Na príomhthorthaí

Gnóthaí baile, Déardaoin an 7 Márta

An imirce

Rinne na hairí athbhreithniú ar sheasamh an Aontais ó thaobh a chomhair le tíortha na hAfraice Thuaidh maidir leis an imirce, agus d'fhéach siad ar cá háit is féidir tuilleadh cúnaimh a sholáthar.

Is féidir leis an Aontas tuilleadh a dhéanamh chun cuidiú leis na tíortha sin trí fheabhas a chur ar a n-acmhainneacht chun imirce a bhainistiú, lena n-áirítear rialú teorann, cuardach agus tarrtháil ar muir, glacadh agus cur chun feidhme na reachtaíochta tearmainn agus imirce, athimeascadh, fillteacha agus athligean isteach.

Leanamar inniu d'obair a dhéanamh ar ár gcur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce. Tá an-dul chun cinn déanta againn ón ngéarchéim a bhí ann in 2015, le laghdú 90% ar líon na n-imirceach a tháinig isteach. Mar sin féin, ní fhéadfaimid na maidí a ligean le sruth. Is tosaíocht thábhachtach leanúnach é tacaíocht a thabhairt do thíortha na hAfraice Thuaidh ionas go mbeidh acmhainní leordhóthanacha acu chun déileáil leis na dúshláin imirce atá os a gcomhair. Carmen Daniela Dan, Aire Gnóthaí Baile na Rómáine

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh sa chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, mar aon le staid na himeartha i ndáil le hathchóiriú tearmainn.

Freagairt an Aontais Eorpaigh ar an sceimhlitheoireacht

Phléigh na hairí staid na himeartha agus an bealach chun cinn i dtaca le freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht. Dhírigh siad ar bhearnaí praiticiúla agus reachtacha a shainaithint ar gá aghaidh a thabhairt orthu, mar aon leis na réimsí ba cheart a bheith mar thosaíocht. Chuir siad béim ar a thábhachtaí is atá sé na bearta a glacadh cheana a chur chun feidhme.

Ar bhonn na díospóireachta sin, leanfar den phróiseas de mhachnamh a dhéanamh ar an mbealach chun cinn ar an leibhéal teicniúil.

An Sásra um Chosaint Shibhialta

Ghlac an Chomhairle cinneadh inniu an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a leasú. Foráiltear leis na rialacha nua do stór breise acmhainní a bhunú, dá nglaoitear rescEU, chun cúnamh a chur ar fáil i gcásanna nach leordhóthanach an acmhainneacht atá ann cheana féin. Cuirfear feabhas freisin ar an gcosc ar riosca agus ar an gcomhroinnt faisnéise.

Fís-sleachta ón gComhairle Gnóthaí Baile a tionóladh ar an 7 Márta 2019

Ceartas, 8 Márta

R-fhianaise

Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh i ndáil leis an treoir maidir le hionadaithe dlíthiúla a cheapadh d'fhonn fianaise a bhailiú in imeachtaí coiriúla. Tá an treoir seo mar chuid de phacáiste a dhíríonn ar rochtain trasteorann ar r-fhianaise a fheabhsú trí chreat dlíthiúil a chruthú ionas gur féidir orduithe breithiúnacha a sheoladh go díreach chuig na soláthraithe seirbhíse atá ag oibriú san Aontas.

Phléigh an Chomhairle freisin na sainorduithe caibidlíochta don dara prótacal breise atá i gceangal le Coinbhinsiún Bhúdaipeist agus do chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le rochtain ar r-fhianaise a éascú. Tá na sainorduithe sin ríthábhachtach chun an pacáiste reachtach maidir le r-fhianaise a chomhlánú d'fhonn rochtain thapa, éifeachtach ar r-fhianaise a stóráiltear lasmuigh den Aontas a chinntiú. Thug na hairí treoshuíomh agus treoirlínte polaitiúla chun an obair a dhéantar ar an leibhéal teicniúil a stiúradh agus chun na sainorduithe a ghlacadh ina dhiaidh sin le linn Uachtaránacht na Rómáine.

Tá rochtain éifeachtach agus níos tapúla ar r-fhianaise de dhíth ar ár n-údaráis bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí in imeachtaí coiriúla. Táimid ag gníomhú in dhá bhealach chun a chinntiú go gcuirfear ar fáil: sa chéad dul síos, laistigh den Aontas trí rialacha nua a bhunú chun go seolfar orduithe go díreach chuig soláthraithe seirbhíse, agus sa dara dul síos lasmuigh den Aontas trí phlé a dhéanamh leis na príomhghníomhaithe, go háirithe na Stáit Aontaithe, chun go mbeidh an malartú r-fhianaise níos tapúla agus níos sábháilte. Tudorel Toader, Aire Dlí agus Cirt na Rómáine

Comhaid reachtacha atá le glacadh sna seachtainí atá romhainn

Chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoi chomhaid reachtacha ar thángthas ar chomhaontú ina leith agus a ghlacfar faoi dheireadh an reachtais reatha. Áirítear orthu sin an treoir maidir le calaois neamhairgid, an treoir maidir le hábhar digiteach agus an treoir maidir le díolachán earraí.

Fís-sleachta ón gComhairle Ceartais a tionóladh ar an 8 Márta 2019

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025