- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, 06-07/06/2019, 6-7 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
Ceartas (Déardaoin, 6 Meitheamh)
R-fhianaise
Thug an Chomhairle dhá shainordú don Choimisiún chun comhaontú a chaibidil leis na Stáit Aontaithe lena n-éascaítear rochtain ar r-fhianaise agus chun páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht i gComhairle na hEorpa ar an dara prótacal breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an gCibearchoireacht. Is é is aidhm don dá ionstraim sin rochtain ar r-fhianaise a éascú, amhail ríomhphoist nó doiciméid atá stóráilte ar sheirbhísí néalríomhaireachta, mar chuid d'imscrúduithe coiriúla. Leis na hionstraimí sin, comhlánófar creat an Aontais maidir le rochtain ar r-fhianaise atá á phlé faoi láthair ag institiúidí an Aontais. Inniu freisin, maidir leis an gcreat sin, ghlac an Chomhairle comhlánú ar a seasamh i dtaca leis an rialachán maidir le r-fhianaise, a mhéid a bhaineann le deimhnithe.
- Sainordú tugtha ag an gComhairle don Choimisiún chun caibidlíocht a dhéanamh i leith comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le r-fhianaise in ábhair choiriúla (preaseisiúint, 06/06/2019)
- Rochtain níos fearr ar r-fhianaise chun an choireacht a chomhrac (eolas cúlra)
- Rialachán maidir le horduithe Eorpacha chun fianaise a thabhairt ar aird agus orduithe caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla (Iarscríbhinní), 17 Bealtaine 2019
Sonraí a choinneáil
Chuir an Chomhairle de chúram ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag obair ar an tsaincheist maidir le sonraí a choinneáil chun coireacht thromchúiseach a imscrúdú go héifeachtúil agus staidéar cuimsitheach a sholáthar maidir le réitigh a d'fhéadfadh a bheith ann chun na sonraí sin a choinneáil, lena n-áirítear marana a dhéanamh ar thionscnamh reachtach amach anseo.
Cé gur thug na hairí dá n-aire freisin gur uirlis bhunriachtanach é an choinneáil sonraí chun coireacht thromchúiseach a imscrúdú, ba cheart le húsáid na huirlise sin a chur san áireamh a riachtanaí atá sé cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint.
Is den riachtanas é sonraí a choinneáil chun gur féidir linn rochtain a fháil ar fhianaise ríthábhachtach mar chuid den chomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí. Inniu, chuireamar de chúram ar an gCoimisiún staidéar a sholáthar chun gur féidir linn teacht go tapa ar réiteach lena mbainfear amach an chothromaíocht cheart idir na riachtanais atá ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, agus an rún daingean atá againn cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint. Ana Birchall, Leas-Phríomh-Aire na Rómáine, Aire Dlí agus Cirt ad interim
Digiteáil an chomhair bhreithiúnaigh
Phléigh na hairí an tsaincheist maidir le comhar trasteorann breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a dhigiteáil. Tionóladh an díospóireacht faoi chuimsiú an athbhreithnithe ar na rialacháin maidir le seirbheáil doiciméad agus fianaise a ghlacadh. Gníomhaíocht thábhachtach é údaráis bhreithiúnacha san Eoraip a oiriúnú d'fhorbairtí digiteacha lenar féidir tacú le réimsí na saoirse, na slándála agus an cheartais a neartú, agus idirghníomhaíocht éasca a chumasú le saoránaigh.
Chuir an Uachtaránacht clabhsúr ar an gComhairle agus dhearbhaigh sí a riachtanaí atá sé próisis a nuachóiriú agus thug sí dá haire an tosaíocht a cuireadh in iúl maidir le córas TF díláraithe daingnithe a bheith ann, a d'fhéadfaí a bhunú ar réiteach bogearraí arna sholáthar ag e-Codex. Ní fhéadfadh an úsáid a bhainfí as a bheith éigeantach ach ar choinníollacha áirithe, lena n-áirítear idirthréimhse níos faide a bheith ann, córas tagartha cúil a bheith curtha ar fáil ag an gCoimisiún agus eisceachtaí iomchuí a cheadú nuair is gá. Leanfar den obair ar leibhéal na saineolaithe faoi Uachtaránacht na Fionlainne.
Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE)
D'iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún dréachtchinneadh a thíolacadh maidir le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh sa Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) le stádas breathnóra.
Bhunaigh Comhairle na hEorpa GSE in 1999. Is é cuspóir GSE cur le cumas a chomhaltaí an éillitheacht a chomhrac trí fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán frith-éillitheachta trí bhíthin próiseas dinimiciúil meastóireachta frithpháirtí agus brú piarghrúpa.
Gnóthaí baile (Dé hAoine, 7 Meitheamh)
Imirce agus tearmann
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi thodhchaí bheartas imirce agus tearmainn an Aontais. Leanfar den phlé sa Chomhairle de bharr an mhalartaithe tuairimí sin sna míonna atá romhainn. Bhain an díospóireacht le gnéithe inmheánacha agus seachtracha den chur chuige cuimsitheach atá ag an Aontas maidir leis an imirce, lena n-áirítear oibriú i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, na dreasachtaí le haghaidh imirce neamhdhleathaí a laghdú trí dhaoine a fhilleadh go héifeachtach; líonraí smuigleála a chomhrac agus athchóiriú a dhéanamh ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn.
Le linn an lóin, bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi fhorbairtí domhanda amach anseo i réimse na himirce, i láthair Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce.
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta páirteach maidir le togra chun athchóiriú a dhéanamh ar an treoir um fhilleadh. Is é aidhm na rialacha nua-mholta dlús a chur le nósanna imeachta um fhilleadh, cosc a chur ar éalú agus ar ghluaiseacht thánaisteach, agus ráta na bhfillteacha a ardú.
Bhí ár gcruinniú inniu dírithe ar na dúshláin atá amach romhainn i réimsí na himirce agus na slándála. Tá cuid mhór bainte amach le blianta beaga anuas chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac agus chun cur chuige cuimsitheach a fhorbairt don imirce. Ach is féidir tuilleadh a dhéanamh fós leis na réimsí sin a chur i gcrích. Réitigh ár bplé inniu an bealach chun anailís níos mionsonraithe a dhéanamh sna míonna amach romhainn. Carmen Daniela Dan, Aire Gnóthaí Baile na Rómáine
An tslándáil inmheánach
Chuir na hairí tús le plé ar thodhchaí bheartas slándála inmheánaí an Aontais agus, go háirithe maidir le comhar um fhorfheidhmiú dlí. Chuir airí a dtuairimí in iúl maidir le roinnt réimsí fhéideartha le aghaidh gníomhaíochta, lena n-áirítear feabhas a chur ar an nasc le sonraí agus anailís sonraí, comhthiomsú acmhainní sa taighde agus sa nuálaíocht agus mol teicneolaíochta a thógáil, chun go mbeadh creat níos láidre ann don chomhar oibríochtúil, agus ionchas airgeadais agus infheistíocht inbhuanaithe a chinntiú sa nuálaíocht don tslándáil inmheánach. Leanfar leis an bplé ar bhonn níos mine sna míonna amach romhainn.
Coinneoidh an comhordaitheoir frith-sceimhlitheoireachta na hairí ar an eolas faoi impleachtaí 5G i réimse na slándála inmheánaí.
Tograí earnálacha mar chuid den chreat airgeadais ilbhliantúil
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú faoi chuir chuige ghinearálta pháirteacha maidir le trí cinn de thograí gnóthaí baile earnálacha i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027: an ciste tearmainn agus imirce, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí agus an ciste slándála inmheánaí.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
- Cistiú do bheartais imirce, teorainneacha agus slándála: a seasamh comhaontaithe ag an gComhairle
- 07/06/2019
- An beartas imirce: Seasamh caibidlíochta páirteach comhaontaithe ag an gComhairle ar an treoir um fhilleadh
- 07/06/2019
- Sonraí a choinneáil chun an choireacht a chomhrac: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 06/06/2019
- Sainordú tugtha ag an gComhairle don Choimisiún chun caibidlíocht a dhéanamh i leith comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le r-fhianaise in ábhair choiriúla
- 06/06/2019
- An radacú sna príosúin: Conclúidí glactha ag an gComhairle
- 06/06/2019
- Ról na dteicneolaíochtaí núicléacha neamhchumhachta curtha i dtreis ag an gComhairle.
- 06/06/2019
- Ag tabhairt an dara deis d'fhiontraithe: glacadh le rialacha nua maidir le dócmhainneacht ghnó
- 06/06/2019
- Beartas víosaí: Nuashonrú déanta ag an Aontas ar rialacha chun taisteal dlisteanach a éascú agus chun imirce neamhdhleathach a chomhrac
- 06/06/2019
- Slándáil níos fearr do dhoiciméid aitheantais: Rialacha nua glactha ag an gComhairle
- 06/06/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025