"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Físchomhdháil na n-airí gnóthaí baile, 14 Nollaig 2020
Na príomhthorthaí
Imirce agus tearmann
Phléigh na hairí gnóthaí baile príomhghnéithe de na tograí ón gCoimisiún i ndáil le comhshocrú imirce agus tearmainn. Orthu sin bhí an ghné sheachtrach, an chéim réamhiontrála atá beartaithe, sásra dlúthpháirtíochta, imirce inmheánach agus bainistiú tearmainn, modhanna éagsúla chun filleadh a fheabhsú, ról na ngníomhaireachtaí, bealaí dlíthiúla chun teacht isteach san Eoraip agus lánpháirtiú. Leanfar leis an obair ar na tograí sin sna míonna atá romhainn.
Leis na tograí ón gCoimisiún le haghaidh comhshocrú nua imirce agus tearmainn, tugtar tús nua a raibh géarghá leis dúinn. Tá Ballstáit an Aontais tiomanta cur chuige coiteann a aimsiú, agus tá comhaontú ann cheana maidir le roinnt gnéithe, lena n-áirítear an ghné sheachtrach, teorainneacha agus fillteacha. Táthar toilteanach ar an mórchuid dlúthpháirtíocht a chur in iúl do na Ballstáit sin a bhfuil brú mór imirce orthu. Mar sin féin, tá gá fós le tuilleadh plé chun a shainiú cén chuma a bheidh ar chothromaíocht chóir idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht go praiticiúil.
Stephan Mayer, Státrúnaí Parlaiminte don Aireacht Chónaidhme Gnóthaí Baile, Foirgníochta agus Pobail
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas chomh maith faoi rannpháirtíocht an Aontais le comhpháirtithe tríú tíortha le haghaidh athligean isteach éifeachtach agus bainistiú imirce níos láidre. Teastaíonn comhpháirtíochtaí cuimsitheacha, cothromaithe, saincheaptha agus comhthairbheacha le haghaidh an chomhair le tríú tíortha. Le roinnt míonna anuas, chuir an tAontas agus na Ballstáit dlús leis an gcomhar le roinnt comhpháirtithe ar an leibhéal polaitiúil agus oibríochtúil araon, sna Balcáin Thiar, san Afraic Thuaidh, san Afraic Thiar nó san Áise, i measc áiteanna eile.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na chéad chéimeanna eile chun cur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle maidir leis an tslándáil inmheánach agus comhpháirtíocht Eorpach na bPóilíní a chinntiú mar chuid d'iarrachtaí níos leithne chun comhlimistéar saoirse, slándála agus ceartais a chinntiú. Is é is aidhm do na conclúidí sin breis feabhais a chur ar an gcomhar sa réimse seo chun freagairt níos fearr a thabhairt ar dhúshláin slándála atá ag teacht chun cinn, agus chun leas a bhaint as acmhainneacht forbairtí teicneolaíocha.
Athdhearbhaíonn siad roinnt tosaíochtaí polaitiúla atá le baint amach idir seo agus 2025. Leagtar amach iontu go mionsonraithe chomh maith an bealach chun cinn i roinnt réimsí amhail an comhar i bhforfheidhmiú an dlí, fanacht gob ar gob le dul chun cinn teicneolaíoch, an comhar domhanda, comhrac na coireachta eagraithe trasnáisiúnta agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig faoi chlár oibre frithsceimhlitheoireachta don Aontas, tar éis an ráitis ó na hairí an 13 Samhain.
Leag an Uachtaránacht béim freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an rún ón gComhairle faoi chriptiú.
Chuir an uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcomhaontú sealadach ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an dréachtrialachán maidir le cosc a chur ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne. Cuirfear téacs an chomhaontaithe shealadaigh faoi bhráid ambasadóirí an Aontais an 16 Nollaig. Ní mór don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa é a ghlacadh go foirmiúil ansin.
Is é is aidhm don reachtaíocht ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint anuas go pras, agus ionstraim choiteann amháin a bhunú do na Ballstáit uile chuige sin. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit orduithe baint anuas a eisiúint chuig na soláthraithe seirbhísí ar fud an Aontais, agus iad ag iarraidh orthu ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas, nó rochtain air a dhíchumasú, i ngach Ballstát laistigh d'uair an chloig. Tá coimircí láidre sna rialacha atá beartaithe chun a chinntiú go n-urramaítear saoirse tuairimí a nochtadh, saoráil faisnéise agus saoirse fiontraíochta.
Bhreithnigh na hairí an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh idir-inoibritheacht a chur chun feidhme, agus dhearbhaigh siad go bhfuil siad ag glacadh leis an amlíne leasaithe.
Tá dlúthbhaint ag cur chun feidhme an chreata nua idir-inoibritheachta le cruthú agus uasghrádú roinnt córas TF i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, go háirithe an córas nua isteach/amach, an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír (ECRIS-TCN). I ngeall ar mhoilleanna a chuaigh in olcas mar gheall ar phaindéim COVID-19, leagadh amach amlíne leasaithe chun an córas dul isteach/imeachta a chur i bhfeidhm, agus táthar ag súil go mbeidh na trí chóras uile ag feidhmiú faoi 2022.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.