An tslí a mbainistíonn an tAontas Eorpach sreabha imirce
Tá rialacha éagsúla glactha ag an Aontas chun sreabha imirce dlíthiúla a bhainistiú, iarrataí ar thearmann a phróiseáil agus imircigh a fhilleadh.
Scileanna agus tallann a mhealladh
An 27 Aibreán 2022, thíolaic an Coimisiún Eorpach teachtaireacht ina leagtar amach cur chuige i dtreo beartas imirce dleathaí nua inbhuanaithe de chuid an Aontais, lena mealltar na scileanna agus an tallann a theastaíonn ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus chun freagra a thabhairt ar an athrú déimeagrafach san Eoraip.
An lá céanna, thíolaic an Coimisiún dhá thogra chun an Treoir maidir le cónaitheoirí fadtéarmacha agus an Treoir maidir le cead aonair a nuachóiriú.
Linn tallainne
Tá linn tallainne á bhunú ag an Aontas, ar ardán uile-Aontais é. D’fhéadfadh linn tallainne an Aontais próifíl an Aontais a ardú agus rochtain níos fearr a thabhairt d’fhostóirí an Aontais ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil scileanna sonracha acu. Beidh sé ar an gcéad ardán uile-Aontais arb é is aidhm dó earcaíocht idirnáisiúnta a dhéanamh níos éasca agus níos tapúla do ghairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais.
Is é is aidhm dó:
- cuardaitheoirí poist atá lonnaithe i dtríú tíortha a mheaitseáil le fostóirí atá lonnaithe san Aontas
- cuidiú le haghaidh a thabhairt ar ghanntanais chriticiúla i margadh saothair intíre an Aontais
Cé dó é?
- cuardaitheoirí poist ó thríú tíortha
- fostóirí san Eoraip, go háirithe in earnálacha ina bhfuil ganntanas
- féadfaidh na Ballstáit a bhfuil suim acu ann páirt a ghlacadh ar bhonn deonach
I mí an Mheithimh 2024, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena sainordú caibidlíochta do linn tallainne an Aontais. Tugadh an chaibidlíocht idir Uachtaránacht na Danmhairge agus Parlaimint na hEorpa i gcrích i mí na Samhna 2025. I mí an Mhárta 2026, thug an Chomhairle cead linn tallainne an Aontais a bhunú.
Cead aonair
Tá d’aidhm ag an togra chun athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le cead aonair, an nós imeachta sin a chuíchóiriú tuilleadh chun é a dhéanamh níos éasca do na Ballstáitscileanna agus tallann a mhealladh ó thríú tíortha. Leis an togra, cuirtear feabhas freisin ar chosaint d’oibrithe imirceacha ar dhúshaothrú agus ar chóireáil neamh-chomhionann.
Is é is aidhm don treoir atá beartaithe an méid seo a leanas a bhunú:
- nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh comhoibre agus cead cónaithe
- tacar coiteann de chearta a ráthú do náisiúnaigh incháilithe tríú tír bunaithe ar chóir chomhionann le náisiúnaigh an Bhallstáit a dheonaíonn an cead aonair
- próiseáil níos tapa ar iarratais ar víosaí
- an fhéidearthacht do shealbhóirí ceada aonair fostóir a athrú
- treoracha soiléire má bhíonn sealbhóir ceada aonair dífhostaithe
An 8 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle a cur chuige ginearálta. An 20 Nollaig, chomhaontaigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa go sealadach an nós imeachta um chead aonair a nuashonrú. Ghlac an Chomhairle an treoir maidir le cead aonair an 12 Aibreán 2024.
Cónaitheoirí fadtéarmacha
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún ó mhí Mheán Fómhair 2020, ar cuid freisin é de phacáiste níos leithne maidir leis an imirce dhleathach, an méid seo a leanas a dhéanamh:
- fíorstádas cónaithe fadtéarmach AE a chruthú
- an ceart ag cónaitheoirí fadtéarmacha gluaiseacht agus oibriú i mBallstáit eile a neartú
Leagtar amach sa togra le haghaidh treorach na coinníollacha faoinar féidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dlíthiúil agus go leanúnach i mBallstát ar feadh 5 bliana, ar a laghad, stádas cónaitheora fhadtéarmaigh an Aontais nó cead buanchónaithe a bhaint amach.
Beidh feidhm ag coinníollacha áirithe chun go mbeidh na hiarratasóirí in ann an stádas mar chónaitheoir fadtéarmach a fháil, mar shampla:
- ní foláir d’iarratasóirí tríú tír cruthúnas a sholáthar gurb acmhainn dóibh agus dá muintir iad féin a chothú, agus gur cobhsaí agus gur rialta iad na hacmhainní sin, agus go bhfuil árachas sláinte acu
- féadfaidh na Ballstáit a cheangal freisin go gcomhlíonfaidh náisiúnaigh tríú tír coinníollacha lánpháirtíochta
An 23 Samhain 2023, chomhaontaigh Ballstáit an Aontais a sainordú caibidlíochta maidir leis an treoir sin a nuashonrú.
Oibrithe ardoilte
An 7 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle an treoir leasaithe maidir leis an gcárta gorm. Leis na rialacha nua, déanfar comhchuibhiú breise ar na coinníollacha iontrála agus cónaithe d’oibrithe ardcháilithe as tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus méadófar ar a tharraingtí atá cárta gorm AE.
Leis an gcóras um ligean isteach atá beartaithe ar fud an Aontais, féachtar le hoibrithe ardoilte a mhealladh agus a choinneáil, go háirithe sna hearnálacha sin ina bhfuil ganntanas scileanna, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- critéir iontrála níos cuimsithí a bhunú
- an tsoghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú
- athaontú teaghlaigh a éascú
- nósanna imeachta d’fhostóirí aitheanta a shimpliú
- leibhéal an-ard rochtana ar an margadh saothair a dheonú
Beidh na Ballstáit in ann scéimeanna náisiúnta a choinneáil d’oibrithe ardoilte i gcomhthráth le scéim chárta gorm an Aontais. Mar sin féin, leis na rialacha nua seo, tabharfar isteach roinnt forálacha chun a chinntiú nach mbeidh sealbhóirí chártaí gorma an Aontais agus a dteaghlaigh faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le sealbhóirí na gceadanna náisiúnta.
Glacadh an treoir maidir leis an gcárta gorm den chéad uair in 2009. Mhol an Coimisiún athchóiriú ar na rialacha in 2016.
Cárta Gorm AE: tallann a mhealladh (Grafaic faisnéise)
Athlonnú
Leis an athlonnú, ceadaítear do dhídeanaithe a bhfuil cosaint de dhíth orthu dul isteach san Aontas go dleathach agus go sábháilte gan iallach a bheith orthu a mbeatha a chur i mbaol trí thurais chontúirteacha a dhéanamh.
Ó 2015, chuidigh cláir athlonnaithe rathúla arna n-urrú ag an Aontas le breis agus 98 000 de na daoine is leochailí a bhfuil cosaint idirnáisiúnta uathu dídean a fháil san Aontas Eorpach. Sula gcuirfear gach scéim athlonnaithe chun feidhme, fógróidh tíortha an Aontais a ngealltanais i ndáil le líon na ndídeanaithe a bhfuil sé i gceist acu fáilte a chur rompu.
Den chéad uair, áiríodh i scéim 2021-2022 gealltanais maidir le ligean isteach ar fhoras daonnúil anuas ar na gealltanais maidir le hathlonnú.
In éineacht leis na cláir um ligean isteach ar fhoras daonnúil, tá cosaint tugtha ag Ballstáit an Aontais do thart ar 130 000 duine go dtí seo:
- 19 455 dhuine in 2015-2017, lenar cumhdaíodh 86 % de na gealltanais iomlána
- 45 570 dhuine in 2018-2019, lenar cumhdaíodh 91 % de na gealltanais iomlána
- 24 656 dhuine in 2020-2021, lenar cumhdaíodh 72 % de na gealltanais iomlána
- 33 800 duine in 2021-2022 (5 000, nach mór, faoi chláir athlonnaithe agus 28 800 faoi chláir um ligean isteach ar fhoras daonnúil)
Cuireadh síneadh leis an tréimhse cur chun feidhme do scéim 2020-2021 i ngeall ar ráig an choróinvíris. Leanadh de ghealltanais na mBallstát maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil a chur chun feidhme i rith 2022.
I mí Iúil 2022, chuir an Coimisiún Eorpach tús le cleachtadh gealltanais 2023-2025 maidir le hathlonnú agus ligean isteach ar fhoras daonnúil agus d’iarr sé ar na Ballstáit an méid seo a leanas a chur ar fáil:
- gealltanais do 2023
- réamhaisnéis gealltanas do 2024-2025 (a mhéid is féidir)
Anuas ar na scéimeanna athlonnaithe, athlonnaíodh breis agus 37 300 duine faoin Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc (2016).
In 2016, mhol an Coimisiún Eorpach rialachán lena mbunaítear Creat Athlonnaithe an Aontais chun bealaí sábháilte dlíthiúla i dtreo cosaint idirnáisiúnta a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar. Ar an gcaoi sin, bogfaidh an tAontas ó scéimeanna athlonnaithe ad hoc go creat níos cobhsaí lena mbainfidh inbhuanaitheacht agus intuarthacht níos fearr.
- Bealaí dlíthiúla a fheabhsú: Á mholadh ag an gCoimisiún creat comhchoiteann athlonnaithe de chuid an Aontais a chruthú (an Coimisiún Eorpach, an 13 Iúil 2016)
- Moladh maidir le bealaí dlíthiúla cosanta san Aontas: athlonnú, ligean isteach daonnúil agus bealaí comhlántacha eile a chur chun cinn (an Coimisiún Eorpach, an 23 Meán Fómhair 2020)
Sreabha imirce dlíthiúla eile
Mic agus iníonacha léinn agus taighdeoirí
Ghlac an tAontas treoir in 2016 lena leagtar amach na coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha chun críocha taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadail oideachais agus obair au pair.
Leis na rialacha sin, cabhraítear leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an tAontas a chur chun cinn mar ionad barr feabhais domhanda
- an tAontas a chur chun cinn san iomaíocht dhomhanda le haghaidh tallainne agus ceannaireachta
- iomaíochas foriomlán agus rátaí fáis an Aontais a mhéadú
- giniúint agus sealbhú eolais agus scileanna a chur chun cinn
- an dlúthpháirtíocht a fhorbairt agus rannchuidiú le comhtháthú sóisialta níos láidre
- cur le saibhriú frithpháirteach agus le cur amach ar chultúir eile
Ina theannta sin, cuireann an tAontas soghluaisteacht mac léinn, taighdeoirí agus fiontraithe chun cinn trína chlár Erasmus+, a bhfuil buiséad measta €26.2 billiún aige. Tá sé sin beagnach dhá oiread an mhaoinithe don chlár a bhí ann roimhe (2014-2020). Le clár 2021-2027, leagtar béim láidir ar an gcuimsiú sóisialta, ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, agus ar rannpháirtíocht na n-óg sa saol daonlathach a chur chun cinn.
Oibrithe séasúracha
Bíonn geilleagar an Aontais ag brath ar líon mór oibrithe séasúracha ó thíortha lasmuigh den Aontas, ós rud é go bhfuil líon na n-oibrithe san Aontas féin ag dul i laghad.
Ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint an treoir maidir le hoibrithe séasúracha in 2014. Leagtar amach ann na coinníollacha faoina bhféadfaidh náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid an Aontais iad dul isteach san Aontas agus fanacht ann mar oibrithe séasúracha.
Leis na rialacha sin, cabhraítear leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
- rialacha maidir le ligean isteach a shimpliú agus a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát
- oibrithe séasúracha nach saoránaigh den Aontas iad a chosaint ón dúshaothrú agus ó dhrochdhálaí oibre
- dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le hoibrithe séasúracha nach saoránaigh den Aontas iad a bhíonn ag fanacht go neamhrialta san Aontas
Aistrithe idirchorparáideacha
Ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint treoir maidir leis na coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha faoi chuimsiú aistriú idirchorparáideach in 2014.
A bhuí leis na rialacha nua seo, féadfaidh saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad iarratas a dhéanamh go ligfí isteach san Aontas iad mar bhainisteoirí, mar speisialtóirí nó mar fhostaithe faoi oiliúint faoi chuimsiú aistriú idirchorparáideach.
Athaontú teaghlaigh
Leis an athaontú teaghlaigh, féadfaidh teaghlaigh na ndaoine sin atá ina gcónaí go dlíthiúil san Aontas teacht chun bheith in éineacht leo. Cabhraíonn sé sin le náisiúnaigh, nach náisiúnaigh den Aontas iad, lánpháirtiú, ar bhealach níos fearr, sa tsochaí.
Leagtar amach rialacha an Aontais maidir le hathaontú teaghlaigh sa treoir maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh, lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna chun an ceart chun athaontú teaghlaigh a fheidhmiú san Aontas (cé is moite d’Éirinn agus den Danmhairg).
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Iarrthóirí tearmainn
Leis an gcomhchóras Eorpach tearmainn (CEAS), leagtar síos íoschaighdeáin chomhchoiteanna maidir le cóir a chur ar iarrthóirí tearmainn. Sa chleachtas, ní chaitear go haonfhoirmeach le hiarrthóirí tearmainn agus bíonn rátaí aitheantais éagsúla i measc na mBallstát.
Mar thoradh air sin, bogann a lán iarrthóirí tearmainn laistigh den Aontas agus iad ag iarraidh an tír is fearr a bhaint amach ó thaobh iarratas ar thearmann a dhéanamh inti. ‘Siopadóireacht tearmainn’ a thugtar ar an bhfeiniméan sin.
Is measa fós an tsaincheist sin mar thoradh ar ghéarchéim na himirce agus is léir gur gá nósanna imeachta agus caighdeáin tearmainn a chomhchuibhiú níos fearr.
Iarratais ar thearmann san Aontas (Grafaic faisnéise)
An beartas um fhilleadh agus comhaontuithe um athligean isteach
Tá beartas um fhilleadh an Aontais Eorpaigh bunaithe ar an treoir um fhilleadh. Leagtar amach leis an treoir seo rialacha soiléire, trédhearcacha, cothroma i ndáil le náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad atá ag fanacht go neamhdhleathach, a fhilleadh.
Leagann an treoir béim freisin ar an ngá atá le comhaontuithe um athligean isteach a thabhairt chun críche le tríú tíortha. Tá na comhaontuithe sin ríthábhachtach do chur chun feidhme bheartas an Aontais um fhilleadh, ina leagtar amach na rialacha maidir le daoine atá ina gcónaí go neamhdhleathach san Aontas a chur ar ais chuig a dtír thionscnaimh.
Déanann an tAontas comhaontuithe um athligean isteach a chaibidil agus a thabhairt i gcrích le tríú tíortha. Tugann an Chomhairle sainordú don Choimisiún na comhaontuithe sin a chaibidil le tríú tíortha ar leith.
Tá 18 gcomhaontú um athligean isteach tugtha i gcrích ag an Aontas anois. I gComhaontú Cotonou (creat an Aontais le haghaidh caidreamh le 79 dtír san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin), áirítear forálacha freisin maidir le himircigh neamhrialta a fhilleadh ar a dtír tionscnaimh.
Chomh maith le comhaontuithe um athligean isteach, tá socruithe maidir le filleadh tugtha i gcrích ag an Aontas le roinnt tríú tíortha a bhfuil an cuspóir céanna acu.
Cuireann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle béim go rialta ar an ngá atá le héifeachtacht bheartas an Aontais maidir le filleadh agus athligean isteach a threisiú agus a fheabhsú, trí na comhaontuithe atá ann cheana maidir le hathligean isteach agus na socruithe maidir le filleadh a chur chun feidhme ina n-iomláine agus trí shocruithe nua a thabhairt i gcrích.
I mí Mheán Fómhair 2018, mhol an Coimisiún go ndéanfaí athchóiriú ar rialacha comhchoiteanna an Aontais i ndáil le filleadh. Díreoidh na hathruithe atá beartaithe ar na rialacha atá ann cheana féin a dhéanamh níos éifeachtaí. An 7 Meitheamh 2019, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh maidir le rialacha nua chun éifeachtacht na bhfilltí a fheabhsú.
I mí na Nollag 2025, chomhaontaigh an Chomhairle seasamh maidir le rialacha nua de chuid an Aontais chun nósanna imeachta um fhilleadh a dhéanamh níos tapúla, níos simplí agus níos éifeachtaí do dhaoine nach bhfuil aon cheart dlíthiúil acu fanacht san Aontas. Leis an rialachán atá beartaithe, tugtar isteach nósanna imeachta uile-Aontais, oibleagáidí níos soiléire ar dhaoine atá ag filleadh agus an fhéidearthacht moil um fhilleadh a bhunú i dtríú tíortha, rud a neartaíonn an comhar agus a fheabhsaíonn éifeachtacht na gcinntí um fhilleadh.
I mí an Mheithimh 2026, tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le dlí nua an Aontais, rud a réitíonn an bealach do nósanna imeachta um fhilleadh níos tapúla agus níos éifeachtaí san Aontas. Leis an gcomhaontú seo, comhlánaítear an comhshocrú imirce agus tearmainn agus tacaítear lena chur chun feidhme éifeachtach.
- An Chomhairle agus an Pharlaimint tagtha ar chomhaontú maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh
- Comhairle tagtha ar chomhaontú i ndáil le dlí an Aontais maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (an 8 Nollaig 2025)
- An beartas imirce: an Chomhairle tagtha ar chomhaontú maidir lena seasamh caibidlíochta páirteach i ndáil leis an treoir um fhilleadh (preaseisiúint, an 7 Meitheamh 2019)
An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Márta 2025