Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 7 Márta 2025

Na príomhthorthaí

Ceartas

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Phléigh na hairí an tsaoirse ó phionós a chomhrac i dtaca le coireanna cogaidh arna ndéanamh i ndáil leis an gcogadh san Úcráin. Ag eascairt as an gcomhthéacs geopholaitiúil reatha, thug an Uachtaránacht forléargas ar thionscnaimh éagsúla an Aontais, na Ballstát agus na gcomhlachtaí idirnáisiúnta i ndáil leis sin.

<p>Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne</p>

Tá an-chuid déanta againne san Aontas Eorpach chun fianaise ar choireanna a rinne an Rúis a bhailiú agus a chaomhnú. Tá a fhios agam go mbeidh a bhfuil déanta againne ríthábhachtach in obair an bhinse speisialta a bhunófar go luath. Fónfar don cheartas agus tabharfar an Rúis chun cuntais as na coireanna cogaidh atá déanta aici san Úcráin.

<p>Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne</p>

Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne

Phléigh na hairí an bealach is fearr chun cur le hobair an bhinse speisialta atá le bunú go luath faoi choimirce Chomhairle na hEorpa go háirithe maidir le haistriú fianaise arna bailiú ag na Ballstáit agus arna caomhnú ag bunachar sonraí Eurojust.

An dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú

Reáchtáil an Uachtaránacht díospóireacht bheartais maidir le príomhghnéithe de threoir atá beartaithe chun gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú. Leis an treoir – ar príomhthionscnamh de chuid phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil í – déileáiltear leis an dúshlán a bhíonn roimh infheisteoirí trasteorann nuair a bhíonn orthu 27 sraith éagsúla rialacha dócmhainneachta a mheas agus deis infheistíochta á measúnú acu.

Díríodh sa díospóireacht ar an togra chun ‘imeachtaí réamhphaca’, mar a thugtar orthu, a chur ar fáil i mBallstáit uile an Aontais agus go háirithe ar ghné na n-aistrithe uathoibríocha conarthaí le comhlíonadh. Le himeacht réamhphaca, ina n-ullmhaítear agus ina gcaibidlítear díol ghnó an fhéichiúnaí sula dtionscnaítear na himeachtaí dócmhainneachta go foirmiúil, is féidir an díol a fhorghníomhú agus na fáltais a fháil ar bhealach tapa. Ina fhianaise sin, ciallaíonn aistriú conarthaí le comhlíonadh go ndéantar conarthaí atá riachtanach chun leanúint den ghnó a aistriú go huathoibríoch ón bhféichiúnaí chuig ceannaitheoir an ghnó gan toiliú chontrapháirtí an fhéichiúnaí.

Phléigh na hairí an bealach is fearr chun cuspóir na n-imeachtaí réamhphaca a bhaint amach agus prionsabal na saoirse conarthaí á choinneáil ag an am céanna. Tuigeann go leor de na hairí a thábhachtaí atá sé na conarthaí atá ann cheana a choimeád i bhfeidhm d’fhonn leanúint leis an ngnó tar éis na dócmhainneachta. Léiríodh sa díospóireacht freisin nach mór tuilleadh oibre teicniúla chun eisceachtaí ón riail ghinearálta maidir le haistriú uathoibríoch conartha a shainiú.

Tá sé mar aidhm ag Uachtaránacht na Polainne teacht ar chur chuige ginearálta, i.e. seasamh na mBallstát maidir leis an togra ina iomláine faoi dheireadh a téarma.

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dírítear ann ar na bealaí inar féidir le cistiú cearta bunúsacha a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorfheidhmiú. Cuirtear i bhfios go láidir sna conclúidí go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh an Aontais leas a bhaint as na cearta bunúsacha a thugtar leis an gCairt agus go bhfuil cistiú ón Aontas ríthábhachtach chun an rannpháirtíocht sin a chumasú. Cuireann siad i bhfios go láidir freisin nach mór an cistiú sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha agus na hoibleagáidí ábhartha.

Ag seisiún tuairimíochta na n-airí, labhair Sirpa Rautio, Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chearta Bunúsacha, faoi staid reatha na himeartha i ndáil le staid airgeadais eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus a thábhachtaí atá a gcistiú leordhóthanach.

Is obair leantach iad na conclúidí seo ar thuarascáil bhliantúil 2024 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Cairte. Tugtar forléargas sa tuarascáil ar na forbairtí i réimse chistiú na gceart bunúsach.

An smacht reachta

Le linn an lóin, phléigh na hairí ceartais an smacht reachta agus go háirithe conas a d’fhéadfaí cosaint bhreise a thabhairt do na córais cheartais náisiúnta i gcoinne iarrachtaí an bonn a bhaint dá neamhspleáchas agus dá neamhchlaontacht agus leordhóthanacht bhosca uirlisí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann anois agus a fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna.

Gnó eile

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne na cibearchoireachta. Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe téacs críochnaitheach an Choinbhinsiúin an 24 Nollaig 2024. Chun go síneoidh an tAontas an Coinbhinsiún, beidh ar an gComhairle cinneadh (atá le teacht) a ghlacadh. Beidh gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa freisin le haghaidh an chinnidh sin ón gComhairle.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoin gcaibidlíocht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le comhaontú r-fhianaise agus chuir an Uachtaránacht an Chomhairle ar an eolas faoin obair leantach ar na conclúidí a formheasadh faoi Uachtaránacht na Beilge maidir leis an gcomhar breithiúnach le tríú tíortha a neartú chun an choireacht eagraithe a chomhrac.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2026