Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 13 Nollaig 2024

Na príomhthorthaí

An gháinneáil ar imircigh a chomhrac

Tá sé beartaithe ag an gComhairle teacht ar chur chuige ginearálta (seasamh na mBallstát) maidir le treoir atá beartaithe lena leagtar síos rialacha íosta chun smuigleáil imirceach a chosc. Thiocfadh an dlí in ionad chreat dlíthiúil reatha an AE a théann siar go 2002. Is é is cuspóir don togra dlí coiriúil na mBallstát a thabhairt níos gaire dá chéile maidir le saincheisteanna mar shampla smuigleáil imirceach a shainiú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith.

<p>Bence Tuzson, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire</p>

Le smuigleáil imirceach, déanann grúpaí coiriúla na milliúin chun dochair do na daoine is leochailí. Is tosaíocht do thíortha an Aontais é an choir sin a ionchúiseamh.

<p>Bence Tuzson, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire</p>

Bence Tuzson, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire

In 2023, braitheadh thart ar 380 000 trasnú teorann neamhrialta ag teorainneacha seachtracha an Aontais. Measann Europol go n-úsáideann níos mó ná 90 % de na himircigh neamhrialta a shroicheann an tAontas seirbhísí smuigléirí.

Mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac

Chun mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac, tháinig na hairí ar chomhaontú maidir lena seasamh agus tháinig siad ar chur chuige ginearálta i ndáil le togra chun nuashonrú a dhéanamh ar threoir 2011 chun an dlí coiriúil maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a neartú. Leis an dlí nuashonraithe, a mhol an Coimisiún Eorpach i mí Feabhra 2024, leathnófaí na sainmhínithe ar na cionta maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí — lena n-áirítear iad siúd a chumasaítear nó a éascaítear le huirlisí nua ar líne — agus d’áiritheofaí imscrúdú agus ionchúiseamh níos éifeachtaí ar na coireanna sin. Tugtar isteach leo freisin pionóis níos airde agus tá ceanglais níos sonraí iontu maidir le cosc agus maidir le cúnamh d’íospartaigh.

An dlí dócmhainneachta

Is céim ríthábhachtach é an cur chuige ginearálta páirteach, a comhaontaíodh inniu, maidir le príomhghnéithe de thogra le haghaidh treorach chun gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí.

Tá an togra ar cheann de thionscnaimh phlean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020. Is é is aidhm di infheistíocht trasteorann laistigh den mhargadh aonair a spreagadh trí chomhchuibhiú spriocdhírithe a dhéanamh ar imeachtaí dócmhainneachta. Is iad príomhghnéithe an togra a chinntiú gur féidir le creidiúnaithe an t-uasluach a aisghabháil ón gcuideachta leachtaithe, éifeachtúlacht nósanna imeachta dócmhainneachta a fheabhsú agus intuarthacht agus dáileadh cothrom an luacha aisghafa i measc creidiúnaithe a mhéadú. Faoi láthair, ní mór d’infheisteoirí trasteorann 27 riail dócmhainneachta éagsúla a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar dheis infheistíochta.

Córais intleachta saorga (IS) a fhorbairt i réimse an cheartais

Tráth an lóin oibre, bhí plé ag na hairí maidir leis an bhféidearthacht uirlisí intleachta saorga a fhorbairt go comhpháirteach do chórais bhreithiúnacha. Thug siad aghaidh freisin ar shainaithint uirlisí intleachta saorga a d’fhéadfadh a bheith an-oiriúnach do na tionscnaimh sin. Beidh uirlisí intleachta saorga i réimsí íogaire mar shampla an ceartas dian ar acmhainní le forbairt, agus d’fhéadfadh sé a bheith buntáisteach iarrachtaí a chomhcheangal ar an leibhéal Eorpach.

Tá tionchar ag IS cheana féin ar earnáil an cheartais, agus ní thiocfaidh ach méadú ar an tionchar sin amach anseo. D’fhéadfadh na forbairtí sin tráthúlacht a fheabhsú agus imeachtaí breithiúnacha a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí. Is ciallmhar an rud é oibriú le chéile mar an tAontas chun an fhorbairt sin a stiúradh agus chun leas a bhaint as na tairbhí le chéile.

Bence Tuzson, Aire Dlí agus Cirt na hUngáire

D’fhormheas na hairí conclúidí maidir leis an ábhar sin freisin.

Todhchaí dlí coiriúil AE

De réir mar a tháinig forbairt shuntasach ar dhlí coiriúil an Aontais le 20 bliain anuas, rinne na hairí machnamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo i réimse an dlí choiriúil agus go háirithe an mbeadh sé inmhianaithe comhdhlúthú féideartha a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh aitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha in ábhair choiriúla. Chuir formhór na n-airí in iúl gur cheart béim a leagan ar chur chun feidhme na rialacha atá ann faoi láthair agus, i gcás tograí nua, ar chomhsheasmhacht a áirithiú le creat an Aontais atá ann cheana maidir leis an dlí coiriúil.

Bhain an dara gné den phlé maidir le todhchaí dhlí coiriúil an Aontais le dréachtú forálacha eiseamláireacha do na hionstraimí sin ina bhfuil rialacha íosta maidir leis an dlí coiriúil substainteach. Bhí comhthuiscint ann gur mhian leis na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfí ar a laghad roinnt gnéithe caighdeánaithe teanga i bpríomhfhorálacha dhlí coiriúil an Aontais. Chuir na hairí in iúl freisin go dtacaíonn siad i gcoitinne leis an obair ar fhorálacha samhlacha neamhcheangailteacha chun teacht ar chomhthuiscint le hinstitiúidí eile an Aontais.

Eisíodh dhá thuarascáil ón Uachtaránacht maidir le forálacha eiseamláireacha agus maidir lena bhfuil i ndán do dhlí coiriúil an Aontais i gcomhthéacs ginearálta.

Meastóireacht fhrithpháirteach: feabhas a chur ar an Ordú Imscrúdaithe Eorpach

Chuir an Uachtaránacht faisnéis ar fáil faoin tuarascáil deiridh maidir leis an deichiú babhta de mheastóireachtaí frithpháirteacha. Díríodh sa chleachtadh rialta sin ar chur chun feidhme an Ordaithe Imscrúdaithe Eorpaigh.

Is meastóireachtaí piaraí iad meastóireachtaí frithpháirteacha ina ndéanann na Ballstáit measúnú ar a chéile ó thaobh chur chun feidhme reachtaíocht agus ionstraimí an Aontais agus idirnáisiúnta chun an choireacht a chomhrac. Is é is aidhm don sásra:

  • teacht ar réitigh phraiticiúla chun an choireacht eagraithe a chomhrac san Aontas
  • comhar breithiúnach Eorpach a fheabhsú
  • dea-chleachtais a chomhroinnt idir na Ballstáit

Comhordaíonn an Chomhairle an próiseas meastóireachta agus ullmhaíonn sí tuarascálacha, a mbíonn conclúidí agus moltaí mar chuid díobh.

An gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac

Mar a rinne sí ag cruinniú na n-airí gnóthaí baile, chuir an Uachtaránacht na hairí ceartais ar an eolas faoin dul chun cinn a rinneadh maidir le gáinneáil ar dhrugaí agus coireacht eagraithe a chomhrac. Leag an Uachtaránacht béim go háirithe ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGréasán Eorpach um Choireacht Eagraithe Bhreithiúnach agus ar an gcomhar breithiúnach le tríú tíortha tosaíochta a neartú.

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Thug an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí maidir le gníomhaíochtaí an Aontais i gcomhrac na saoirse ó phionós san Úcráin. I measc na ngníomhaíochtaí a rinne an tAontas, na Ballstáit agus gníomhaithe idirnáisiúnta, bhí saineolaithe fóiréinseacha ó na Ballstáit á gcur chuig an Úcráin agus foireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú chun coireanna líomhnaithe a rinneadh san Úcráin a imscrúdú agus Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha a bhunú laistigh de Eurojust.

Agus aird á tabhairt aici ar iarraidh ón gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chomhairle, aontú do Reacht na Róimhe, thaisc an Úcráin ionstraim dhaingniúcháin Reacht na Róimhe le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 25 Deireadh Fómhair. Tiocfaidh Reacht na Róimhe i bhfeidhm san Úcráin an 1 Eanáir 2025.

Comhaid reachtacha atá idir lámha faoi láthair

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar stádas na gcomhad reachtach atá idir lámha faoi láthair i réimse an cheartais.

Pleanáil reachtach agus oibríochtúil i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais

Leag an Uachtaránacht amach staid na himeartha maidir leis na treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, a d’fhormheas an Chomhairle an 12 Nollaig. Múnlóidh na treoirlínte treo bheartas an AE sa réimse seo do na 5 bliana amach romhainn.

Is príomhionstraim iad na treoirlínte straitéiseacha chun treo bheartas an Aontais i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais a mhúnlú agus chun an creat a bhunú chun na gnéithe ábhartha de Chlár Oibre Straitéiseach an Aontais 2024-2029 a chur chun feidhme.

Rochtain ar shonraí le haghaidh fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí

Chuir an Uachtaránacht an t-eolas is déanaí ar fáil maidir le hobair an ghrúpa ardleibhéil i ndáil le rochtain ar shonraí chun an dlí a fhorfheidhmiú go héifeachtach, bunaithe ar an tuarascáil deiridh uaithi.

Gnó eile

Mar a bhí ag cruinniú na n-airí gnóthaí baile, chuir an Uachtaránacht na toscaireachtaí ar an eolas faoin bhFóram Aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile, a bhí ar siúl in Budva (Montainéagró) an 28 agus an 29 Deireadh Fómhair 2024. I gcomhpháirt leis an gCoimisiún, chuir sé na rannpháirtithe ar an eolas faoi fhorbairtí i réimse chomhrac an fhrithsheimíteachais. Chuir an Coimisiún i láthair freisin staid na caibidlíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le comhaontú r-fhianaise.

Chuir Uachtaránacht inteachta na Polainne ar an gComhairle a clár oibre i láthair freisin.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Aibreán 2025