Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Ceartas), 12 Meitheamh 2025

Na príomhthorthaí

Ceartas

An dlí dócmhainneachta a chomhchuibhiú

Tá bearta á ndéanamh ag an gComhairle chun an tAontas a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí eachtracha agus trasteorann. Le treoir ón Aontas lena gcomhchuibhítear gnéithe áirithe den dlí dócmhainneachta, ar tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ina leith inniu, cuirfear feabhas ar an deimhneacht dhlíthiúil agus laghdófar na costais d’infheisteoirí coigríche — ar gá dóibh faoi láthair rialacha náisiúnta dócmhainneachta éagsúla a mheas agus cinntí infheistíochta á ndéanamh acu i dtíortha eile an Aontais.

<p>Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne</p>

Bíonn col ag infheisteoirí le héiginnteachtaí dlíthiúla agus le himeachtaí fada dócmhainneachta. Leis an dlí nua seo, déanfar na rialacha náisiúnta dócmhainneachta a ailíniú agus beidh níos mó cinnteachta ann maidir leis an bhfad a d’fhéadfadh imeacht dócmhainneachta a thógáil. Cuirfidh sé seo borradh faoin infheistíocht trasteorann.

<p>Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne</p>

Adam Bodnar, Aire Dlí agus Cirt na Polainne

Áirítear ar na rialacha nua — a bhfuil comhaontú idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ag teastáil ina leith fós — sásra réamhphaca, mar a thugtar air, lenar bhféadfar teacht ar chomhaontú maidir le gnó a dhíol sula dtosaíonn an dócmhainneacht agus coiste creidiúnaithe a chinnteoidh go mbeidh creidiúnaithe aonair rannpháirteach a bhféadfadh sé nach mbeidís rannpháirteach sna himeachtaí murach na rialacha nua, mar shampla mar gheall ar acmhainní a bheith gann nó iad a bheith rófhada ó bhaile.

Cosaint daoine fásta

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le príomhghnéithe de dhréachtdlí lena ráthófar cearta daoine fásta a bhfuil cosaint nó tacaíocht de dhíth orthu i gcásanna trasteorann. Tá an dlí nua ceaptha feabhas a chur ar chosaint daoine fásta nach bhfuil in ann, mar gheall ar a gcumas pearsanta a bheith lagaithe nó neamhleor, a leasanna féin a chosaint. Tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil cabhair de dhíth orthu maidir le cinntí a dhéanamh a bhaineann le gnéithe pearsanta dá saol. De réir fhigiúirí an Aontais, meastar go dtiocfaidh méadú 77 %, faoi 2050, ar chion na ndaoine atá níos sine ná 65 bliana d’aois.

Déileálann an dlí nua leis an méid seo a leanas:

  • Na rialacha lena gcinntear an chúirt nó na cúirteanna a bhfuil inniúlacht aici/acu cás a éisteacht agus an tír nach mór do chúirt a dlí a chur i bhfeidhm
  • Aitheantas a bheith á thabhairt go huathoibríoch ag na Ballstáit do bhearta a ghlac cúirt i mBallstát eile
  • An éifeacht fhianaiseach iomlán chéanna a bheith ag ionstraimí barántúla (gníomh nótaire, mar shampla) i mBallstáit agus a bhíonn acu ina mBallstát tionscnaimh

Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin: an tsaoirse ó phionós a chomhrac

Fuair na hairí an t-eolas is déanaí faoin gcaoi a bhfuil na Ballstáit agus an tAontas ag cabhrú leis an Úcráin agus í ag comhrac na saoirse ó phionós i ndáil leis na coireanna cogaidh arna ndéanamh mar chuid de chogadh foghach na Rúise. Ar na gníomhaíochtaí suntasacha sin – i measc go leor eile — tá foireann chomhpháirteach um imscrúdú a bhunú. Is éard atá san fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú sin údaráis bhreithiúnacha ó roinnt tíortha agus tacaíonn sí leis an Úcráin trí imscrúduithe agus ionchúisimh a dhéanamh ar coireanna móra idirnáisiúnta. Leis an mBunachar Sonraí Fianaise i leith na gCoireanna Idirnáisiúnta is Tromchúisí, a bhunaigh Eurojust, gníomhaireacht de chuid an Aontais, fianaise ar choireanna idirnáisiúnta a chaomhnú, a stóráil agus a anailísiú chun tacú le himscrúduithe náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Le deireanas, tháinig ionadaithe ó 35 thír, Comhairle na hEorpa agus Coimisiún an Aontais Eorpaigh le chéile in Lviv na hÚcráine an 9 Bealtaine, áit ar chomhaontaigh siad Binse Speisialta a chruthú maidir le coir an fhogha faoin Úcráin.

An gháinneáil ar dhrugaí agus an choireacht eagraithe a chomhrac

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhar breithiúnach le tríú tíortha a neartú. Measann an Chomhairle go bhfuil an comhar sin bunriachtanach i gcomhrac an Aontais i gcoinne na coireachta eagraithe chun ionchúisimh a éascú, baill de líonraí coiriúla a thabhairt os comhair na cúirte agus líonraí coireachta eagraithe a dhíchur.

Sna conclúidí uaithi ó mhí an Mheithimh 2024, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le bosca uirlisí chun tacú leis an iarracht sin. Ar na bearta atá sa bhosca uirlisí sin, tá bearta ar nós na mbeart seo a leanas:

  • malartuithe taithí agus dea-chleachtas a eagrú idir saineolaithe ó na Ballstáit maidir le comhar breithiúnach le tríú tíortha
  • giúistísí idirchaidrimh á gcur ar iasacht ag Eurojust, i gcásanna faoi leith, i dtríú tíortha
  • go mbeifí ag tathant ar thríú tíortha aontú do choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa, go háirithe na coinbhinsiúin maidir le heiseachadadh agus maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach

Aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Chuir an Uachtaránacht na hairí ceartais ar an eolas faoi staid na himeartha maidir le haontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR). Is oibleagáid conartha de chuid an Aontais é aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Cuireadh na hairí dlí agus cirt ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí OIPE. Thug an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach, Laura Kövesi, tuairisc ar na forbairtí is déanaí in OIPE. In 2024, chuaigh an Pholainn agus an tSualainn isteach in OIPE, rud a chiallaigh go bhfuil go 24 Bhallstát anois ann.

Choinnigh an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoin bpróiseas atá ar siúl faoi láthair chun Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach nua, agus seachtar ionchúisitheoirí Eorpacha nua a roghnú, anois agus deireadh ag teacht le téarma Laura Kövesi an 30 Deireadh Fómhair 2026.

Gnó eile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcruinniú aireachta idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach maidir le ceartas agus gnóthaí baile a bhí ar siúl an 2 agus an 3 Meitheamh i Vársá agus maidir le staid na himeartha i ndáil le gníomhaíochtaí féideartha an Aontais a bhaineann le sonraí cumarsáide leictreonaí a choinneáil. Thug an Coimisiún tuairisc faoin gcaibidlíocht idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas maidir le comhaontú r-fhianaise.

Labhair an Liotuáin faoi thionscnamh chun athléimneacht dhaonlathach an Aontais a neartú agus chun cur in aghaidh an athbhreithnitheachais stairiúil. Thug an tSlóivéin eolas faoi na smachtbhannaí a ghlac na Stáit Aontaithe i gcoinne bhreithiúna na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Ar deireadh, chuir an Danmhairg i láthair an plean oibre atá aici dá hUachtaránacht, a gcuirfear tús léi an 1 Iúil 2025.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Meitheamh 2025