Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (Gnóthaí Baile), 5 Márta 2025

Na príomhthorthaí

Gnóthaí baile

Bainistiú teorainneacha an Aontais

Ag an gcruinniú a bhí acu, tháinig na hairí gnóthaí baile ar chomhaontú maidir le seasamh comhpháirteach (cur chuige ginearálta) i ndáil le rialachán lena gceadaítear tús a chur de réir a chéile le hoibríochtaí an Chórais Dul Isteach/Imeachta, córas TF lena gcláraítear dul isteach agus imeacht náisiúnach tríú tír i limistéar Schengen agus iad ag taisteal chuig an Aontas le haghaidh gearrfhanachta. Leis an dlí sin, beidh na Ballstáit in ann tús a chur leis an gCóras Dul Isteach/Imeachta de réir a chéile le linn idirthréimhse 6 mhí sula gcuirfear an córas nua i bhfeidhm ina iomláine.

A luaithe a thiocfaidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar a seasamh, beidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa in ann tús a chur leis an gcaibidlíocht chun an dlí deiridh a shocrú.

Ina theannta sin, d’fhormheas na hairí treochlár athbhreithnithe chun an 'ailtireacht idir-inoibritheachta', mar a thugtar uirthi, a chur i bhfeidhm, ar córas idirnasctha uirlisí TF é a úsáidtear le haghaidh bainistiú teorainneacha agus fhorfheidhmiú an dlí. De réir an treochláir, a ghlac bord bainistíochta eu-LISA, gníomhaireacht an Aontais atá i gceannas ar an mbonneagar TF a thógáil, tosóidh EES ar bhealach forchéimnitheach i mí Dheireadh Fómhair 2025. Tiocfaidh Eurodac athbhreithnithe, bunachar sonraí bithmhéadrach de chuid an Aontais a chuidíonn le hiarrthóirí tearmainn a shainaithint, i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2026. Agus seolfar an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) faoi dheireadh sa ráithe dheireanach de 2026.

An imirce

Scrúdaigh na hairí an tionchar atá ag an athrú réimis sa tSiria ar an imirce. Phléigh siad, ar thaobh amháin, an chaoi ar féidir leis na Ballstáit cabhrú leis na Siriaigh sin a chuireann in iúl go bhfuil rún daingean acu filleadh abhaile. Ar an taobh eile, thug na hairí aghaidh ar fhorfheidhmiú cinntí um fhilleadh do náisiúnaigh na Siria ar bagairt slándála iad nó ar coirpigh chiontaithe iad.

<p>Tomasz Siemoniak, Aire Gnóthaí Baile agus Riaracháin na Polainne</p>

Is cor cinniúnach é titim réimeas Assad don iliomad Siriach san Eoraip. Cé go bhfuil filleadh ar mórscála casta mar gheall ar dheacrachtaí ar an láthair, tá sé tábhachtach réitigh nithiúla a lorg chun daoine ar coirpigh chiontaithe iad agus atá ina mbagairt ar an tsábháilteacht phoiblí a fhilleadh, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha.

<p>Tomasz Siemoniak, Aire Gnóthaí Baile agus Riaracháin na Polainne</p>

Tomasz Siemoniak, Aire Gnóthaí Baile agus Riaracháin na Polainne

Maidir leis an bhfilleadh deonach, chuir roinnt mhaith Ballstát in iúl go dtacaíonn siad le cuairteanna féachana lena gcuirfí ar chumas mhuintir na Siria atá ina gcónaí san Aontas an staid ina dtír dhúchais a mheas ar an láthair gan a stádas cosanta a chailleadh. Thacaigh roinnt airí freisin le creat de chuid an Aontais a bhunú do na cuairteanna sin.



Bhí comhaontú ginearálta ann freisin gur cheart teacht ar réitigh chun náisiúnaigh de chuid na Siria ar bagairt slándála iad nó ar coirpigh chiontaithe iad a fhilleadh.

De réir UNHCR, ó mhí Feabhra 2025 i leith, tá 12 mhilliún Siriach easáitithe go héigeantach fós. Tá 7.4 milliún Siriach easáitithe ina dtír féin, thart ar 650 000 Siriach nua-easáitithe ón 8 Nollaig 2024 san áireamh. Tá 4.7 milliún Siriach tar éis tearmann a lorg lasmuigh den tSiria i dtíortha comharsanacha den chuid is mó. Tá thart ar 1.2 milliún Siriach ag baint tairbhe as stádas dídeanaí nó cosaint choimhdeach san Aontas agus rinne 130 000 eile iarratas ar thearmann agus tá siad ag fanacht le cinneadh.

Schengen

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir le cur chun feidhme thosaíochtaí thimthriall Chomhairle Schengen agus go háirithe maidir leis an gcaoi ar féidir éifeachtacht na gcóras um fhilleadh a mhéadú. Thug na hairí aghaidh ar dhúshláin, mar shampla easpa acmhainní, easpa comhair ó thíortha tionscnaimh agus idirthurais agus an úsáid neamhleor a bhaineann na Ballstáit as uirlisí um malartú faisnéise (e.g. Córas Faisnéise Schengen). Ina theannta sin, phléigh siad an chaoi ar féidir leis an Aontas tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Ghlac an Chomhairle cinneadh freisin lena leagtar amach moltaí bunaithe ar mheastóireacht théamach 2024 Schengen maidir le filleadh. Moltar réitigh sna moltaí sin chun aghaidh a thabhairt ar na príomhbhaic a sainaithníodh sna meastóireachtaí téamacha, ina ndírítear ar phríomhchéim an phróisis um fhilleadh. Leagtar béim iontu ar a thábhachtaí atá pleanáil leormhaith réamhghníomhach acmhainní a dhéanamh, chomh maith le comhordú éifeachtúil agus comhleanúnachas na ngníomhaithe agus na nósanna imeachta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon.

Thíolaic an Coimisiún Baraiméadar Schengen, ina dtugtar an t-eolas is déanaí maidir le staid limistéar Schengen.

An tslándáil inmheánach

Ar imeall na Comhairle, bhuail airí gnóthaí baile an Aontais lena gcomhpháirtithe ó Choiste Mheiriceá Laidinigh um Shlándáil Inmheánach (CLASI). Tá CLASI comhdhéanta faoi láthair de 16 thír i Meiriceá Laidineach agus is comhpháirtí pribhléideach den Aontas é a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí idir an tAontas, Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib. Díríodh sa seisiún tuairimíochta, arb é an tríú ceann ar leibhéal na n-airí ó 2022 agus 2023 i leith é, ar aghaidh a thabhairt ar bhagairtí comhchoiteanna slándála inmheánaí, mar shampla comhrac na coireachta tromchúisí eagraithe trasnáisiúnta agus na gáinneála aindleathaí ar dhrugaí.

Tháinig airí gnóthaí baile an Aontais agus CLASI ar chomhaontú maidir le dearbhú comhpháirteach agus treochlár chun tosaíochtaí comhair oibríochtúil a chur chun feidhme in 2025-2026. Áirítear an méid seo a leanas ar na tosaíochtaí comhair:

  • An malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí sa dá réigiún a neartú
  • Comhroinnt faisnéise maidir le gáinneáil ar dhrugaí a neartú
  • Gníomhaíochtaí a fhorbairt chun cur i gcoinne na líonraí coiriúla is bagraí
  • Feabhas a chur ar chomhar thíortha CLASI le príomhghníomhaireachtaí ó réimse an cheartais agus gnóthaí baile
  • Measúnú a dhéanamh go leanúnach ar leochaileachtaí slándála chalafoirt an dá réigiún agus ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun insíothlú na coireachta eagraithe a chomhrac
  • Cur chun feidhme an chur chuige ‘lean an t-airgead’, lena ndírítear ar bhonneagar eacnamaíoch na coireachta eagraithe

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir le tionchar na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair ar shlándáil inmheánach an Aontais – díríodh ar an tSiria agus ar an Úcráin sa phlé sin. Thíolaic an Uachtaránacht tuarascáil freisin maidir le comhrac na gáinneála ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe.

Slándáil cáblaí

Chuir an Coimisiún a phlean gníomhaíochta maidir le slándáil cáblaí i láthair. Is freagairt é an plean gníomhaíochta, a glacadh an 21 Feabhra 2025, ar theagmhais éagsúla a bhaineann le cáblaí faoin bhfarraige a tharla i Muir Bhailt.

Tá réimse beart molta ag an gCoimisiún lena dtugtar aghaidh ar ghnéithe a bhaineann le cosc, brath, freagairt, téarnamh agus díspreagadh. Príomhghníomhaíocht chun feabhas a chur ar theagmhais cáblaí a bhrath is ea feabhas a chur ar chumais faireacháin bagairtí lenar féidir foláirimh agus freagairtí a thabhairt níos luaithe. Chun feabhas a chur ar an bhfreagairt agus ar an téarnamh nuair a tharlaíonn teagmhais, molann an Coimisiún cúlchiste soithí de chuid an Aontais a bhunú a d’úsáidfí chun cáblaí a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú.

Le roinnt míonna anuas, is ábhar imní dúinn líon na dteagmhas a tharla le cáblaí faoin bhfarraige i Muir Bhailt. Ní mór dúinn bearta cinntitheacha a dhéanamh, go tapa, san Aontas ina iomláine. Is céim mhaith chun tosaigh é an plean gníomhaíochta maidir le slándáil cáblaí chun cosaint níos fearr a thabhairt dár mbonneagair faoi uisce.

Tomasz Siemoniak, Aire Gnóthaí Baile agus Riaracháin na Polainne

Gnó eile

Thug an Coimisiún forléargas ar staid na himeartha maidir le próiseas cur chun feidhme an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann. Tháinig an Comhshocrú i bhfeidhm breis agus 9 mí ó shin agus beidh sé infheidhme laistigh de 16 mhí.

Chuir aire na Portaingéile eolas ar fáil maidir lena rannpháirtíocht sa 42ú seisiún de Chomhairle na nAirí Gnóthaí Baile Arabacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 6 Márta 2026