Skip to content
  • An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Fuinneamh), 16 Nollaig 2024

Na príomhthorthaí

Fuinneamh geoiteirmeach

Chuir Fatih Birol, arb é stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) é, tús leis an gcruinniú le tuarascáil maidir le todhchaí an fhuinnimh gheoiteirmigh.

Tugadh le fios sa tuarascáil gur féidir leas mór a bhaint as an bhfuinneamh geoiteirmeach le haghaidh leictreachais, téimh agus fuaraithe ar fud an domhain. Má laghdaítear na costais go leanúnach, d’fhéadfadh an fuinneamh geoiteirmeach den chéad ghlúin eile suas le 15 % den fhás domhanda ar an éileamh ar leictreachas a bhaint amach faoi 2050.

San Eoraip, is foinse inseolta fuinnimh é freisin, agus is féidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach leictreachas a sholáthar de lá agus d'oíche, ar bhealach a chomhlánaíonn na méideanna móra gaoithe inathraithe agus fótavoltachais gréine inathraithe, rud a fhágann gur sláine agus gur inacmhainne a bheidh na haistrithe fuinnimh. D’fhéadfadh an fuinneamh geoiteirmeach cuidiú le dícharbónú a dhéanamh ar úsáid teasa ísealteochta agus meánteochta i bhfoirgnimh agus i dtionscail. Bíodh is go bhfuil teicneolaíochtaí agus acmhainní ar fáil, is iad na laghduithe costais is tábhachtaí chun leas a bhaint as acmhainneacht mhargaidh an fhuinnimh gheoiteirmigh den chéad ghlúin eile.

Tar éis an chur i láthair, thacaigh na hairí fuinnimh d’aon toil leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an bhfuinneamh geoiteirmeach a chur chun cinn, conclúidí atá i gcomhréir le torthaí thuarascáil IEA, agus d’fhormheas siad iad. Leagtar béim sna conclúidí ar acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh mar fhoinse áitiúil fuinnimh in-athnuaite ó thaobh na slándála fuinnimh agus inbhuanaitheacht a sholáthar agus cur le praghsanna inacmhainne fuinnimh. Rannchuidíonn úsáid an fhuinnimh gheoiteirmigh le cuspóirí straitéiseacha an Aontais Eorpaigh trí spleáchas ar fhuinneamh agus allmhairí breosla iontaise a laghdú, go háirithe i dtéamh agus i bhfuarú.

Is foinse in-athnuaite fhadtéarmach é an fuinneamh geoiteirmeach atá ar fáil an t-am ar fad, ós rud é nach mbraitheann sé ar imeachtaí aimsire agus gur féidir leis leictreachas agus teas a ghiniúint de lá is d'oíche. Is é is aidhm do na conclúidí borradh a chur faoin bhfoinse fuinnimh inbhuanaithe sin, rud a chuideoidh linn aistriú rianúil i dtreo Eoraip atá saor ó charbón a chinntiú, ár n-iomaíochas a neartú agus ár gceannasacht fuinnimh a dhaingniú.

Csaba Lantos, Aire Fuinnimh na hUngáire

D’ainneoin na dtairbhí a bhaineann leis an bhfuinneamh geoiteirmeach, agus d'ainneoin an róil atá aige i ndícharbónú na hearnála fuinnimh mar theicneolaíocht aibí ghlan-nialasach, níor baineadh leas fós as acmhainneacht an fhuinnimh gheoiteirmigh. Iarrann an Chomhairle go ndéanfaí imscaradh níos tapúla ar an bhfuinneamh geoiteirmeach trí rialacha nua nó oiriúnaithe a ghlacadh chun é a chur chun cinn, rochtain ar mhaoiniú a éascú chun aghaidh a thabhairt ar chostais arda infheistíochta tosaigh agus feabhas a chur ar an lucht saothair agus ar thaighde maidir le fuinneamh geoiteirmeach.

Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a tharraingt suas maidir le dícharbónú an téimh agus an fhuaraithe agus plean gníomhaíochta geoiteirmeach Eorpach tiomnaithe ina mbeidh bearta chun tionscadail gheoiteirmeacha a éascú agus chun dlús a chur le húsáid fuinnimh gheoiteirmigh.

A bhfuil i ndán don bheartas fuinnimh

Bhí plé ag na hairí freisin ar thodhchaí an bheartais fuinnimh i bhfianaise fíor-aontas fuinnimh. Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis na tosaíochtaí don chéad timthriall reachtach eile agus phléigh siad conas is féidir leo sin cabhrú leis an aontas fuinnimh a thógáil.

D’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad tiomanta don aistriú i dtreo córas fuinnimh ghlain. D’aithin siad, cé go ndearna dul chun cinn maith go dtí seo, go bhfuil roinnt dúshlán fós ann. D’aontaigh siad go mbeadh ar an Aontas agus a Bhallstáit a gcuspóirí aeráide a bhaint amach chun aontas fuinnimh a bhaint amach, agus aghaidh á tabhairt ar na praghsanna arda fuinnimh, an tslándáil fuinnimh á háirithiú agus an t-iomaíochas á chosaint ag an am céanna.

Go háirithe, chomhaontaigh na hairí gur cheart díriú ar an gcreat ‘Oiriúnach do 55’, a glacadh le déanaí, a chur chun feidhme mar chéad chéim. Leag siad béim ar an ngá atá le soláthar fuinnimh inacmhainne, glan a ráthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus ar an ngá le gach foinse in-athnuaite agus gach foinse ísealcharbóin a chomhtháthú. D’iarr roinnt airí go mbeadh aistriú fuinnimh cóir agus cuimsitheach ann, agus leag airí eile béim ar a thábhachtaí atá margadh idirnasctha leictreachais.

Plean gníomhaíochta maidir le heangacha

Chuir an Coimisiún agus Uachtaránacht na hUngáire eolas leantach ar fáil maidir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir le heangacha.

An margadh leictreachais

Le linn an lóin, phléigh na hairí na forbairtí sa mhargadh leictreachais go neamhfhoirmiúil, in éineacht le Christian Zinglersen, arb é stiúrthóir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) é.

Aon ghnó eile

Fuair na hairí an t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir le hullmhacht don gheimhreadh agus na forbairtí is déanaí sa chaidreamh idirnáisiúnta fuinnimh.

Chuir Uachtaránacht na hUngáire na hairí ar an eolas freisin faoi Chomhdháil an Phlean Straitéisigh um Theicneolaíocht Fuinnimh (Plean SET), a bhí ar siúl i mBúdaipeist an 14-15 Samhain 2024.

Chuir Lucsamburg, an Bheilg agus an Ísiltír na hairí ar an eolas faoin ngá atá le breoslaí níos glaine a onnmhairiú, mar thiomantas don tsláinte phoiblí agus don chomhshaol.

D'ardaigh an Ostair, in éineacht leis an tSeicia agus leis an tSlóvaic, pointe maidir le tionchar an mhuirir neodrachta stórála gáis agus an gá atá le comhordú níos fearr ar an leibhéal Eorpach.

Ar deireadh, ós í an uachtaránacht inteachta í, chuir an Pholainn a clár oibre maidir le fuinneamh i láthair.

Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 30 Deireadh Fómhair 2025